{"id":13105,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13105"},"modified":"2024-04-08T01:16:25","modified_gmt":"2024-04-08T01:16:25","slug":"reifreann-nice-achtaithe","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/reifreann-nice-achtaithe\/","title":{"rendered":"Reifreann Nice Achtaithe."},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">R e i f r e a n n      N i c e    A c h t a i t h e .<\/h1><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">**************************************<\/p><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"> <\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar thall, t\u00e1 Reifreann Nice achtaithe ag v\u00f3t\u00f3ir\u00ed na t\u00edre seo, agus t\u00e1 \u00e1r ndualgas i leith n\u00e1isi\u00fan Oirthear na hEorpa, coimhl\u00edonta againn.  Caithfear glacadh leis, gurb \u00e9 seo an dara babhta againn dul thar na cla\u00edocha leis an Reifreann c\u00e9anna sin, n\u00f3 dhi\u00falta\u00edomar glan do Chonradh Nice, an ch\u00e9ad uair a leagadh os \u00e1r gcomhair amach \u00e9.  Conas a tharla mar sin, gur glacadh chomh h\u00e9asca sin ar fad leis, an turas seo?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in agus mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed an Droichid, ag iarraidh an cheist ch\u00e9anna sin a ch\u00edoradh, is a scaoileadh, agus sinn in \u00e1r su\u00ed go deas s\u00f3c\u00fail istigh i gCailleach (snug), san \u00d3st\u00e1n c\u00e1ili\u00fail sin, an Smugairle R\u00f3in, an o\u00edche cheana, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anois, gur chuir g\u00e9arch\u00fais mo sheanchara ionadh an domhain ormsa, n\u00f3 go nuige seo, ba \u00e9 a cheap m\u00e9 fh\u00e9in n\u00f3 go raibh mo Sh\u00e9im\u00ed bocht taobh thiar den doras, nuair a bh\u00edothas ag roinnt na c\u00e9ille, fad\u00f3!  Ach, n\u00ed mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear, go minic, agus t\u00e1 \u00e1thas orm anois an tuairim sin a cheart\u00fa, ar eagla na heagla.  Ach b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir dom tos\u00fa ag an t\u00fas, agus an sc\u00e9al ar fad a leagan os do chomhair amach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed S\u00e9im\u00ed istigh sa Chailleach romhamsa, an babhta seo, rud ab annamh leis, agus d\u2019fh\u00e1iltigh s\u00e9 romham go cro\u00ed\u00fail nuair a thug s\u00e9 cuireadh isteach dom, agus tar \u00e9is na gn\u00e1thbheannachta\u00ed a mhalart\u00fa, leag S\u00e9im\u00ed deoch spreag\u00fail os mo chomhair amach.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cCaith siar \u00e9 sin,\u201d ar seisean, \u201cagus \u00f3laimis sl\u00e1inte na n\u00e1isi\u00fan \u00fad uilig at\u00e1 ag fanacht ar dhul isteach san Aontas Eorpach s\u2019againne.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSl\u00e1inte agus saol chucu, agus i nd\u00e1ir\u00edre, beidh na m\u00fartha f\u00e1ilte rompu isteach sa teaghlach Eorpach ar\u00eds, agus gura seacht fearr a bheas siad dh\u00e1 bhliain \u00f3 anocht.  Ach anois, \u00f3 t\u00e1 an Reifreann sin Nice thart, agus achtaithe, tuige, an gceapann t\u00fa, n\u00e1r ghlac muid leis, an ch\u00e9ad bhabhta?