{"id":12851,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12851"},"modified":"2024-04-08T01:06:46","modified_gmt":"2024-04-08T01:06:46","slug":"i-mbeal-an-phobail-faire-kilkenny-f","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-faire-kilkenny-f\/","title":{"rendered":"I mBeal an Phobail&#8230;.Faire Kilkenny&#8230;.f"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:16pt\">Faire  Kilkenny<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">N\u00e1rbh \u00e9 Edmund Spenser fh\u00e9in a bhaist an teideal \u201cFaire Kilkenny\u201d ar an gcathair s\u2019againne, a ch\u00e9aduair?  nuair a scr\u00edobh s\u00e9 sa \u201cFaerie Queene\u201d :-<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:72pt\">\u201cThe next, the stubborne Newre, whose waters gray<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:72pt\">By faire Kilkenny and Rosseponte boord.\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ach n\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go dt\u00e9ann sc\u00e9al Chill Chainnigh i bhfad n\u00edos fuide siar sa stair na r\u00e9 Spenser. Siar go dt\u00ed an tr\u00e1th \u00fad nuair a th\u00f3g Cainneach a Chill san ionad sin, N\u00edltear r\u00f3-chinnte faoi dh\u00e1ta a bhreithe, ach deirtear, gur i bhfichid\u00ed an s\u00e9\u00fa haois a saola\u00edodh \u00e9. Is \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9 d\u00e1la a bh\u00e1is. Deirtear, gur sa bhliain 599, n\u00f3 sa bhliain 600, a d\u2019\u00e9ag s\u00e9. B\u2019fh\u00e9idir nach bhfuiltear cinnte faoi na d\u00e1ta\u00ed sin, ach n\u00edl dabht ar domhan ach, gur i nDoire a rugadh \u00e9, agus gur uaidh a ainmn\u00edodh an Chathair \u00c1lainn s\u2019againne.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Is cuimhin liom bheith in Albain, sa bhliain 1992, ar Chuairt na bhFil\u00ed, agus tharla gur thugamar cuairt ar Oile\u00e1n sc\u00e9irdiuil Th\u00edr\u00edodh. Thugamar cuairt ar scoil ansin, agus tharla go raibh sruth l\u00e1nGhaedhlice sa scoil sin. Rinneamar \u00e1r nd\u00edcheall p\u00edosa spraoi a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh. Ansin deineadh na dalta\u00ed a chur in aithne d\u00fainn, agus do bhar\u00fail, c\u00e9n t-ainm a bh\u00ed ar an gc\u00e9ad malrach a sheas ansin os \u00e1r gcomhair? Sea, an ceart agat! Cainneach, a bh\u00ed air, agus chomh maith le sin, tar \u00e9is domsa a mh\u00edni\u00fa don lucht \u00e9isteachta, gur th\u00e1inig m\u00e9 fh\u00e9in \u00f3 Chathair \u00e1rsa a bh\u00ed ainmnithe \u00f3 Chainneach Naofa freisin, bhuel, ar siadsan, t\u00e1 fothrach ar an oile\u00e1n s\u2019againne anseo, ar a dtugaimid Cill Chainnich! B\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir a chuimhneamh go bhfuil Oile\u00e1n Th\u00edr\u00edodh an-ch\u00f3ngarach d\u2019Oile\u00e1n \u00cd, Oile\u00e1n Cholmchille, comhth\u00edreach Chainnigh s\u2019againne. N\u00ed g\u00e1 anois gurbh \u00e9 an Cainneach c\u00e9anna at\u00e1 i gceist sa d\u00e1 longainm.  Sea, ach nach f\u00e1nach an \u00e1it ina bhfaighfe\u00e1 breac? <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">A Preacher of Note<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Deirtear go mba iontach go deo an seanm\u00f3ir\u00ed \u00e9 Cainneach s\u2019againne, agus deirt\u00ed go mbainfeadh s\u00e9 deora as cro\u00ed cloiche fh\u00e9in lena sheanm\u00f3ir\u00ed. D\u2019fhiafraigh Colmcille de uair, c\u00e1 bhfuair s\u00e9 an t-eolas uilig a bh\u00ed aige faoi na scriopt\u00fair, agus ba \u00e9 an freagra a fuair s\u00e9 n\u00f3 gurbh \u00e9 an Tiarna fh\u00e9in a d\u2019fhoilsigh sin d\u00f3. B\u2019fhear \u00e9 freisin, a rinne m\u00edor\u00failt\u00ed, tr\u00ed dheon\u00fa D\u00e9, agus chuaigh an ch\u00e1il sin amach air lena linn fh\u00e9in fi\u00fa. Bhunaigh s\u00e9 mainistreacha agus cealla, thall is abhus, ach ba \u00ed an mhainistir mh\u00f3r a bhunaigh s\u00e9 in Achadh B\u00f3, an ceann ba ch\u00e1ili\u00fala d\u00edobh uilig, agus ba \u00ed a th\u00f3g \u00e1it Seighir Chiar\u00e1in mar phr\u00edomh ionad na Cr\u00edosta\u00edochta i measc na nOsra\u00edoch, agus nuair a bh\u00ed r\u00e9 Achadh B\u00f3 thart, ba fhund\u00faireacht eile le Cainneach, Cill Chainnigh fh\u00e9in, a roghna\u00edodh mar phr\u00edomh ionad eaglasta Osra\u00ed, agus ba \u00ed an fhund\u00faireacht ch\u00e9anna, a thug a hainm don chathair \u00e1lainn, a t\u00f3gadh thart ar an mainistir a th\u00f3g  Chainneach ar bhruacha tuilteacha na Br\u00e9aga\u00ed. Le himeacht aimsire, t\u00f3gadh Cloigtheach cosantach ar an l\u00e1thair, Cloigtheach \u00e1lainn a sheasann go br\u00f3d\u00fail go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, a chosa socraithe thios ar fhothracha na cille \u00fad a th\u00f3g Cainneach, agus \u00e9 ina sheasamh taobh le hArdeaglais Chainnigh, agus a mh\u00e9ar ag s\u00edneadh f\u00f3s i dtreo na bhFlaitheas, baile agus ceann scr\u00edbe Theaghlach Chainnigh.