{"id":13113,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13113"},"modified":"2024-04-08T01:13:44","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:44","slug":"ring-out-wild-bells-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/ring-out-wild-bells-2\/","title":{"rendered":"Ring out wild bells&#8230;. (2)"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">\u201cRing    O u t    W i l d    B e l l s  &#8230;.\u201d<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*******************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thug m\u00e9 cuairt ar \u201cA Tale of Two Cities\u201d le l\u00ednte oiri\u00fanacha a fh\u00e1il le mo ph\u00edosa Nollaigi\u00fail a mhaisi\u00fa dhaoibh, an tseachtain seo caite, agus ansin theastaigh uaim l\u00ednte oiri\u00fanacha eile a fh\u00e1il, leis an sm\u00e9ar mhullaigh a chur ar ph\u00edosa na seachtaine seo.  N\u00ed raibh orm i bhfad a chaitheamh ag cuardach, n\u00f3 chuile bhliain, le tamall anuas anois, bhain m\u00e9 \u00fas\u00e1id as l\u00ednte as an d\u00e1n corraitheach caointe \u00fad, <strong>In Memoriam<\/strong>, a scr\u00edobh <strong>Alfred Lord Tennyson<\/strong> fh\u00e9in, i gcuimhne a charad, <strong>Arthur Hallum<\/strong>, sa bhliain <strong>1841<\/strong>, mar sa d\u00e1n sin, tharla go bhfuil l\u00ednte bre\u00e1tha, ag f\u00e1g\u00e1il sl\u00e1n leis an mbliain a bh\u00ed ag imeacht isteach in umar na staire, agus \u00e9 ag f\u00e1ilti\u00fa freisin roimh an bhliain \u00far, agus le hathr\u00fa saoil, ag an am gc\u00e9anna.  Chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, bheadh s\u00e9 deacair na smaointe, an d\u00f3chas, n\u00f3 fi\u00fa an ghile, at\u00e1 le f\u00e1il sa chuid sin den d\u00e1n seo, mar shl\u00e1n leis an tseanbhliain, n\u00f3 mar fh\u00e1ilte roimh an bhliain \u00far, a sh\u00e1r\u00fa.  Mar sin, shocraigh m\u00e9 ar\u00eds, i mbliana, \u00fas\u00e1id a bhaint as l\u00ednte Tennyson, le p\u00edosa na seachtaine seo a mhaisi\u00fa.  Seo chugaibh, mar sin, ceathr\u00fa as an d\u00e1n sin, le hatmosf\u00e9ar oiri\u00fanach a chruth\u00fa don \u00f3c\u00e1id&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>\u201cRing out wild bells to the wild sky,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>The flying cloud, the frosty lights;<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>The year is dying in the night,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>Ring out, wild bells, and let him die.\u201d<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, clingig\u00ed libh a chloga caointe, n\u00f3 t\u00e1 an bhliain ar leaba a b\u00e1is, t\u00e1 s\u00ed ag s\u00e9athl\u00fa i l\u00e1r na ho\u00edche, clingig\u00ed amach, a chloga, agus ligig\u00ed di imeacht.  Sea, ligig\u00ed di s\u00e9athl\u00fa.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019fh\u00e9idir anois n\u00e1rbh \u00ed an bhliain ba mheasa riamh \u00ed, ach ag an am gc\u00e9anna, d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00ed a bheith n\u00edos fearr.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tuige a ndeirim a leith\u00e9id, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, cuimhnigh anois ar ar tharla \u00f3 L\u00e1 Caille na bliana 2002, n\u00f3 t\u00e1 an bhliain seo ar leaba a b\u00e1is anois, agus n\u00edl biseach i nd\u00e1n di, mar sin, is f\u00e9idir linn labhairt amach,gan sc\u00e1th, gan eagla, agus n\u00e1 bacadh \u00e9inne leis an sean-nath carthannach sin a bh\u00edodh ag na R\u00f3mh\u00e1naigh fad\u00f3&#8230;.