{"id":12813,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12813"},"modified":"2024-04-08T01:14:10","modified_gmt":"2024-04-08T01:14:10","slug":"i-mbeal-an-phobail-rtfstailceanna","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-rtfstailceanna\/","title":{"rendered":"I  mBeal  an  Phobail.rtfStailceanna"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><strong><span style=\"font-size:20pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/span><\/strong><\/p><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">Peadar Bair\u00e9ad <\/h1><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Strikes<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cNach beag duine a mb\u00edonn fonn air scr\u00edobh faoi stailceanna, n\u00f3 a mbagairt fi\u00fa, na laethe seo.\u201d ad\u00fairt mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed an Droichid, liom, an o\u00edche faoi dheireadh, agus muid beirt ag m\u00fachadh tarta, th\u00edos sa Smugairle R\u00f3in anseo sa Chathair \u00c1lainn s\u2019againne.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus tuige nach mian leo scr\u00edobh faoi \u00e1bhar mar \u00e9, \u00e1bhar at\u00e1 i mb\u00e9al gach \u00e9inne, faoi l\u00e1thair?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cChuile thuige!\u201d arsa mo Sh\u00e9im\u00ed bre\u00e1, agus \u00e9 ag baint craitheadh as a ghloine, a bh\u00ed beagnach folamh ag an bpointe sin. Chuaigh a leide i gcionn orm fh\u00e9in, agus chuir m\u00e9 in i\u00fal do chail\u00edn an leanna go raibh athdheochanna uainn. Ba ghearr go raibh na         hathdheochanna c\u00e9anna ag ligint a sc\u00edth, ar an mboird\u00edn, os \u00e1r gcomhair amach. Bhain S\u00e9im\u00ed bolgam b\u00eddeach, sibhialta, as a dheoch, bhlais, agus le cuma s\u00e1sta ar a phus, lean air. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cNach bhfuil fhios ag madra\u00ed an bhaile\u201d, ar seisean, \u201cnach maith le h-\u00e9inne aghaidh stailceoir\u00ed a tharriangt air fh\u00e9in, n\u00f3 is fada \u00ed cuimhne lucht stailce\u201d  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch c\u00e9ard iad na stailceanna at\u00e1 i gceist agat, a Sh\u00e9im\u00ed?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cD\u2019fh\u00e9adfadh madra\u00ed an bhaile, agus na cait fh\u00e9in fi\u00fa, an cheist sin a fhreagairt duit, n\u00f3 is \u00ed an stailc at\u00e1 i mb\u00e9al an phobail faoi l\u00e1thair, n\u00f3 stailc na n-Altra\u00ed, ceann de na stailceanna a bhfuil aird an uile dhuine d\u00edrithe uirthi, \u00f3 tharla go bhf\u00e9adfadh an stailc seo tionchar a bheith aice ar an uile dhuine againn, inniu, am\u00e1rach, n\u00f3 amanathar.\u201d<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Other Strikes ?<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus an bhfuil stailc ar bith eile \u00e1 bagairt, i l\u00e1thair na huaire seo?