{"id":12915,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12915"},"modified":"2024-04-08T01:07:45","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:45","slug":"l-e-a-b-h-a-r-n-u-a-l-e-j-o-h-n-g-r-i-s-h-a-m","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/l-e-a-b-h-a-r-n-u-a-l-e-j-o-h-n-g-r-i-s-h-a-m\/","title":{"rendered":"L e a b h a r    n u a    l e    J o h n     G r i s h a m"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">L e a b h a r    n u a    l e    J o h n     G r i s h a m .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*********************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">B l e a c h e r s &#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..c\u00e9adchl\u00f3&#8230;&#8230;&#8230;.2003.<\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Le<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">J o h n   G r i s h a m&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..\u20ac 12.99.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">***********************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Dea-sc\u00e9al agam ar\u00eds do lucht leanta an \u00fadair ch\u00e1ili\u00fail sin, John Grisham, n\u00f3 t\u00e1 leabhar nua d\u00e1 chuid le f\u00e1il anois, ar sheilpeanna na Siopa\u00ed Leabhar, mar n\u00ed call dom a r\u00e1, go mb\u00edonn an dream c\u00e9anna sin ar chip\u00edn\u00ed, chuile bhabhta a chloiseann siad go bhfuil leabhar nua curtha ar f\u00e1il ag an s\u00e1r-\u00fadar c\u00e9anna sin.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, nach \u00e9 seo an ch\u00e9ad leabhar a shil chugainn \u00f3na pheann l\u00edofa, n\u00f3 t\u00e1 c\u00faig leabhar d\u00e9ag eile curtha ar f\u00e1il aige, go nuige seo.  N\u00ed g\u00e1 dhom anois an liosta ioml\u00e1n sin a lua, n\u00f3 is d\u00f3cha gur chuimhin libh roinnt mhaith acu, mar scr\u00edobhadh p\u00edosa faoi chuile cheann acu, sa chol\u00fan seo, de r\u00e9ir mar a foils\u00edodh iad.  Mar is eol daoibh, is le dl\u00ed a chuaigh an t-\u00fadar seo, i dtosach b\u00e1ire, agus tar \u00e9is d\u00f3 scathamh a chaitheamh i mbun na ceirde sin, d\u2019\u00e9irigh leis leabhar m\u00f3r-r\u00e1chairte a chur ar an margadh.  Chuir an leabhar sin<strong> <\/strong>cor ina chinni\u00faint, n\u00f3 tuigeadh d\u00f3, go bhf\u00e9adfadh s\u00e9 teacht i dt\u00edr ar an scr\u00edbhneoireacht feasta, agus b\u2019in \u00e9 d\u00edreach ar dhein s\u00e9, agus \u00f3n l\u00e1 sin anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, shil caise de leabhair mh\u00f3r-r\u00e1chairte \u00f3na phean l\u00edofa dra\u00edochta anuas.  N\u00ed g\u00e1 ach cupla ainm a lua anseo, le sin a chur in i\u00fal.  Cuimhnigh ar theidil cos\u00fail le&#8230;&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">The Firm, The Chamber, The Runaway Jury, The Brethren, The King of Torts<strong>.<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">le blas d\u00e1 shaothar a chur ar do theanga dhuit.  Bhain chuile cheann acu sin leis an Dl\u00ed, n\u00f3 is d\u00f3cha gur mhothaigh s\u00e9 go raibh saineolas aige fh\u00e9in faoi ch\u00farsa\u00ed an \u00e1bhair chasta ch\u00e9anna sin.  Is f\u00edor gur scr\u00edobh s\u00e9 cupla leabhar, roimhe seo, nach raibh bunaithe ar an \u00e1bhar sin, leabhair cos\u00fail le &#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">&#8230;&#8230;..A  Painted  House,  agus Skipping Christmas&#8230;&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, seo an tr\u00ed\u00fa leabhar anois uaidh ina roghna\u00edonn s\u00e9 \u00e1bhar nach bhfuil baint ar bith aige le c\u00farsa\u00ed dl\u00ed.