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">&#8230;De mortuis nil nisi bonum&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">n\u00f3 n\u00edl an bhliain 2002 imithe ar shl\u00ed na f\u00edrinne f\u00f3s, mar sin, is d\u00e1 bhr\u00ed sin, is f\u00e9idir linn bheith ag sciollad\u00f3ireacht uirthi f\u00f3s!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach ar dhein s\u00ed aon rud as an mbealach, le linn a r\u00e9?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, caithfear a chuimhneamh gurb \u00ed an bhliain seo a thug an Euro sin chugainn, droch rath air!  B\u2019\u00ed a chuir an Euro in aithne d\u00fainn, agus t\u00e1\u2019s ag an L\u00e1 fh\u00e9in, n\u00e1rbh \u00e9 \u00e1r leas at\u00e1 d\u00e9anta ag an airgeadra c\u00e9anna sin, n\u00f3 t\u00e1 an t\u00edr millte aige, faoi mar a d\u2019inis m\u00e9 dhaoibh, sa chol\u00fan seo go minic, le bliain anuas, agus luach chuile sh\u00f3rt faoin sp\u00e9ir, imithe thar f\u00f3ir, amach is amuigh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>\u201cRing out a slowly dying cause,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>And ancient forms of party strife,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>Ring in the nobler modes of life,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>With sweeter manners, purer laws.\u201d<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00ed bliain an Olltoghch\u00e1in \u00ed freisin, nuair a thoghamar D\u00e1il nua, agus in \u00e1it an tseanRialtais a athr\u00fa, faoi mar a theastaigh \u00f3 roinnt \u00e1irithe daoine, is amhlaidh a cuireadh an seanRialtas c\u00e9anna ar ais i gcumhacht ar\u00eds, agus n\u00edorbh \u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach an babhta seo, tugadh tuilleadh su\u00edoch\u00e1n d\u00f3ibh, sa chaoi go bhfuil siad n\u00edos l\u00e1idre anois n\u00e1 mar a bh\u00ed siad \u00f3 theacht i gcumhacht d\u00f3ibh, a ch\u00e9aduair, sa bhliain 1997, agus da bharr sin, beidh s\u00e9 i bhfad \u00c9ireann n\u00edos deacra iad a chur as oifig, sna blianta at\u00e1 romhainn amach.  Ach nach \u2018in \u00ed breith an phobail?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, n\u00e1r chruthaigh an Rialtas, n\u00f3 an ComhRialtas, a bh\u00ed i gcumhacht \u00f3 1997 i leith, n\u00e1r chruthaigh siad go seoigh, mar Rialtas?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chruthaigh siad go maith, ceart go leor, ach n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9, n\u00f3 an babhta seo, is amhlaidh a thug siad le tuiscint d\u00fainn, roimh an Toghch\u00e1n, go raibh c\u00farsa\u00ed eacnama\u00edochta na t\u00edre seo, thar barr, agus ansin, n\u00edorbh fhada i gcumhacht iad, nuair a thug siad le tuiscint d\u00fainn, go raibh an phraiseach ar fud na mias againn, chomh fada is a bhain s\u00e9 le c\u00farsa\u00ed eacnama\u00edochta.  Roimh an toghch\u00e1n, tuigeadh d\u00e1 l\u00e1n, go raibh c\u00farsa\u00ed eacnama\u00edochta mar a d\u2019iarrfadh do bh\u00e9al fh\u00e9in iad a bheith.  