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cD\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 go bhfuil, n\u00f3 t\u00e1 oibrithe aerthaistil ag cur a gcosa uathu freisin, faoi l\u00e1thair, agus iad ag bagairt go mbeidh ina stailc, mura dtugtar aird ar a bhfuil uathusan. Sea, agus nach bhfuil ina raic freisin idir an Aire Sl\u00e1inte agus Lianna is Docht\u00fair\u00ed Comhairleacha na t\u00edre seo. C\u00farsa\u00ed conartha, agus p\u00e1, at\u00e1 ina chn\u00e1mh spairne eararthusan. Sea, agus d\u00e9arfainn go bhfuil fonn stailce ar dhreamanna eile oibrithe freisin, sea, agus fi\u00fa dl\u00edod\u00f3ir\u00ed an St\u00e1it fh\u00e9in ina measc! \u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, is d\u00f3cha gur ch\u00f3ir d\u00edri\u00fa ar Stailc na nAltra\u00ed, an babhta seo, os \u00ed an gad is giorra don scornach, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, nach beag duine a bheadh ina dhiaidh ar na hAltra\u00ed, d\u00e1 bhfaigheadh siad breith a mb\u00e9al fh\u00e9in, an babhta seo.! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> \u201cN\u00ed haon ionadh n\u00e1r tugadh post an Taoisigh duitse riamh, n\u00f3 bheadh ciste an St\u00e1it \u00eddithe agatsa, agus gan m\u00f3r\u00e1n agat d\u00e1 bharr! Anois, n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 go mb\u00edonn dh\u00e1 thaobh ar chuile sc\u00e9al, agus n\u00ed taise don sc\u00e9al seo \u00e9. Ar dt\u00fas, t\u00e1 taobh na Bainist\u00edochta, an Feidhmeannas N\u00e1isi\u00fanta Sl\u00e1inte, agus d\u00e1r leosan, n\u00edl ar a gcumas socr\u00fa ar bith a dh\u00e9anamh leis na hAltra\u00ed, d\u00e1 dtiocfadh a leith\u00e9id salach ar bhreith an Ch\u00f3ras Eadr\u00e1na a bhunaigh an Rialtas, le ceisteanna ioncaim san Earn\u00e1il Phoibl\u00ed a r\u00e9iteach. Is d\u00f3cha gur chuimhin le cuid mhaith againn, gur tharla easaontas idir an Rialtas agus Cumann na Me\u00e1nmh\u00fainteoir\u00ed, roinnt bheag blianta \u00f3 shoin, nuair a theastaigh \u00f3 na m\u00fainteoir\u00ed sin ard\u00fa ioncaim a fh\u00e1il, taobh amuigh den Ch\u00f3ras \u201cBenchmarking,\u201d faoi mar a thugtar ar an gc\u00f3ras neamhsple\u00e1ch eadr\u00e1na a bhunaigh an Rialtas leis an  ngaol idir ph\u00e1 agus choin\u00edollacha oibre na n-oibrithe poibl\u00ed a scr\u00fad\u00fa go rialta, agus coibhneas ioncaim a shocr\u00fa ansin do na gr\u00fapa\u00ed \u00e9ags\u00fala. Agus nuair a dheineann an Rialtas cinneadh d\u00e1 leith\u00e9id, bhuel, ansin, n\u00edl aon dul uaidh ag gr\u00fapa ar bith acu. Agus chonaiceamar i gc\u00e1s na Me\u00e1nmh\u00fainteoir\u00ed, gur th\u00f3gadar raic, ar fead scathaimh, ach i ndeireadh na d\u00e1la, b\u2019\u00e9igean d\u00f3ibh g\u00e9illeadh, n\u00f3 nuair a dh\u00e9anann Rialtas cinneadh d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00ed f\u00e9idir leo g\u00e9illeadh do ghr\u00fapa ar bith, mura dteasta\u00edonn uathu bheith ina rib\u00edn r\u00e9idh ag dream ar bith, a dteasta\u00edonn uaidh, d\u00fashl\u00e1n an Rialtais a thabhairt.\u201d<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Limit it !<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus an bhfuil tusa a r\u00e1 liom, nach bhfuil ar chumas an Rialtais socr\u00fa speisialta a dh\u00e9anamh leis na hAltra\u00ed, socr\u00fa nach bhf\u00e9adfadh dream ar bith eile leas a bhaint as, ar mhaithe leo fh\u00e9in?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSin \u00e9 d\u00edreach at\u00e1 \u00e1 r\u00e1 agam, n\u00f3 m\u00e1 dh\u00e9anann siad socr\u00fa d\u00e1 leith\u00e9id, bhuel, ansin, beidh an gaol idir na gr\u00fapa\u00ed \u00e9ags\u00fala curtha ar leataobh, agus beidh deireadh leis an \u201cmBenchmarking\u201d \u00fad a luaigh m\u00e9 thuas, agus d\u00e1 bharr sin, beidh chuile cheardchumann sa t\u00edr seo ag doras an Rialtais, n\u00f3 ag doras a bhfost\u00f3ir\u00ed, an l\u00e1 d\u00e1r gcionn, ar th\u00f3ir arduithe.