{"id":12783,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12783"},"modified":"2024-04-08T01:25:43","modified_gmt":"2024-04-08T01:25:43","slug":"i-mbeal-an-phobail-angels-in-my-hair","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-angels-in-my-hair\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail&#8230;Angels in my Hair.."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><h3 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:18pt\">\u201cAngels in my Hair\u201d&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.<\/span>by<span style=\"font-size:18pt\">&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..<\/span> <span style=\"font-size:18pt\">Lorna Byrne<\/span><\/h3><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Ar Lorg na nAingeal<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Tugadh an leabhar seo dhom tamall \u00f3 shoin, agus moladh dhom \u00e9 a l\u00e9amh, toisc go mba leabhar ar d\u00f3igh \u00e9. Bhail, tharla nach bhfuair m\u00e9 an deis chuige sin go dt\u00ed le d\u00e9ana\u00ed, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anois, go raibh cuid mhaith den cheart ag an t\u00e9 \u00fad a thug an leabhar dom a ch\u00e9aduair, n\u00f3 is leabhar an-neamhghn\u00e1ch \u00e9 \u2018Angels in my Hair\u2019, ach, b\u00edodh gur mar sin at\u00e1, ag an am gc\u00e9anna, is leabhar \u00e9 a d\u2019ard\u00f3dh do mhisneach is do mheanma, agus leabhar freisin, a chuirfeadh duine ag smaoineamh ar\u00eds ar an d\u00e1 shaol, an saol thall, agus an saol abhus.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Cruatan agus anr\u00f3<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Caithfear a admh\u00e1il, go raibh a d\u00f3thain mh\u00f3r de chruatan is d\u2019anr\u00f3 an tsaoil seo, curtha in \u00e1irithe do Lorna bhocht, n\u00f3 n\u00ed raibh s\u00ed ach dh\u00e1 bhliain d\u2019aois nuair a d\u2019inis an docht\u00fair d\u00e1 m\u00e1thair go raibh s\u00ed mallintinneach, breith a bh\u00ed mar mhe\u00e1chan timpeall a muin\u00edl ar feadh an chuid eile d\u00e1 saol.  Fi\u00fa ar scoil di, dhealr\u00f3dh s\u00e9, gur thug m\u00fainteoir\u00ed \u00e1irithe aird faoi leith ar fh\u00e1ithmheas an <\/span><span style=\"font-size:14pt\">docht\u00fara \u00fad. Agus, fi\u00fa, n\u00e1r thug a m\u00e1thair fh\u00e9in faoi deara \u2018nach mb\u00edodh \u00e9inne sa bhaile aice\u2019, ina hintinn, b\u00fan\u00fas an ama, ach, chomh fada is a bhain s\u00e9 leis an gcail\u00edn \u00f3g fh\u00e9in, bh\u00ed graith\u00ed eile ar a haire aice, go  minic.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Idir an d\u00e1 shaol<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Cad iad na graith\u00ed iad sin, an ea?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">T\u00e1! Go raibh c\u00f3na\u00ed<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> aice ar an gcla\u00ed idir an d\u00e1 shaol, agus sa tsl\u00ed sin, go raibh radharc aice, n\u00ed hamh\u00e1in, ar ch\u00farsa\u00ed an tsaoil seo, ach, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed radharc aice ar roinnt \u00e1irithe den tsaol thall. Sea, bh\u00ed radharc aice ar na hAingil, ar chupla Naomh, agus ar an Maighdean, agus fi\u00fa ar \u00e1r dTiarna fh\u00e9in, corruair. Mar sin, nuair a bh\u00edothas ag iarraidh dul i dteangmh\u00e1il leis an ngirseach \u00f3g seo, bh\u00ed ceata\u00ed sa sc\u00e9al, n\u00f3 bh\u00ed a haird, cheana f\u00e9in, d\u00edrithe ar Aingil na Sciath\u00e1n cl\u00famhach, gl\u00f3rmhar, neamha\u00ed. I gc\u00e1s d\u00e1 leith<\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u00e9id, c\u00e9 th\u00f3gfadh uirthi \u00e9, d\u00e1 mbeadh a haire ioml\u00e1n, geall leis, d\u00edrithe ar na cuairteoir\u00ed \u00fad \u00f3n tsaol thall, agus b\u2019in an f\u00e1th is d\u00f3cha gur ceapadh go raibh d\u00ed-chumas, de chine\u00e1l eic\u00ednt, ag baint lei, n\u00f3 faoi mar a chuir an docht\u00fair \u00fad \u00e9, go  raibh s\u00ed mallintinneach. Ach, n\u00e1r chuma lei, n\u00f3 bh\u00ed radharc aicesi ar shluaite nimhe, agus deis aice comhairle agus eolas a fh\u00e1il uathusan.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Bocht \u00f3 th\u00fas<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">I mBaile \u00c1tha Cliath a rugadh Lorna Byrne ceithre bliana is caoga \u00f3 shoin, agus ba ann a t\u00f3gadh \u00ed freisin. N\u00ed raibh m\u00f3r\u00e1n de mhaoin an tsaoil seo ag a muintir, ach iad \u00f3n l\u00e1mh go dt\u00ed an b\u00e9al, bun\u00fas an ama. Chabhraigh s\u00ed lena hathair, ina <\/span><span style=\"font-size:14pt\">shiopa rothar, i dtosach, agus fad is a bh\u00ed si ag obair sa tsiopa sin, thit s\u00ed i ngr\u00e1 le Joe, fear \u00f3g a bh\u00ed ag obair ansin freisin.  