Bh\u00ed breall orthusan \u00e1fach, agus ba \u00e9 a tharla, n\u00f3 gur tachtadh an t\u00edogar bocht Ceilteach s\u2019againne le geall\u00faint\u00ed toghch\u00e1na\u00edochta, \u00f3 chuile thaobh, sular caitheadh v\u00f3ta in aon chor in Olltoghch\u00e1n na bliana seo 2002. Le linn na bhfeachtas toghch\u00e1na\u00edochta, d\u00faradh linn, go raibh chuile sh\u00f3rt mar a d\u2019iarrfadh \u00e1r mb\u00e9al fh\u00e9in iad a bheith, ach tar \u00e9is don chomhRialtas m\u00f3ramh m\u00e9adaithe a fh\u00e1il sa toghch\u00e1n, ansin, ba ghearr go raibh port eile ar fad \u00e1 fheada\u00edl ag Air\u00ed.  N\u00ed raibh coibhneas ar bith idir a raibh ag teacht isteach chugainn, agus a raibh \u00e1 chaitheamh againn, le seirbh\u00eds\u00ed an Rialtais a choinne\u00e1il sa tsi\u00fal.  N\u00ed raibh ach leigheas amh\u00e1in ar an sc\u00e9al sin, agus b\u2019in go raibh de dhualgas ar an Rialtas gearradh siar, agus ciorruithe a chur i bhfeidhm, ar an d\u00e1 luathas.  Sea, agus n\u00ed h\u00e9 amh\u00e1in go nd\u00faradh a leith\u00e9id, ach dheineadar beart de r\u00e9ir a mbriathar.  Ach, f\u00e1gfaidh m\u00e9 an sc\u00e9al sin f\u00faibh fh\u00e9in, n\u00f3 n\u00edl duine sa t\u00edr, faoin am seo, nach bhfuil an    t-eolas sin aige, ach, ar an drochuair, n\u00edl breith ar a n-aithr\u00ed acu anois, agus t\u00e1 faighte amach acu, nach \u00e9 tr\u00e1th na hola, tr\u00e1th na haithr\u00ed!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>\u201cRing out old shapes of foul disease,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>Ring out the narrowing lust of gold,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>Ring out the thousand wars of old,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>Ring in the thousand years of peace.\u201d  <\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 fait\u00edos orm, nach bhfuil r\u00e9 na s\u00edoch\u00e1na domhanda sin buailte linn f\u00f3s, n\u00f3 t\u00e1 cogadh f\u00f3gartha anois ar Sceimhlitheoireacht Idirn\u00e1isi\u00fanta ag Meirice\u00e1, agus a comhghuallaithe, agus n\u00ed hionann go d\u00edreach an cogadh seo agus coga\u00ed a troideadh \u00f3 th\u00fas an domhain, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, n\u00f3 t\u00e1 socruithe ag na St\u00e1it an Sceimhlitheoireacht Idirn\u00e1isi\u00fanta a throid, \u00e1it ar bith, am ar bith, i dt\u00edr ar bith, ina nochtfar \u00ed.  Agus n\u00ed h\u00e9 amh\u00e1in go bhfuil na St\u00e1it me\u00e1ite ar sin a dh\u00e9anamh, ach t\u00e1 comhghualla\u00edocht ollmh\u00f3r taobh thiar d\u00edobh, agus iadsan freisin s\u00e1sta cur lena mbriathar, mar l\u00e9iritear d\u00f3ibh, go bhfuil an Sceimhlitheoireacht ch\u00e9anna ag bagairt orthusan is at\u00e1 ag bagairt ar na St\u00e1it Aontaithe fh\u00e9in.  Is d\u00f3cha nach raibh an dara rogha acu, n\u00f3 bh\u00ed an sceimhlitheoireacht ch\u00e9anna \u00e1 hidirn\u00e1isi\u00fani\u00fa, agus bh\u00ed an l\u00e1 ag teacht, nuair a bheadh na f\u00f3rsa\u00ed sceimhlitheoireachta ch\u00e9anna sin n\u00edos l\u00e1idre n\u00e1 Rialtais an domhain mh\u00f3ir, agus nuair a thiocfadh an l\u00e1 sin, bheadh an tsibhialtacht, mar a bhfuil aithne againne uirthi, bheadh s\u00ed i mbaol a m\u00fachta, agus gan dabht ar domhan, d\u00e1 dtiocfadh an l\u00e1 sin,  sheirgfeadh an c\u00f3ras daonlathach, mar ch\u00f3ras rialaithe, i measc na saor, cib\u00e9 cine\u00e1l c\u00f3rais a thiocfadh isteach ina \u00e1it.  