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed, nach ndeirtear liom, go bhfuil na hAltra\u00ed ar th\u00f3ir na n-arduithe, agus na n-athruithe sin, le breis is sc\u00f3r bliain anois, i bhfad sular smaoinigh \u00e9inne ar Bhenchmarking fi\u00fa, agus nach bhfuil a fhios agat go maith, c\u00e9 chomh dian is a oibr\u00edonn lucht na gairme c\u00e9anna sin, \u00f3 cheann ceann na bliana, agus chomh maith le sin, nach beag duine againn, n\u00e1r chaith seal faoina gc\u00faram, agus nach \u00e9 an rud is l\u00fa is gann d\u00fainn a dh\u00e9anamh ar a son anois, n\u00e1 glacadh leis, go bhfuil a n-\u00e9ileamh dlite d\u00f3ibh, sea, agus tuillte go maith acu freisin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSea, admha\u00edm go bhfuil cuid den cheart agat sa mh\u00e9id sin, ach ag an am gc\u00e9anna, t\u00e1 m\u00e9 ag ma\u00edomh, nach f\u00e9idir leis an Rialtas g\u00e9illeadh do dh\u00fashl\u00e1n d\u00e1 leith\u00e9id, d\u00e1 nd\u00e9anfadh, bheadh s\u00e9 chomh maith d\u00f3ibh dul ag feada\u00edl!\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSea, a Sh\u00e9im\u00ed, ach smaoinigh ar an seanfhocal adeir \u201cNuair is cruaidh don chailleach, caithfidh s\u00ed rith\u201d B\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir don Rialtas aird a thabhairt ar an seanfhocal c\u00e9anna sin anois. Ach, inis seo dhom, a Sh\u00e9im\u00ed. C\u00e9 bheidh th\u00edos leis an obair seo go l\u00e9ir, i ndeireadh na d\u00e1la?\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">The Patients<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cNa hothair, gan dabht ar domhan. Ach, an bhfeiceann t\u00fa an t-am?  Mar\u00f3idh Naip\u00ed s\u2019againne m\u00e9. T\u00e1 s\u00e9 thar am agamsa bheith ag bogadh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">agus le sin, scuab s\u00e9 leis an doras amach, sula raibh deis agam fh\u00e9in tuilleadh ceisteanna a scaoileadh chuige.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl a fhios agam c\u00e9 a bhuaigh an arg\u00f3int sin. Cad \u00e9 do thuairimse, a l\u00e9itheoir? Caithfidh go bhfuil fuascailt na faidhbe sin amuigh ansin, \u00e1it eic\u00ednt. Bhuel, anois an    t-am ag Solamh eic\u00ednt, teacht i gcabhair orainn, len\u00e1r gc\u00e1s a r\u00e9iteach d\u00fainn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Strikes \u201cNach beag duine a mb\u00edonn fonn air scr\u00edobh faoi stailceanna, n\u00f3 a mbagairt fi\u00fa, na laethe seo.\u201d ad\u00fairt mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed an Droichid, liom, an o\u00edche faoi dheireadh, agus muid beirt ag m\u00fachadh tarta, th\u00edos sa Smugairle R\u00f3in anseo sa Chathair \u00c1lainn s\u2019againne. \u201cAgus tuige nach mian leo [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12813","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12813","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12813"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12813\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12814,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12813\/revisions\/12814"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12813"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12813"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12813"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}