{"id":12803,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12803"},"modified":"2024-04-08T01:06:03","modified_gmt":"2024-04-08T01:06:03","slug":"i-mbeal-an-phobail-rtf-toghchain-anois-is-fado","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-rtf-toghchain-anois-is-fado\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail.rtf Toghchain anois is fado"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\"><span style=\"font-size:16pt\">Elections and Memories,  past  and  present<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ba bheag a bh\u00ed i mb\u00e9al an phobail le r\u00e1ithe anuas a<\/span><span style=\"font-size:12pt\">nois, ach caint faoin toghch\u00e1n, an toghch\u00e1n a bh\u00ed againn sa t\u00edr seo, tarraingt ar thr\u00ed sheachtain \u00f3 shoin anois. N\u00ed d\u00f3igh liom go bhfaca m\u00e9 an pobal s\u2019againne riamh chomh corraithe, chomh t\u00f3gtha, chomh dealaithe, is a bh\u00ed siad, le linn toghch\u00e1na\u00edochta, is a bh\u00ed siad, ar na mallaibh. N\u00ed raibh l\u00e1 d\u00e1 dt\u00e1inig nach raibh orainn cur suas le cl\u00e1racha toghch\u00e1na\u00edochta, ar theilif\u00eds agus ar raidi\u00f3, agus chaithfeadh duine a r\u00e1, nach raibh cuid de na cl\u00e1rcacha c\u00e9anna sin thar mholadh beirte. Bh\u00ed cl\u00e1racha, a bh\u00ed in ainm<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> a bheith ina nd\u00edosp\u00f3ireachta\u00ed, ach b\u2019annamh a tugadh saoirse cainte don t\u00e9 nach raibh guth toirni\u00fail trodach aige. Tr\u00edd is tr\u00edd, n\u00edor ghn\u00e1th dh\u00edosp\u00f3ireachta\u00ed a bh\u00ed ar si\u00fal i rith an fheachtas toghch\u00e1na\u00edochta c\u00e9anna sin. N\u00edorbh ea muis! ach cath fuilteach focal, sea, agus geallaimse dhuit \u00e9, nach \u00ed an bh\u00f3 mhaol a bhuafadh cath d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00edorbh ea, ach bull\u00e1n na n-adharc g\u00e9ar. Ach sin sc\u00e9al eile ar fad, agus t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh go bhfillfidh m\u00e9 ar an \u00e1bhar sin, amach anseo, ach n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9, an babht<\/span><span style=\"font-size:12pt\">a seo, ach chuige seo. An bhfaca \u00e9inne riamh an oiread sin p\u00f3staeir agus pictiur, an oireadh sin bolscaireachta agus stocaireachta, is a bh\u00ed leata os comhair an phobail amach, i rith an fheachtais sin? Bh\u00ed s\u00e9 deacair freisin, nuacht\u00e1n n\u00f3 iris a l\u00e9amh, i rith an ama sin, gan teacht ar pholaiteoir\u00ed ag iarraidh a mbuanna mar Theachta a chur in i\u00fal. Sea, agus nuair a shu\u00edfe\u00e1 s\u00edos os comhair an teilifise\u00e1in, le seal a chaitheamh ag \u00e9isteacht le cl\u00e1r taitneamhach teilif\u00edse, ba ghearr i mbun na hoibre sin th\u00fa gur <\/span><span style=\"font-size:12pt\">tuigeadh duit, go raibh a chl\u00e1r oibre fh\u00e9in ag an l\u00e1ithreoir fi\u00fa, b\u00edodh go mbeife\u00e1 ag s\u00fail nach lu\u00edfeadh seisean, n\u00f3 sise, ar thaobh amh\u00e1in, n\u00f3 ar an dtaobh eile. Ach, n\u00ed mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear go minic, geallaimse dhuit \u00e9. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\"><span style=\"font-size:16pt\">Balance ?