{"id":12817,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12817"},"modified":"2024-04-08T01:07:53","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:53","slug":"i-mbeal-an-phobailcamahuairt-ar-albain-5","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobailcamahuairt-ar-albain-5\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  PhobailCamahuairt ar Albain 5"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Cuimhn\u00ed ar Chamchuairt ar Albain     (5)<\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt;margin-left:36pt\">(Faoi mar a gheall m\u00e9 dhaoibh, seo chugaibh anois an C\u00faigi\u00fa g\u00e1la den tsraith Aist\u00ed faoi Chuairt na bhFil\u00ed \u00c9ireannacha ar Albain, i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana, 1992,  seacht mbliana d\u00e9ag \u00f3 shoin anois. Tuigeadh dom, gur coir dom seans eile a thabhairt d\u00f3ibh \u00e1r l\u00e9itheoir\u00ed a mhealladh lena dtagairt do shaol at\u00e1 anois thart&#8230;&#8230;&#8230;.)<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">L\u00e1 faoin dtor!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ar an D\u00e9ardaoin, an 17\u00fa Me\u00e1n F\u00f3mhair, 1992, bh\u00ed l\u00e1 faoin dtor againn, ar deireadh thiar, agus muid leis an l\u00e1 sin a chaitheamh san ionad neamha\u00ed sin, Poolewe. N\u00ed raibh se\u00f3 ar bith le cur ar ard\u00e1n againn an o\u00edche sin. Nuair a bh\u00edomar uilig r\u00e9idh chuige, bhuaileamar b\u00f3thar, agus ar aghaidh linn, de shi\u00fal na gcos, go <strong>G\u00e1ird\u00edn\u00ed Inverewe<\/strong>, na G\u00e1ird\u00edn\u00ed is cl\u00fait\u00ed sa taobh sin t\u00edre. M\u00edor\u00failt garra\u00edod\u00f3ireachta is ea na G\u00e1ird\u00edn\u00ed dra\u00edochta c\u00e9anna sin in Inverewe. Ait go leor, n\u00ed raibh ag f\u00e1s san ionad sin ar fad, sa bhliain 1862, ach crann beag sail\u00ed amh\u00e1in! Ba bheag eile, taobh amuigh den bhfraoch, a d\u2019fh\u00e1sfadh san \u00e1it sceirdi\u00fail, neamhthorth\u00fail, sin, mar ba bheag n\u00ed, i bhfoirm cr\u00e9, a bh\u00ed mar chraiceann, n\u00f3 mar fheoil, ar chn\u00e1mha clochacha Leithinis Inverewe, nuair a thosaigh <strong>Osgood Mackenzie<\/strong> ag t\u00f3g\u00e1il g\u00e1ird\u00edn\u00ed ansin, sa bhliain 1862. I ndiaidh a ch\u00e9ile a th\u00f3gtar na caisle\u00e1in, \u00e1fach, agus ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9 i gc\u00e1s Gh\u00e1ird\u00edn\u00ed Inverewe.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">M\u00edor\u00failt<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">B\u2019\u00e9igean d\u00f3ibh cr\u00e9 a iompar isteach ansin i gcl\u00e9ibh, le ceapacha a chur ar f\u00e1il do na planda\u00ed, agus do na crainn \u00f3ga. Conas a d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed g\u00e1ird\u00edn\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id a th\u00f3g\u00e1il in ionad chomh fada \u00f3 thuaidh le Sankt Petersburg, n\u00f3 le  Labrador? Bhuel, ar an gc\u00e9ad \u00e1sc, tagann Inverewe faoi an\u00e1il <\/span><strong><span style=\"font-size:14pt\">Shruth Mhurascaill Mheicsiceo<\/span><\/strong><span style=\"font-size:14pt\">, murab ionann is an d\u00e1 \u00e1it eile \u00fad, agus sa dara h\u00e1it, chuir Osgood crios crann, le fothain agus foscadh a chur ar f\u00e1il do chrainn agus do lusra leochaileacha, nach bhf\u00e9adfa\u00ed a fh\u00e1s ansin, gan chosaint d\u00e1 leith\u00e9id a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh, in aghaidh na gaoithe, agus an tsaile, a loitfeadh agus a mhillfeadh iad sula bhf\u00e9adfaid\u00eds fr\u00e9amhacha a dhaingni\u00fa i dtalamh gortach Inverewe.