{"id":13145,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13145"},"modified":"2024-04-08T01:07:28","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:28","slug":"s-l-a-d-a-i-o-c-h-t-g-a-n-c-h-u-i-s","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/s-l-a-d-a-i-o-c-h-t-g-a-n-c-h-u-i-s\/","title":{"rendered":"S l a d a \u00ed o c h t      g a n      C h \u00fa i s"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">S l a d      g a n      C h \u00fa i s  !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">**********************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Scr\u00edobh m\u00e9 p\u00edosa anseo, tamall \u00f3 shoin, faoin chaoi a bhfuil ruif\u00ednigh, agus lucht for\u00e9igin, ag glacadh seilbhe ar shr\u00e9ideanna agus ar bh\u00f3ithre na Cathrach \u00c1ille seo, Chill Chainnigh, agus mar is eol do ch\u00e1ch, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 an rud c\u00e9anna, geall leis, a r\u00e1, na laethe seo, faoi chuile bhaile agus faoi chuile chathair, i gCr\u00edoch seo na Naomh is na nOllamh.  D\u00e1 chomhartha sin, nach beag duine againn a mbeadh s\u00e9 de dh\u00e1nacht ann, sp\u00e1g a leagan in ionaid \u00e1irithe, le linn uaireannta an dorchadais, n\u00f3 fi\u00fa, i l\u00e1r an lae ghil fh\u00e9in, ar eagla go nd\u00e9anfa\u00ed ionsa\u00ed air, ar ch\u00fais amh\u00e1in, n\u00f3 ar ch\u00fais eile.  Ar an drochuair, n\u00ed sc\u00e9al sc\u00e9il at\u00e1 i gceist agam anseo, ach lomchl\u00e1r na f\u00edrinne.  Ar ch\u00fais amh\u00e1in, n\u00f3 ar ch\u00fais eile, ad\u00fairt m\u00e9, bhuel, mo dhearmad, n\u00f3 t\u00e1 boic\u00edn\u00ed gr\u00e1nna amuigh ansin, a bheadh s\u00e1sta duine a ionsa\u00ed, gan ch\u00fais d\u00e1 laghad chuige, agus gan ar chumas \u00e9inne, mini\u00fa a thabhairt ar a ghn\u00edomh, ach amh\u00e1in go bhfuil an drochbhraon ann.  Sin mar at\u00e1 c\u00farsa\u00ed, faoi l\u00e1thair, agus nach beag o\u00edche a th\u00e9ann thart, gan mug\u00e1il n\u00f3 rob\u00e1il, ionsa\u00ed n\u00f3 bualadh, briseadh n\u00f3 bascadh, a tharl\u00fa \u00e1it eic\u00ednt, i mbaile, n\u00f3 i gcathair eic\u00ednt, i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann, agus gan ar chumas Rialtais, n\u00f3 \u00dadar\u00e1is, Garda n\u00f3 Airm, go nuige seo, ach go h\u00e1irithe, stop a chur leis an ruif\u00edneacht, n\u00f3 leis an slada\u00edocht seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1id ann, gan amhras, ad\u00e9arfadh, nach bhfuil ach leigheas amh\u00e1in ar sc\u00e9al seo an fhor\u00e9igin, agus sin tomhas a l\u00e1imhe fh\u00e9in a thabhairt d\u00f3ibh, n\u00f3 n\u00ed thuigeann fear buile tada ach adhmad! go h\u00e1irithe, nuair a thugtar blas an adhmaid sin sa cheann d\u00f3!  Go bre\u00e1, ar fad, ach n\u00ed tr\u00e1th magaidh \u00e9, n\u00f3 n\u00ed tr\u00e1th faille \u00e9, ach oiread.  T\u00e1 an t-am tagtha ag saor\u00e1naigh an St\u00e1it seo, beart a dh\u00e9anamh, le deireadh a chur leis na c\u00e9apair seo, agus seilbh a ghlacadh athuair, ar sr\u00e1ideanna agus ar bh\u00f3ithre a mbailte agus a gcathracha.  