{"id":12921,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12921"},"modified":"2024-04-08T01:07:45","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:45","slug":"l-u-a-s-a-r-b-h-o-i-t-h-r-e","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/l-u-a-s-a-r-b-h-o-i-t-h-r-e\/","title":{"rendered":"L u a s     a r       B h o i t h r e"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">L u a s     a r       B h \u00f3 i t h r e  !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">**************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach m\u00f3r go deo idir inn\u00e9 agus inniu!   Ba bheag tr\u00e1cht a bh\u00ed ar luas ar bh\u00f3ithre nuair a bh\u00ed mise ag f\u00e1s suas in Iorras na nIontas, breis is tr\u00ed sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin anois.  Capall, c\u00fa, n\u00f3 giorria, na beithigh a rithfeadh linne agus muid ag samhl\u00fa luas thar na bearta, d\u00fainn fh\u00e9in, an tr\u00e1th \u00fad, agus le f\u00edrinne, ba bheag cur isteach a dh\u00e9anadh fear ar bith den tri\u00far sin orainne, n\u00f3 n\u00ed raibh capaill r\u00e1is, n\u00f3 c\u00faite, chomh fl\u00fairseach sin i measc na cosmhuintire, ag an am, agus t\u00e9adh an giorria ag feada\u00edl, n\u00f3 ba bheag dochair a d\u2019fh\u00e9adfadh seisean a dh\u00e9anamh d\u00fainn.  Ceart go leor, bh\u00ed cupla feithicil le hinill d\u00f3ch\u00e1in inmhe\u00e1naigh iontu, sa timpeall, ach n\u00ed d\u00f3igh liom, go gcuirfeadh s\u00e9 aon r\u00f3-str\u00f3 ar chapall ar bith, gan tr\u00e1cht ar chapall r\u00e1is in aon chor, coinne\u00e1il suas le ceachtar acusan.  Sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann \u00e1fach, is earra marfach, amach is amuigh, \u00e9 an luas c\u00e9anna sin, agus t\u00e1 an cine s\u2019againne ag dul as a gcrann cumhachta ag iarraidh taisteal n\u00edos tap\u00fala, agus n\u00edos tap\u00fala f\u00f3s.  T\u00e1 sin go bre\u00e1, ach nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa ar na feithicil at\u00e1 cumtha acu don taisteal, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, ansin tuigfidh t\u00fa an dochar a d\u2019fh\u00e9adfadh fear de na feithicil sin a dh\u00e9anamh, nuair a th\u00e9ann s\u00e9 \u00f3 smacht.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed chreideann t\u00fa m\u00e9, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, n\u00edl le d\u00e9anamh agat ach dul amach ar na b\u00f3ithre s\u2019againne, l\u00e1 ar bith, agus feicfidh t\u00fa na gluaiste\u00e1in, na busanna, agus na leoraithe, gan tr\u00e1cht in aon chor ar na rothair ghluaiste, agus iad faoi mar a bheid\u00eds in ioma\u00edocht lena ch\u00e9ile, iad ag iarraidh an bhearna a bhaint d\u00e1 ch\u00e9ile, iad ag iarraidh an fear maith a fh\u00e1il ar a ch\u00e9ile, n\u00f3 is cos\u00fail le cluiche b\u00e1is n\u00f3 beatha an cluiche at\u00e1 idir cham\u00e1in acu, amuigh ansin ar bh\u00f3ithre na Banban.  N\u00ed g\u00e1 dom picti\u00far a l\u00edni\u00fa duit ar an toradh a bheadh ar phl\u00e9ascadh boinn, ar mhiogarnach neamhbheartaithe, ar shraoth gan choinne, ar bheach gan chuireadh, n\u00f3 ar thada ar bith eile d\u00e1 leith\u00e9id sin, go h\u00e1irithe, nuair at\u00e1 t\u00fa ag caint ar luas thart ar ocht\u00f3, n\u00f3 n\u00f3cha, m\u00edle san uair a chloig.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, ad\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir, n\u00edl luas d\u00e1 leith\u00e9id ceadaithe ar \u00e1r mb\u00f3ithre, anseo i dt\u00edr seo na n\u00c9ireann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">F\u00edor dhuit, a mhac! n\u00edl luas d\u00e1 leith\u00e9id ceadaithe ar bh\u00f3ithre na Banban, ach n\u00ed hionann sin is a r\u00e1 nach dt\u00e9ann gluaiste\u00e1naithe \u00e1irithe ar na luasanna sin.  