{"id":13137,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13137"},"modified":"2024-04-08T01:07:28","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:28","slug":"s-a-o-l-t-a-a-g-a-t-h-r-u-3","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/s-a-o-l-t-a-a-g-a-t-h-r-u-3\/","title":{"rendered":"S a o l t a    a g      A t h r \u00fa"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">S a o l t a    a g      A t h r \u00fa .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">***********************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rinne m\u00e9 tagairt cheana, d\u2019fh\u00f3gra\u00edocht sna me\u00e1in, agus d\u2019fh\u00f3gra\u00edocht ar an teilif\u00eds, ach go h\u00e1irithe.  Labhair m\u00e9 faoi chomh hamaideach, saonta, is a bh\u00edonn cuid de na f\u00f3gra\u00ed a l\u00e9ir\u00edtear ar an sc\u00e1ile\u00e1n beag, agus rinne m\u00e9 tagairt freisin, don chlaonadh at\u00e1 i measc lucht d\u00e9anta na bhf\u00f3gra\u00ed sin, ar bhealach an ghn\u00e9is a thaisteal, am ar bith a bh\u00edonn s\u00e9 ag teacht crua orthu smaoineamh ar bhealach na samhla\u00edochta a ghabh\u00e1il chun an cheann scr\u00edbe ch\u00e9anna a bhaint amach, ach go bhfios dom, n\u00edor dhein m\u00e9 aon r\u00f3-thagairt f\u00f3s, don chlaonadh at\u00e1 ann, le tamall anuas, \u00fas\u00e1id a bhaint as bealach an chreidimh, lena mangaireacht a fh\u00f3gairt ar an sc\u00e1ile\u00e1n beag, geal.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, b\u00edodh go raibh na smaointe sin ag sn\u00edomh tr\u00ed ph\u00f3irs\u00ed m\u2019aigne, agus ag d\u00f3 na geirbe agam, le scathamh anuas, n\u00edor dhein m\u00e9 tada faoi, agus b\u2019fh\u00e9idir nach nd\u00e9anfainn anois fh\u00e9in, ach go bhfaca m\u00e9 litir san eagr\u00e1n, d\u00e1r d\u00e1ta, 2 Bealtaine, den Kilkenny People.  Litir a scr\u00edobh John Fitzgerald, as Calainn, faoin gceannteideal <strong>\u201cSeven Deadly Sins become choc ices !\u201d  <\/strong>Chuir an litir sin an lasair sa bharrach dom, n\u00f3 caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit, go gcuireann an f\u00f3gra sin le b\u00e1in\u00ed m\u00e9, chuile bhabhta a fheicim ar sc\u00e1ile\u00e1n an teilif\u00edse\u00e1in \u00e9. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tuige a gcuirfeadh f\u00f3gra d\u00e1 leith\u00e9id an oiread sin feirge ort? ad\u00e9arfadh duine liom, b\u2019fh\u00e9idir.  Ba ch\u00f3ir a lua anseo, gur duine m\u00e9 a bhfuil meas thar na bearta aige ar chreideamh, ar chreideamh ar bith, d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9, agus nuair a thagann duine, n\u00f3 eagra\u00edocht ar an bhf\u00f3d, agus nuair a dh\u00e9anann siad mugadh magadh den chreideamh sin, bhuel, nach bhfuil s\u00e9 de cheart agamsa sin a chur in i\u00fal  go neamhbhalbh d\u00f3ibh?  