{"id":13133,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13133"},"modified":"2024-04-08T01:13:44","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:44","slug":"s-a-o-l-t-a-a-g-a-t-h-r-u","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/s-a-o-l-t-a-a-g-a-t-h-r-u\/","title":{"rendered":"S a o l t a     a g      A t h r u"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">S a o l t a     a g      A t h r \u00fa .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">L\u00ednte tosaigh an \u00farsc\u00e9il chaili\u00fail \u00fad, <strong>A Tale of two Cities<\/strong>, <strong>le Charles Dickens<\/strong>, a rith liom, cupla o\u00edche \u00f3 shoin, agus m\u00e9 ag iarraidh roinnt smaointe ar Nollaig\u00ed m\u2019\u00f3ige, a chur i dtoll a ch\u00e9ile, do ph\u00edosa Nollaigi\u00fail na seachtaine seo, p\u00edosa, b\u2019fh\u00e9idir, a chuirfeadh duine ag smaoineamh ar na hathruithe m\u00f3ra at\u00e1 tagtha ar an saol le seacht\u00f3 bliain anuas&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cIt was the best of times, it was the worst of times.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">S\u00edlim fh\u00e9in go bhf\u00e9adfa\u00ed an rud c\u00e9anna a r\u00e1 faoin tr\u00e1th seo bliana, n\u00f3 chomh fada is a bhaineann s\u00e9 leis an aos \u00f3g, n\u00edl a sh\u00e1r\u00fa le f\u00e1il faoi lu\u00ed na gr\u00e9ine, ach go minic, i gc\u00e1s na ndaoine eile \u00fad, a bhfuil bun\u00fas a n-oilithreachta cr\u00edochnaithe acu, n\u00f3 d\u00f3ibh si\u00fad a ndeachaigh c\u00farsa\u00ed an tsaoil ina gcoinne, d\u2019fh\u00e9adfadh an tr\u00e1th seo bliana bheith n\u00edos uaign\u00ed d\u00f3ibhsean, n\u00e1 tr\u00e1th ar bith eile \u00f3 L\u00e1 Caille go hO\u00edche Chinn Bliana.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach le ceann a bhaint den sc\u00e9al, nach maith at\u00e1 a fhios againn uilig an chaoi a bhaineann an t-aos \u00f3g toit agus sp\u00f3rt as F\u00e9ile seo na Nollag.  N\u00ed call d\u00fainn ach ainm an fhir mh\u00f3ir, ramhair, gro\u00ed, \u00fad, San Niocl\u00e1s fh\u00e9in, a lua, le loinnir a chur i s\u00faile an aosa \u00f3ig, ar smaoineamh d\u00f3ibh ar fh\u00e9asta\u00ed, ar bhronntanais\u00ed, ar fh\u00e9ir\u00edn\u00ed, agus ar bhr\u00e9ag\u00e1in. &#8212; Anois, n\u00edor ch\u00f3ir dom dearmad a dh\u00e9anamh ar uimhir \u00e1irithe p\u00e1ist\u00ed nach mbaineann taitneamh n\u00f3 spraoi as an S\u00e9as\u00far beannaithe seo, toisc go gcaitear leo go holc, go br\u00faidi\u00fail, agus go bhf\u00e1gtar iad gan gr\u00e1, gan meas, gan c\u00faram, ach tr\u00edd is tr\u00edd, d\u00e9anann tuismitheoir\u00ed gach d\u00edcheall le freastal ar an \u00f3ige a bh\u00edonn faoina gc\u00faram, an tr\u00e1th seo bliana. &#8212;  Ach ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, n\u00ed g\u00e1 dom ach an focal, <strong>uaigneas.<\/strong>  a lua, agus tuigfidh t\u00fa l\u00e1ithreach, c\u00e9 mar a chuireann S\u00e9as\u00far na Nollag isteach ar roinnt \u00e1irithe d\u00edobh si\u00fad, a bhfuil deireadh an r\u00e1is ag druidim leo, le luas lasrach.  Smaoin\u00edonn siad si\u00fad ar chairde caillte, ar laethe a bh\u00ed, agus ar fhailleanna n\u00e1r rugadh orthu.  Sea, is d\u00f3cha go bhf\u00e9adfadh duine a r\u00e1 le f\u00edrinne&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cIt was the best of times, it was the worst of times,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">it was the season of Light, it was the season of Darkness,\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Feictear do dhream amh\u00e1in gurb \u00e9 an s\u00e9as\u00far is gile ar bith \u00e9, ach don dream eile, n\u00edl s\u00e9as\u00far chomh dorcha le f\u00e1il sa bhith cr\u00edoch.