{"id":13023,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13023"},"modified":"2024-04-08T01:07:37","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:37","slug":"nice-ina-chis-ar-easair","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/nice-ina-chis-ar-easair\/","title":{"rendered":"Nice ina chis ar easair"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline\">\u201cN I C E\u201d     I N A     C H I S     A R     E A S A I R .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>********************************************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, t\u00e1 na Reifreann thart, bu\u00edochas le Dia, agus d\u00e1r le roinnt mhaith daoine, rinne sibh sibh fh\u00e9in a n\u00e1iri\u00fa, uair amh\u00e1in eile!  N\u00edl le d\u00e9anamh agat ach breathn\u00fa ar na nuacht\u00e1in agus tuigfidh t\u00fa fh\u00e9in m\u00e9id an ionaidh a chuir toradh an Reifrinn, ar an Rialtas s\u2019againne, ar Bhallst\u00e1it eile an Aontais Eorpaigh, agus ar na St\u00e1it \u00fad a raibh socruithe acu ballra\u00edocht a lorg san Aontas.  D\u00fairt m\u00e9 go ndearna sibh sibh fh\u00e9in a n\u00e1iri\u00fa, uair amh\u00e1in eile, toisc n\u00e1r ghlac m\u00e9 fh\u00e9in l\u00e1mh n\u00f3 p\u00e1irt sa Reifreann sin, olc, maith, n\u00f3 dona.  D\u00e9anta na f\u00edrinne, bh\u00ed m\u00e9 ar laethe saoire thiar in Inis Crabhann, i gContae Shligigh, an l\u00e1 cinni\u00fanach sin, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, is f\u00e9idir liom a r\u00e1, gur dhein sibh praiseach cheart de, toisc nach raibh m\u00e9 fh\u00e9in anseo le treoir cheart a dheanamh daoibh.  Ghlac m\u00e9 p\u00e1irt sna Reifrinn eile a ritheadh go nuige seo, agus f\u00e9ach go raibh toradh f\u00f3nta ar chuile cheann acu, go nuige seo, ach anois, an ch\u00e9ad uair a raibh m\u00e9 as baile, agus f\u00e9ach cad a tharla?  Praiseach cheart!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed d\u00f3igh liom gur chuir an toradh ionadh ar mh\u00f3r\u00e1n daoine, n\u00f3 bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in ag caint le daoine \u00e1irithe sular caitheadh na v\u00f3ta\u00ed ar an seacht\u00fa la de Mheitheamh, agus ba \u00e9 an tuairim a bh\u00ed ag beagnach chuile dhuine acu, n\u00f3 go ndi\u00falt\u00f3fa\u00ed do Chonradh Nice.  Bh\u00ed chuile dhuine s\u00e1sta, d\u00e9arfainn, go rithf\u00ed an d\u00e1 thairiscint eile a leagadh os comhair na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed, ach I gc\u00e1s Nice, bhuel, b\u2019in sc\u00e9al eile ar fad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach tuige ar di\u00falta\u00edodh do Chonradh Nice, ad\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl dabht ar domhan, ach go raibh a ch\u00fais fh\u00e9in ag chuile dhuine a v\u00f3t\u00e1il ina choinne, ach tr\u00edd is tr\u00edd, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, go raibh roinnt \u00e1irithe c\u00faiseanna a mheall daoine lena v\u00f3ta a chaitheamh i gcoinne an Chonartha sin Nice.  Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, d\u2019fh\u00e9adfadh duine eile a r\u00e1, go raibh roinnt mhaith daoine i measc na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed n\u00e1r thuig go hioml\u00e1n na tairiscint\u00ed a leagadh os a gcomhair amach.  