{"id":13135,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13135"},"modified":"2024-04-08T01:07:28","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:28","slug":"s-a-o-l-t-a-a-g-a-t-h-r-u-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/s-a-o-l-t-a-a-g-a-t-h-r-u-2\/","title":{"rendered":"S a o l t a     a g      A t h r \u00fa"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">I     m B \u00e9 a l     an     P h o b a i l .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">An old friend returns!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha gur thug sibh uilig faoi deara, gur fada an l\u00e1 anois \u00f3 chuala sibh t\u00e1sc n\u00f3 tuairisc ar \u00e1r seanchara, S\u00e9im\u00ed s\u00e9imh an Droichid.  T\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, gur cheap roinnt mhaith agaibh go raibh an S\u00e9im\u00ed bocht c\u00e9anna ag tabhairt an fh\u00e9ir, faoi seo, sea, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go raibh m\u00e9 fh\u00e9in in amhras faoi dh\u00e1n an fhir ch\u00e9anna sin, \u00f3 tharla, n\u00e1r casadh orm \u00e9, agus n\u00e1r chuir s\u00e9 glaoch telef\u00f3in orm, leis na cianta.  Bhuel, t\u00e1 deireadh leis an amhras sin anois, n\u00f3 bhuail mo Sh\u00e9im\u00ed fh\u00e9in isteach chugam anseo, an l\u00e1 cheana, agus \u00e9 loml\u00e1n le sc\u00e9alta \u00f3n domhan thiar, is \u00f3n domhan thoir.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e1 raibh s\u00e9 le cupla r\u00e1ithe, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thall sa Sp\u00e1inn a bh\u00ed s\u00e9, ag cr\u00fa na gr\u00e9ine bu\u00ed (sunbathing), agus \u00e9 ag cur faoi i dteach a in\u00edne, i rith an achair sin, agus do bhar\u00fail, nach bhfuil s\u00e9 me\u00e1ite ar dhul ar ais chuici ar\u00eds, faoi Shamhain na bliana seo.  \u201cN\u00ed t\u00edr ar bith \u00ed seo\u201d adeir s\u00e9 liom, de chogar \u201cle Geimhreadh a chaitheamh inti. Ach n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9 an babhta seo, ach chuige seo.\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">What\u2019s   New ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cDo ch\u00e9ad f\u00e1ilte ar ais go h\u00c9irinn\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in, agus m\u00e9 ag s\u00fail le sc\u00e9al, n\u00f3 dh\u00f3, faoi n\u00f3sa na Sp\u00e1inneach, a chlos uaidh.  \u201cAgus c\u00e9\u2019n sc\u00e9al agat \u00e9 ar ais chugainn, \u00f3 Sp\u00e1innigh an fh\u00edona, agus \u00f3n dt\u00edr ina mb\u00edonn s\u00e9 ina Shamhradh i gcona\u00ed inti ?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00e1 bac leis na Sp\u00e1innigh mhac\u00e1nta, an tr\u00e1th seo, faoi mhuintir na t\u00edre seo, ach go h\u00e1irithe, ba mhaith liom an sc\u00e9al a tharraingt, an turas seo.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus c\u00e9ard \u00e9, go d\u00edreach, at\u00e1 ag d\u00f3 na geirbe agat faoi na Gaeil bhochta anois,\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in, agus m\u00e9 ag iarraidh craitheadh a bhaint as a chorraic\u00edn.  D\u2019\u00e9irigh liom sa bhfiontar c\u00e9anna sin, n\u00f3 thug m\u00e9 faoi deara, gur chorraigh beol uachtair \u00e1r seancharad, comhartha cinnte go raibh a sprioc bainte amach ag an s\u00e1ite\u00e1n sin uaim.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1, go bhfuil siad ina gceap magaidh agus ina staic\u00edn \u00e1if\u00e9ise os comhair phobail na cruinne.\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">What\u2019s  wrong  with  us ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed, c\u00e9n chleasa\u00edocht, n\u00f3 diabhla\u00edocht, at\u00e1 d\u00e9anta acu anois, leis an drochchl\u00fa sin a tharraingt orthu fh\u00e9in?  Cheap m\u00e9 fh\u00e9in, gur i bhfeabhas a bh\u00ed c\u00farsa\u00ed ag dul abhus, agus gur dea-chl\u00fa at\u00e1 tuillte ag \u00c9ireannaigh, \u00f3 cheann ceann na hEorpa, faoin am seo.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cFuras a aithint nach I bhfad \u00f3n gcl\u00e1bar a th\u00e9ann t\u00fa fh\u00e9in, ach t\u00fa feistithe as do dheireadh anseo, feadh do shaoil, sa chaoi nach bhfeiceann t\u00fa, agus nach gcloiseann t\u00fa, a bhfuil ag tarl\u00fa os comhair do dh\u00e1 sh\u00fail amach.