Mura nd\u00e9antar go luath \u00e9, beidh s\u00e9 r\u00f3-dh\u00e9anach chuige, agus beidh seilbh bhuan gafa ag na ruif\u00ednigh, ar \u00e1r mbailte, agus ar \u00e1r gcathracha, agus beidh fait\u00edos orainne \u00e1r dtithe a fh\u00e1gail, fi\u00fa i l\u00e1r an lae ghil.  Bhuel, b\u2019in an port a bh\u00ed \u00e1 sheint agam anseo, tamall \u00f3 shoin, agus n\u00ed d\u00f3igh liom, gur th\u00e1inig m\u00f3r\u00e1n feabhais ar ch\u00farsa\u00ed, san idirlinn.  Anois, caithfear a r\u00e1 go bhfuil an focl\u00f3ir ceart \u00e1 \u00fas\u00e1id ag an Aire Dl\u00ed agus Cirt, agus \u00e9 ag cur s\u00edos ar na c\u00farsa\u00ed seo, agus t\u00e1 moladh tuillte aige, as an m\u00e9id sin fh\u00e9in, ach an gcuirfear leis an bhfocl\u00f3ir c\u00e9anna sin, amach anseo, n\u00f3 an nd\u00e9anfar beart d\u00e1 r\u00e9ir, feasta.  Sin \u00ed an cheist.  Agus t\u00e1imid uilig ag s\u00fail go nd\u00e9anfar.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9, in aon chor, an tseachtain seo, ach chuige seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard t\u00e1 idir cham\u00e1in agam in aon chor, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 seo.  Gur cuireadh ag smaoineamh ar na c\u00farsa\u00ed sin uilig m\u00e9, athuair, nuair a l\u00e9igh m\u00e9 an t-alt bre\u00e1, spreag\u00fail, leis an nDocht\u00fair John Bradley, \u00f3 Roinn na Staire, Ollscoil na h\u00c9ireann, M\u00e1 Nuat, ar Kilkenny People na seachtaine seo caite.  N\u00ed hamh\u00e1in go bhfuil na ruif\u00ednigh seo ag iarraidh sinn fh\u00e9in a bhascadh, ach anois, t\u00e1 siad ag dul n\u00edos fuide f\u00f3s, n\u00f3 t\u00e1 siad ag iarraidh \u00e1r n-oidhreacht a mhilleadh orainn freisin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n oidhreacht at idir cham\u00e1in agam anseo, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is \u00e9 at\u00e1 i gceist agam n\u00f3 an slada\u00edocht, agus an creachadh, at\u00e1 \u00e1 nd\u00e9anamh, agus d\u00e9anta, thart ar Eaglais Mhuire, i l\u00e1r na cathrach \u00e1ille seo.  Labhair an Docht\u00fair oilte, ild\u00e1nach, seo, faoi na tuama\u00ed, na leachtanna, agus na clocha cuimhne luachmhara, ar deineadh slad orthu, i Reilg Eaglais Mhuire, at\u00e1 suite taobh thiar den Tholsel fh\u00e9in, i l\u00e1r na cathrach.  Briseadh agus bascadh cuid acu, agus deineadh roinnt eile a mhilleadh le p\u00e9int, agus le p\u00e9inte\u00e1il, sa chaoi go bhfuil, faoin am seo, dochar, beagnach doleigheasta, d\u00e9anta do roinnt acu.  T\u00e1 an sc\u00e9al chomh dona sin, go ndeir an Docht\u00fair linn, go mbeadh n\u00e1ire air cairde leis a thabhairt isteach ansin anois, le breathn\u00fa ar sheoda sin \u00e1r n-oidhreachta, seoda, adeir s\u00e9, nach bhfuil f\u00e1il ar a leith\u00e9id, \u00e1it ar bith eile sa t\u00edr, n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir taobh amuigh di, ach oiread. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, gur m\u00f3r an feall go deo \u00e9, gur f\u00e1gadh seoda chomh luachmhar sin in \u00e1it go bhf\u00e9adfa\u00ed a leith\u00e9id de shlad a imirt orthu.  