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 teoiric agam fh\u00e9in faoin di\u00falt\u00fa sin a tugadh d\u00f3, a ch\u00e9aduair, ach d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed chuile dhuine a d\u2019aont\u00f3dh liom sa teoiric ch\u00e9anna sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n teoiric \u00ed fh\u00e9in, in ainm an R\u00ed? a Sh\u00e9im\u00ed.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, t\u00e1\u2019s ag madra\u00ed an bhaile, gurb iad na h\u00c9ireannaigh an dream is cliste i mbun Reifrinn, n\u00f3 Toghch\u00e1in, sa mbith bh\u00e1n, agus is f\u00e9idir leo \u00fas\u00e1id a bhaint astu le port ar bith is mian leo a sheint orthu.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cC\u00e9n cine\u00e1l cainte sin agat, n\u00f3 m\u00e1 t\u00e1 an ceart agat, is cliste go m\u00f3r fada madra\u00ed an bhaile n\u00e1 mise?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, mar is eol duit fhein, n\u00ed m\u00f3 n\u00e1 s\u00e1sta a bh\u00edomar fh\u00e9in, n\u00f3 \u00e9inne eile, d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9, leis an gConradh sin Nice, n\u00f3 an chaoi ar chuir s\u00e9 teorainn len\u00e1r gcumhacht daonlathach, len\u00e1r bhflaitheas, agus len\u00e1r n-ionada\u00edocht san Aontas Eorpach feasta, sea mh\u2019anam, n\u00edl an Conradh c\u00e9anna sin thar mholadh beirte, ach, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed sn\u00e1ithe eile ag gabh\u00e1il tr\u00edd an gConradh c\u00e9anna sin, sn\u00e1ithe a thabharfadh deis do th\u00edortha Oirthear na hEorpa bheith ina mbaill den Aontas Eorpach, amach anseo.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSea, sea, sea.  Ach c\u00e9n bhaint at\u00e1 aige sin go l\u00e9ir leis an di\u00falt\u00fa a thugamar don Chonradh c\u00e9anna sin?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBh\u00ed tr\u00ed ch\u00fais againn di\u00falt\u00fa don Chonradh, an ch\u00e9ad bhabhta, agus tabharfaidh m\u00e9 na c\u00faiseanna sin dhuit anois.<\/p><div class=\"ul\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:39.25pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span>N\u00edor dhein na P\u00e1irtithe Polait\u00edochta iarracht ar bith, gur fi\u00fa tr\u00e1cht air, an sc\u00e9al a mh\u00edni\u00fa don lucht v\u00f3t\u00e1la, an ch\u00e9ad bhabhta sin.  In \u00e1it a dhul amach ag toghch\u00e1na\u00edocht, mar ad\u00e9arf\u00e1, is amhlaidh a chuir siad f\u00f3gra\u00ed in airde ar na cuaill\u00ed telegrafa, ag ma\u00edomh, go raibh faoi She\u00e1n Mac Amad\u00e1in <strong>\u201cT\u00c1\u201d<\/strong> a v\u00f3t\u00e1il sa Reifreann.  Ba r\u00ed-chuma linne c\u00e9n chaoi a raibh s\u00e9 le v\u00f3t\u00e1il, nuair n\u00e1r mh\u00ednigh s\u00e9 d\u00fainn, c\u00e9n f\u00e1th a raibh s\u00e9 ag v\u00f3t\u00e1il amhlaidh.  Thug an cur chuige sin deis do lucht <strong>\u201cN\u00cdL\u201d<\/strong> teacht os comhair an phobail, agus iad a scanr\u00fa, tr\u00edna r\u00e1 leo go dtarl\u00f3dh seo agus si\u00fad, d\u00e1 v\u00f3t\u00e1lfadh siad <strong>\u201cT\u00c1\u201d,<\/strong> l\u00e1 an Reifrinn.