{"id":12979,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12979"},"modified":"2024-04-08T01:26:35","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:35","slug":"m-i-l-l-t-e-a-g-a-n-e-u-r-o","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/m-i-l-l-t-e-a-g-a-n-e-u-r-o\/","title":{"rendered":"M i l l t e     a g     a n      E u r o"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">M i l l t e     a g     a n      \u201cE u r o\u201d !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">**************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Amuigh ag si\u00fal a bh\u00ed m\u00e9, an tr\u00e1thn\u00f3na cheana, \u201cgan aire agam ar raon mo shi\u00fal\u201d, nuair a thug m\u00e9 faoi deara, go raibh m\u00e9 ag gabh\u00e1il thar dhoras mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed c\u00f3ir an Droichid.  Bh\u00ed fhios agam ar an dtoirt, go gcaithfinn buaileadh isteach chuige, n\u00f3 mhar\u00f3dh s\u00e9 m\u00e9, d\u00e1 gcloisfeadh s\u00e9 gur ghabh m\u00e9 thar a dhoras gan bualadh isteach ar chuairt chuige.   I nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed raibh aon r\u00f3-fhonn cuarta\u00edochta orm, ag an am, ach ba mhaith a thuig m\u00e9 fh\u00e9in, nach raghadh mo Sh\u00e9im\u00ed bre\u00e1 thar mo dhoras-sa, d\u00e1 dtarl\u00f3dh sna b\u00f3la\u00ed sin \u00e9, gan cos a chur thar thairseach mo th\u00ed-se isteach.  Mar sin, isteach liom.  Chnag m\u00e9 go m\u00fainte ar a dhoras, agus d\u2019fhan ansin ag \u00e9isteacht tamall.  Ba ghearr a raibh orm fanacht n\u00f3 gur chuala na c\u00e9imeanna ag teacht im threo.  Oscla\u00edodh an doras, agus nocht S\u00e9im\u00ed os mo chomhair amach.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, do ch\u00e9ad f\u00e1ilte, ach nach t\u00fa an strains\u00e9ar sa limist\u00e9ar seo?  Buail romhat isteach, go nd\u00e9anfaidh muid \u00e1r gcomhr\u00e1, ar \u00e1r suaimhneas.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go raibh c\u00e9ad maith agat\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in, \u00e1 fhreagairt, agus lean m\u00e9 isteach chun na cistine \u00e9.  Bh\u00ed an l\u00e1 fuar go maith amuigh, n\u00f3 nach raibh muid i Me\u00e1n an Fh\u00f3mhair cheana f\u00e9in, agus feasta, bheadh duine ag s\u00fail le gaimh fuachta a bheith ag teacht ar an aimsir, go h\u00e1irithe, um thr\u00e1thn\u00f3na, agus le moiche na maidine.  Bhuel, bh\u00ed tine bhre\u00e1 faoi l\u00e1n-tseol ar an teallach ag f\u00e1ilti\u00fa romham, agus ba ghearr go raibh gloine bhre\u00e1 fuisce leagtha os mo chomhair ag mo sheanchara.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSeo braoin\u00edn beag le c\u00fal a chur ar an bhfuacht,\u201d ar seisean, \u201cn\u00f3 feictear domsa, go bhfuil gaimh ar an aimsir na tr\u00e1thn\u00f3nta\u00ed seo.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 m\u00e9 an-bhu\u00edoch d\u00edot, a Sh\u00e9im\u00ed, ach n\u00ed raibh g\u00e1 ar bith leis an bhfuisce. Mar d\u00e9anta na f\u00edrinne, n\u00ed raibh f\u00fam ach seasamh sa doras, n\u00f3 n\u00edor mhaith liom gabh\u00e1il thar do dhoras, gan beann\u00fa dhuit;\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00edl ann ach l\u00e1n an mh\u00e9arac\u00e1in, Faoi thuairim do shl\u00e1inte.  