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Is d\u00f3cha gur chuimhin le chuile dhuine againn an Se\u00f3 D\u00e9anach, nuair a cuireadh tri\u00far saineola\u00ed os \u00e1r gcomhair, le ceist an toghch\u00e1in a phl\u00e9 go ciallmhar, me\u00e1ite, sa chaoi go mbeadh a dtuairim\u00ed mar shlat tomhais ag na h\u00e9isteoir\u00ed agus iad ag iarraidh teacht ar thoradh \u00e1r bhfadhbanna polait\u00edochta. Ach c\u00e9ard a tharla? Bhuel, in \u00e1it a raibh uainn a fh\u00e1il, is amhlaidh a rinne cuid de na cainteoir\u00ed chuile iarracht ar a ndearcadh fh\u00e9in a chur ar a s\u00faile, scun scan, don lucht f\u00e9achana. Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, nach raibh<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> m\u00e9 ag s\u00fail le c\u00e9apair d\u00e1 leith\u00e9id, ar chl\u00e1r chomh tromch\u00faiseach, agus \u00e9 faoi sti\u00fair dhuine de na l\u00e1ithreoir\u00ed is cleachta amuigh. Ach, ar\u00eds, sin sc\u00e9al eile, do l\u00e1 eic\u00ednt eile. Bhuel, is \u00e9 cr\u00edoch an sc\u00e9il sin \u00e9, n\u00f3 go raibh an toghch\u00e1n seo chuaigh thart, ar cheann de na  toghch\u00e1in ba mh\u00f3 poibl\u00edochta agus bolscaireachta \u00f3 buna\u00edodh an St\u00e1t daonlathach s\u2019againne.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ach c\u00e9ard faoi na toghch\u00e1in a bh\u00edodh acu, blianta \u00f3 shoin? <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\"><span style=\"font-size:16pt\">\u201932  Memories<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Bhuel, is d\u00f3cha nach bhfuil m\u00f3r\u00e1n daoine sa timpeall, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, a bhfuil cuimhne acu f\u00f3s ar thoghch\u00e1n \u201932!  B\u2019in bliain iontach, chorraitheach, spreag\u00fail, anseo in \u00c9irinn. Mar is eol do ch\u00e1ch, tion\u00f3ladh an Chomhdh\u00e1il Eochairisteach in \u00c9irinn, an bhliain ch\u00e9anna sin. Th\u00e1inig maithe m\u00f3ra na hEaglaise, agus an St\u00e1it, le ch\u00e9ile i mBaile \u00c1tha Cliath, an bhliain sin, agus rinneadar craobhscaoileadh an Chreidimh i measc na nGael, c\u00faig ch\u00e9ad d\u00e9ag bliain roimhe sin, a cheili\u00faradh is a chom\u00f3radh. Is cuimh<\/span><span style=\"font-size:12pt\">in liom fh\u00e9in na bratacha uilig a fheice\u00e1il ar foluain os cionn na dtithe, thiar in Iorras fh\u00e9in, an tr\u00e1th \u00fad, bratacha an Ph\u00e1pa agus an Bhrathach N\u00e1isi\u00fanta ar foluain taobh le taobh, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre sin. Is cuimhin liom freisin an Mh\u00e1istre\u00e1s \u00e1r dtabhairt \u00f3n scoil go dt\u00ed an S\u00e9ip\u00e9al, le cupla paidir a r\u00e1 leis an \u00f3c\u00e1id sin a cheili\u00faradh, agus is cuimhin liom f\u00f3s \u00ed \u00e1 r\u00e1 linn, go raibh seains\u00edn beag caol ann, go mbeadh duine n\u00f3 beirt againne, p\u00e1ist\u00ed, ar an saol f\u00f3s, nuair a tharl\u00f3dh ceili\u00faradh an s\u00e9\u00fa c\u00e9a<\/span><span style=\"font-size:12pt\">d d\u00e9ag de theacht na Cr\u00edosta\u00edochta go h\u00c9irinn, ach nach raibh dabht ar bith uirthi, ach go mbeadh s\u00ed fh\u00e9in ag tabhairt an fh\u00e9ir, faoin am sin!