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, b\u2019fh\u00e9idir anois, n\u00e1rbh olc an smaoineamh \u00e9, s\u00fail a chaitheamh siar, le spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar na Nollaig\u00ed a bh\u00ed, len iad a chur i gcompar\u00e1id leis na Nollaig\u00ed a bh\u00edonn againn ar na saolta deireannacha seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is cuimhin liomsa na Nollaig\u00ed a bh\u00edodh againne thiar in Iorras, i dtriochaid\u00ed na haoise seo caite.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ag magadh f\u00fam at\u00e1 t\u00fa,   ach n\u00edor cheap mise go raibh \u00e9inne chomh haosta sin !<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Geallaimse dhuit \u00e9 go bhfuil, agus \u00e9 beo beatha\u00edoch f\u00f3s!  Ach n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9 an babhta seo.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, c\u00e9n cine\u00e1l Nollaig\u00ed a bh\u00edodh agaibh, m\u00e1 sea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nollaig\u00ed sona, s\u00e1sta;  Nollaig\u00ed carthannacha, cr\u00edosta\u00ed; agus Nollaig\u00ed aeracha, meanmnacha.  B\u2019fh\u00e9idir nach mb\u00edodh m\u00f3r\u00e1n airgid againn agus muid ag ceannacht na Nollag, ach mura raibh fh\u00e9in, bh\u00edomar sona, s\u00e1sta, leis an m\u00e9id a cuireadh ar f\u00e1il d\u00fainn.  Ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna ag \u00f3g agus ag aosta \u00e9, n\u00ed bh\u00edd\u00eds ag s\u00fail le m\u00f3r\u00e1n, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, bh\u00edd\u00eds s\u00e1sta leis an mbeag\u00e1n.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">It was the season of Light, it was the season of Darkness,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">It was the Spring of hope, it was the Winter of despair,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">We had everything before us, we had nothing before us,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">  Breathnaigh n\u00f3im\u00e9ad ar cheist sin na mbr\u00e9ag\u00e1n.  Sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, n\u00ed bh\u00edonn p\u00e1ist\u00ed \u00e1irithe s\u00e1sta, mura bhfaigheann siad R\u00edomhaire, n\u00f3 \u201cPlay Station\u201d, n\u00f3 rud eic\u00ednt d\u00e1 leith\u00e9id.  I nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed br\u00e9ag\u00e1in iad a leith\u00e9id\u00ed, in aon chor, ach gl\u00e9asanna oibre, n\u00f3 chaitheamh aimsire.  N\u00ed bheadh girseacha an lae inniu s\u00e1sta le b\u00e1b\u00f3g beag tu\u00ed, n\u00f3 le  rud eic\u00ednt d\u00e1 leith\u00e9id.  Geallaimse dhuit \u00e9, nach mbeadh.  Is amhlaidh a bheadh rothar, n\u00f3 sc\u00fatar, n\u00f3 teach b\u00e1b\u00f3ige, ag teast\u00e1il uathu in \u00e9ineacht leis an mb\u00e1b\u00f3g tu\u00ed ch\u00e9anna sin, sea, agus b\u2019fh\u00e9idir \u201cSurprise\u201d, chomh maith leo sin, s\u00e1ra mbeadh roinnt \u00e1irithe de ghirseacha an lae inniu s\u00e1sta, n\u00f3 leath-sh\u00e1sta, b\u2019fh\u00e9idir.  F\u00e9ach ar an mbr\u00fa a chuireann p\u00e1ist\u00ed an lae inniu ar a dtuismitheoir\u00ed!  A Mham, \u201cHow come\u201d go bhfuair Se\u00e1in\u00edn na ngiobal, thuas an b\u00f3thar, \u201cPlay Station\u201d agus rothar sl\u00e9ibhe, maraon le cupla \u201csurprise\u201d, agus n\u00edl le f\u00e1il agamsa ach an sc\u00fatar lofa sin?  An \u00e9 nach bhfuil gr\u00e1 ar bith agat domsa anois?  Feictear domsa go bhfuil n\u00edos m\u00f3 le f\u00e1il ag Se\u00e1n an Gheata fh\u00e9in n\u00e1 mar a fhaighimse, b\u00edodh nach bhfuil ann ach maic\u00edn altrama!  