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed, in ionad bheith ag raideadh masla\u00ed liom, b\u2019fh\u00e9idir go gcuirfe\u00e1 lena bhfuil idir cham\u00e1in agat, agus t\u00fa id\u2019 Yank anseo, ar lic mo thinte\u00e1in fh\u00e9in, agam.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cD\u00e9anfaidh m\u00e9 cinnte, agus n\u00ed f\u00e1l go haer \u00e9, a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, ag duine ar bith a bhfuil roinnt\u00edn bheag den tsaol seo feicthe aige.  Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, ar thug t\u00fa faoi deara, an oiread caimil\u00e9ireachta at\u00e1 ar si\u00fal againn anseo, le cupla sc\u00f3r bliain anuas.  N\u00edl le d\u00e9anamh agat, ach na nuacht\u00e1in a l\u00e9amh, n\u00f3 fi\u00fa aird a thabhairt ar na me\u00e1in eile, le tabhairt faoi deara, go bhfuil slad, gada\u00edocht, rob\u00e1il, br\u00e9agad\u00f3ireacht, \u00e9igni\u00fa, mug\u00e1il, m\u00ed-\u00fas\u00e1id, agus tuilleadh, ar liosta le h\u00e1ireamh iad uilig a lua, ar si\u00fal anseo againn \u00f3 cheann ceann na bliana.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, nach bhfuil a leith\u00e9id ar si\u00fal i mbeagnach chuile th\u00edr faoi lu\u00ed na gr\u00e9ine, n\u00f3 nach \u2019in oidhreacht Pheaca an tSinsir?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSea, ach c\u00e1 bhfuil an dara t\u00edr, ar dhroim tal\u00fan, a bhfuil an oiread sin Coimisi\u00fan agus Bins\u00ed Fiosraithe, faoi l\u00e1n tseol iontu, is at\u00e1 againne anseo i dt\u00edr seo na Naomh is na nOllamh?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed, n\u00ed bhfuarthas \u00e9inne cionntach sna coireanna sin uilig a liostaigh t\u00fa os comhair na gCoimisi\u00fan is na mBins\u00ed Fiosraithe \u00fad, go nuige seo, ach go h\u00e1irithe.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00ed bhfuarthas, agus chuile sheans nach bhfaighfear ach oiread, n\u00f3 sin n\u00f3s at\u00e1 againn sa t\u00edr s\u2019againne, n\u00f3 c\u00e9 gur beag t\u00edr a bhfuil dlithe n\u00edos fearr ar leabhar na Reacht acu n\u00e1 mar at\u00e1 againne anseo in \u00c9irinn, ach dheamhan maitheas an diabhail fh\u00e9in sna dlithe c\u00e9anna sin, mura gcuirtear i bhfeidhm iad go bun na d\u00faide.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch \u00f3 tharla gur loisc t\u00fa an choinneal, is d\u00f3cha go bhfuil s\u00e9 chomh maith agat an      t-orlach a loisceadh freisin.  Bhfuil locht ar bith eile orainne, \u00c9ireannaigh, a thug t\u00fa faoi deara, \u00f3 d\u2019fhill t\u00fa ar ais \u00f3n iasacht orainn?\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Any other faults ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, \u00f3 tharla gur iarr t\u00fa orm \u00e9, t\u00e1, agus l\u00e1n a\u2019 mh\u00e1la d\u00edobh.  \u00d3 tharla, le m\u00e1m maith blianta anuas anois, gur chaill na hEaglais\u00ed cib\u00e9 cumhacht a bh\u00ed acu, t\u00e1 c\u00farsa\u00ed mor\u00e1ltachta imithe chun donais, amach is amuigh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cC\u00e9n cine\u00e1l mor\u00e1ltachta at\u00e1 i gceist agat, a Sh\u00e9im\u00ed ch\u00f3ir?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cC\u00farsa\u00ed gn\u00e9is, ach go h\u00e1irithe, at\u00e1 i gceist agam anseo.  N\u00edl le d\u00e9anamh agat, ach breathn\u00fa ar na me\u00e1in, idir nuacht\u00e1in agus teilif\u00eds, ach go h\u00e1irithe, agus tuigfidh t\u00fa c\u00e9ard t\u00e1 i gceist agam.  Minic a chloiseadh m\u00e9, mar nath cainte ag an tseandream fad\u00f3, <strong>go dtiocfadh F\u00f3mhar na mBan gan N\u00e1ire, roimh l\u00e1 Philip a\u2019 Chleite<\/strong>, agus d\u00e1r mh\u2019anam, go bhfuil chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al anois, go bhfuil an F\u00f3mhar c\u00e9anna sin ar lic an dorais chugainn isteach.  Breathnaigh ar na picti\u00fair graosta, g\u00e1irsi\u00fala,  gn\u00e9asacha, a \u201cmhais\u00edonn\u201d cuid d\u00e1r nuacht\u00e1in, l\u00e1 i ndiaidh lae, agus n\u00e1 habair liom, go bhfoilseofa\u00ed iad sin, mura raibh daoine amuigh ansin \u00e1 n-\u00e9ileamh?  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faoi mar a chuir M\u00e1rtan a\u2019 Tairbh \u00e9, an l\u00e1 cheana\u2026..Mn\u00e1 ina bpeilt, agus gan sn\u00e1ithe orthu, agus mn\u00e1 eile agus gan orthu ach sn\u00e1ithe!