<\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:12pt;padding-top:0;margin-bottom:3pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:16pt\">Those  Orators<\/span><\/h2><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:12pt;padding-top:0;margin-bottom:3pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ach, fillimis ar na toghch\u00e1in. Is cuimhin liom f\u00f3s na h\u00f3r\u00e1id\u00ed taobh amuigh den tS\u00e9ip\u00e9al, maidin Domhnaigh, agus na h\u00f3r\u00e1id\u00ed tromch\u00faiseacha \u00e1 dtabhairt i l\u00e1r an Aonaigh, i mB\u00e9al an Mhuirthead, sea agus corrdhuine ag b\u00e9iceadh ruda\u00ed cos\u00fail le&#8230;. \u2018C\u00e9ard faoi Document Number Two?\u2019  \u2018Up Dev!\u2019, \u2018C\u00e9 scaoil Michael Collins?\u2019  n\u00f3 ar\u00eds, rud cos\u00fail le.. \u2018C\u00e9 ghoid coirce Mrs Lyons?\u2019 Ruda\u00ed n\u00e1r thuig m\u00e9 fh\u00e9in in aon chor, ach, dhealr\u00f3dh s\u00e9 gur bhain na daoine f\u00e1sta an-spraoi go deo as an dtrasna\u00edl ch\u00e9anna sin.<\/span><\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I ndiaidh an Toghch\u00e1in \u00e1fach, nuair a briseadh ar Chumann na nGael, sin an t-am a raibh an ceili\u00faradh, is an c\u00f3mha\u00edomh, sna bailte a thacaigh le Dev. agus an br\u00f3n is an bhuairt ar na bailte a thacaigh leis an tSaorst\u00e1t.  Is cuimhin liom f\u00f3s gur mh\u00e1irse\u00e1il slua m\u00f3r daoine \u00f3 na bailte poblachtacha, lena ndruma\u00ed, lena bhfli\u00faiteanna, agus lena mbosca\u00ed ceoil, agus isteach leo tr\u00ed bhailte a thacaigh leis an tSaorst\u00e1t. Ba bheag n\u00e1r d\u00f3dh an teach s\u2019againne an o\u00edche ch\u00e9anna sin, ach sin sc\u00e9al eile, do l\u00e1 eic\u00ednt eile. Sea, mh\u2019anam! bh\u00ed daoine tumtha go dt\u00ed an d\u00e1 chluais as pholait\u00edocht, an tr\u00e1th \u00fad, ach is d\u00f3igh gur fhoghlaim daoine ciall, le himeacht aimsire, agus gur tuigeadh d\u00f3ibh go mbeadh orthusan lean\u00faint leo ag scl\u00e1bha\u00edocht, cuma c\u00e9 bhuafadh, n\u00f3 c\u00e9 chaillfeadh sa toghch\u00e1n. Ba iad na Teachta\u00ed tofa a bhain an sochar ba mh\u00f3 as a mbua, agus a chon\u00e1ch sin orthu!           <\/p><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:12pt;padding-top:0;margin-bottom:3pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:12pt\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/span><\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Elections and Memories, past and present Ba bheag a bh\u00ed i mb\u00e9al an phobail le r\u00e1ithe anuas anois, ach caint faoin toghch\u00e1n, an toghch\u00e1n a bh\u00ed againn sa t\u00edr seo, tarraingt ar thr\u00ed sheachtain \u00f3 shoin anois. N\u00ed d\u00f3igh liom go bhfaca m\u00e9 an pobal s\u2019againne riamh chomh corraithe, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12803","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12803","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12803"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12803\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12804,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12803\/revisions\/12804"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12803"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12803"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12803"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}