Beidh na gas\u00fair eile ag g\u00e1ire f\u00famsa anois, agus iad ag fiafra\u00ed d\u00edom ar th\u00e1inig San Nioclas fh\u00e9in chugamsa, in aon chor, n\u00f3 arbh amhlaidh n\u00e1r th\u00e1inig chugamsa ach a ch\u00fant\u00f3ir?  Sea, mh\u2019anam, agus Mama\u00ed bhocht ar a m\u00edle dh\u00edcheall, ag iarraidh an Nollaig a cheannacht don chlann ar fad, agus gan aice ach pingneacha beaga chuige sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus nach mb\u00edodh na cleasa c\u00e9anna ar si\u00fal agaibhse, seacht\u00f3 bliain \u00f3 shoin?  N\u00ed bh\u00edodh, mh\u2019anam, n\u00f3, ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, bh\u00edomar uilig chomh bocht lena ch\u00e9ile.  N\u00ed bh\u00edodh ag an gcuid ba mh\u00f3 againn ach br\u00e9ag\u00e1in baile, br\u00e9ag\u00e1in a deineadh sa bhaile. Ach nach mb\u00edodh br\u00e9ag\u00e1in siopa agaibh, freisin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, anois is ar\u00eds, b\u2019fh\u00e9idir go bhfaighfe\u00e1 guinn\u00edn, n\u00f3 cairr\u00edn, n\u00f3 saighdi\u00fair\u00edn, n\u00f3 a leith\u00e9id, ach b\u2019annamh go maith a gheof\u00e1 a leith\u00e9id, agus n\u00ed bheife\u00e1 ag dul timpeall ag clamhs\u00e1n, go bhfuair duine de na comharsain gunna, n\u00f3 carr, n\u00f3 saighdi\u00fair, n\u00f3 a leith\u00e9id, ach d\u00e1 bhfaighfe\u00e1 fh\u00e9in a leith\u00e9id, bheadh t\u00fa bu\u00edoch beannachtach, agus d\u00e1 bhfaigheadh do chomharsain \u00e9, bhuel, b\u2019fh\u00e9idir go ligfeadh s\u00e9 duit seal a chaitheamh ag s\u00fagradh leis, am eic\u00ednt, i ndiaidh na Nollag!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus an mb\u00edodh tada eile le f\u00e1il agaibh mar bhronntanas Nollag \u00f3 San Niocl\u00e1s, na laethe \u00fad?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3, bh\u00edodh.  Bh\u00edodh milse\u00e1in, \u00falla, piorra\u00ed, or\u00e1ist\u00ed, agus a leith\u00e9id, agus mura mbeadh na hearra\u00ed sin fl\u00fairseach ag Mam, bhuel, ansin d\u00e1 mbeadh an t-\u00e1dh ort, chuirfeadh s\u00ed m\u00e1m r\u00eds\u00edn\u00ed isteach sa stoca dhuit.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus ar thaitin earra\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id libh, an t-am sin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cuirfidh m\u00e9 geall go dtaitn\u00edodh, agus nach muidinne a bhaineadh an cnagairt as earra\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id!  B\u2019\u00f3r bu\u00ed, agus b\u2019airgead geal, d\u00fainne, na hearra\u00ed c\u00e9anna sin.  Sin an f\u00e1th a ndeirim gur m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu.  Agus an rud a sh\u00e1s\u00f3dh sinne, seacht\u00f3 bliain \u00f3 shoin, n\u00ed bheadh gas\u00far, n\u00f3 girseach, ar bith, s\u00e1sta leo, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  Le f\u00edrinne, n\u00ed d\u00f3igh liom go raghaid\u00eds trasna na sr\u00e1ide, le f\u00e9ir\u00edn\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id a phiocadh suas. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An \u00e9 mar sin, go bhfuil saol i bhfad n\u00edos sona ag p\u00e1ist\u00ed an lae inniu?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed hea, in aon chor, n\u00f3 cuirfidh m\u00e9 geall, gur bhaineamarna an oiread c\u00e9anna spraoi agus sp\u00f3irt, as a raibh againne, an tr\u00e1th \u00fad, agus a bhaineann gas\u00fair an lae inniu, as a mb\u00edonn acusan anois.  N\u00ed bh\u00edonn an tsaint fite fuaite i nd\u00fachas an ph\u00e1iste.  