{"id":13195,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13195"},"modified":"2024-04-08T00:39:00","modified_gmt":"2024-04-08T00:39:00","slug":"saorantacht-agus-saoirse","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/saorantacht-agus-saoirse\/","title":{"rendered":"Saor\u00e1ntacht agus Saoirse"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Saor\u00e1ntacht agus Saoirse<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Spar\u00e1n Teann<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a bh\u00ed mise ag f\u00e1s an\u00edos, thiar in Iorras na nIontas, i gContae Mhaigh Eo, ba bheag smaoineamh a bh\u00ed ag \u00e9inne a mhair an tr\u00e1th \u00fad, go bhfeicf\u00ed an l\u00e1 cho\u00edche, nuair a bheadh daoine ina dtuile ag d\u00e9anamh ar ch\u00f3sta\u00ed \u00e1r dt\u00edr\u00edn, ag iarraidh bheith istigh a fh\u00e1il in\u00e1r measc.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tuige sin, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, an tr\u00e1th \u00fad, ba sa tsl\u00ed chontr\u00e1ilte a bh\u00ed an tuile daonna ag sn\u00ed amach uainn,                                                                   l\u00e1 i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus bliain i ndiaidh bliana. N\u00ed chloisfe\u00e1 \u00f3n gcosmhuintir an tr\u00e1th sin ach gear\u00e1n agus casaoid faoi bhochtaineacht na t\u00edre seo  \u2019gainne. Bh\u00ed an port c\u00e9anna ag chuile dhuine, iad uilig ag ma\u00edomh go raibh an t\u00edr s\u2019againne imithe i mbealach a basctha. Sea, mh\u2019anam! agus smaoinigh freisin, go raibh an deil\u00edn c\u00e9anna ag boic mh\u00f3ra na me\u00e1n cumars\u00e1ide, i bhfad n\u00edos d\u00e9ana\u00ed na sin, iad ag dearbh\u00fa, l\u00e1 i ndiaidh lae, go raibh an t\u00edr seo \u2018gainne \u201cbanjaxed\u201d, agus \u00ed imithe le sruth, s\u00edos poll an leithris, chun na mara m\u00f3ire. <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">An Imirce<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed \u00e1r gc\u00f3ras oideachais fi\u00fa, d\u00edrithe ar phostanna a fh\u00e1il d\u00e1r ndaoine \u00f3ga i dt\u00edortha thar s\u00e1ile, muid ag oili\u00faint docht\u00fair\u00ed, banaltra\u00ed, sagairt, m\u00fainteoir\u00ed, agus tuilleadh, agus gan seans ag roinnt mhaith acu post d\u2019fh\u00e1il riamh sa t\u00edr seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> \u201c \u00c1, Muise! diabhal tada ar domhan le f\u00e1il acu sa t\u00edrin bocht seo, caithfidh siad aghaidh a thabhairt ar an gcoigr\u00edoch, \u00e1it a mbeidh siad in ann greim a mb\u00e9il a shaothr\u00fa, na cr\u00e9at\u00fair. Sea, mh\u2019anam! is maith ann iad na t\u00edortha eachtrannacha c\u00e9anna sin, mar nuair is crua don chailleach, caithfidh s\u00ed rith.\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019\u00e9irigh go maith leo si\u00fad a chuaigh ar an imirce, ach d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00edor ch\u00f3ir ligint i ndearmad riamh, an \u00e9ag\u00f3ir a deineadh orthu, nuair nach raibh muid, mar phobal, \u00e1balta riar d\u00f3ibh abhus, ina dt\u00edr dh\u00fachais fh\u00e9in. B\u2019fh\u00e9idir gur \u00e9irigh leo sl\u00ed bheatha maith a bhaint amach d\u00f3ibh fh\u00e9in thall, ach ag an am gc\u00e9anna, is cinnte freisin gur mhinic a shil siad deora goirte na deora\u00edochta. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Litir  \u00f3  Mheirice\u00e1<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00e1 d\u00e9anaimis dearmad ach oiread ar na puint, is ar na dollair, a sheol siad abhaile chugainne, nuair a bh\u00ed g\u00e9argh\u00e1 abhus lena leith\u00e9id.  