{"id":12857,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12857"},"modified":"2024-04-08T01:27:52","modified_gmt":"2024-04-08T01:27:52","slug":"i-mbeal-an-phobail-rtfan-imirce","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/i-mbeal-an-phobail-rtfan-imirce\/","title":{"rendered":"I mB\u00e9al an Phobail.rtfAn Imirce."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:20pt\">I mB\u00e9al an Phobail<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:20pt\">Immigration and Emigration.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1 gurbh fhocal \u00e9 \u201can imirce\u201d at\u00e1 i mb\u00e9al daoine, le sinsireacht, n\u00f3 ba n\u00f3s d\u00e1r muintir, chuile l\u00e1 riamh, g\u00e9illeadh don bhfonn f\u00e1in \u00fad, n\u00f3 an \u201cWanderlust\u201d, faoi mar a thugtar air i mB\u00e9arla, fonn at\u00e1 neadaithe sa chro\u00ed istigh ionainn \u00f3 dh\u00fachas. Ach, ba \u00e9 a thuigeamar leis an bhfocal c\u00e9anna sin, le fada, n\u00f3 dul \u00f3n dt\u00edr seo chuig t\u00edr eic\u00ednt eile, ar th\u00f3ir oibre, n\u00f3 saoirse, n\u00f3 rud eic\u00ednt d\u00e1 leith\u00e9id, ach le m\u00e1m blianta anuas anois, cuireadh iachall orainn, breathn\u00fa ar an dtaobh eile den sc\u00e9al sin, n\u00f3 le traidhfil de bhlianta anois, t\u00e1 imircigh ag teacht chugainne \u00f3n gcoigr\u00edoch, ina gcaise do-stoptha, go dt\u00ed go bhfuil tarraingt ar leathmhilli\u00fan eachtrannach ag cur f\u00fathu sa t\u00edr\u00edn s\u2019againne, faoi l\u00e1thair. Ach c\u00e9ard faoin d\u00e1 fhocal sin, eisimirce agus inimirce? Bhuel, is ionann eisimirce, agus daoine ag f\u00e1g\u00e1il a dt\u00edr dh\u00fachais le cur f\u00fathu i dt\u00edr eic\u00ednt eile, agus ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, is ionan inimirce, agus daoine \u00f3n dtaobh amuigh, ag teacht chugainne, le cur f\u00fathu sa t\u00edr s\u2019againne. Mar sin is d\u00f3cha go bhf\u00e9adfadh duine a r\u00e1, gurb ionann eisimirce uainne agus inimirce i dt\u00edr eile, agus nach  \u2019in an f\u00e1th go mbaintear \u00fas\u00e1id as an bhfocal \u201cimirce\u201d coitianta sa t\u00edr seo, agus muid ag cur s\u00edos ar ghluaiseacht daoine \u00f3 th\u00edr amh\u00e1in go t\u00edr eile, n\u00f3 n\u00ed raibh ach gn\u00e9 amh\u00e1in den cheist ag cur as d\u00fainne anseo, leis na cianta, agus b\u2019in muintir na t\u00edre seo ag dul ar imirce chuig t\u00edortha eile, ar th\u00f3ir oibre, n\u00f3 saoirse, n\u00f3 rud eic\u00ednt d\u00e1 leith\u00e9id.<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Nothing to be had here!<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cC\u00e9ard eile a d\u2019fh\u00e9adfaid\u00eds a dh\u00e9anamh, n\u00f3 n\u00ed raibh tada le f\u00e1il acu sa t\u00edr\u00edn bocht s\u2019againne\u201d adeireadh daoine, roinnt blianta \u00f3 shoin, agus b\u2019fh\u00edor d\u00f3ibh, an t-am sin, tr\u00e1th a th\u00e9adh thart ar dh\u00e1 sc\u00f3r m\u00edle \u00c9ireannach thar s\u00e1ile in aghaidh na bliana, ar th\u00f3ir oibre. Ach, d\u2019imigh sin, is th\u00e1inig seo, agus f\u00e9ach orainn anois, agus leath an domhain in \u00e9ad linn agus na m\u00edlte, agus na m\u00edlte, ag iarraidh f\u00e1il isteach sa t\u00edr seo, ar ais n\u00f3 ar \u00e9igean. <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:16pt\">Welcome our guests<\/span><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Scr\u00edobh m\u00e9 alt, tamall \u00f3 shoin, faoi na c\u00farsa\u00ed seo, agus m\u00e9 ag moladh d\u00e1r muintir, chuile dheis a chur ar f\u00e1il do na daoine seo le socr\u00fa s\u00edos in\u00e1r measc, tr\u00ed f\u00e1ilte a chur rompu mar shaor\u00e1naigh, agus chuige sin, ba ch\u00f3ir chuile iarracht a dh\u00e9anamh iad a mealladh isteach sna f\u00f3rsa\u00ed cosanta, sna cumainn sp\u00f3irt, agus sna gairmeacha beatha uilig, n\u00f3 sin an tsl\u00ed is fearr lena nd\u00edlseacht don St\u00e1t s\u2019againne a choth\u00fa agus a fhorbairt. Ba ch\u00f3ir freisin, chuile dheis a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh m\u00e1istreacht a fh\u00e1il ar theanga, ar chult\u00far, agus ar shibhialtacht na ndaoine, ina bpobal nua-roghnaithe.