Caith siar \u00e9.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSl\u00e1inte an bhrad\u00e1in ort, cro\u00ed foll\u00e1in agus gob fliuch\u201d  arsa m\u00e9 fh\u00e9in, agus m\u00e9 ag baint smailce as mo ghloine fuisce.  Leag m\u00e9 mo ghloine uaim agus ansin, arsa m\u00e9 fh\u00e9in le S\u00e9im\u00ed,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAon sc\u00e9al nua agat,\u201d arsa mise.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cDheamhan sc\u00e9al ar bith, muis,  ach an sc\u00e9al at\u00e1 i mb\u00e9al an phobail, na laethe seo\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus c\u00e9n sc\u00e9al \u00e9 fh\u00e9in?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSc\u00e9al an  diabhal Euro sin, cad eile,\u201d arsa mo Sh\u00e9im\u00ed bre\u00e1.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus c\u00e9ard t\u00e1 d\u00e9anta ag an \u201cEuro\u201d bocht anois,\u201d arsa mise, agus m\u00e9 ag iarraidh sc\u00e9al a mhealladh as S\u00e9im\u00ed bocht na mire.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cC\u00e9ard t\u00e1 d\u00e9anta aige, an ea?  Bhuel, n\u00edl d\u00e9anta aige ach go bhfuil an t\u00edr\u00edn bocht seo \u2018gainne uilig, loite, millte, rob\u00e1ilte, aige.  B\u00ed ag caint ar ionradh na nDanar, n\u00f3 ar theacht na Normannach! n\u00edor dhada iad, taobh leis an scrios seo at\u00e1 d\u00e9anta orainn ag an diabhal seo Euro.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, c\u00e9n dochar seo uilig at\u00e1 d\u00e9anta orainn, ag an mbonn beag neamhurch\u00f3ideach seo, an \u201cEuro\u201d bocht seo, a bhfuil glactha leis anois i measc n\u00e1isi\u00fan uilig an Aontais Eorpaigh, geall leis ?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cC\u00e9n dochar at\u00e1 d\u00e9anta aige, an ea?  T\u00e1 seo, go bhfuil muid uilig rob\u00e1ilte, scriosta, ag na praghasanna arda a lean teacht an \u201cEuro\u201d go h\u00c9irinn.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, nach mb\u00edodh praghasanna \u00e1 n-ard\u00fa, i gc\u00f3na\u00ed, agus conas a d\u2019fh\u00e9adfadh duine ar bith an mille\u00e1n uilig a leagan ar an \u201cEuro\u201d bocht?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cGo bhf\u00f3ire Dia ar do chiall, n\u00f3 c\u00e1 raibh tusa aimsir na c\u00e9ille?  Nach bhfuil fhios ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, go raibh lucht gn\u00f3, agus lucht gairme uilig, agus a dteanga bheag amuigh acu, ag fanacht ar an ndeis a thabharfadh teacht an \u201cEuro\u201d d\u00f3ibh, le dallamull\u00f3g a chur ar an gcosmhuintir, s\u00e1ra dtiocfadh siad isteach ar an airgeadra nua, dallamull\u00f3g a chuirfeadh ar a gcumas, iad a rob\u00e1il glan, i l\u00e1r an lae ghil fh\u00e9in, agus saibhreas a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh fh\u00e9in, san idirlinn sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch n\u00e1r gheall an Rialtas s\u2019againne d\u00fainn uilig, nach ligf\u00ed don lucht gn\u00f3, n\u00e1 d\u2019\u00e9inne eile, ach oiread, aon chne\u00e1mhaireacht d\u00e1 leith\u00e9id a chur i ngn\u00edomh, agus an pobal ag trasn\u00fa, \u00f3 ch\u00f3ras airgeadais amh\u00e1in go c\u00f3ras eile, s\u00e9 sin, \u00f3n bPunt go dt\u00ed an \u2018Euro\u2019.