Sa bhf\u00f3gra faoi na, \u201cDeadly Sins\u201d. a chuireann lucht d\u00e9anta \u201cMagnum\u201d ar an sc\u00e1ile\u00e1n, le daoine a mhealladh chun a gcuid uachtar reoite seacl\u00e1ideach, n\u00f3 \u201cseacoighr\u00ed\u201d, a cheannach, cuireann na f\u00f3gr\u00f3ir\u00ed na seacht gcinnpheaca\u00ed marfacha i gcompar\u00e1id le huachtar reoite seacl\u00e1ideach, agus deineann siad an sc\u00e9al a chur in \u00e1r lathair, tr\u00ed bhean a l\u00e9iri\u00fa agus \u00ed ag ithe a sl\u00ed go pl\u00e9isi\u00fartha, tr\u00ed na seacht gcine\u00e1lacha uachtair reoite seacl\u00e1ideacha sin, a chuireann lucht d\u00e9anta Magnum ar an margadh.  Cheapfadh duine, n\u00e1r ch\u00f3ir go gcuirfeadh sin fearg ar dhuine ciallmhar ar domhan, ach m\u00e1 fh\u00e9achann t\u00fa go grinn ar an bhf\u00f3gra ar\u00eds, tabharfaidh t\u00fa faoi deara, go bhfuil na f\u00f3gr\u00f3ir\u00ed ag iarraidh a chur i dtuiscint d\u00fainn, nach bhfuil difir ar bith idir na seacht gcinnpheaca\u00ed mharfacha sin, agus ceann ar bith de na cine\u00e1lacha uachtair reoite seacl\u00e1ideacha a chuireann siadsan ar an margadh, agus nach bhfuil s\u00e9 intuigthe uaidh sin, gur ch\u00f3ir d\u00fainn dul tr\u00edotha uilig, chomh tapaidh is a ghabhann an bhean \u00fad, go neamhn\u00e1ireach, tr\u00ed na peaca\u00ed c\u00e9anna sin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, m\u00e1 thuigtear domsa gur \u00e1bhar tromch\u00faiseach \u00e9 bheith ag cur s\u00edos ar na peaca\u00ed thuasluaite, f\u00e1gann sin go dtuigtear dom freisin, gur maslaitheach an beart \u00e9 mugadh magadh a dh\u00e9anamh de na peaca\u00ed c\u00e9anna sin.  Nach gceapfadh duine, go bhf\u00e9adfadh lucht d\u00e9anta na bhf\u00f3gra\u00ed c\u00e9anna sin, go bhf\u00e9adfadh siad teacht ar bhealach eile lena gcuid uachtar reoite seacl\u00e1ideeach, n\u00f3 \u201cseacoighr\u00ed\u201d, a fheisti\u00fa i l\u00e1r an aonaigh, gan bheith ag masl\u00fa daoine neamhurch\u00f3ideacha, n\u00e1r dhein tada riamh lena bhfaltanas si\u00fad a thuilleadh.  Ach is d\u00f3cha n\u00e1r ch\u00f3ir dom, sc\u00e9al chailleach an anr\u00f3, a dh\u00e9anamh de sc\u00e9al seo na  bhf\u00f3gra\u00ed, ach ag an am gc\u00e9anna, n\u00edor ch\u00f3ir ligint do dhaoine \u00fas\u00e1id d\u00e1 leith\u00e9id a bhaint as creideamh ar bith, le hearra\u00ed a fh\u00f3gairt ar mhodh a dh\u00e9anann mugadh magadh den chreideamh sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus anois, \u00f3 tharla gur tharraing m\u00e9 an sc\u00e9al ar an gcine\u00e1l sin f\u00f3gra\u00edochta, n\u00e1r ch\u00f3ir dom, tagairt a dh\u00e9anamh do chupla sampla eile d\u2019fh\u00f3gra\u00edocht ar an dt\u00e9ad c\u00e9anna sin.  Is \u00e9 an ch\u00e9ad fh\u00f3gra eile den chine\u00e1l sin, a ritheann liom, n\u00f3 an f\u00f3gra sin a dh\u00e9anann iarracht ar dhaoine a mhealladh le c\u00e1is bhog, bhlasta, eatrom, \u00e1irithe a cheannacht, agus ar\u00eds, in \u00e1it iarracht a dh\u00e9anamh ar sin a dh\u00e9anamh go deas cliste, is amhlaidh a bhaineann siad \u00fas\u00e1id as creideamh ar\u00eds, mar thaca acu, lena ngn\u00f3 a dh\u00e9anamh.  