Deacht\u00f3ireacht de chine\u00e1l eic\u00ednt, n\u00ed fol\u00e1ir.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>Ring out the want, the care, the sin,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>The faithless coldness of the times;<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>Ring out, ring out my mournful rhymes,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>But ring the fuller minstrel in.<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, i nDomhnach, d\u00e9anaimis uilig iarracht an ghruaim, an bhuairt, agus seacht gc\u00farama\u00ed an tsl\u00e9ibhe a ruaigeadh as \u00e1r saol laeth\u00fail, agus ina n-\u00e1it, cuirimis romhainn \u00e1thas, gliondar, agus l\u00fach\u00e1ir an tsaoil mh\u00f3ir seo, a cheili\u00faradh, Domhnach agus D\u00e1lach.  T\u00e1\u2019s ag an saol, nach bhfuil s\u00e9 \u00e9asca a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, ach cuirimis romhainn \u00e9 mar r\u00fan athbhliana, agus m\u00e1 \u00e9ir\u00edonn linn sin a dh\u00e9anamh, ansin beidh muid i nd\u00e1n bheith ag ma\u00edomh as \u00e1r ngaisce, nuair a thiochfaidh an tr\u00e1th seo bliana chugainn ar\u00eds.  T\u00e1thar ag iarraidh orainn sa v\u00e9arsa sin, freisin, c\u00fal a thabhairt ar an bpeaca, agus ar an easba, agus s\u00edlim, go bhfuiltear ag moladh d\u00fainn, bheith fial, carthannach, flaithi\u00fail, feasta.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus breathnaigh ar an saol thart orainn anseo in\u00e1r dt\u00edr fh\u00e9in, anseo i dt\u00edr na Naomh is na nOllamh, c\u00e1 bhfuil an charthannacht, an c\u00faram, agus gr\u00e1 na gcomharsan, le tabhairt faoi deara, tr\u00edd is tr\u00edd?  C\u00e9ard t\u00e1 le feice\u00e1il againn ar sr\u00e1ideanna \u00e1r mbailte agus \u00e1r gcathracha?   Gr\u00e1, carthannacht, agus c\u00faram?  B\u00edodh tr\u00ed splaideog c\u00e9ille agat!  N\u00edl le feice\u00e1il, ar an m\u00f3rg\u00f3ir, ach mug\u00e1il, sceanadh, rob\u00e1il, agus mar\u00fa.  N\u00edl m\u00e9 ag ma\u00edomh anois nach bhfuil an gr\u00e1, an charthannacht, agus an c\u00faram ansin, n\u00f3 t\u00e1\u2019s againn uilig go bhfuil, ach is ar an olc a dh\u00edr\u00edtear \u00e1r n-aire, in \u00e1it na maithe.  B\u2019fh\u00e9idir mar sin, sa bhliain at\u00e1 romhainn amach, go gcuirf\u00ed cosc, ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, leis an olc sin uilig a tharla\u00edonn ar \u00e1r sr\u00e1ideanna, agus n\u00ed hamh\u00e1in ar \u00e1r sr\u00e1ideanna, ach ar fud \u00e1r mbailte tuaite freisin, agus \u00f3 cheann ceann \u00e1r dt\u00edre.  B\u2019fh\u00e9idir go dtiocfadh r\u00e9 na s\u00edoch\u00e1na chugainn, agus go bhf\u00edor\u00f3far tairngreacht \u00cds\u00e1ia f\u00e1idh, ar deireadh thiar thall.  N\u00f3 n\u00e1rbh \u00e9 an f\u00e1idh c\u00e9anna sin, a chan chomh fileata, faoi laethe \u00fad na s\u00edoch\u00e1na.  