Is cuid den st\u00f3r, de sheoda luachmhara, n\u00e1isi\u00fanta, a f\u00e1gadh againne le huacht, agus a rabhthas ag s\u00fail, go seolfadh muid ar aghaidh, sl\u00e1n, s\u00e1bh\u00e1ilte, iad chuig na gl\u00fanta a bh\u00ed le teacht, in\u00e1r ndiaidh.  N\u00ed hamh\u00e1in gur le Cill Chainnigh, n\u00f3 le hOsra\u00ed iad, is leis an n\u00e1isi\u00fan, fr\u00ed ch\u00e9ile, iad, agus sa ch\u00e1s seo, nach f\u00e9idir dul i bhfad \u00c9ireann n\u00edos sia leis an sc\u00e9al, agus a r\u00e1, gur chuid d\u2019oidhreacht saibhir na hEorpa iad, agus go bhfuil dualgas orainne, mar sin, na seoda sin a chosaint l\u00e1ithreach, ar ruif\u00ednigh bharbartha na haoise seo, at\u00e1 me\u00e1ite ar ollmhaitheasa\u00ed luachmhara sin \u00e1r n-oidhreachta, a mhilleadh agus a bhascadh, mar sp\u00f3rt agus mar spraoi, agus le caitheamh aimsire sp\u00f3irti\u00fail a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh, lena laethe a l\u00edonadh le scleondar agus le corra\u00edl !  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, c\u00e9ard is f\u00e9idir linn a dh\u00e9anamh le sin a chur i gcr\u00edch? a d\u2019fhiafr\u00f3dh duine, b\u2019fh\u00e9idir.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, ar an gc\u00e9ad \u00e1sc, mura bhfuil ar chumas \u00fain\u00e9ir\u00ed na hEaglaise, agus na Reilge sin, Naomh Mhuire, iad a chosaint ar bharbaracht, d\u00e9arfainn go bhfuil de dhualgas ar an \u00dadar\u00e1s \u00c1iti\u00fail freagracht a ghlacadh chucu fh\u00e9in as.  T\u00e1 cupla bealach acu le sin a dh\u00e9anamh.  D\u2019fh\u00e9adfaid\u00eds dul i bp\u00e1irt leis na h\u00fain\u00e9ir\u00ed, leis an gcosaint chu\u00ed sin a chur ar f\u00e1il, n\u00f3 mura bhf\u00e9adfaid\u00eds sin a dh\u00e9anamh, n\u00ed bheadh de rogha acu, ach freagracht ioml\u00e1n a ghlachadh chucu fh\u00e9in as, tr\u00edd an su\u00edomh \u00e1rsa sin a cheannacht, n\u00f3 tr\u00ed sheilbh a ghlacadh air, ar bhealach eic\u00ednt eile, d\u00e1 dteipfeadh orthu sin a dh\u00e9anamh.  Is d\u00f3cha freisin, go bhf\u00e9adfa\u00ed smaoineamh ar dhualgas an St\u00e1it s\u2019againne, s\u00e9adchomhartha\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id a chosaint, agus a chaomhn\u00fa, mar chuid d\u2019oidhreacht an Aontais Eorpaigh, agus i gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id, d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9, go mbeadh an tAontas c\u00e9anna sin s\u00e1sta teacht i gcabhair orainn, leis an gcusp\u00f3ir sin a chur i gcr\u00edch.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus an bhfuil bealach ar bith eile le s\u00e9adchomhartha\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id a chosaint ar bharbaracht na haoise seo?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00ed cinnte go bhfuil, agus ualach asail de bheala\u00ed eile ann, leis an mbeart sin a dh\u00e9anamh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus, gan ach tr\u00e1cht a dh\u00e9anamh ar bhealach amh\u00e1in le sin a dh\u00e9anamh, c\u00e9ard faoi \u00e1it na gc\u00fairteanna i r\u00e9iteach faidhbe d\u00e1 leith\u00e9id?   