N\u00edl le d\u00e9anamh ag duine ach dul amach ar na b\u00f3ithre sin, agus tabharfaidh s\u00e9 fhein faoi deara, nach dtugann daoine \u00e1irithe aird d\u00e1 laghad ar an teorainn luais.  M\u00e1 dh\u00e9anann t\u00fa fh\u00e9in iarracht ar fanacht taobh istigh d\u00e1r dteorainneacha luais, is beag nach s\u00e9idtear den bh\u00f3thar th\u00fa, nuair a r\u00e9abann gluaiste\u00e1naithe \u00e1irithe tharat.  Minic a iompaionn siad thart, le radharc ceart a fh\u00e1il ar an tseilide de thiom\u00e1na\u00ed, nach bhfuil de luas faoi ach an seasca m\u00edle san uair! agus b\u00f3thar bre\u00e1, leathan, folamh, os a chomhair amach.  Sea, mh\u2019anam, agus seans freisin, go dtabharfadh s\u00e9 comhartha na m\u00e9ar dhuit, lena dhrochmheas a chur in i\u00fal dhuit.  Nach \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9 ar shr\u00e1ideanna \u00e1r mbailte, agus \u00e1r gcathracha?  Meas d\u00e1 laghad n\u00edl ag cuid acu ar na teorainneacha luais at\u00e1 i bhfeidhm ar na sr\u00e1ideanna c\u00e9anna sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, b\u2019fh\u00e9idir go nd\u00e9arf\u00e1 liom, gur scr\u00edobh m\u00e9 sa chol\u00fan seo, anuraidh, go raibh feabhas ollmh\u00f3r tagtha ar bh\u00e9asa b\u00f3thair \u00e1r dtiom\u00e1naithe, le tamall anuas.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Admha\u00edm gur scr\u00edobh m\u00e9 a leith\u00e9id, anuraidh, ceart go leor, ach m\u00e1 scr\u00edobh, geallaimse dhuit \u00e9, go raibh sin f\u00edor, ag an am.  Bh\u00ed feabhas iontach tagtha ar bh\u00e9asa na ngluaiste\u00e1naithe, an t-am sin.  Choinnigh a mbun\u00fas an teorainn luais, agus lena chois sin, thiom\u00e1in siad go ciallmhar, c\u00faramach, comharasan\u00fail, sa chaoi go mba phl\u00e9isi\u00far \u00e9 bheith amuigh ar na b\u00f3ithre, in \u00e9indigh leo.  Ach le tamall anuas, thug m\u00e9 faoi deara, go raibh na dea-bh\u00e9asa sin imithe le gaoth, imithe mar a d\u2019imigh an sneachta a bh\u00ed ann anuraidh, agus t\u00e1 fait\u00edos orm, nach bhfillfidh siad ar\u00eds, mura m\u00faintear fios a mb\u00e9as d\u00f3ibh, agus sin go luath, n\u00f3 m\u00e1 leantar ar aghaidh, faoi mar at\u00e1 c\u00farsa\u00ed, i l\u00e1thair na huaire seo, raghaidh uimhir na dtion\u00f3isc\u00ed tr\u00edd an d\u00edon, amach anseo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach c\u00e9ard is f\u00e9idir linn a dh\u00e9anamh, leis an sc\u00e9al seo a leigheas?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cib\u00e9 rud is f\u00e9idir linn a dh\u00e9anamh leis an sc\u00e9al seo a leigheas, caithfear a admh\u00e1il i dtosach b\u00e1ire, nach bhfuil ag \u00e9ir\u00ed le cib\u00e9 rialacha at\u00e1 i bhfeidhm againn i l\u00e1thair na huaire seo leis an ngn\u00f3 sin a dh\u00e9anamh.  Is d\u00f3cha nach bhfuil aon mhaith bheith ag iarraidh ar dhaoine dlithe an bh\u00f3thair a choime\u00e1d, faoi mar a bheife\u00e1 ag s\u00fail go gcoime\u00e1dfadh saor\u00e1naigh mhaithe iad.  Agus \u00f3 tharla gur mar sin at\u00e1, caithfear \u00fas\u00e1id a bhaint as an mbata, in ait na meala.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n bata, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, caithfear c\u00f3r speisialta tr\u00e1chta a bhun\u00fa, leis an ngn\u00f3 a dh\u00e9anamh, \u00f3 tharla nach bhfuil a nd\u00f3thain ama, n\u00f3 ball, ag an nGarda S\u00edoch\u00e1na, leis an mbeart a dh\u00e9anamh d\u00fainn.  D\u2019fh\u00e9adfadh an c\u00f3r sin c\u00faram a dh\u00e9anamh de thr\u00e1cht na t\u00edre seo, ionas go mbeadh ar a gcumas, rialacha an bh\u00f3thair, maraon le teorainneacha luais, a chur i bhfeidhm, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre seo.  