N\u00ed bh\u00edonn uaidh ach gr\u00e1 agus spraoi, agus is f\u00e9idir leis sp\u00f3rt a bhaint as bosca na mbr\u00e9ag\u00e1n fh\u00e9in fi\u00fa, sa ch\u00e1s sin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cIt was the best of times,  it was the worst of times<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">it was the season of Light, it was the season of Darkness,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">it was the Spring of hope, it was the winter of despair,\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, don t\u00e9 at\u00e1 imithe anonn sna blianta, agus a bhfuil an aois mar mhe\u00e1chan anuas ar a chn\u00e1mha, agus a bhfuil c\u00farsa\u00ed an tsaoil mh\u00f3ir imithe ina choinne, is sc\u00e9al eile ar fad d\u00f3san an Nollaig ch\u00e9anna sin.  T\u00e1 a chairde agus a chlann imithe uaidh, faoin am seo, agus \u00e9 f\u00e1gtha ina chadhain aonraic, leis fhein, agus gan de chomhluadar anois aige ach a smaointe duairce, dorcha, dubha, fh\u00e9in.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach nach gceapf\u00e1, go dt\u00f3gfadh gliondar agus spraoi an aosa \u00f3ig a chro\u00ed agus a mheanmna d\u00f3, agus go gcuifeadh ceol agus rince an tS\u00e9as\u00fair r\u00edm\u00e9ad ar an gcro\u00ed istigh ann?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Beag an baol go dtarl\u00f3dh tada d\u00e1 leith\u00e9id.  Nuair a fheiceann seisean na daoine \u00f3ga ag d\u00e9anamh a gcuid cleas, agus ag s\u00fagradh lena bhf\u00e9ir\u00edn\u00ed Nollag, is amhlaidh a thosa\u00edonn seisean ag smaoineamh siar ar na laethe \u00fad fad\u00f3, nuair a bh\u00ed a chlann ag f\u00e1s an\u00edos agus iad ag s\u00fagradh thart air fh\u00e9in, n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir go dt\u00e9ann s\u00e9 siar go dt\u00ed laethe \u00f3rga a \u00f3ige fh\u00e9in fi\u00fa.  Sea, agus c\u00e9ard t\u00e1 fanta aige anois sa nead?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tada!  N\u00edos l\u00fa n\u00e1 tada, n\u00f3 mura mbeadh tada aige, n\u00ed bhrisfeadh sin a chro\u00ed, n\u00f3 an rud nach raibh riamh aige, n\u00ed aireodh s\u00e9 a leith\u00e9id uaidh, ach i gc\u00e1s na bp\u00e1ist\u00ed \u00fad at\u00e1 anois glanta leo as an nead, bhuel, t\u00e1 a gcuimhne fanta ina ndiaidh, agus itheann agus creimeann an chuimhne sin fuil agus feoil an chro\u00ed istigh ann, sa chaoi gurb \u00e9 s\u00e9as\u00far an dorchadais, agus an \u00e9ad\u00f3chais d\u00f3san \u00e9.  Agus breathnaigh ar na daoine eile \u00fad, at\u00e1 imithe anonn sna blianta, agus at\u00e1 anois ar an an\u00e1s agus iad f\u00e1gtha gan foscadh, gan fothain.  An \u00e9 do thuairim go mb\u00edonn siadsan sona s\u00e1sta aimsir na F\u00e9ile m\u00f3ire seo?  B\u00ed cinnte nach mb\u00edonn, n\u00f3 ar\u00eds, is iad na smaointe ar na laethe a bh\u00ed, a fhilleann orthu anois, len iad a chr\u00e1 agus a ch\u00e9asadh.  Cuimhn\u00edonn siad ar na f\u00e9asta\u00ed a bh\u00edodh acu fad\u00f3, le linn d\u00f3ibh bheith ag f\u00e1s an\u00edos i dtigh a muintire, agus f\u00e9ach orthu anois, gan an oiread acu is a cheann\u00f3dh buil\u00edn ar\u00e1in, n\u00f3 braon bainne, d\u00e1 gceadphroinn, ach iad ag brath ar na \u201c<strong>Samaritans\u201d<\/strong> n\u00f3 ar <strong>lucht \u201cMeals on Wheels\u201d<\/strong>, le greim a coinne\u00e1il leo.  N\u00ed haon ionadh, gur tr\u00e1th uaignis, agus briseadh cro\u00ed, d\u00f3ibhsean, S\u00e9as\u00far na Nollag.