I gc\u00e1s na ndaoine sin, is d\u00f3cha gur fhan roinnt mhaith acu sa bhaile l\u00e1 an Reifrinn, agus d\u2019fheadf\u00e1 a r\u00e1 freisin, gur v\u00f3t\u00e1il roinnt mhaith eile acu i gcoinne an Chonartha, toisc n\u00e1r thuigeadar i gceart c\u00e9ard a bh\u00ed i gceist, agus chomh maith le sin, tuigeadh d\u00f3ibh, n\u00e1r freagra\u00edodh r\u00e1itis an dreama \u00fad a th\u00e1inig amach go hoscailte i gcoinne Chonradh Nice. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach le filleadh ar na c\u00faiseanna \u00fad a mheall daoine i gcoinne an Chonartha.<\/p><div class=\"ul\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:18pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span>Tuigeadh do roinnt \u00e1irithe daoine go gcaillfeadh muid \u00e1r neodracht, agus ar neamhsple\u00e1chas faoi fhor\u00e1lacha an Chonartha sin.<\/div><\/div><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:18pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span>Tuigeadh do roinnt eile, go bhf\u00e9adfa\u00ed ginmhilleadh agus a leith\u00e9id, a theacht i r\u00e9im anseo, tr\u00ed ghlacadh leis an gConradh, agus mar sin, le bheith cinnte cinnte, b\u2019fhearr di\u00falt\u00fa do Nice, d\u00e1r leo.<\/div><\/div><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:18pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span>Bh\u00ed daoine ansin freisin, na Frith-Eorpaigh, n\u00e1r theastaigh uathu c\u00e9im ar bith eile a th\u00f3g\u00e1il i dtreo an Aontais Eorpaigh, n\u00f3 tuigeadh d\u00f3ibhsean, go gcaillfeadh muidinne cib\u00e9 flaitheas, neamhsple\u00e1chas, n\u00f3 saoirse a bh\u00ed saothraithe go d\u00edcheallach againn, thar \u201cbhlianta fada an \u00e1ir\u201d, agus ar\u00eds tuigeadh d\u00f3ibh, gurbh fhearr gan dul sa tseans, sa ch\u00e1s sin.<\/div><\/div><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:18pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span>Chomh maith leis na dreamanna thuas, shocraigh Sinn Fein agus a lucht lean\u00fana v\u00f3t\u00e1il i gcoinne an Chonartha freisin.<\/div><\/div><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:18pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span>Bh\u00ed roinnt gr\u00fapa\u00ed eile freisin i gcoinne Nice, mar at\u00e1, na Glasaigh, maraon le \u201cNo to Nice\u201d agus \u201cYouth Defence\u201d.<\/div><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019in iad na dreamanna a bhris ar chumhacht na bpr\u00edomhph\u00e1irtithe polait\u00edochta sa Reifreann.  Nach bhfuil s\u00e9 deachair sin a chreidi\u00faint, nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa go raibh Fianna F\u00e1il, Fine Gael, An Lucht Oibre, agus an P\u00e1irt\u00ed Daonlathach uilig go l\u00e9ir ar thaobh an Chonartha, agus cuir leo siud na Ceardchumainn, na hEaglais\u00ed, agus na Me\u00e1in Chumars\u00e1ide, agus tuigfidh t\u00fa ansin m\u00e9id a mbua.  Ionann sin is a r\u00e1, go raibh ionadaithe an mh\u00f3raimh i bhf\u00e1bhar v\u00f3ta \u201cTa\u201d a chaitheamh sa Reifreann, agus gan ina gcoinne, ach dreamanna beaga n\u00e1rbh fhi\u00fa aird ar bith a thabhairt orthu, ach b\u2019in an dearmad a rinne an Rialtas s\u2019againne, tuigeadh d\u00f3ibh, nach dtabharfa\u00ed aird an mhadaidh orthu, agus go nglacfa\u00ed le Conradh Nice, de mh\u00f3ramh m\u00f3r.  