Sa bhf\u00f3gra seo, cuirtear dh\u00e1 aingeal bhaineanna, in\u00e1r l\u00e1thair ar an sc\u00e1ile\u00e1n, aingil nach bhfuil ar a n-aire acu ach bia, agus, ar mhodh mag\u00fail ar\u00eds, tugtar le tuiscint go bhfuil gn\u00e9as ar an gcl\u00e1r acu freisin, n\u00f3 labhra\u00edonn duine de na haingil sin, nach mb\u00edonn <strong>text<\/strong> i gceist riamh, ar an gcead choinne, aicese, agus n\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1 gur <strong>sex, in \u00e1it text,<\/strong> at\u00e1 ar aigne an fh\u00f3gr\u00f3ra, mura bhfuil s\u00e9 ar aigne an aingil fh\u00e9in fi\u00fa! Cuirtear cr\u00edoch leis an bhf\u00f3gra sin le g\u00e1ire ard, amaideach, a chuirfeadh an nath i mB\u00e9arla i gcuimhne do dhuine&#8230;\u201dthe loud laugh that spake the vacant mind.\u201d   Agus ar\u00eds anseo, tuigteear dom, gur beag duine a cheapfadh gur masla do chreideamh ar bith \u00e9, daoine a bheith ag baint \u00fas\u00e1ide as, ar bhealach mag\u00fail d\u00e1 leith\u00e9id. Ach, chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, n\u00edl cur chuige d\u00e1 leith\u00e9id inghlactha, feasta.  N\u00ed d\u00f3igh liom, gur ch\u00f3ir cur suas le \u201ccarry on\u201d d\u00e1 leith\u00e9id.  Tuige a gcuirfeadh muidinne suas leis?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, n\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, nach n-aonta\u00edm go r\u00f3-mhinic le lucht d\u00e9anta f\u00f3gra\u00ed, ach n\u00ed orthusan amh\u00e1in at\u00e1 an locht sa ch\u00e1s seo.  N\u00ed hea, mh\u2019anam.  Bheadh ar dhuine roinnt mhaith den mhille\u00e1n a leagan ar lucht sti\u00fartha RTE, n\u00f3 m\u00e1 t\u00e1 siadsan s\u00e1sta na f\u00f3gra\u00ed c\u00e9anna sin a theasp\u00e1int ar an teilif\u00eds, ansin leanfaidh na comhlachta\u00ed a dh\u00e9anann na f\u00f3gra\u00ed, leanfaidh siad leo, ag sol\u00e1thar f\u00f3gra\u00ed, faoi mar at\u00e1 \u00e1 dh\u00e9anamh acu faoi l\u00e1thair.  Bheadh duine ag s\u00fail go leagfadh lucht sti\u00fartha an st\u00e1isi\u00fain polasa\u00ed cinnte amach, a chuirfeadh ar a s\u00faile d\u00f3ibh, nach mbeadh cine\u00e1lacha \u00e1irithe f\u00f3gra\u00ed inghlactha, feasta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus \u00f3 tharla ag tochrais ar an gceirtl\u00edn sin m\u00e9, c\u00e9ard faoi na f\u00f3gra\u00ed uilig sin, a dh\u00e9anann buanna iomad\u00fala an tobaca agus an \u00f3il a mholadh, d\u2019\u00f3g agus d\u2019aosta, d\u2019fhir is do mhn\u00e1, an n\u00e1isi\u00fain seo?   N\u00ed \u201cCool\u201d duit, mura gcaitheann t\u00fa toit\u00edn.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, fan neomat anois, nach bhfuil f\u00f3gra\u00ed tobaca d\u00e1 leith\u00e9id crosta ar na st\u00e1isi\u00fain s\u2019againne, ag an am \u00e1irithe seo?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1, muis! ach m\u00e1 t\u00e1 fh\u00e9in, t\u00e1 beala\u00ed eile le cat a mhar\u00fa, seachas \u00e9 a thachtadh le him!  