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Faoi l\u00e1thair, is cos\u00fail iad na g\u00e1ird\u00edn\u00ed seo le G\u00e1ird\u00edn\u00ed a th\u00f3gfa\u00ed faoi ghloine, iad te, teolai, tais, ag<\/span><span style=\"font-size:14pt\">us bl\u00e1thanna agus lusra coimhth\u00edocha ag f\u00e1s go pl\u00e9asc\u00e1nta, buacach, iontu. Dh\u00e1 uair a chloig a chaitheamar fh\u00e9in ag d\u00e9anamh turas na nG\u00e1ird\u00edn\u00ed. Ba ghearr gur thugamar faoi deara, go mba shaineola\u00ed ar ch\u00farsa\u00ed garra\u00edod\u00f3ireachta \u00e9 Brian \u00d3 D\u00f3naill, amhr\u00e1na\u00ed na bu\u00edne, agus d\u2019iarramar air, turas tionlactha a chur ar f\u00e1il d\u00fainn. Rinne, agus chuir sin go m\u00f3r leis an taitneamh, agus leis an tairbhe, a bhaineamar as \u00e1r dturas ar Gh\u00e1ird\u00edn\u00ed Inverewe. <\/span><span style=\"font-size:14pt\">Mh\u00ednigh Brian sc\u00e9al na gcrann is na lus d\u00fainn. N\u00ed g\u00e1 dom a r\u00e1, gur th<\/span><span style=\"font-size:14pt\">aitin na garraithe thar cionn linne. Chaitheamar l\u00f3n i bProinnteach Inverewe, agus ansin, tar \u00e9is d\u00fainn scathamh a chaitheamh ag siopad\u00f3ireacht sa siopa suimi\u00fail at\u00e1 t\u00f3gtha ar an l\u00e1thair, le cr\u00edoch taitneamhach a chur leis an gcuid sin den l\u00e1 bre\u00e1 \u00fad faoin dtor.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Iarsmalann Oidhreachta Ghairlocha<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Tar \u00e9is d\u00fainn cuairt a thabhairt ar an Poolhouse Hotel, agus tar \u00e9is scathamh a chaitheamh ansin, bhuaileamar b\u00f3thar ar\u00eds. Isteach linn sa mhionbhus gal\u00e1<\/span><span style=\"font-size:14pt\">nta Toyota, agus ar aghaidh linn, le cuairt a thabhairt ar <\/span><strong><span style=\"font-size:14pt\">Iarsmalann Oidhreachta Gairlocha<\/span><\/strong><span style=\"font-size:14pt\">. Ba sp\u00e9isi\u00fail ar fad an iarsmalann \u00ed. Riana\u00edtear inti, stair na d\u00faiche sin, \u00f3 th\u00fas ama anuas, agus chuige sin, bhaintear \u00fas\u00e1id as cib\u00e9 iarsma\u00ed a fuarthas ansin thar na blianta, le feoil a chur ar chn\u00e1mharlach lom na staire sin. T\u00e1 ann freisin, at\u00f3g\u00e1il ar thithe na cosmhuintire, faoi mar a bh\u00edd\u00eds fad\u00f3. In \u00e1it eile, feictear bean, taobh le t\u00fairne, agus gan le d\u00e9anamh agat ach clnaipe a bhr\u00fa, leis an mbean \u00fad a chur i m<\/span><span style=\"font-size:14pt\">bun sn\u00edofa. Nach iontach an seans \u00e9 don t\u00e9 nach bhfaca t\u00fairne i   mbun oibre riamh?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Bh\u00ed freisin muileann meilte ansin, a rachadh i mbun oibre, d\u00e1 mbr\u00faf\u00e1 an cnaipe ceart. Bh\u00ed roinnt eile teaspeantas den chine\u00e1l c\u00e9anna ann, le saol na seanlaethe a mh\u00edni\u00fa, agus a athchruth\u00fa do phobail an lae inniu. M\u00edn\u00edodh geola\u00edocht na d\u00faiche, agus stair an cheantair freisin, d\u00fainn. Ach chuir m\u00e9 fh\u00e9in suim, agus dh\u00e1 shuim, sna hiarsma\u00ed \u00f3 na seanlaethe, a bh\u00ed ar teasp\u00e1int ansin. Greithre, soithigh, <\/span><span style=\"font-size:14pt\">uirlis\u00ed, agus gl\u00e9asanna, d\u00edreach mar a bh\u00ed againn thiar in Iorras fad\u00f3. Chuir an chuid sin den Iarsmalann cumha agus uaigneas orm, n\u00f3 smaoinigh m\u00e9 ar na cr\u00e9at\u00fair a bhain \u00fas\u00e1id astu, agus at\u00e1 anois ag tabhairt an fh\u00e9ir. Smaoinigh m\u00e9 freisin ar na seanlaethe thiar. \u201cMuise! nach buaine gach uile sh\u00f3rt n\u00e1 an duine daonna?\u201d arsa mise liom fh\u00e9in, Bh\u00ed mo dh\u00f3thain mh\u00f3r den Iarsmalann agamsa, nuair a d\u2019fh\u00e1gamar an \u00e1it, tar \u00e9is d\u00fainn uair go leith a chaitheamh ag guairdeall timpeall i measc na dtaibhs\u00ed. Casadh orainn<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> ansin, Roy Wentworth, Ceannasa\u00ed na hIarsmalainne. Gael l\u00e1ch, d\u00fathrachtach, d\u00e1ir\u00edreach.