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Ciar\u00e1n Chl\u00e9ire.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ach m\u00e1 thug an Naomh aduaidh sin, Cainneach Achadh B\u00f3, ainm na Cathrach \u00c1ille seo d\u00fainn, n\u00edorbh \u00e9 a thug an Chr\u00edosta\u00edocht, a ch\u00e9aduair, chuig na hOsraigh, n\u00edorbh ea muis! Ba \u00e9 Ciar\u00e1n Chl\u00e9ire fh\u00e9in a rinne an beart sin. Rugadh Ciar\u00e1n ar Oile\u00e1n Cl\u00e9ire, i ndeireadh an cheathr\u00fa, n\u00f3 i dt\u00fas an ch\u00faigi\u00fa haois, rud a fh\u00e1gann go mba chomhaoiseach le P\u00e1draig Naofa fh\u00e9in \u00e9. Fuair s\u00e9 a chuid Cr\u00edosta\u00edochta \u00f3 mhisin\u00e9ir\u00ed r\u00e9amhph\u00e1draigi\u00fala, n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir fi\u00fa, \u00f3 thr\u00e1d\u00e1laithe, a raibh teangmh\u00e1il acu leis an M\u00f3r-Roinn, \u00e1it ar deineadh iad fh\u00e9in a bhaisteadh. Deirtear go ndeachaigh s\u00e9 chun na R\u00f3imhe agus \u00e9 ina fhear \u00f3g, \u00e1it ar deineadh sagart de, agus deirtear freisin gur casadh le P\u00e1draig fh\u00e9in \u00e9, le linn d\u00f3 bheith thar lear. Oirn\u00edodh ina easpag thall \u00e9. Ar ball, tar \u00e9is d\u00f3 sc\u00f3r bliain a chaitheamh i gc\u00e9in, d\u2019fhill s\u00e9 ar \u00c9irinn, agus tar \u00e9is d\u00f3 an d\u00faiche a thaisteal, shroich s\u00e9 Uar\u00e1n,  \u00e1it ar th\u00f3g s\u00e9 Mainistir, Mainistir ar baisteadh \u201cSeighir Chiar\u00e1in\u201d uirthi, mainistir a d\u2019fh\u00e1s, is a d\u2019fhorbair, mar l\u00e1rionad na Cr\u00edosta\u00edochta i R\u00edocht Osra\u00ed. Thaistil s\u00e9 m\u00f3r\u00e1n agus bhunaigh ionaid chr\u00e1bhaidh, bheannaigh toibreacha, rinne othair a leigheas, agus d\u2019oirnigh sagairt agus easpaig, leis an dea-sc\u00e9al a leathadh i measc na nOsra\u00edoch. Ba mhisin\u00e9ir \u00e9, a bhfuil a  chuimhne coinnithe gl\u00e9, glas, glan, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus is uaidh a ainmn\u00edodh Col\u00e1iste c\u00e1ili\u00fail Chiar\u00e1in, a bhl\u00e1thaigh i measc na gCainneach le breis is dh\u00e1 ch\u00e9ad bliain anois, le l\u00e9ann agus oideachas a chur ar \u00f3ige R\u00edocht \u00e1rsa seo Osra\u00ed. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Mother knew<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ba bhre\u00e1 \u00f3g a bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in nuair a chuala m\u00e9 faoi na naoimh ch\u00e9anna sin, a ch\u00e9aduair, mar bh\u00edodh de n\u00f3s ag Mam s\u2019againne sc\u00e9alta na Naomh a l\u00e9amh d\u00fainn agus muid in\u00e1r ngas\u00fair, agus ba uaithisi a ch\u00e9adchuala m\u00e9 faoi Chainneach Achadh B\u00f3, agus faoi Chiar\u00e1n Chl\u00e9ire, an bheirt \u00fad a bhunaigh agus a d\u2019fhorbair Eaglais D\u00e9 i measc na nOsra\u00edoch, cine a bhfuil leathch\u00e9ad bliain caite agam fh\u00e9in ina measc, faoin am seo, agus cine at\u00e1 molta agus mise i mo thost.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Faire Kilkenny N\u00e1rbh \u00e9 Edmund Spenser fh\u00e9in a bhaist an teideal \u201cFaire Kilkenny\u201d ar an gcathair s\u2019againne, a ch\u00e9aduair? nuair a scr\u00edobh s\u00e9 sa \u201cFaerie Queene\u201d :- \u201cThe next, the stubborne Newre, whose waters gray By faire Kilkenny and Rosseponte boord.\u201d Ach n\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go dt\u00e9ann [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12851","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12851","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12851"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12851\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12852,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12851\/revisions\/12852"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12851"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12851"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12851"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}