Caithfidh gur mhair s\u00e9 fhein i r\u00e9 chorraithe, r\u00e9 a bh\u00ed l\u00e1n de throid is de choga\u00edocht, de thriobl\u00f3id is d\u2019easaontas, agus caithfidh freisin, go ndeachaigh an saol sin i bhfeidhm go m\u00f3r air, ach m\u00e1 chuaigh fh\u00e9in, thug Dia f\u00eds d\u00f3 ar shaol eile ar fad, saol gan troid, gan choga\u00edocht; saol gan triobloid, gan easaontas; agus n\u00e1rbh \u00e9 an \u00cdsi\u00e1ia c\u00e9anna a scr\u00edobh go binn, fileataa, ceolmhar, faoin saol inmhianaithe c\u00e9anna sin. Maireann muidinne freisin i saol corraithe, cointinneach, c\u00e9asta, agus nach \u00e9 mian \u00e1r gcro\u00ed, go bhfeicfeadh muid r\u00e9 s\u00edoch\u00e1na ag breacadh in\u00e1r measc, ach t\u00e1 fait\u00edos orm, gur chos\u00fail anois, go bhfuil f\u00eds \u00cds\u00e1ia f\u00e1idh i mbaol a dearmadtha ar\u00eds, n\u00f3 chonaic seisean laethe ag teacht, nuair nach mbeadh coga\u00ed, no fiu a r\u00e1fla\u00ed, ann, a thuilleadh.  N\u00ed bheadh ar an saol ar fad ach s\u00edoch\u00e1in.  Dh\u00e9anfa\u00ed dearmad ar scileanna na coga\u00edochta, agus n\u00ed dh\u00e9anfa\u00ed airm troda a dhearadh, n\u00f3 a dheanamh, i measc daoine, a thuilleadh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><em>             Agus bualifidh siad a gclaimhte amach ina soic ch\u00e9achta,<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>And their spears into billhooks,<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>N\u00ed th\u00f3gfaidh na cin\u00edocha an cla\u00edomh in aghaidh a ch\u00e9ile a thuilleadh, <\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>N\u00e1 n\u00ed chleacht\u00f3idh siad cogadh n\u00edos m\u00f3.<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach \u00e1lainn an fh\u00eds \u00ed sin, a scalann anuas chugainn tr\u00ed dhorchadas o\u00edche na staire daonna.  Sin \u00ed mian chro\u00ed an duine, agus an tr\u00e1th seo bliana, gu\u00edmid ar\u00eds an tseanghu\u00ed&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><em>Gl\u00f3ir do Dhia sna hArda, agus ar talamh, s\u00edoch\u00e1in do lucht a ph\u00e1irte.<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, ag an am gc\u00e9anna, breathna\u00edmis amach ar an saol m\u00f3r timpeall orainn, agus feicimid mar a bhfuil c\u00farsa\u00ed&#8230;.coga\u00ed, agus r\u00e1fla\u00ed cogaidh, le clos i ngach coirn\u00e9al, agus i ngach cl\u00faid.  Sea, agus breathnaigh freisin ar ghorta, agus ar na r\u00e1fla\u00ed faoi ghorta at\u00e1 le teacht f\u00f3s, agus is beag nach gcaillfeadh duine a chreideamh agus a dh\u00f3chas, ar chlos na sc\u00e9alta sin d\u00f3, ach n\u00ed haon rud nua \u00e9 seo i stair an chine s\u2019againne, agus n\u00edl le d\u00e9anamh againn uilig ach cur le ch\u00e9ile in aghaidh an anachain, n\u00f3 is iad \u00e1r ndearth\u00e1ireacha agus \u00e1r ndeirfi\u00faracha at\u00e1 i mbaol, sna t\u00edortha \u00e9ags\u00fala sin, a bhfuil gorta ag bagairt orthu.  M\u00e1 dh\u00e9anann muid sin, beidh seans ann, go bhf\u00edor\u00f3far f\u00eds \u00cds\u00e1ia f\u00e1idh d\u00fainn, agus go bhfeicfear f\u00f3s, in \u00e1r measc, s\u00edoch\u00e1in, saith, agus s\u00f3, don chine traochta, s\u00e1raithe, s\u2019againne.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>Ring out the old, ring in the new,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>Ring happy bells across the snow,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>The year is going, let him go;<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>Ring out the false, ring in the true.