Nach mb\u00edonn caitheamh an tobaca \u00e1 l\u00e9iri\u00fa go minic ar scann\u00e1in, agus ar fh\u00f3gra\u00ed a thagann chugainn isteach \u00f3n iasacht?  Sea, agus cuir le sin, mar a dheintear an  t-earra sin a fh\u00f3gairt, nuair a bh\u00edonn cluich\u00ed \u00e1irithe \u00f3n iasacht, \u00e1 l\u00e9iri\u00fa ar \u00e1r sc\u00e1ile\u00e1in fh\u00e9in, anseo in \u00c9irinn.  Sea, sa tsl\u00ed sin, mealltar sinn le tuiscint, go bhfuil soifistici\u00falacht eic\u00ednt ag baint le h\u00fas\u00e1id, n\u00f3 le m\u00ed-\u00fas\u00e1id fi\u00fa, na fiaile mallaithe c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9ard faoi\u2019n \u00f3l?  An nd\u00e9antar an t-earra sin a fh\u00f3gairt ar bhealach m\u00edchuibhi\u00fail freisin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00ed cinnte go nd\u00e9antar, d\u00e1r liomsa, n\u00f3 t\u00e1\u2019s ag an R\u00ed fh\u00e9in, gur dream sinn, nach r\u00e9it\u00edonn an iomarca den alc\u00f3l linn, olc, maith, n\u00f3 dona.  S\u00edlim go bhfuil na saineolaithe ar aonfhocal faoi sin fi\u00fa, agus n\u00ed focal beag n\u00f3 b\u00eddeach \u00e9 sin, geallaimse dhuit \u00e9!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach conas a dheintear an t-\u00f3l sin a fh\u00f3gairt ar an sc\u00e1ile\u00e1n beag, geal, m\u00e1 sea?<\/p><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:12pt;padding-top:0;margin-bottom:3pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Bhuel, d\u00e9antar chuile iarracht \u00e9 a chur ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn, nach f\u00e9idir spraoi n\u00f3 toit a bhaint as an saol gruama seo, gan tamall a chaitheamh \u201cag cur preab san \u00f3l\u201d.  F\u00e9ach ar na f\u00f3gra\u00ed, agus feicfidh t\u00fa dream de dhaoine \u00f3ga, agus sp\u00f3rt an domhain acu, iad ag g\u00e1ire is ag baint sult as an saol, sea, agus \u00e1bhar a ndeaghi\u00famair, i bhfoirm rang pionnta\u00ed, ina l\u00edne, os a gcomhair amach ar chuntar an t\u00ed \u00f3sta.  \u00d3 sea, agus breathnaigh ar chleas eile a \u00fas\u00e1ideann lucht d\u00e9anta na bhf\u00f3gra\u00ed c\u00e9anna sin, agus sin a chur ar<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> \u00e1r s\u00faile d\u00fainn, nach bhfuil seans d\u00e1 laghad ag an mbuachaill \u00f3g cail\u00edn a mhealladh, mura bhfuil ualach \u00f3il faoina chrios aige. N\u00ed \u201ccool\u201d go dt\u00ed \u00e9!  Ceannaigh an deoch chu\u00ed di, agus is leatsa \u00ed, an mana a bh\u00edonn \u00e1 chraoibhscaoileadh tr\u00edd <\/span><span style=\"font-size:12pt\">na f\u00f3gra\u00ed sin.  Agus nach tr\u00edd na f\u00f3gra\u00ed c\u00e9anna sin a dh\u00e9antar mangaireacht ar na hAlco-pops, agus ar na Red Bulls, agus ar dheochanna eile den chine\u00e1l c\u00e9anna sin.  Ach, nach bhfuil a fhios ag an saol Fodlach, i l\u00e1thair na huaire seo, nach gr\u00e1 n\u00f3 gean, sp\u00f3rt n\u00f3 spraoi,<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> <\/span><span style=\"font-size:12pt\">a sh<\/span><span style=\"font-size:12pt\">aothra\u00edtear tr\u00ed dhul thar f\u00f3ir leis an \u00f3l c\u00e9anna sin.  