Tuigeadh d\u00f3ibh nach raibh le d\u00e9anamh acu ach postaer f\u00e1nach a chur suas ar chuaille telegrafa, anseo is ansi\u00fad, agus go mbeadh an l\u00e1 leo.  Sea, agus fad is a bh\u00ed sin \u00e1 dh\u00e9anamh acu, bheadh siad ag f\u00e1il r\u00e9idh don olltoghch\u00e1n a throidf\u00ed, amach anseo, agus d\u00e1 bharr sin, n\u00ed raibh de sc\u00e9al acu ar na postaeir\u00ed \u00fad ach, <em> DEIR TOM\u00c1S MAC AMAD\u00c1IN <\/em>   \u201cT\u00c1\u201d.   Nach gcuirfeadh f\u00f3gra\u00edocht d\u00e1 leith\u00e9id d\u00e9istean ar v\u00f3t\u00f3ir ar bith?  Ar ball, d\u00e1r nd\u00f3igh, fuarthas amach n\u00e1r dh\u00fairt Polaiteoir t\u00e1bhachtach amh\u00e1in an \u201cTA\u201d geallta sin sa Reifreann, in aon chor, agus d\u2019admhaigh an polaiteoir sin \u00e9, os ard, toisc go mba fhear mac\u00e1nta \u00e9.  An bhf\u00e9adfadh s\u00e9 go raibh polaiteoir\u00ed eile n\u00e1r v\u00f3t\u00e1il, \u201cT\u00c1\u201d, ach oiread, ach n\u00e1r scaoil a r\u00fan le h\u00e9inne faoi?  B\u00edodh sin mar at\u00e1, ach ar aon n\u00f3s, ba bheag iarracht mac\u00e1nta a deineadh, le dul i ngleic le harg\u00f3int\u00ed lucht \u201cN\u00cdL\u201d.  Sea, agus fi\u00fa amh\u00e1in, nuair a deineadh iarracht sin a dh\u00e9anamh ar an raidi\u00f3, n\u00f3 ar an teilif\u00eds, n\u00ed raibh sa chuid ba mh\u00f3 d\u00e1 n-arg\u00f3int\u00ed ach arg\u00f3int\u00ed a chodail amuigh!  Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, bh\u00ed a gcuid arg\u00f3int\u00ed ullmhaithe, snasta, \u201cad rem\u201d, ag lucht, \u201cN\u00cdL\u201d, agus c\u00e9 go ndeirtear nach raibh ioml\u00e1n na f\u00edrinne i gcuid d\u00e1 nd\u00fairt siad, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed craiceann na f\u00edrinne ar a gcuid cainte, agus bh\u00ed cuma na d\u00e1ir\u00edreachta ar na daoine a chuir na harg\u00f3int\u00ed sin in \u00e1r l\u00e1thair.  Ba sa tsl\u00ed sin a chuaigh siad i gcionn ar na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed.  D\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir, n\u00e1r bhain cuid da n-arg\u00f3int\u00ed le Conradh Nice, in aon chor, ach gurb amhlaidh a bhain siad le Conradh eic\u00ednt eile, a raibh glactha againn leis cheana, ach n\u00e1r chuma faoi sin, i nd\u00e1ir\u00edre, nuair a bh\u00ed l\u00e1nchead ag taobh an Rialtais na point\u00ed sin a cheart\u00fa  agus a shoil\u00e9ir\u00fa don phobal, roimh l\u00e1 an Reifrinn. N\u00edor deineadh sin, agus briseadh cath ar an Rialtas.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed sin go maith, ar bhealach.  Th\u00e1inig an pobal amach, agus thug siad a mbreith ar an dtairiscint a leagadh os a gcomhair, d\u00edreach mar a hiarradh orhtu a dh\u00e9anamh.  \u00d3 b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1r th\u00e1inig an pobal uilig amach lena nguth a thabhairt, ach nach \u2018in an cine\u00e1l daonlathais at\u00e1 againn sa t\u00edr seo, agus ansin, an l\u00e1 d\u00e1r gcionn, nuair a bh\u00ed an comhaireamh thart, agus an bhreith tugtha, chuir an Rialtas agus cinnir\u00ed na bP\u00e1irtithe m\u00f3ra eile a m\u00edsh\u00e1stacht agus a nd\u00e9istean in i\u00fal d\u00fainn.  