<\/div><\/div><\/div><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:21.25pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><div class=\"ul\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:39.25pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span>Nuair a chonaic an pobal gur mar sin a bh\u00ed, theastaigh uathu cloch a chur sa mhuinchille, le buille a bhualadh ar an Rialtas agus ar na P\u00e1irtithe Aithnidi\u00fala Polait\u00edochta eile a bh\u00ed i gcomhar leo, n\u00f3 bh\u00ed fhios acu go maith, go bhf\u00e9adfadh siad di\u00falt\u00fa don Chonradh, leis an teachtaireacht sin a thabhairt don Rialtas, n\u00f3 ba mhaith a thuigeadar, go mbeadh neart ama acu le <strong>\u201cT\u00c1\u201d<\/strong> a v\u00f3t\u00e1il sa dara Reifreann, n\u00f3 bh\u00ed fhios acu go mbeadh iachall ar an Rialtas tabhairt faoin Reifreann ar\u00eds.  Sa tsl\u00ed sin, bh\u00ed ar chumas an phobail, ceacht a mh\u00faineadh don Rialtas, agus do na P\u00e1irtithe m\u00f3ra eile, agus ag an am gc\u00e9anna, thuig siad, go mbeadh ar a gcumas gar a dh\u00e9anamh do phobail bhochta Oirthear na hEorpa, ar ball.<\/div><\/div><\/div><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:21.25pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><div class=\"ul\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:39.25pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span>Agus an rud ba chliste ar fad, n\u00ed raibh orthu fi\u00fa v\u00f3ta a chaitheamh, l\u00e1 an Reifrinn, n\u00f3 n\u00edor mhaith leo bheith i gcomhar le lucht <strong>\u201cN\u00cdL\u201d.<\/strong>  I nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed raibh le d\u00e9anamh acu ach fanacht sa mbaile l\u00e1 an Reifrinn, agus sa tsl\u00ed sin, bh\u00ed ar a gcumas an ceacht sin a mh\u00faineadh don Rialtas, agus do na P\u00e1irtithe eile a bh\u00ed i gcomhar leo, agus n\u00edorbh \u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach bh\u00ed ar a gcumas freisin, fl\u00edp a bhualadh ar Bhaill eile an Aontais Eorpaigh, n\u00f3 tr\u00ed dhi\u00falt\u00fa do Chonradh Nice, thugadar le fios do Rialtais eile an Aontais, nach rabhamarna, mar phobal, s\u00e1sta leis an gConradh lochtach sin Nice, agus go mbeif\u00ed ag s\u00fail le feabhas, sa ch\u00e9ad Chonradh eile a sheolfaid\u00eds in\u00e1r dtreo.  <\/div><\/div><\/div><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed an ceart ag v\u00f3t\u00f3ir\u00ed cliste, eolgaiseacha, na Poblachta seo, n\u00f3 ba bheag nach ndeachaigh an Rialtas s\u2019againne, agus Rialtais eile an Chomhaontais, as a gcranna cumhachta, nuair a fuair siad amach, go raibh di\u00faltaithe don Chonradh sin Nice ag \u00e1r gcosmhuintir, anseo ar imeall an domhain, sea, agus sin tar \u00e9is ar dhein siad, le sinn a ard\u00fa as an mbogach ina raibh muid s\u00e1ite go dt\u00ed na cluasa, leis na c\u00e9adta bliain.  Chuaigh na t\u00edortha sin in Oirthear na hEorpa, a bh\u00ed ag iarraidh teacht isteach san Aontas, le b\u00e1in\u00ed freisin, nuair a chuala siadsan an sc\u00e9al, go raibh muidinne chomh leithleasach, cointinneach, sin, nach raibh muid s\u00e1sta deis a thabhairt d\u00f3ibhsean teacht chun an trach bheathaithe, \u00f3 tharla go raibh muidinne s\u00e1thach, s\u00e1sta, in\u00e1r mbanbh biata, ag bianna beada\u00ed an Aontais.