N\u00ed hea, mh\u2019anam, ach troid, agus p\u00f3it, imreas agus tinneas cinn.  \u00d3, sea, agus an Rialtas s\u2019againne ar a m\u00edle dh\u00edcheall, ag iarraidh srian a chur leis an troid agus ar an mbr\u00faidi\u00falacht, a dh\u00e9anann fuil a dhoirteadh ar \u00e1r sr\u00e1ideanna, chuile o\u00edche, geall leis, sea, agus a spreagann an \u00f3ige le gluaiste\u00e1in a ghoid, ar mhaithe lena scileanna tiom\u00e1na a l\u00e9iri\u00fa don tsaol m\u00f3r.  Agus ar\u00eds, n\u00edl f\u00fam sc\u00e9al mhadra na n-ocht gcos a dh\u00e9anamh den bhf\u00f3gra\u00edocht ch\u00e9anna si<\/span><span style=\"font-size:12pt\">n, nuair is l\u00e9ir do chuile dhuine, gur ch\u00f3ir deireadh a chur leis, gan aon r\u00f3-mhoill.<\/span><\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Mar sin, le cr\u00edoch  a chur leis an bp\u00edosa seo, nach bhfuil s\u00e9 thar am againn, mar chine, agus mar Phoblacht, breathn\u00fa ar lucht d\u00e9anta na bhf\u00f3gra\u00ed c\u00e9anna sin, n\u00f3 is dream iad n\u00e1r ch\u00f3ir don St\u00e1t cead a gcinn a ligint leo, feasta.  Ba ch\u00f3ir gan cead a thabhairt d\u00f3ibh, dul i mbun na ceirde sin, mura bhfuil cead\u00fanas chuige, bainte amach acu, agus ansin, mura leanfadh an f\u00f3gr\u00f3ir sin na rialacha, go bhf\u00e9adfa\u00ed a chead\u00fanas a bhaint de, rud a fh\u00e1gfadh, nach mbeadh ar a chumas f\u00f3gra\u00ed a dh\u00e9anamh feasta, agus d\u00e9arfainn go m\u00fainfeadh leagan amach d\u00e1 leith\u00e9id fios a bh\u00e9as d\u00f3, feasta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus anois, t\u00e1 socraithe agam, gan scr\u00edobh faoin \u00e1bhar seo ar\u00eds, go ceann bliana!  S\u00e9 sin, mura dtagann f\u00f3gra uaf\u00e1sach, d\u00e1na, m\u00edchuibhi\u00fail, os \u00e1r gcomhair, ar sc\u00e1ile\u00e1in ar dteilif\u00edse\u00e1n, san idirlinn!!!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. S a o l t a a g A t h r \u00fa . . *********************** . Rinne m\u00e9 tagairt cheana, d\u2019fh\u00f3gra\u00edocht sna me\u00e1in, agus d\u2019fh\u00f3gra\u00edocht ar an teilif\u00eds, ach go h\u00e1irithe. Labhair m\u00e9 faoi chomh hamaideach, saonta, is a bh\u00edonn cuid de na f\u00f3gra\u00ed a l\u00e9ir\u00edtear ar an sc\u00e1ile\u00e1n beag, agus rinne m\u00e9 [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13137","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13137","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13137"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13137\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13138,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13137\/revisions\/13138"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13137"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13137"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13137"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}