Ba bheag athr\u00fa a th\u00e1inig ar ch\u00farsa\u00ed agus mise ag saothr\u00fa mo choda abhus anseo. Muid ag streachailt leis an saol m\u00f3r, \u00f3 bhliain go cheile, agus an saol m\u00f3r ag streachailt linne. Chuaigh m\u00e9 amach ar scor in am tr\u00e1th, agus diaidh ar ndiaidh, thosaigh c\u00farsa\u00ed ag athr\u00fa. De r\u00e9ir a ch\u00e9ile, bh\u00ed s\u00e9 ag dul i gcionn orainn, nach raibh Conchubhar M\u00f3r sa Ch\u00fainne againn a thuilleadh. Bh\u00ed daoine \u00f3ga ag dul ar saoire chuig \u00e1iteacha imchiana an domhain. Bh\u00ed gluaiste\u00e1in ag daoine n\u00e1r chleacht riamh ach Neid\u00ed bocht na gceithre cr\u00fab is na gcluas fada. Bh\u00ed daoine ag dul amach chuig tithe \u00f3sta, agus chuig proinntithe, le b\u00e9il\u00ed a chaitheamh iontu. Agus chomh maith le sin, bh\u00ed daoine gl\u00e9asta go gal\u00e1nta, Domhnach is D\u00e1lach. Sea, mh\u2019anam! bh\u00ed cuma, blas, agus boladh an airgid, le f\u00e1il, th\u00edos agus thuas, abhus agus thall, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre. N\u00ed chloisfe\u00e1 daoine ag r\u00e1 feasta, ar Raidi\u00f3, n\u00f3 ar Theilif\u00eds go raibh an t\u00edr\u00edn s\u2019againne \u201cbanjaxed\u201d, n\u00f3 bh\u00ed na daoine a bh\u00edodh ag canadh an phoirt sin ina su\u00ed go te anois, agus carn airgid \u00e1 shaothr\u00fa acu in aghaidh na bliana, as spar\u00e1n an St\u00e1it\u00edn \u201cbhanjaxed\u201d ch\u00e9anna sin.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Na  Leana\u00ed Gorma<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Le sc\u00e9al gairid a dh\u00e9anamh de, ba ghearr go raibh ainm an airgid amuigh orainn, \u00f3 cheann ceann na cruinne.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh ach toradh amh\u00e1in ar ch\u00e1il sin an airgid, agus b\u2019in gur th\u00e1inig daoine ag d\u00e9anamh ar ch\u00f3sta\u00ed na t\u00edre seo, ag s\u00fail go roinnf\u00ed go fial leo anseo. Th\u00e1inig na daoine sin, ina nduine agus ina nduine i dtosach, ansin ina mionghr\u00fapa\u00ed, agus ar ball, th\u00e1inig siad ina dtuile tr\u00e9an, do-stoptha. I dtosach b\u00e1ire, n\u00edor chaith muid chomh fial, flaithi\u00fail, sin leis na strains\u00e9ir\u00ed \u00fad a th\u00e1inig in\u00e1r measc, n\u00f3 n\u00ed raibh aon chleachtadh againn ar a leith\u00e9id, ach le himeacht aimsire, b\u2019\u00e9igean d\u00fainn glacadh leis, go raibh dualgas orainn feasta, deighle\u00e1il leo, le d\u00ednit agus le meas. N\u00e1r chaitheamar blianta fada sa t\u00edr seo ag tioms\u00fa pingneacha do na \u201cLeana\u00ed Gorma\u201d, ach nuair a d\u2019fh\u00e1s na Leana\u00ed c\u00e9anna sin suas, agus nuair a th\u00e1inig siad ag iarraidh bheith istigh a fh\u00e1il uainn, bhuel! ba sc\u00e9al eile ar fad \u00e9, ach diaidh ar ndiaidh, cuireadh ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn, nach raibh an dara rogha againn ach tearmann a thabhairt, nuair a bh\u00ed a leith\u00e9id dlite d\u00f3ibh, agus chomh maith le sin, d\u2019fh\u00e1ilt\u00edomar roimh oibrithe riachtanacha a sheol chugainn ina gcaise thr\u00e9an, d\u00f3chasach, do-stoptha, agus n\u00ed haon ionadh gur fh\u00e1ilt\u00edomar rompu, n\u00f3 chuid\u00edodar linn an T\u00edogar gortach, Ceilteach, s\u2019againne, a bheath\u00fa agus a ramhr\u00fa. Chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, ba ch\u00f3ir duinn f\u00e1ilte is fiche a fhearadh roimh na daoine d\u00e1ir\u00edreacha sin a thangann chugainn, ar th\u00f3ir tearmainn, n\u00f3 oibre, agus ba ch\u00f3ir go mbeadh muid s\u00e1sta freisin saor\u00e1ntacht \u00e1r dt\u00edre a bhronnadh orthu, d\u00e1 dtuillfeadh siad a leith\u00e9id. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Now, it wasn't just the \"Black Babies\" who came to our door, since as soon as the word spread that there was excellent work and jobs to be found there, people from different  ethnicities started raising their sails, to make their way to this country.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">F\u00e1ilte  roimh  Ch\u00e1ch&#8230;&#8230;&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bh\u00ed go maith, is n\u00ed raibh go holc, ach ar ball, tuigeadh d\u00fainn uilig, go raibh ceata\u00ed sa sc\u00e9al, n\u00f3 cuid de na daoine seo a sheol isteach chugainn, ag lorg bheith istigh a fh\u00e1il in\u00e1r measc, ba choirpigh d\u00e9anta a bh\u00ed iontu, agus ba ghearr go raibh s\u00e9 soil\u00e9ir don saol m\u00f3r, n\u00e1r le bheith ina manaigh a th\u00e1inig siad chugainne! N\u00edlim ag r\u00e1 anois, nach raibh \u00e1r m\u00f3rdh\u00f3thain coirpigh dh\u00fachasacha againn anseo cheana, n\u00f3 bh\u00ed, agus farrasbarr, ach cuid de na coirpigh a sheol isteach chugainn, ba den d\u00edogha iad, agus ba ghearr go raibh siad s\u00e1ite go dt\u00ed na cluasa, i nd\u00edol druga\u00ed, i ngoid agus i rob\u00e1il, i mug\u00e1il, i bhfuadach, agus i mar\u00fa fi\u00fa, agus tuilleadh coirpeachta, ar an dt\u00e9ad c\u00e9anna sin. Ach c\u00e9ard is f\u00e9idir linn a dh\u00e9anamh le coirpigh d\u00e1 leith\u00e9id a shrian\u00fa?  