D\u00faradar seo, agus d\u00faradar si\u00fad, agus ba \u00e9 cr\u00edoch na mbeart \u00e9 n\u00f3 go nd\u00fairt cuid acu, nach raibh de leigheas ar an sc\u00e9al ach seans eile a thabhairt d\u00fainn toil an chinsil a dh\u00e9anamh, mar nach dtuigeann gach \u00e9inne, faoin am seo, nach bhfuil cead ag an bpobal \u00e9ag\u00f3ir a dh\u00e9anamh\u2026\u201dThe people have no right to be wrong\u201d, mar ad\u00fairt an t\u00e9 ad\u00fairt!  N\u00edor dhada \u00e9 m\u00edsh\u00e1samh an Rialtais s\u2019againne, i gcompar\u00e1id leis an nd\u00e9istean a bh\u00ed ar th\u00edortha eile an Aontais Eorpaigh.  Bh\u00edodar uilig den tuairim, cheapf\u00e1, gur ch\u00f3ir do mhuintir na t\u00edre seo dul s\u00edos ar a ngl\u00faine os a gcomhair amach, agus \u00e1r dtoil a chur lena dtoil si\u00fad, n\u00f3 n\u00e1r chuimhin linn, gurbh iadsan a th\u00f3g as an bpuiteach an\u00edos sinn, ach m\u00e1 chuireann t\u00fa capall faoin mbacach, diabhal a bhfuil ann ar deiredh tiar ach bacach!\u201d  Dhealr\u00f3dh s\u00e9 go bhfuil dearmad d\u00e9anta ag an Rialtas s\u2019againne, agus ag cinnir\u00ed \u00e1r gcomr\u00e1daithe san Aontas, agus go gcaithfear glacadh le cinneadh an phobail s\u2019againne  V\u00f3t\u00e1ileann siad mar is mian leo fh\u00e9in, agus t\u00e1 s\u00e9 dothuigthe, go leagfadh daonlathasa\u00ed ar bith an mille\u00e1n ar na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed as an gcaoi ar v\u00f3t\u00e1il siad.  Caithfear glacadh lena mbreith agus dul ar aghaidh \u00f3n bpointe sin, n\u00f3 is \u00e9 t\u00fas agus deireadh an sc\u00e9il \u00e9, n\u00e1r thaitin cur chuige an Aontais, ag an am \u00e1irithe seo, le v\u00f3t\u00f3ir\u00ed na t\u00edre seo, agus theastaigh uathu a m\u00edsh\u00e1stacht a chur in i\u00fal do na h\u00fadar\u00e1is, abhus agus thall.  T\u00e1 s\u00e9 r\u00e9as\u00fanta cinnte freisin, d\u00e1 mbeadh an deis c\u00e9anna ag pobail eile an Aontais a mbreith a thabhairt, go gcuirfeadh a mbun\u00fas i gcoinne an Chonartha sin Nice freisin, mar sin, is d\u00f3cha gur dhein an pobal s\u2019againne m\u00edsh\u00e1stacht na bpobal Eorpach uilig, a chur in i\u00fal.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl dabht ar domhan ach go bhfuil dul am\u00fa ar cheannair\u00ed an Aontais, nuair adeir siad, gur chuir pobal na t\u00edre seo i gcoinne leathn\u00fa an Aontais, leathn\u00fa a ligfeadh do n\u00e1isi\u00fain Oirthear na hEorpa teacht isterach san Aontas, ar ball.  N\u00ed h\u00e9 mo thuairim, gurbh \u00e9 sin an ch\u00fais ar v\u00f3t\u00e1il \u00c9ireannaigh i gcoinne an Chonartha.  Chuir roinnt mhaith daoine ina choinne, toisc nach bhfuil siad s\u00e1sta, in aon chor, le cur chuige an Aontais, n\u00f3 feictear d\u00f3ibh, go bhfuil na St\u00e1it mh\u00f3ra ag iarraidh an tAontas a fhorbairt ar mhaithe leo fh\u00e9in, ionas go mbeadh cead acusan cur le ch\u00e9ile feasta, beag beann ar na St\u00e1it bheaga, agus n\u00edl dabht ar bith ann, ach go raibh tionchar aige sin ar na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed s\u2019againne, nuair a chuir siad a marc ar na v\u00f3ta\u00ed, L\u00e1 an Reirfinn.. N\u00edor athra\u00edodh an dearcadh sin, nuair a chonaic muid an chaoi ar ghlac na pobail eile le toradh \u00e1r Reifrinn.  Ba chos\u00fala le deacht\u00f3ir\u00ed n\u00f3 le daonlathasaithe iad, nuair ad\u00fairt siad nach dtabharfa\u00ed aird an mhadaidh ar \u201cN\u00cdL\u201d sin na n\u00c9ireannach, agus go gcaithfidh na h\u00c9ireannaigh sl\u00ed a fh\u00e1il d\u00f3ibh fh\u00e9in as an gcruach\u00e1s a chruthaigh siad, tr\u00ed v\u00f3t\u00e1il sa tsl\u00ed sin!  