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed breall orthu uilig \u00e1fach, n\u00f3 ba mhaith a thuig \u00e1r v\u00f3t\u00f3ir\u00ed, go dtiocfadh an Rialtas chucu, den dara  babhta, agus san idirlinn, go mbeadh ar a gcumas, iachall a chur orthu athruithe inmhianaithe a dh\u00e9anamh ar ch\u00farsa\u00ed an Reifirnn, agus nuair a thiocfadh siad chucu leis an Reifreann ar\u00eds, go raghadh siad amach chun na bothanna v\u00f3t\u00e1la, an turas sin, agus go nglacfadh siad, le m\u00f3ramh maith, leis an gConradh a chuirfeadh f\u00e1ilte roimh na t\u00edortha \u00fad as Oirthear na hEorpa, ar theastaigh uathu bheith ina mbaill den Aontas s\u2019againne.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus a Sh\u00e9im\u00ed, an gceapann t\u00fa, i nd\u00e1ir\u00edre, go bhfuil v\u00f3t\u00f3ir\u00ed na t\u00edre seo, chomh glic, cliste, eolgaiseach sin, sa chaoi a nd\u00e9anann siad a v\u00f3ta\u00ed a chaitheamh, i dtoghch\u00e1in agus i Reifrinn?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cB\u00ed cinnte dearfa de.   Is f\u00e9idir leis an dream s\u2019againne ceol a bhaint as a v\u00f3ta\u00ed, n\u00f3 is f\u00e9idir leo port ar bith is maith leo a sheinm ar thoghch\u00e1n n\u00f3 ar reifreann.  Agus t\u00e1 rud amh\u00e1in eile ar mhaith liom tagairt a dh\u00e9anamh d\u00f3, sul m\u00e1 im\u00edonn m\u00e9 liom abhaile chuig Naip\u00ed is na ruda\u00ed beaga.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus c\u00e9ard \u00e9 fh\u00e9in?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, go raibh roinnt \u00e1irithe t\u00edortha ar an M\u00f3r Roinn, a bh\u00ed ag gu\u00ed D\u00e9 go ndi\u00falt\u00f3dh muidinne don gConradh sin Nice, an dara babhta freisin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch a Sh\u00e9im\u00ed, tuigeadh domsa go raibh chuile dhuine ar an M\u00f3r Roinn ag gu\u00ed D\u00e9, de l\u00f3 is d\u2019o\u00edche, go nglacfadh muidinne leis an gConradh sin, ar ais, n\u00f3 ar \u00e9igean.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201c\u00d3ra! B\u00edodh tr\u00ed splaideog ch\u00e9ille agat!  N\u00edor mar sin d\u00f3ibh, in aon chor, n\u00f3 bh\u00ed roinnt mhaith feirmeoir\u00ed, ar fud na hEorpa, n\u00e1r theastaigh uathu an ciste a roinnt ar fheirmeoir\u00ed iarg\u00falta Oirthear na hEorpa, n\u00f3 d\u00e1 mh\u00e9ad a roinntear orthusan, is ea is l\u00fa a bheidh f\u00e1gtha le roinnt ar fheirmeoir\u00ed Iarthar na hEorpa, dream at\u00e1 imithe ina chleachtadh, faoin am seo.  Bheadh c\u00farsa\u00ed go h\u00e1lainn d\u00f3ibhsean, d\u00e1 v\u00f3t\u00e1lfadh muidinne <strong>\u201cN\u00cdL\u201d,<\/strong> n\u00f3 d\u2019fh\u00e9adfadh siad an mille\u00e1n uilig a leagan ar v\u00f3t\u00f3ir\u00ed leithleasacha, cointinneacha, na h\u00c9ireann, sa ch\u00e1s sin, ach anois, caithfidh siad a gcath fh\u00e9in a throid, os ard, agus os comhair an bhaile, mar ad\u00e9arf\u00e1.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed, nach bhfuil s\u00e9 deachair a chreidi\u00faint, go bhf\u00e9adfadh na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed s\u2019againne, bheith chomh glic, cliste, eolgaiseach, fadcheannach sin, i gc\u00farsa\u00ed v\u00f3t\u00e1la, agus gan deis acu pleananna d\u00e1 leith\u00e9id a leagan amach, n\u00f3 a shocr\u00fa, roimh r\u00e9?