D\u2019fh\u00e9adfadh siad \u00fas\u00e1id a bhaint as chuile ghl\u00e9as is nua-aimseartha n\u00e1 a ch\u00e9ile, chuige sin.  Geallaimse dhuit \u00e9, gur ghearr go mbeadh c\u00farsa\u00ed faoi mar a d\u2019iarrfadh do bh\u00e9al fhein iad a bheith, d\u00e1 gcuirf\u00ed beart d\u00e1 leith\u00e9id i gcr\u00edch.  Faoi mar at\u00e1 c\u00farsa\u00ed faoi l\u00e1thair, n\u00ed f\u00e9idir leis na garda\u00ed bheith i ngach \u00e1it ar fud na t\u00edre, i mbun an ghn\u00f3 sin, nuair at\u00e1 orthu a n-aird a dh\u00edri\u00fa ar dhlithe uile na t\u00edre a chur i bhfeidhm.  Agus ar\u00eds, cad is fi\u00fa ceamara a shu\u00edomh anseo is ansi\u00fad le teacht ar lucht briste rialacha an bh\u00f3thair?  Go h\u00e1irithe, m\u00e1 chuireann t\u00fa f\u00f3gra suas, ag insint don saol m\u00f3r, go bhfuil an ceamara sin suite ag an bpointe \u00e1irithe seo, n\u00f3 ag an ionad \u00e1irithe \u00fad eile!  M\u00e1 theasta\u00edonn uainn teacht aniar aduaidh, ar lucht briste na dteorainneacha luais, n\u00f3 ar lucht s\u00e1raithe rialacha an bh\u00f3thair, n\u00ed d\u00f3igh liom gur ch\u00f3ir d\u00fainn clog a chur ar an gcat bocht, ach is amhlaidh a caithfimid \u00fas\u00e1id a bhaint as ceamara\u00ed ceilte.  Sin iad na \u201cleaids\u201d a chuirfidh stop lena srianta scaoilte, geallaimse dhuit \u00e9!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar thug t\u00fa faoi deara, go bhfuil rampa\u00ed ag f\u00e1s chomh tapaidh le miosar\u00fain ar bh\u00f3ithre \u00e1r mbailte, agus \u00e1r gcathracha, na laethe seo?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thug, mh\u2019anam, agus geallaimse dhuit \u00e9, nach dtaitn\u00edonn na rampa\u00ed c\u00e9anna liom, olc maith n\u00f3 dona.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach nach n-\u00e9irionn leo srian a chur ar luas na ngluaiste\u00e1naithe, thart ar \u00e1r sraideanna? Agus nach maith an rud \u00e9 sin, go h\u00e1irithe, fan na sr\u00e1ideanna mar a bhfuil c\u00f3na\u00ed ar dhaoine?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3, tagaim leat sa mh\u00e9id sin, \u00e9ir\u00edonn leo teorainn luais a chur i bhfeidhm, agus chaithfeadh duine a admh\u00e1il, gur maith an toradh \u00e9 sin ar na rampa\u00ed \u00fad, ach m\u00e1 bhreathna\u00edonn t\u00fa ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, feicfidh t\u00fa nach bhfuil ann ach an bealach leisci\u00fail le dl\u00ed a chur i bhfeidhm.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Conas a dh\u00e9anann t\u00fa sin amach?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, ritheadh an dl\u00ed le teorainneacha \u00e1irithe luais a chur i bhfeidhm ar shr\u00e1ideanna \u00e1r mbailte, agus \u00e1r gcathracha.  Anois, ar thiom\u00e1in na gluaiste\u00e1naithe taobh istigh de na teorainneacha sin?  B\u00ed cinnte n\u00e1r thiom\u00e1in.  Agus ar deineadh chuile iarracht ansin, iachall a chur orthu, glacadh leis na rialacha sin?  Rinne na garda\u00ed a nd\u00edcheall leis na teorainneacha luais sin a chur i bhfeidhm, ach nuair a tugadh lucht briste na dteorainneacha c\u00e9anna os comhair na c\u00fairte, n\u00edor gearradh ach f\u00edne\u00e1il beag orthu, sa chaoi gur tuigeadh do lucht briste na rialacha sin, n\u00e1r f\u00e1l go haer \u00e9, d\u00e1 mb\u00e9arfa\u00ed orthu, n\u00f3 gurbh fhi\u00fa an tairbhe an pion\u00f3s.  Ach d\u00e1 ngearrfa\u00ed f\u00edne\u00e1il s\u00e1ch trom orthu, bheadh sc\u00e9al eile ar fad againn anois, agus n\u00ed bheadh aon gh\u00e1 le rampa\u00ed a chur ar bh\u00f3ithre, n\u00f3 ar shr\u00e1ideanna nach raibh thar mholadh beirte, cheana f\u00e9in.  I nd\u00e1ir\u00edre, nach bhf\u00e9adfadh duine a r\u00e1, nach raibh sa teorainn luais, a ch\u00e9aduair, ach fasta\u00edm, agus fasta\u00edm gan ch\u00fais, n\u00f3 d\u00e1 gcuirf\u00ed na rampa\u00ed ansin, a ch\u00e9aduair, n\u00ed bheadh g\u00e1 leis an dteorainn luais in aon chor, m\u00e1 thuigeann t\u00fa leat m\u00e9!  