agus ar ball, fuair Lorna post san Ardchathair, Anois, n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go mb\u00edodh Lorna i dteangmh\u00e1il leis na haingil, chuile l\u00e1 riamh, agus tharla gur inis na haingil di go bp\u00f3sfadh s\u00ed an fear \u00f3g sin, agus thug siad an t-eolas sin di, i bhfad sular thosaigh an p\u00e9ire sin ag si\u00fal amach le ch\u00e9ile in aon chor. Sea, agus ag pointe \u00e1irithe eile, thug siad le fios di, nach mbeadh Joe fad<\/span><span style=\"font-size:14pt\">saolach agus go mbeadh s\u00e9 imithe \u00f3n saol seo i bhfad roimpisi. Tar \u00e9is roinnt \u00e1irithe deacrachta\u00ed a sh\u00e1r\u00fa, ph\u00f3s siad, agus le cabhair \u00f3 athair Lorna, d\u2019\u00e9irigh leo teach beag a cheannacht i Magh Nuad. Chuireadar f\u00fathu ansin, agus ar\u00eds n\u00ed raibh spar\u00e1n teann riamh acu, ach iad \u00f3n l\u00e1mh go dt\u00ed an b\u00e9al, cos\u00fail  leis an ngl\u00fan a chuaigh rompusan. Bh\u00ed a nd\u00f3thain mh\u00f3r de chruatan agus d\u2019anr\u00f3 an tsaoil seo le fulaingt acu, ach ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed saol saibhir spiorad\u00e1lta \u00e1 chaitheamh ag Lorna fh\u00e9in, agus \u00ed i dteangm<\/span><span style=\"font-size:14pt\">h\u00e1il, an t-am uilig, leis an saol eile. Fi\u00fa amh\u00e1in, nach raibh babhta coimhlinte aici leis an bhfear dubh fh\u00e9in, ach le cabhair \u00f3na cairde \u00f3n saol eile, th\u00e1inig s\u00ed sl\u00e1n \u00f3n gcoimhlint ch\u00e9anna sin. Ceathrar clainne a bh\u00ed orthu.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">An\u00e1il an d\u00f3chais<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Anois, n\u00edl f\u00famsa an sc\u00e9al ar fad a insint daoibh anseo, ach ba mhaith liom a r\u00e1 gur bhain m\u00e9 fh\u00e9in taitneamh agus tairbhe as an leabhar neamhghn\u00e1ch seo. Sea, agus b\u2019fh\u00e9idir gur sh\u00e9id s\u00e9 an\u00e1il an d\u00f3chais ar aithinn\u00ed fanna, f\u00e1nacha, mo chreidimh, ionas go ndeachaigh m\u00e9 ar chuairt ar\u00eds ar th\u00edr neamha\u00ed \u00fad na h\u00f3ige, <\/span><span style=\"font-size:14pt\">mar a bhfuil chreideamh i ndomhan \u00fad na n-aingeal is na naomh chomh hinchreidte le f\u00edrinne \u00e1r mbeatha fh\u00e9in. Mar sin, mholfainn do dhuine ar bith, a bhfuil s\u00fail seabhaic aige ar shl\u00e9ibhte gl\u00f3rmhara na s\u00edora\u00edochta, mholfainn d\u00f3, n\u00f3 di, an leabhar neamhghn\u00e1ch seo a l\u00e9amh, n\u00f3 n\u00ed chuile l\u00e1 a chasfadh leabhar d\u00e1 leith\u00e9id ar dhuine.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Ar an \u2018Late Late Show\u2019<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go raibh Lorna fh\u00e9in mar aoi ar an \u2018Late Late Show\u2019 ar an Aoine, an 17\u00fa Me\u00e1n F\u00f3mhair, na bliana seo, 2010, agus go ndeachaigh s\u00ed i gcion go m\u00f3r ar a lucht \u00e9isteachta, agus ar a lucht f\u00e9achana. Bh\u00ed a d\u00e1ir\u00edreacht, a mac\u00e1ntacht, agus a hinchreidteacht, le feice\u00e1il go soil\u00e9ir tr\u00edna raibh le r\u00e1 aici. Sea, agus t\u00e1 beartaithe agam anois, an leabhar is d\u00e9ana\u00ed uaithi, \u201cStairways to Heaven,\u201d a lorg is a l\u00e9amh gan aon r\u00f3-mhoill, agus is f\u00e9idir leat a bheith cinnte, go mbeidh cuntas faoi le l\u00e9amh agat sa c<\/span><span style=\"font-size:14pt\">hol\u00fan seo, chomh luath is a bheidh s\u00e9 l\u00e9ite agam.            <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail \u201cAngels in my Hair\u201d&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.by&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.. Lorna Byrne Peadar Bair\u00e9ad Ar Lorg na nAingeal . Tugadh an leabhar seo dhom tamall \u00f3 shoin, agus moladh dhom \u00e9 a l\u00e9amh, toisc go mba leabhar ar d\u00f3igh \u00e9. Bhail, tharla nach bhfuair m\u00e9 an deis chuige sin go dt\u00ed le d\u00e9ana\u00ed, agus caithfidh m\u00e9 a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12783","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12783","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12783"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12783\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12784,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12783\/revisions\/12784"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12783"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12783"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12783"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}