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00fairt m\u00e9 cheana, agus m\u00e9 ag cur s\u00edos ar an d\u00e1 leabhar sin&#8230; \u201cA Painted House\u201d  agus  \u201cSkipping Christmas\u201d,  gur chos\u00fail go raibh socraithe ag an \u00fadar, go raibh a dh\u00f3thain airgid saothraithe aige faoi seo, agus go raibh s\u00e9 in am aige anois, leathn\u00fa amach, agus aghaidh a thabhairt ar \u00e1bhair a bh\u00ed, b\u2019fh\u00e9idir, gar d\u00e1 chro\u00ed fh\u00e9in, agus is d\u00f3cha, ar bhealach eic\u00ednt, go bhf\u00e9adfainn an rud c\u00e9anna a r\u00e1 faoin leabhar seo is d\u00e9ana\u00ed uaidh, s\u00e9 sin, go bhfuil s\u00e9 ag deighle\u00e1il le gn\u00f3 neamhchr\u00edochnaithe, aniar as gort \u00f3rga a \u00f3ige.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard t\u00e1 idir cham\u00e1in aige, mar sin, sa leabhar nua seo? ad\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, is \u00e9 at\u00e1 \u00e1 phl\u00e9 aige sa sc\u00e9al seo, n\u00f3 laethe a \u00f3ige, idir scola\u00edocht, cluich\u00ed, suir\u00ed, fadhbanna, cairde, agus eascairde, agus chuile sh\u00f3rt eile, a fh\u00e1gann a rian fh\u00e9in ar an bhfear f\u00e1sta a sh\u00edolra\u00edonn as ithir thorth\u00fail na h\u00f3ige.  \u201cBleachers\u201d<strong> <\/strong>a bhaist s\u00e9 ar an leabhar seo, agus is \u00e9 ciall at\u00e1 leis an bhfocal sin, go h\u00e1irithe sna St\u00e1it Aontaithe, n\u00f3 na su\u00edoch\u00e1in fhada adhmaid sin, a bh\u00edonn socraithe don lucht f\u00e9achana, ag P\u00e1irc Peile, le deis su\u00ed a chur ar f\u00e1il do lucht leanta an chluiche, ach ag an am gc\u00e9anna, n\u00ed chosna\u00edonn na su\u00edoch\u00e1in sin an iomarca, \u00f3 tharla\u00edonn nach mb\u00edonn d\u00edon, n\u00f3 tada ar bith d\u00e1 leith\u00e9id, os a gcionn in airde.  Sin iad na Bleachers anois agat.  Agus tagann siad isteach sa sc\u00e9al seo, go minic, n\u00f3 is orthu sin a bhail\u00edonn an t-\u00fadar lucht an torraimh, agus na sochraide, mar a fheicfeas muid ar ball.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, don t\u00e9 a bhfuil leabhair uilig Grisham l\u00e9ite aige, faoi mar at\u00e1 agam fh\u00e9in, t\u00e1 an-difir idir an ceann seo, agus na leabhair mh\u00f3ra, toirti\u00fala, eile, a chuir s\u00e9 ar f\u00e1il d\u00fainn, go nuige seo, m\u00e1 fh\u00e1gann t\u00fa Skipping Christmas as an \u00e1ireamh, n\u00f3 n\u00edl idir chl\u00fadaigh an leabhair seo ach 163 leathanach, agus an sc\u00e9al roinnte i gceithre ranna, a sh\u00edneann \u00f3n M\u00e1irt go dt\u00ed an Aoine, ceithre l\u00e1, mar ad\u00e9arf\u00e1, agus tharla\u00edonn gn\u00edomha\u00edocht an sc\u00e9il ar fad idir na teorainneacha sin.  De r\u00e9ir mar a th\u00e9ann t\u00fa tr\u00edd an sc\u00e9al seo, feictear dhuit, diaidh ar ndiaidh, chomh cliste, eala\u00edonta, inchreidte, is a leagann an t-\u00fadar a sc\u00e9al os ar gcomhair amach.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, gurb \u00e9 Neely Crenshaw an pr\u00edomhcharachtar sa sc\u00e9al iontach seo.  Tuigtear d\u00fainn, gurbh \u00e9 Neely an \u201cQuarterback\u201d ab fhearr a d\u2019imir Peil riamh le \u201cSpartans\u201d do-dhearmadta Messina.  Ba \u00e9 ba Oili\u00fan\u00f3ir Peile<strong> <\/strong>na hArdscoile sin n\u00f3 Eddie Rake, fear a raibh cl\u00fa agus c\u00e1il bainte amach aige mar \u201cCoach\u201d, in Ardscoil an bhaile sin Messina.  