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus bheadh sin dona go leor, ach leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh n\u00edos measa f\u00f3s, t\u00e9ann sc\u00e9alta fada, \u00f3 Shamhain go Bealtaine, le chuile phicti\u00far acu sin, ar eagla n\u00e1r dhein na picti\u00fair fh\u00e9in dochar go leor, as a stuaim fh\u00e9in.  Sea, a chara, is fada liom uaim \u00e9 L\u00e1 Samhna, an l\u00e1 sin, nuair a ard\u00f3idh m\u00e9 mo sheolta ar\u00eds, le haghaidh a thabhairt ar th\u00edr \u00e1lainn ghrianmhar na Sp\u00e1inne.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch a Sh\u00e9im\u00ed, nach mbaineann roinnt mhaith daoine s\u00e1samh as na picti\u00fair ch\u00e9anna sin, agus n\u00e1r mh\u00f3r an throscadh orthusan \u00e9, picti\u00fair d\u00e1 leith\u00e9id a fh\u00e1g\u00e1il ar l\u00e1r?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, n\u00edl de fhreagra agam ar an r\u00e1iteas sin, ach, faoi mar ad\u00fairt an t\u00e9 ad\u00fairt\u2026.\u2019T\u00e1 muid uilig sa l\u00e1ib, ach coinn\u00edonn cuid againn \u00e1r s\u00faile d\u00edrithe ar na r\u00e9alta\u2026.. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">What about the Ads?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bh\u00ed m\u00e9 chun tagairt a dh\u00e9anamh do na f\u00f3gra\u00ed gr\u00e1nna, amaideacha, a dh\u00edr\u00edtear orainn, \u00f3 mhaidin go ho\u00edche, ar na me\u00e1in uilig, agus an chaoi nach f\u00e9idir le cuid acu f\u00f3gra ar bith a ullmh\u00fa, gan ceir\u00edn den ghn\u00e9as a chuimilt leis.  Sea, agus c\u00e1 bhf\u00e1gfainn l\u00e1ithreoir\u00ed \u00e1irithe, nach bhfuil ar a gcumas srian a choinne\u00e1il ar a dteanga, le linn d\u00f3ibh bheith i l\u00e1thair an phobail, ach iad b\u00e9alscaoilte, graosta, g\u00e1irsi\u00fail, freisin.  \u00d3 bhuel, b\u2019fh\u00e9idir nuair a fhillfidh m\u00e9 \u00f3n Sp\u00e1inn i ndiaidh na F\u00e9ile Br\u00edde seo chugainn, go mbeadh deis agam \u00e1ladh a thabhairt ar na maist\u00edn\u00ed gr\u00e1nna c\u00e9anna sin.  Ach, d\u00e9arfainn, go bhfuil mo sh\u00e1ith r\u00e1ite agam don bhabhta seo\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus le sin, thug s\u00e9 an doras amach air fh\u00e9in, faoi mar ba chat sc\u00f3lta \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSl\u00e1n abhaile\u201d a chuir m\u00e9 fh\u00e9in ina dhiaidh, ach t\u00e1 fait\u00edos orm n\u00e1r chuala s\u00e9 m\u00e9, n\u00f3 faoin am sin, bh\u00ed s\u00e9 imithe an geata amach, de r\u00faid reatha.  Ba \u00e9 mo thuairim fh\u00e9in, go ndearna an Sp\u00e1inn amad\u00e1n ceart cr\u00edochnaithe de, an cr\u00e9at\u00far, n\u00f3 c\u00e9 go mb\u00edodh \u00e1bhair\u00edn den bhuile ag baint leis chuile l\u00e1 riamh, ag an am gc\u00e9anna, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 ceart eic\u00ednt a bhaint as, ach \u00e9 a ghlacadh go deas r\u00e9idh.  \u00d3, bhuel, is d\u00f3cha nach bhfuil leigheas ar an sc\u00e9al ach \u00e9 a mhar\u00fa le foighid!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">**************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">**************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I m B \u00e9 a l an P h o b a i l . ************************* An old friend returns! Is d\u00f3cha gur thug sibh uilig faoi deara, gur fada an l\u00e1 anois \u00f3 chuala sibh t\u00e1sc n\u00f3 tuairisc ar \u00e1r seanchara, S\u00e9im\u00ed s\u00e9imh an Droichid. T\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, gur cheap roinnt mhaith agaibh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13135","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13135","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13135"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13135\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13136,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13135\/revisions\/13136"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13135"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13135"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13135"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}