Am ar bith a th\u00f3gtar coirpeach os comhair na c\u00fairte, agus d\u00e1 dtarl\u00f3dh go bhfaighf\u00ed ciontach \u00e9, i slada\u00edocht, n\u00f3 i r\u00e9abadh reilge frithsh\u00f3isialta, bhuel, in \u00e1it seal i bpr\u00edos\u00fan a ghearradh ar dhuine d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00e1r ch\u00f3ir \u00e9 a chur isteach i su\u00edomh d\u00e1 leith\u00e9id, lena ghlanadh suas, agus chomh maith le sin, n\u00e1r ch\u00f3ir go gcuirf\u00ed iachall air, bail a chur athuair ar na huaigheanna millte, agus ar na clocha chinn uaighe a briseadh ansin, gan ch\u00fais gan \u00e1bhar.  D\u00e1 nd\u00e9anfa\u00ed a leith\u00e9id, ar a laghad, chuirf\u00ed toradh na barbarthachta ar ceal, agus chomh maith le sin, b\u2019fh\u00e9idir go m\u00fainf\u00ed ceacht do lucht r\u00e9abadh reilge, sa chaoi nach mbeadh fonn orthu, milleadh d\u00e1 leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, feasta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00e1 s\u00edltear anois, go bhfuilim ag ma\u00edomh anseo, nach bhfuil dualgas ar bith ar an Rialtas s\u2019againne, tada a dh\u00e9anamh, le s\u00e9adchomhartha\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id a chosaint, n\u00f3 n\u00edlim.  T\u00e1 de dhualgas ar an Rialtas, sa chead \u00e1it, dlithe cu\u00ed a acht\u00fa, le srian a chur ar iompar r\u00e9abadhreilgeach d\u00e1 leith\u00e9id, agus ansin, sa dara h\u00e1it, ba ch\u00f3ir d\u00f3ibh f\u00e9achaint chuige, go gcuirf\u00ed na dlithe c\u00e9anna sin i bhfeidhm, chuile bhabhta, ar cib\u00e9 a fhaighf\u00ed ciontach, in iompar frithsh\u00f3isialta d\u00e1 leith\u00e9id.  Agus tabhair faoi deara anseo, c\u00e9 go bhfuil Eaglais \u00e1irithe anseo i gCill Chainnigh i gceist agam, toisc go bhfuil an Reilg thart uirthi r\u00e9abtha, millte, ar ruif\u00ednigh bharbartha, t\u00e1 m\u00e9 cinnte, go bhfuil gn\u00edomhartha r\u00e9abadhreilgeacha d\u00e1 leith\u00e9id ag tarl\u00fa i mbailte agus i gcathracha, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre seo, agus n\u00ed gn\u00edomh annamh at\u00e1 i gceist agam anseo, ach rud a tharla\u00edonn \u00e1it eic\u00ednt, chuile sheachtain, geall leis, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1.  N\u00edl iompar d\u00e1 leith\u00e9id inghlactha feasta, n\u00f3 m\u00e1 t\u00e1 muid s\u00e1sta glacadh le c\u00e9apair d\u00e1 leith\u00e9id, ansin, n\u00edl dabht ar domhan ann ach go bhfuil muid ag filleadh ar r\u00e9 na barbarthachta, gan mhagadh, gan bhr\u00e9ag.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9ard f\u00fainne, saor\u00e1naigh?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar\u00eds, n\u00edl dabht ar domhan ach go bhfuil orainne freisin seasamh daingean cinnte a ghlacadh, sa chogadh seo i gcoinne na sibhialtachta.  Caithfidh muid bheith ar thaobh amh\u00e1in, n\u00f3 ar an taobh eile.  Agus m\u00e1 theasta\u00edonn uainne cr\u00edoch a chur leis an gcine\u00e1l seo iompair, bhuel, ansin, caithfidh muid sin a chur in i\u00fal, ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, d\u00e1r muintir fh\u00e9in, agus ansin, do mhuintir an phobail, de r\u00e9ir mar a fhaigheann muid an deis chuige sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00e1 nd\u00e9anfa\u00ed mar ad\u00fairt m\u00e9 sa ph\u00edosa seo, t\u00e1 m\u00e9 cinnte, nach mbeadh aon gh\u00e1 le filleadh anseo, taobh istigh de bhliain, le p\u00edosa eile a scr\u00edobh ar an dt\u00e9ad c\u00e9anna seo ar\u00eds, ag iarraidh daoine a spreagadh, le deireadh a chur le hiompar r\u00e9abadhreilgeach, barbartha, d\u00e1 leith\u00e9id, ar\u00eds.  