N\u00edorbh aon rib\u00edn r\u00e9idh \u00e9 an tOili\u00fan\u00f3ir c\u00e9anna sin, n\u00f3 bh\u00ed s\u00e9 f\u00edor-dhian ar a Pheilead\u00f3ir\u00ed, b\u00edodh siad ag traen\u00e1il, n\u00f3 ag imirt d\u00f3.  N\u00ed raibh aon \u00e1it ina chro\u00ed  aige, do mheatacht, do chladhaireacht, n\u00f3 do leisce.  Ba \u00e9 an deil\u00edn a bh\u00edodh de sh\u00edor \u00e1 chanadh aige n\u00f3, n\u00e1 g\u00e9ill, n\u00e1 tarraing siar, cuma c\u00e9n chaoi a bhfuil c\u00farsa\u00ed ag dul.  Tabhair le fios don namhaid, go bhfuil fear a bharrtha os a chomhair amach, m\u00e1 leanann t\u00fa an creideamh sin, b\u00e9arfaidh t\u00fa bua, agus d\u00e9anta na f\u00edrinne, chruthaigh s\u00e9 sin d\u00e1 imreoir\u00ed, do mhuintir an bhaile, agus do leant\u00f3ir\u00ed na Spartans, mar a bhaist s\u00e9 ar a fhoireann.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1 anseo, gur Peil Mheirice\u00e1nach at\u00e1 i gceist againn sa sc\u00e9al seo.  M\u00e1 ghlacann t\u00fa leis na f\u00edric\u00ed sin, caithfidh t\u00fa glacadh leis freisin, go mbeidh easaontas, anois is ar\u00eds, idir Oili\u00fan\u00f3ir agus Imreoir\u00ed, agus b\u2019in mar a tharla i gc\u00e1s roinnt \u00e1irithe de na Spartans, Neely ina measc.  Ar ball, gorta\u00edodh Neely, s\u00e1r a raibh \u00e1im\u00e9ar aige c\u00e1il n\u00e1isi\u00fanta a bhaint amach d\u00f3 fh\u00e9in, agus ba \u00e9 toradh an ghortaithe ch\u00e9anna sin n\u00f3, gur cuireadh cr\u00edoch obann le r\u00e9im Neely mar Pheilead\u00f3ir N\u00e1isi\u00fanta.  Chomh maith le sin, tharla eachtra idir \u00e9 fh\u00e9in agus Rake, eachtra inar buaileadh buill\u00ed, agus inar leagadh droichid.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00e1 s\u00edl anois, gurbh \u00e9 sin sc\u00e9al bhun\u00fas na n-imreoir\u00ed a d\u2019fhoghlaim a gceird \u00f3n Oili\u00fanoir dra\u00edochta sin Rake, n\u00f3 raghadh roinnt mhaith acu go leaca Ifrinn le gar a dh\u00e9anamh d\u00e1 nOili\u00fan\u00f3ir iontach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 sin uilig tarlaithe roimh th\u00fas an sc\u00e9il seo, agus anois, t\u00e1 an Coach iontach seo i mb\u00e9al an bh\u00e1is, agus gan biseach i nd\u00e1n d\u00f3.  Leath an sc\u00e9al sin i bhfad agus i ngearr, agus ba \u00e9 toradh a bh\u00ed ar an sc\u00e9al c\u00e9anna sin n\u00f3 gur bhailigh bun\u00fas Imreoir\u00ed na Spartans, Foirne Eddie Rake, agus d\u2019fhan sa timpeallacht, agus iad ag fanacht le b\u00e1s an ts\u00e1r-oili\u00fan\u00f3ir c\u00e9anna sin. Tagann siad le ch\u00e9ile ina ndreanamma agus ina mbaicl\u00ed, thall is abhus, agus scagann siad sc\u00e9al Rake, iad ag lua uasphoint\u00ed a r\u00e9ime, agus na h\u00edosphoint\u00ed freisin, agus chuireadar sin uilig sa mhe\u00e1, le breith ch\u00f3ir a thabhairt ar an gCoach Rake.  Sin an f\u00e1th a bhfuil an sc\u00e9al leagtha amach thar thr\u00e9imhse chomh gearr sin, n\u00f3 sa tr\u00e9imhse sin, fanann an baile agus na himreoir\u00ed go foighdeach le b\u00e1s a gcuraidh, b\u00edodh gur thugadar bata agus b\u00f3thar d\u00f3, i ndeireadh a laethe thiar.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ina dhiaidh sin, leath sc\u00e9al a bh\u00e1is, faoi mar a bheadh scamall an bhr\u00f3in, thar Mhessina uilig, agus ansin le cr\u00edoch a chur lena sc\u00e9al, bail\u00edonn an t-\u00fadar idir lucht an bhaile agus na hiar-imreoir\u00ed, i bP\u00e1irc na Peile, ar ar baisteadh \u201cP\u00e1irc Rake\u201d, lena laoch a fhaire.  