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cGheall, cinnte, ach c\u00e9 chreidfeadh Rialtas i gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id, nuair n\u00e1r reacht\u00e1il siad dlithe, a thabharfadh fiacla d\u00e1 bhfocla.  Gheall siad seo, agus gheall siad si\u00fad, ach ar dhein siad faic, fad is a bh\u00edothas d\u00e1r rob\u00e1il?  N\u00edor dhein.  Faic na ngr\u00e1sta!.  Is amhlaidh a sheas siad ar an gcla\u00ed, agus a l\u00e1mh thar a s\u00faile acu, ar eagla go bhfeicfeadh siad tada.  Sea, agus f\u00e1gadh muidinne ansin, cos\u00fail le turas\u00f3ir\u00ed i dt\u00edr iasachta, ag iarraidh scil eic\u00ednt a bhaint as an gcine\u00e1l airgead reatha a bh\u00ed in \u00fas\u00e1id acu sa t\u00edr iasachta sin, ach iad dall, amach is amuigh, ar luach an airgid sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch a Sh\u00e9im\u00ed, nach deacair a chreidi\u00faint, go nd\u00e9anfadh an lucht gn\u00f3, n\u00e1 \u00e9inne eile ach oiread, beart gr\u00e1nna d\u00e1 leith\u00e9id, ar a muintir fh\u00e9in, n\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, is beag idir ghoid, agus an cine\u00e1l ruda at\u00e1 i gceist agatsa sa mh\u00e9id sin?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is deacair, gan dabht, agus tagaim leat sa mh\u00e9id sin, ach ag an am gc\u00e9anna, t\u00e1 an cruth\u00fa agat ansin os comhair do dh\u00e1 sh\u00fal amach.  Is f\u00e9idir leat compar\u00e1id a dh\u00e9anamh idir na praghasanna a bh\u00ed i bhfeidhm sular th\u00e1inig an \u201cEuro\u201d isteach, agus praghasanna an lae inniu, agus feicfidh t\u00fa fh\u00e9in, go bhfuil s\u00e9 soil\u00e9ir, gur  th\u00e1inig ard\u00fa do-chosanta, do-mhaite, orthu, san idirlinn.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch n\u00e1r dh\u00fairt an Rialtas nach dtabharfa\u00ed cead do dhuine ar bith a leith\u00e9id de rud a dh\u00e9anamh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cB\u00ed cinnte gur dh\u00fairt, ach nach bhfuil a fhios ag an l\u00e1 fh\u00e9in gurb ioma\u00ed rud a gheallann Rialtais d\u00fainn nach gcoimhl\u00edontar riamh.  Smaoinigh ar na geall\u00faint\u00ed, a bh\u00ed ag eitilt timpeall chomh fl\u00fairseach le m\u00edolt\u00f3ga l\u00e1 f\u00f3mhair, le linn an fheachtas toghch\u00e1na\u00edochta.  Ar coimhl\u00edonadh a mbun\u00fas sin?  An rabhthas d\u00e1ir\u00edreach nuair a rinneadh na geall\u00faint\u00ed c\u00e9anna sin?  Ag Dia amh\u00e1in at\u00e1 a fhios sin, agus is beag seans go sc\u00e9ithfidh seisean orthu!  Is \u00e9 deireadh an sc\u00e9il \u00e9, ar aon n\u00f3s, n\u00f3 gur deineadh feannadh an phoic ar an gcosmhuintir, le linn an athraithe \u00f3 airgeadra amh\u00e1in go dt\u00ed an ceann eile, n\u00f3 \u00f3n bPunt go dt\u00ed an \u2018Euro\u2019.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, n\u00e1r ch\u00f3ir a mhille\u00e1n sin a leagan orthu si\u00fad, a l\u00edon a bp\u00f3ca\u00ed agus a spar\u00e1in, nuair nach raibh aire an phobail d\u00edrithe orthu.  N\u00edor ch\u00f3ir an mille\u00e1n uilig a leagan ar an \u2018Euro\u2019 bocht.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cCaithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go bhfuil cuid eic\u00ednt den cheart agat sa mh\u00e9id sin, ach ag an am gc\u00e9anna, ba \u00e9 an diabhal Euro sin a thug an deis d\u00f3ibh bunt\u00e1iste a bhreith orainn uilig.