S\u00edlim nach bhfuil ach leigheas amh\u00e1in ar an sc\u00e9al sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Bata agus B\u00f3thar<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9n leigheas at\u00e1 agat, ar an olc sin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Leigheas amh\u00e1in, agus sin bata agus b\u00f3thar a thabhairt d\u00f3ibh amach as an t\u00edr seo ar\u00eds.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach nach bhfuil sin s\u00e1ch dian ar na cr\u00e9at\u00fair?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed d\u00f3igh liom go bhfuil, n\u00f3 th\u00e1inig siad chugainn ag iarraidh bheith istigh a fh\u00e1il, iad ag mao\u00edmh go raibh tearmann uathu, sin n\u00f3 gur theastaigh uathu c\u00f3na\u00ed agus saothr\u00fa in\u00e1r measc anseo, mar a dh\u00e9anfadh saor\u00e1naigh dh\u00edlse. Bhuel! t\u00e1 go maith, ach mura bhfuil siad s\u00e1sta cur lena bhfocal agus sin a dh\u00e9anamh, ansin n\u00edl saor\u00e1ntacht tuillte acu, n\u00f3 n\u00edl \u201cbheith istigh\u201d dlite d\u00f3ibh, ach oiread. Agus mar adeireadh an fear fad\u00f3, n\u00ed saoirse go saor\u00e1ntacht.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3, sea!  agus rud amh\u00e1in eile, n\u00edor ch\u00f3ir ligint d\u00f3ibh tiom\u00e1int ar \u00e1r mb\u00f3ithre gan teastas tiom\u00e1na oiri\u00fanach, inghlactha, a bheith ina seilbh acu, d\u00edreach cos\u00fail le saor\u00e1naigh na t\u00edre seo, sin agus \u00e1rachas cu\u00ed a bheith t\u00f3gtha amach ar a bhfeithicil acu. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Anois  n\u00f3  Riamh !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 \u201cmake up your mind time\u201d buailte linn. Caithfear beart cu\u00ed a dh\u00e9anamh anois, n\u00f3 mura nd\u00e9anfar, bheadh s\u00e9 chomh maith againn dul ag feada\u00edl feasta! n\u00f3 t\u00e1 an baol ann, go nd\u00e9anfadh na himircigh \u00e1irithe seo chuile iarracht ar thuilleadh mhodhanna coirpeachta a fhorbairt d\u00f3ibh fh\u00e9in anseo, agus d\u00e1 dtarl\u00f3dh a leith\u00e9id, t\u00e9adh saor\u00e1naigh na t\u00edre seo tigh an diabhail!  \u00d3, sea, agus bheadh cabhair chuige sin le f\u00e1il acu, \u00f3 bhu\u00edon liom leat d\u00e1r saor\u00e1naigh fh\u00e9in, bu\u00edon a bheadh r\u00e9idh, ullamh, dul amach ag l\u00e9irsi\u00fa leo agus ag \u00e9ileamh saoirse agus saor\u00e1ntacht d\u00e1r n-imircigh isteach. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, nach mb\u00edonn daoine d\u00e1 leith\u00e9id s\u00e1sta, na laethe seo, cead rialaithe a thabhairt d\u00e1r Rialtas tofa, daonlathach, fh\u00e9in, s\u00e9 sin, mura n-aonta\u00edonn siad lena dtuairim\u00ed fh\u00e9in!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, mh\u2019anam, seo uair na cinni\u00fana, n\u00f3 \u201cmake up your mind time\u201d d\u00fainn uilig, gan aon ag\u00f3.                                                                                                                                                                          &nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. . Saor\u00e1ntacht agus Saoirse Spar\u00e1n Teann Nuair a bh\u00ed mise ag f\u00e1s an\u00edos, thiar in Iorras na nIontas, i gContae Mhaigh Eo, ba bheag smaoineamh a bh\u00ed ag \u00e9inne a mhair an tr\u00e1th \u00fad, go bhfeicf\u00ed an l\u00e1 cho\u00edche, nuair a bheadh daoine ina dtuile ag d\u00e9anamh ar ch\u00f3sta\u00ed \u00e1r dt\u00edr\u00edn, ag iarraidh bheith [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13195","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13195","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13195"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13195\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13196,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13195\/revisions\/13196"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13195"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13195"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13195"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}