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cIt was the best of times, it was the worst of times,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">It was the season of Light, it was the season of Darkness,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">It was the Spring of hope, it was the winter of despair,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">We had everything before us, we had nothing before us. \u201c<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, n\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, nach faoin Nollaig a bh\u00ed an t-\u00fadar c\u00e1ili\u00fail, Charles Dickens, ag scr\u00edobh, agus na focail thuas \u00e1 mbreacadh s\u00edos aige, ach murarbh  ea fh\u00e9in, nach bre\u00e1 feili\u00fanach iad, mar theist ar an tr\u00e1th seo bliana?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach raghaimis siar n\u00f3im\u00e9ad ar\u00eds, go dt\u00ed na Nollaig\u00ed gortacha \u00fad, ar dhein m\u00e9 tagairt d\u00f3ibh thuas, agus m\u00e9 ag scr\u00edobh faoi na Nollaig\u00ed a chaith m\u00e9 fh\u00e9in, agus m\u00e9 ag f\u00e1s an\u00edos, thiar in Iorras, thart ar sheacht\u00f3 bliain \u00f3 shoin anois, ach bh\u00ed comh\u00e1bhar amh\u00e1in, sa mheasc\u00e1n sin, n\u00e1r dhein m\u00e9 tagairt ar bith d\u00f3, agus m\u00e9 ag scr\u00edobh f\u00fathu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9n comh\u00e1bhar \u00e9 fh\u00e9in, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An spiorad\u00e1ltacht, n\u00f3 an chr\u00edosta\u00edocht, a bh\u00ed fite fuaite i saol an uile dhuine againn thiar, ag an am sin.   N\u00ed ag ma\u00edomh as sin at\u00e1 m\u00e9 anois, n\u00f3 ba chuid den saol a bh\u00ed thart orainn \u00e9, agus n\u00ed sinne a chruthaigh, n\u00f3 a chum.  Ach ag an am gc\u00e9anna, ag breathn\u00fa siar ar ch\u00farsa\u00ed anois, n\u00ed f\u00e9idir a sh\u00e9anadh, ach gur chuir an spioraad\u00e1ltacht ch\u00e9anna sin go m\u00f3r le saibhreas na beatha d\u00fainne p\u00e1ist\u00ed.  Cinnte, bh\u00edodh s\u00fail in airde againn do na f\u00e9ir\u00edn\u00ed agus do na bronntanais\u00ed Nollag, ach bh\u00ed n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 sin ag baint leis an S\u00e9as\u00far beannaithe sin d\u00fainne. N\u00e1r l\u00e1 breithe \u00e9?  L\u00e1 breithe an tSl\u00e1naitheora fh\u00e9in!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus thosa\u00edodh muidinne ag ullmh\u00fa don cheili\u00faradh sin ar an gc\u00e9ad l\u00e1 de Mh\u00ed na Nollag, n\u00f3 ar an l\u00e1 sin, chuireadh muid t\u00fas le n\u00f3s an Ch\u00faig Mh\u00edle \u00c1iv\u00e9.  B\u2019in n\u00f3s a bh\u00ed againn thiar in Iorras, ag an am, agus i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edor chuala m\u00e9 riamh go raibh an n\u00f3s sin le f\u00e1il \u00e1it ar bith eile sa t\u00edr, ach ba \u00e9 a bh\u00ed i gceist sa n\u00f3s sin, n\u00f3 go raibh orainn c\u00faig mh\u00edle \u00c1iv\u00e9 a r\u00e1, idir an l\u00e1 sin agus L\u00e1 Nollag, agus bh\u00ed le tuiscint ansin, go bhfaighfe\u00e1 do mhian, ach an m\u00e9id sin \u00c1iv\u00e9 a bheith r\u00e1ite agat, taobh istigh de na d\u00e1ta\u00ed sin.  Bh\u00ed de n\u00f3s againne an bronntanas sin a thabhairt do Mham, mar bhronntanas Nollag uainne p\u00e1ist\u00ed.  Ach tuigtear \u00f3n m\u00e9id sin, go mb\u00edodh an saol eile, chomh maith leis an saol seo, ar \u00e1r n-aire againne, an tr\u00e1th \u00fad, agus i nd\u00e1ir\u00edre, is d\u00f3cha go raibh an taobh sin den sc\u00e9al chomh t\u00e1bhachtach leis an taobh saolta den S\u00e9as\u00far, agus chomh maith le sin, is d\u00f3cha gur chuir s\u00e9 craiceann eile ar fad ar sc\u00e9al Fh\u00e9ile na Nollag d\u00fainne. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cIt was the best of times, it was the worst of times,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">It was the season of Light, it was the season of Darkness,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">It was the Spring of hope, it was the Winter of despair,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">We had everything before us, we had nothing before us,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">We were all going direct to Heaven, we were all going direct the other way.