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch c\u00e9 hiad go d\u00edreach a l\u00edon a bp\u00f3ca\u00ed sa tsl\u00ed sin?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, t\u00e1id ann adeir liom, gurb iad an lucht leigis a chuir t\u00fas leis an bhfeannadh, n\u00f3 chuaigh a dt\u00e1ill\u00ed si\u00fad in airde, go gairid i ndiaidh don Euro teacht i bhfeidhm mar airgeadra san Aontas Eorpach.  Anois, b\u2019fh\u00e9idir go raibh socraithe acu na t\u00e1ill\u00ed c\u00e9anna sin a ard\u00fa ag an bpointe sin, cuma ann n\u00f3 as don Euro, ach n\u00edl dabht ar domhan, gur r\u00ed-olc an t-am \u00e9 le harduithe d\u00e1 leith\u00e9id a chur i bhfeidhm, n\u00f3 n\u00ed raibh aird an phhobail d\u00edrithe ar th\u00e1ill\u00ed, ag an am, ach iad go dt\u00ed na cluasa, ag iarraidh dul i gcleachtadh ar an airgeadra nua.  Sea, agus i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edor bhreathnaigh bun\u00fas na ndaoine ar an \u201cEuro\u201d mar airgead ceart, in aon chor, is amhlaidh a bhreathna\u00edonn roinnt mhaith air f\u00f3s mar airgead Mhonoply, n\u00f3 mar a bhreathn\u00f3f\u00e1 ar an bPeseta, fad\u00f3, n\u00f3 ar an Lire, agus t\u00fa ar saoire sna limist\u00e9ir airgeadra \u00fad.  Nach minic a fheicim seandaoine, ach go h\u00e1irithe, sna siopa\u00ed, agus iad ag tabhairt m\u00e1m airgid don bhfreastala\u00ed, le luach na n-earra\u00ed a bhaint as, in ionad d\u00edol astu, mar a dh\u00e9anadh siad, nuair ba phuint agus pingneacha a bh\u00ed mar airgead againn.  Le f\u00edrinne, n\u00ed fh\u00e9achann roinnt mhaith daoine f\u00f3s ar an \u201cEuro\u201d mar airgead ceart, sea, agus rachaidh m\u00e9 n\u00edos fuide leis an sc\u00e9al, agus d\u00e9arfaidh m\u00e9 seo, gur fuath le roinnt mhaith daoine an \u201cEuro\u201d c\u00e9anna sin, n\u00f3 tuigtear d\u00f3ibh, gurb \u00e9 an \u201cEuro\u201d is c\u00fais leis an dtriobl\u00f3id go l\u00e9ir.  T\u00e1 a fhios againne nach ar an \u201cEuro\u201d bocht at\u00e1 an locht ar fad, ach ar na daoine a bhain leas as an bhfaill a thug an \u201cEuro\u201d d\u00f3ibh an chosmhuintir a lomadh dall.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, an raibh \u00e9inne eile s\u00e1sta \u00fas\u00e1id a bhaint as an athr\u00fa airgeadra sin,  lena bp\u00f3ca\u00ed a l\u00edonadh le pingneacha na cosmhuintire?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cIs f\u00e9idir leat a bheith cinnte go raibh, agus roinnt mhaith d\u00edobh freisin.  Bh\u00ed siad ag fanacht ansin sa bhfear fada, ag faire na faille, agus chomh luath agus a fuaireadar an deis, dheineadar an beart, agus b\u00ed cinnte, gur muidinne a bh\u00ed th\u00edos leis.  C\u00e9 eile a bhain leas as an \u00f3c\u00e1id lena bp\u00f3ca\u00ed a l\u00edonadh, an ea?  Bhuel, bh\u00ed lucht na nOllmharga\u00ed, agus fi\u00fa n\u00e1r bhain na h\u00dadar\u00e1is \u00c1iti\u00fala leas as freisin, lena dt\u00e1ill\u00ed p\u00e1irce\u00e1la, agus a leith\u00e9id, a ard\u00fa.  Sea, agus lucht bailithe bruscair freisin, agus n\u00edl muid cr\u00edochnaithe f\u00f3s, n\u00f3 inniu, rinne an BSL r\u00e1iteas a eisi\u00faint, \u00e1 dhearbh\u00fa, go raibh f\u00fathusan a bpraghasanna a ard\u00fa freisin, agus c\u00e9 \u00edocfaidh an chuid is m\u00f3 den ard\u00fa c\u00e9anna seo?  