Agus m\u00e1 bhreathna\u00edonn t\u00fa air, \u00f3 thaobh eile f\u00f3s, feicfidh t\u00fa nach bhfuil ann ach pion\u00f3s a ghearradh ar chuile ghluaiste\u00e1na\u00ed, toisc go bhfuil mionlach beag ag briseadh an teorainn luais, agus caithfidh t\u00fa a admh\u00e1il, gur baolach ar fad an beith\u00edoch \u00e9 an rampa c\u00e9anna sin, agus d\u00e1 dtiocf\u00e1 ar cheann acu gan choinne, geallaimse dhuit \u00e9, go mbainfeadh s\u00e9 stangadh asat fh\u00e9in, agus as do ghluaiste\u00e1n bocht, ag an am gc\u00e9anna.  N\u2019fheadar an mbeadh c\u00fais dl\u00ed ag duine i gcoinne na Comhairle \u00c1iti\u00fala, i gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id?  Bheinn fh\u00e9in den tuairim go mbeadh!  Agus ar\u00eds, nach dona an sc\u00e9al \u00e9, go gcaithfidh na Comhairl\u00ed \u00c1iti\u00fala a mb\u00f3ithre, agus a sr\u00e1ideanna, a mhilleadh ar an mbealach sin, ar mhaithe le ceacht a mh\u00faineadh do chupla \u00e1ilteoir.  N\u00e1rbh fhearr i bhfad iadsan a chur \u00f3 bhaol, in \u00e1it nach mbeadh ar a gcumas feasta dochar a dh\u00e9anamh do dhuine ar bith.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9 i gc\u00e1s na gcuaill\u00ed sin a t\u00f3gadh ar thaobh na dtaobhchas\u00e1n, le tamall anuas.  Nach amhlaidh a chuirtear ansin iad le bac a chur le gluaiste\u00e1naithe ionad p\u00e1irce\u00e1la a dh\u00e9anamh den dtaobhchas\u00e1n?  N\u00e1rbh fhearr, i fhfad, an dl\u00ed a chur i bhfeidhm, agus na taobhchas\u00e1in a fh\u00e1g\u00e1il sl\u00e1n.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rud amh\u00e1in eile a thagann idir me fh\u00e9in agus codladh na ho\u00edche isea na clampa\u00ed \u00fad, a fh\u00e1isctear ar rotha\u00ed na ngluaiste\u00e1n a fhaightear p\u00e1irce\u00e1ilte, in \u00e1it a bhfuil p\u00e1irce\u00e1il crosta ar ghluaiste\u00e1naithe.  Nach \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna ar\u00eds \u00e9?  N\u00e1rbh fhearr an dl\u00ed a chur ar na daoine a bhriseann an riail sin, agus gan iachall a chur air freisin, a ghluaiste\u00e1n a shaoradh \u00f3n lucht clamptha.  Is br\u00f3ch go deo an n\u00f3s \u00e9, n\u00f3s \u00fad an chlamptha, agus cotha\u00edonn s\u00e9 fuath b\u00f3thair, agus drochfhuil, i measc gluaiste\u00e1naithe, fr\u00ed ch\u00e9ile, nuair a fheiceann siad a leith\u00e9id ag tarl\u00fa.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil mo sh\u00e1ith r\u00e1ite agam don bhabhta seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Mar sin, go dt\u00ed an ch\u00e9ad uair eile&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sl\u00e1n&#8230;.      <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">   ********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>L u a s a r B h \u00f3 i t h r e ! . ************************** . Nach m\u00f3r go deo idir inn\u00e9 agus inniu! Ba bheag tr\u00e1cht a bh\u00ed ar luas ar bh\u00f3ithre nuair a bh\u00ed mise ag f\u00e1s suas in Iorras na nIontas, breis is tr\u00ed sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin anois. Capall, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12921","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12921","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12921"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12921\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12922,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12921\/revisions\/12922"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12921"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12921"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12921"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}