<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00e1 d\u00e9anaimis dearmad, ach oiread, ar an leagan Gaelach de Thairngreacht Is\u00e1ia f\u00e1idh, n\u00f3 nuair a samhla\u00edodh s\u00edoch\u00e1in d\u00f3ibhsean, chuimhnigh siad ar shaol gan airm, n\u00ed hamhlaidh a dheineadarsan acair\u00ed talmha\u00edochta d\u00edobh, ach is amhlaidh a chaitheadar, scunscan, isteach i loch iad, mar a chreimfeadh an mheirg \u00f3 bhun go barr iad.  B\u2019fh\u00e9idir, mar sin, n\u00e1rbh olc an smaoineamh \u00e9, v\u00e9arsa\u00ed Tennyson a dh\u00edri\u00fa ar ch\u00farsa\u00ed i mb\u00e9al an dorais againn fh\u00e9in&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>Ring our the thousand wars of old,<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>Ring in the thousand years of peace.<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil an t-am tagtha anois, le cr\u00edoch a chur leis na coga\u00ed uilig sin, a bhfuil \u00e1r gcine cr\u00e1ite acu, leis na cianta, agus n\u00ed hamh\u00e1in cr\u00e1ite ag na coga\u00ed fh\u00e9in, ach cr\u00e1ite freisin ag cuimhne na gcoga\u00ed c\u00e9anna sin.  Caithimis uainn feasta iad, agus i gc\u00e1s na n-arm uilig sin, at\u00e1 st\u00f3r\u00e1ilte faoi cheilt, i gcr\u00f3ite folaigh, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre seo, nach bhfuil an t-am tagtha anois len iad a chaitheamh isteach i loch na s\u00edoch\u00e1na, le go gcreimfeadh an mheirg \u00f3 bhun go barr iad.  An bhf\u00e9adfadh s\u00e9 tarl\u00fa go gcuirf\u00ed cr\u00edoch freisin leis na buailt\u00ed pion\u00f3is sin, a \u00fas\u00e1idtear, in \u00e1iteacha \u00e1irithe, le smacht uafar a chur i bhfeidhm ar dhaoine.  Anois an t-am chuige sin, n\u00f3 t\u00e1 l\u00e1 na cinni\u00fana, l\u00e1 an bhreithi\u00fanais, buailte linn&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Ring in the love of truth and right,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Ring in the common love of good.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Leor sin do thuras na huaire seo.  Leor sin le cr\u00edoch a chur le hobair na bliana seo 2002.  Leor sin.<em> <\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Athbhliain faoi sh\u00e9an is faoi mhaise dhaoibh uilig, agus gura seacht fearr a bheidh sibh, chuile dhuine agaibh, bliain \u00f3 inniu..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. \u201cRing O u t W i l d B e l l s &#8230;.\u201d . ******************************* . Thug m\u00e9 cuairt ar \u201cA Tale of Two Cities\u201d le l\u00ednte oiri\u00fanacha a fh\u00e1il le mo ph\u00edosa Nollaigi\u00fail a mhaisi\u00fa dhaoibh, an tseachtain seo caite, agus ansin theastaigh uaim l\u00ednte oiri\u00fanacha eile a fh\u00e1il, leis an sm\u00e9ar [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13113","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13113","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13113"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13113\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13114,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13113\/revisions\/13114"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13113"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13113"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13113"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}