Agus an l\u00e1 d\u00e1r gcionn, l\u00e1 na sochraide, d\u2019\u00e9irigh leis an Oili\u00fan\u00f3ir c\u00farsa\u00ed a sti\u00faradh \u00f3n dtaobh thall, n\u00f3 bh\u00ed treoracha f\u00e1gtha ina dhiaidh aige, agus sna treoracha sin, d\u2019\u00e9irigh leis tri\u00far a roghn\u00fa, le hadhmholadh a thabhairt.  N\u00ed call a r\u00e1, go raibh Neely Crenshaw i measc an tr\u00edr ch\u00e9anna sin.  Bhuel, thug an leagan amach sin deis don \u00fadar sn\u00e1itheanna iomad\u00fala an sc\u00e9il a fh\u00ed ina ch\u00e9ile, le taip\u00e9is \u00e1lainn ildaite a chruth\u00fa as saol agus as saothar Rake, na n-imreoir\u00ed, agus lucht an bhaile.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Maitheadh \u00e9ag\u00f3racha, m\u00edn\u00edodh m\u00edthuiscint\u00ed, agus tuigeadh do ch\u00e1ch, i ndeireadh na d\u00e1la, go mba dhuine daonna \u00e9 an Coach Rake, a nd\u00e1la uilig, ach ag an am gc\u00e9anna, go mba laoch ar d\u00f3igh \u00e9, laoch nach bhfeicf\u00ed a leith\u00e9id go deo ina measc ar\u00eds. F\u00e9ach mar a chuir Neely \u00e9, ina \u00f3r\u00e1id&#8230;&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cWe will leave here today without the physical presence or our Coach. But his spirit will live in the hearts and minds and souls of all the young boys he touched, all the kids who became men under Eddie Rake.  His spirit will move us and motivate us and comfort us for the rest of our lives, I guess.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, mh\u2019anam, n\u00edor bheag de theist ar \u201cCoach\u201d ar bith \u00e9, a leith\u00e9id a bheith le r\u00e1 ag dalta d\u00e1 chuid, l\u00e1 na leice<strong>.<\/strong> <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur bheag n\u00e1r bhain an sc\u00e9al seo deoir asam, n\u00f3 go minic tr\u00edd an leabhar, d\u2019\u00e9ireodh leis an \u00fadar a mh\u00e9ar a leagan ar an mbeo, sa chaoi go bhfeicfe\u00e1 l\u00e9argus eic\u00ednt de do shaol fh\u00e9in sn\u00edofa tr\u00ed shn\u00e1itheanna ildaite an sc\u00e9il.  Ach, f\u00e1gfaidh m\u00e9 f\u00fat fh\u00e9in \u00e9, do bhreith fh\u00e9in a thabhairt ar an sc\u00e9al seo.  Agus b\u00edodh nach bhfuil s\u00e9 chomh fada leis na sc\u00e9alta eile, \u00f3n \u00fadar c\u00e9anna seo, s\u00edlim gur \u00e9irigh leis an m\u00f3r\u00e1n a chur sa mbeag\u00e1n, agus is fearrde an sc\u00e9al a leith\u00e9id a bheith curtha i gcr\u00edch aige.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. L e a b h a r n u a l e J o h n G r i s h a m . . ********************************* . B l e a c h e r s &#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..c\u00e9adchl\u00f3&#8230;&#8230;&#8230;.2003. Le J o h n G r i s h a m&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..\u20ac 12.99. . *********************************** . Dea-sc\u00e9al [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12915","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12915","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12915"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12915\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12916,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12915\/revisions\/12916"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12915"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12915"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12915"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}