Mar sin, anois an t-am againn uilig, aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb dho-scaoilte, mh\u00edthaitneamhach, ghranna seo.   Sea, agus smaoinigh ar an seanr\u00e1 adeir, go dt\u00e9ann focail le gaoth, ach go dt\u00e9ann buille le cn\u00e1mh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus f\u00e9ach, mar bhuille scoir, c\u00e9ard faoi chom\u00f3rtas nua a chur sa tsi\u00fal, f\u00e9achaint c\u00e9n baile, n\u00f3 c\u00e9n chathair, is fearr a thugann aire d\u00e1 s\u00e9adchomhartha\u00ed.  Nach gcabhr\u00f3dh com\u00f3rtas d\u00e1 leith\u00e9id, le daoine a chur ag smaoineamh ar\u00eds, ar a seandachta\u00ed, ar a s\u00e9adchomhartha\u00ed, ar a n-oidhreacht?  Sea, agus b\u2019fh\u00e9idir go gcuirfeadh com\u00f3rtas d\u00e1 leith\u00e9id cr\u00edoch leis an r\u00e9abadh reilge at\u00e1 coitianta in\u00e1r measc, na laethe seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus n\u00e1 ceap gur dhein m\u00e9 dearmad ar na scoileanna, n\u00f3 ar na m\u00fainteoir\u00ed, n\u00f3 n\u00edl dabht ar domhan, ach go bhf\u00e9adfadh idir dhalta\u00ed agus mh\u00fainteoir\u00ed, an-ch\u00fanamh a thabhairt d\u00fainn, agus muid ag iarraidh spiorad na sibhialtachta a choth\u00fa, agus a fhorbairt, i gcro\u00ed \u00e1r bpobail, feasta.  N\u00e1r chomhartha an chult\u00fair \u00e9, chuile l\u00e1 riamh, go mbeadh \u00f3m\u00f3s ag daoine d\u00f3ibh si\u00fad a d\u2019imigh rompu, ar Shl\u00ed na F\u00edrinne, agus go mbeadh meas acu ar shaothar a l\u00e1mh agus a n-aigne.  Agus t\u00e1 s\u00fail agam, nach mbeidh altanna le l\u00e9amh againn feasta, \u00f3 sheand\u00e1laithe aithnidi\u00fala, \u00e1iti\u00fala, ar\u00eds, ag \u00e9agaoin mhilleadh \u00e1r n-oidhreachta uaisle.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>S l a d g a n C h \u00fa i s ! . ********************************** . Scr\u00edobh m\u00e9 p\u00edosa anseo, tamall \u00f3 shoin, faoin chaoi a bhfuil ruif\u00ednigh, agus lucht for\u00e9igin, ag glacadh seilbhe ar shr\u00e9ideanna agus ar bh\u00f3ithre na Cathrach \u00c1ille seo, Chill Chainnigh, agus mar is eol do ch\u00e1ch, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 an rud c\u00e9anna, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13145","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13145","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13145"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13145\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13146,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13145\/revisions\/13146"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13145"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13145"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13145"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}