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, mh\u2019anam, don \u00f3ige, is \u00e9 an tr\u00e1th is fearr den bhliain \u00e9, S\u00e9as\u00far an tSolais, Earrach an d\u00f3chais, tr\u00e1th a bhfuil an saol uilig leata os do chomhair amach, agus t\u00fa ar do shl\u00ed chun na bhFlaitheas, n\u00f3 is \u00ed an \u00f3ige s\u00e9as\u00far an d\u00f3chais, na bhf\u00edseanna, agus an tr\u00e1th is fearr.  Ach, ag an am gc\u00e9anna, n\u00ed m\u00f3r d\u00fainn cuimhneamh, go bhfuil daoine eile ann, a bhfuil a nd\u00f3chas-san iompaithe ina \u00e9ad\u00f3chas, a bhf\u00edseanna iompaithe ina dtromluithe, agus a n-\u00f3ige fh\u00e9in caillte, agus ina h\u00e1it, n\u00edl f\u00e1gtha anois ach roic, agus dathacha.   N\u00e1 s\u00edltear anois go dtarla\u00edonn sin do chuile dhuine, n\u00f3 t\u00e1 aithne agamsa, agus agatsa freisin, ar dhaoine at\u00e1 imithe anonn sna blianta, ach m\u00e1 t\u00e1 fh\u00e9in, choinnigh siad greim i gc\u00f3na\u00ed ar an \u00f3ige fh\u00e9in, gona f\u00edseanna, gona d\u00f3chas.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Conas a tharla\u00edonn a leith\u00e9id, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, braitheann na hathruithe c\u00e9anna sin ar roinnt mhaith ruda\u00ed, agus ina measc si\u00fad t\u00e1, an tsl\u00e1inte, na croiseanna a leagtar ar dhuine, agus an chaoi a lu\u00edonn cora\u00ed crua an tsaoil anuas ar a ghuaille.  M\u00e1 t\u00e1 tusa imithe anonn sna blianta, agus m\u00e1 t\u00e1 greim d\u00f3ide agat f\u00f3s ar fh\u00edseanna na h\u00f3ige, daingnigh do ghreim orthu, ar eagla go sciorrfaid\u00eds uait, ach ag an am gc\u00e9anna, cuimhnigh orthu si\u00fad a bhfuil a nd\u00f3chas iompaithe ina \u00e9ad\u00f3chas orthu, agus a bhf\u00edseanna iompaithe ina dtromluithe, agus an \u00f3ige fh\u00e9in imithe soir siar uathu.  Sea, b\u00edodh na daoine sin in\u00e1r smaointe agus in\u00e1r bpaidreacha, an tr\u00e1th seo bliana, agus thairis sin, m\u00e1 fhaigheann muid an deis, d\u00e9anaimis gar d\u00f3ibh, le spiorad na Nollag fh\u00e9in a athbheochan ina gcro\u00edthe ar\u00eds.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cIt was the best of times, it was the worst of times,\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nollaig faoi sh\u00e9an is faoi mhaise dhaoibh uilig, idir \u00f3g agus aosta, agus go mbeirimid beo ar an am seo ar\u00eds.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>S a o l t a a g A t h r \u00fa . ************************ L\u00ednte tosaigh an \u00farsc\u00e9il chaili\u00fail \u00fad, A Tale of two Cities, le Charles Dickens, a rith liom, cupla o\u00edche \u00f3 shoin, agus m\u00e9 ag iarraidh roinnt smaointe ar Nollaig\u00ed m\u2019\u00f3ige, a chur i dtoll a ch\u00e9ile, do ph\u00edosa Nollaigi\u00fail na [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13133","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13133","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13133"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13133\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13134,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13133\/revisions\/13134"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13133"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13133"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13133"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}