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00ed bh\u00edonn g\u00e1 le plean\u00e1il roimh r\u00e9, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id, mar nuair at\u00e1 pobal cos\u00fail le pobal na h\u00c9ireann, tuigeann chuile dhuine acu c\u00e9ard is ceart d\u00f3san a dh\u00e9anamh, agus sin an chaoi a tharla\u00edonn, go n-\u00e9ir\u00edonn leo a dtoil mar phobal a l\u00e9iri\u00fa.  Geallaimse dhuit \u00e9, go bhfuil s\u00e9 deacair a leith\u00e9id a thuiscint, ach m\u00e1 dh\u00e9anann t\u00fa tortha\u00ed na dtoghch\u00e1n, agus na Reifreann, a ritheadh sa t\u00edr seo, le tamall de bhlianta anuas, feicfidh t\u00fa fh\u00e9in, go bhfuil an ceart agam.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed&#8230;\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cF\u00f3ill ort anois, n\u00f3 t\u00e1 s\u00e9 thar am agamsa bheith ag bogadh liom abhaile.  Beidh Naip\u00ed is na ruda\u00ed beaga ag fanacht go foighdeach orm, n\u00f3 b\u00edonn eagla orthu, chuile bhabhta, go nd\u00e9anfa\u00ed m\u00e9 a  rob\u00e1il, n\u00f3 a mhug\u00e1il, m\u00e1 fhanaim amuigh r\u00f3-dh\u00e9anach san o\u00edche.  Ach beidh deis eile againn leis an gceist sin a ch\u00edoradh, agus a scaoileadh, an tseachtain seo chugainn, le c\u00fanamh D\u00e9, ach don bhabhta seo&#8230;Sl\u00e1n..\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSl\u00e1n abhaile,\u201d a chuir m\u00e9 fh\u00e9in ina dhiaidh, n\u00f3 faoin am sin, bh\u00ed s\u00e9 glanta leis amach doras na Caill\u00ed, agus mise f\u00e1gtha liom fh\u00e9in, le mo dheoch a dhi\u00fagadh go t\u00f3in.  N\u00edor aontaigh m\u00e9 le chuile rud d\u00e1 nd\u00fairt mo Sh\u00e9im\u00ed bre\u00e1, ach mar sin fh\u00e9in, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit, gur  aontaoigh m\u00e9 le roinnt mhaith d\u00e1r leag s\u00e9 os mo chomhair amach, ach caithfidh m\u00e9 dul ar mo mharana, leis an gceist seo a ch\u00edoradh tuilleadh, agus b\u2019fh\u00e9idir, go bhfillfinn ar an gceist ar\u00eds, amach anseo.  Idir an d\u00e1 linn, c\u00e9ard \u00e9 do thuairimse ar a raibh le r\u00e1 ag mo Sh\u00e9im\u00ed c\u00f3ir?  N\u00e1 b\u00edodh drugall ar bith ort scr\u00edobh chugam, n\u00f3 chuig S\u00e9im\u00ed c\u00f3ir fh\u00e9in, m\u00e1 thogra\u00edonn t\u00fa \u00e9!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go dt\u00ed an chead bhabhta eile&#8230;.Sl\u00e1n&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>R e i f r e a n n N i c e A c h t a i t h e . . ************************************** Ar deireadh thiar thall, t\u00e1 Reifreann Nice achtaithe ag v\u00f3t\u00f3ir\u00ed na t\u00edre seo, agus t\u00e1 \u00e1r ndualgas i leith n\u00e1isi\u00fan Oirthear na hEorpa, coimhl\u00edonta againn. Caithfear glacadh leis, gurb \u00e9 [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13105","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13105","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13105"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13105\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13106,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13105\/revisions\/13106"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13105"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13105"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13105"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}