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Coinne<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ar ais go h\u00d3st\u00e1n an \u2018Poolhouse\u2019, chuireamar orainn ar gcultacha Domhnaigh agus chun b\u00f3thair linn ar\u00eds sa mhionbhus. Bh\u00ed coinne againn in \u00d3st\u00e1n \u2018Dundonnell\u2019, ag a hocht. B\u2019\u00e1lainn an t\u00edr tr\u00ednar ghabhamar. Muid ag tiom\u00e1int linn feadh na farraige, \u00e1it a raibh radharc againn ar chuanta leathana, ar locha caola, agus ar ch\u00f3sta garbh, g\u00e1gach. Ar an taobh eile d\u00ednn, bh\u00ed cnoic agus sl\u00e9ibhte  agus iad ag athr\u00fa datha, agus crota, gach re meandar. Uair amh\u00e1in, bh\u00edd\u00eds cos\u00fail le spuaiceanna ardeaglaise, iad ag \u00e9ir\u00ed leo <\/span><span style=\"font-size:14pt\">isteach sna scamaill; tr\u00e1th eile, ba chos\u00fail le stuca\u00ed arbhair iad, agus tr\u00e1th eile f\u00f3s, chuirid\u00eds cruacha f\u00e9ir i gcuimhne dhuit, iad ag \u00e9ir\u00ed, taobh leat, ina gcol\u00fain teanna, chairdi\u00fala. Corruair, thagadh an d\u00e1 thaobh le ch\u00e9ile, agus ansin d\u2019fheicfe\u00e1 sc\u00e1ileanna na mBeann f\u00fat th\u00edos i scath\u00e1n na loch. Timpeall linn ar dheireadh, faoi bhruach <\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u2018Little Loch Broom\u2019 agus ag ceann an locha, th\u00e1ngamar ar \u00d3st\u00e1n gal\u00e1nta \u2018Dundonnell\u2019.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">The  Dundonall  Hotel<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Isteach linn, D\u2019\u00f3lamar deoch ar \u00e1r socracht, sular glaodh chun boird sinn. Ba dheacair comhluadar n\u00edos taitneamha\u00ed, n\u00f3 n\u00edos spreag\u00fala a fh\u00e1il, n\u00e1 mar a bh\u00ed thart ar bhord linn, san \u00d3st\u00e1n ardchaighe\u00e1in sin, an o\u00edche \u00fad.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">B\u00ed liom ar\u00eds, an ch\u00e9ad bhabhta eile, agus cloisfidh t\u00fa faoin\u00e1r gcuairt ar <\/span><strong><span style=\"font-size:14pt\">\u2018Chraoibh\u2019<\/span><\/strong><span style=\"font-size:14pt\">, ar imeall na nGarbhchr\u00edoch, \u00e1it ar th\u00e1inig slua ollmh\u00f3r chun an Halla gal\u00e1nta sa <\/span><strong><span style=\"font-size:14pt\">\u2018Crieff Hydro\u2019<\/span><\/strong><span style=\"font-size:14pt\"> mar ar l\u00e9ir\u00edodh se\u00f3 na ho\u00edche sin. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Go dt\u00ed sin\u2026.Sl\u00e1n. <\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Cuimhn\u00ed ar Chamchuairt ar Albain (5) . (Faoi mar a gheall m\u00e9 dhaoibh, seo chugaibh anois an C\u00faigi\u00fa g\u00e1la den tsraith Aist\u00ed faoi Chuairt na bhFil\u00ed \u00c9ireannacha ar Albain, i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana, 1992, seacht mbliana d\u00e9ag \u00f3 shoin anois. Tuigeadh dom, gur coir dom seans eile a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12817","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12817","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12817"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12817\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12818,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12817\/revisions\/12818"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12817"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12817"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12817"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}