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bheadh s\u00e9 deacair comhairle n\u00edos fearr, n\u00f3 n\u00edos barainn\u00ed, a chur ar f\u00e1il d\u00e1r Rialtas, n\u00f3 d\u00e1r muintir, mas uainn scli\u00fachais agus easaontas a sheachaint sna blianata at\u00e1 romhainn amach. Ach, caithfear breathn\u00fa ar an dtaobh eile den sc\u00e9al freisin, n\u00f3 n\u00ed bheadh sa mh\u00e9id a mhol m\u00e9 thuas ach am am\u00fa, agus comhairle n\u00e1rbh fhi\u00fa an deich triuf \u00ed, mura bhfuil na h-inimircigh a th\u00e1inig ar chuairt chugainn, mura bhfuil siadsan s\u00e1sta glacadh leis, nach leo an t\u00edr seo, agus go bhfuil de dhualgas orthusan, meas a bheith acu ar dhl\u00edthe agus ar n\u00f3sanna na t\u00edre seo at\u00e1 s\u00e1sta d\u00eddean agus \u2018bheith istigh\u2019 a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh anseo, in am a ng\u00e1tair. <\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">The other side of the coin<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard t\u00e1 i gceist agam anseo, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, is \u00e9 at\u00e1 i gceist agam anseo n\u00f3, go gcaithfidh inimircigh bheith s\u00e1sta glacadh len\u00e1r gc\u00f3ras polait\u00edochta, len\u00e1r gc\u00f3ras dl\u00ed, len\u00e1r mbunreacht, agus len\u00e1r saoirse creidimh, agus cainte. Bheif\u00ed ag s\u00fail freisin, go dtabharfadh siad d\u00edlseacht don St\u00e1t s\u2019againne, don St\u00e1t seo at\u00e1 s\u00e1sta d\u00eddean agus coimirce a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh. N\u00f3 mar adeireadh siad fad\u00f3, \u201can t\u00e9 a th\u00e9ann chun na R\u00f3imhe, n\u00ed m\u00f3r d\u00f3 d\u00e9anamh mar a dh\u00e9anann na R\u00f3mh\u00e1naigh.\u201d An t\u00e9 nach bhfuil s\u00e1sta sin a dh\u00e9anamh, d\u00e9arfainn gur ch\u00f3ir d\u00f3 d\u00eddean agus coimirce a lorg \u00e1it eic\u00ednt eile. Ach m\u00e1 t\u00e1 se s\u00e1sta bheith ina bhall den phobal s\u2019againne, bhuel, ansin, ba ch\u00f3ir, agus ba cheart, d\u00fainne deighle\u00e1il leis, faoi mar ba shaoran\u00e1ch \u00c9ireannacha \u00e9, n\u00f3 d\u00e9arfainn fh\u00e9in, go bhfuil chuile bhunt\u00e1iste, a bhaineann le saor\u00e1ntacht, tuillte ag an t\u00e9 sin, a thugann a dh\u00edlseacht d\u00e1r St\u00e1t, agus d\u00e1r bpobal. N\u00ed hionann sin uilig is a r\u00e1 nach bhfuil chuile cheart ag an inimirceach sin a bheith d\u00edlis freisin, d\u00e1 mhuintir fh\u00e9in, agus d\u00e1 th\u00edr fh\u00e9in, agus d\u00e1 chult\u00far fh\u00e9in, chomh fada is nach bhfuil easaontas bunaidh idir an d\u00e1 dh\u00edlseacht sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Mar sin, f\u00e1iltimis \u00f3 chro\u00ed roimh \u00e1r saor\u00e1naigh nua, agus gu\u00edmis saol fada agus b\u00e1s in \u00c9irinn d\u00f3ibh. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Immigration and Emigration. N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1 gurbh fhocal \u00e9 \u201can imirce\u201d at\u00e1 i mb\u00e9al daoine, le sinsireacht, n\u00f3 ba n\u00f3s d\u00e1r muintir, chuile l\u00e1 riamh, g\u00e9illeadh don bhfonn f\u00e1in \u00fad, n\u00f3 an \u201cWanderlust\u201d, faoi mar a thugtar air i mB\u00e9arla, fonn at\u00e1 neadaithe sa chro\u00ed istigh ionainn [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12857","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12857","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12857"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12857\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12858,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12857\/revisions\/12858"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12857"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12857"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12857"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}