An chosmhuintir, c\u00e9 eile?  N\u00ed bheife\u00e1 ag s\u00fail go leagfa\u00ed an t-ualach trom seo ar an lucht gn\u00f3? \u201c<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch an bhfuil leigheas ar an sc\u00e9al seo?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cDiabhal leigheas ar bith, d\u00e9arfainn, mura bhfuil an Rialtas s\u00e1sta dul siar ar na harduithe uilig a tharla, \u00f3 theacht i bhfeidhm don Euro, agus iachall a chur ar \u00e9inne a bhain leas as an \u00f3c\u00e1id, ar mhaithe leis fh\u00e9in, n\u00f3 ar mhaithe lena ghn\u00f3, ais\u00edoc a dh\u00e9anamh ann.  An dtarl\u00f3idh a leith\u00e9id?  Ag magadh f\u00fam at\u00e1 t\u00fa!  C\u00e9n toradh a bheidh ar an obair seo go l\u00e9ir?  Bhuel, t\u00e1 m\u00e9 cinnte go mbeidh toradh amh\u00e1in air, s\u00e1r i bhfad, agus sin go mbeidh oibrithe na t\u00edre seo ag iarraidh arduithe p\u00e1 a fh\u00e1il, mar ch\u00faiteamh sna harduithe c\u00e9anna sin.  Agus n\u00edos measa f\u00f3s, t\u00e1 daoine \u00e1irithe ag iarraidh an chosmhuintir a shaghdadh i gcoinne Chonradh Nice, b\u00edodh nach bhfuil baint d\u00e1 laghad ag sc\u00e9al seo an \u201cEuro\u201d le Conradh Nice.\u201d  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cA Sh\u00e9im\u00ed, a chara, t\u00e1 s\u00e9 thar am agamsa bheith ag bogadh, n\u00f3 beifear ag s\u00fail liom sa bhaile, thart faoin am seo.  T\u00e1 m\u00e9 thar a bheith bu\u00edoch d\u00edot as an bhf\u00e1ilte a chuir t\u00fa romham, agus as an gc\u00f3ir a chuir t\u00fa orm, agus geallaimse dhuit \u00e9, go n-\u00edocfaidh m\u00e9 an comhar leat, amach anseo.  Beidh m\u00e9 ag bogadh liom abhaile anois.  Sl\u00e1n go f\u00f3ill.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSl\u00e1n leat,\u201d arsa mo Sh\u00e9im\u00ed bre\u00e1, agus cine\u00e1l aif\u00e9ala air, cheap m\u00e9,  toisc gur chuir m\u00e9 clabhs\u00far ar a chuid cainte, agus \u00e9 faoi l\u00e1n tseol, mar ad\u00e9arf\u00e1, ach t\u00e1 m\u00e9 cinnte, go mbeidh l\u00e1 eile ag an bPaorach.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*****************<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>M i l l t e a g a n \u201cE u r o\u201d ! ************************** . Amuigh ag si\u00fal a bh\u00ed m\u00e9, an tr\u00e1thn\u00f3na cheana, \u201cgan aire agam ar raon mo shi\u00fal\u201d, nuair a thug m\u00e9 faoi deara, go raibh m\u00e9 ag gabh\u00e1il thar dhoras mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed c\u00f3ir an Droichid. Bh\u00ed fhios agam [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12979","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12979","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12979"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12979\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12980,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12979\/revisions\/12980"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12979"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12979"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12979"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}