B\u00ed ag caint ar dhaonlathas!  Agus n\u00e1r dh\u00fairt Uachtar\u00e1n an Aontais fh\u00e9in go raibh an-d\u00edom\u00e1 airsean, nuair a chuala s\u00e9 toradh an Reifrinn, agus d\u00fairt Pr\u00edomh-Aire na Sualainne go gcaithfeadh Rialtas na h\u00c9ireann bealach eic\u00ednt a fh\u00e1il, le toradh \u00fad a Reifrinn a cheal\u00fa!  Sea, mh\u2019anam, sin daonlathas agat!  Ach n\u00edl f\u00fam sc\u00e9al \u00f3 Shamhain go Bealtaine a dh\u00e9anamh de, mar im thuairimse, n\u00edor tugadh d\u00f3thain airde ar bhreith an phobail \u00c9ireannaigh, i gc\u00e1s Chonradh seo Nice.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019fh\u00e9idir go gcuirfeadh duine eic\u00ednt ceist orm fh\u00e9in faoin chaoi a v\u00f3t\u00e1il m\u00e9 sa Reifrinn sin.  Bhuel, le f\u00edrinne, mar a mh\u00ednigh m\u00e9 dhuit thuas, n\u00edor v\u00f3t\u00e1il m\u00e9 in aon chor, n\u00f3 bh\u00ed m\u00e9 ar saoire in Inis Crabhann, thiar i gContae Shligigh, rud a d\u2019fh\u00e1g nach raibh ar mo chumas v\u00f3ta a chaitheamh, in aon chor, mura mbeinn s\u00e1sta tiom\u00e1int \u00f3n ionad bre\u00e1 saoire sin go Cill Chainnigh, rud nach raibh.  Ach, ba \u00e9 a bh\u00ed socraithe agam n\u00f3 v\u00f3t\u00e1il \u201cT\u00c1\u201d, toisc n\u00e1r mhaith liom bheith i gcomhluadar na ndaoine a bh\u00ed ag moladh d\u00fainn v\u00f3t\u00e1il \u201cN\u00cdL\u201d!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cad a dh\u00e9anfaidh m\u00e9 an ch\u00e9ad bhabhta eile, m\u00e1 chuirtear an tairiscint ch\u00e9anna romhainn ar\u00eds?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ag Dia amh\u00e1in at\u00e1 a fhios.  Ach m\u00e1 athra\u00edonn an Rialtas, agus \u00dadar\u00e1is an Aontais, a bport, san idirlinn, bhuel, ansin, t\u00e1 seans ann go v\u00f3t\u00e1ilfinn i bhf\u00e1bhar Chonradh Nice.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach nach mb\u00edonn an d\u00e1 b\u2019fh\u00e9idir ann i gc\u00f3na\u00ed! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard a dh\u00e9anfaidh t\u00fa fh\u00e9in sa ch\u00e9ad Reifreann eile?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00ed ag smaoineamh air.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><\/div><\/div><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>\u201cN I C E\u201d I N A C H I S A R E A S A I R . ******************************************** Bhuel, t\u00e1 na Reifreann thart, bu\u00edochas le Dia, agus d\u00e1r le roinnt mhaith daoine, rinne sibh sibh fh\u00e9in a n\u00e1iri\u00fa, uair amh\u00e1in eile! N\u00edl le d\u00e9anamh agat ach breathn\u00fa ar na nuacht\u00e1in agus tuigfidh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13023","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13023","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13023"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13023\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13024,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13023\/revisions\/13024"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13023"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13023"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13023"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}