{"id":13257,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13257"},"modified":"2024-04-08T01:12:00","modified_gmt":"2024-04-08T01:12:00","slug":"sin-chugam-an-ghealach","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/sin-chugam-an-ghealach\/","title":{"rendered":"S\u00edn  chugam  an  Ghealach"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:24pt\">S\u00edn  chugam  an  Ghealach !<\/span><\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">B\u00f3ithr\u00edn na smaointe<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Minic, na laethe seo, a th\u00e9ann m\u2019aigne siar b\u00f3ithr\u00ed<\/span><span style=\"font-size:14pt\">n na smaointe, siar thar bhlianta fada mo r\u00e9, agus m\u00e9 ag iarraidh ciall eic\u00ednt a bhaint as an saol anr\u00f3iteach, anacair, an\u00e1sta, seo. Ar na ge\u00e1bhanna sin, siar thar laethe mo r\u00e9, is minic a chr\u00edochna\u00edm an turas agus m\u00e9 im ghas\u00fair\u00edn beag, \u00f3g, ag breathn\u00fa in airde ar aghaidh gheal na geala\u00ed gile. Chomh fada is a bhain s\u00e9 liomsa, n\u00ed raibh tada riamh ar an saol a bh\u00ed chomh halainn, inmhianaithe, leis an liathr\u00f3id soilseach \u00fad, a bh\u00ed ag spr\u00e9acharnaigh lei thuas ansin sa sp\u00e9ir r\u00e9alt\u00f3gach. Is cuimhin liom gur chuir<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> m\u00e9 na smaointe sin, chomh fada is a d\u2019fh\u00e9adfainn, in i\u00fal do m\u2019athair. \u201cFan ort anois,\u201d ar seisean, \u201cb\u00edodh foighid agat, agus ceann de na ho\u00edcheanta seo, nuair a bheidh an r\u00e9 sin beag\u00e1in\u00edn n\u00edos \u00edsle ar an sp\u00e9ir, gheobhaidh mise an seandr\u00e9imire, agus gabhfaidh m\u00e9 in airde, agus gheobhaidh m\u00e9 greim an an mboc sin, cuirfidh m\u00e9 isteach i m\u00e1la m\u00f3r an chapaill \u00ed, agus t\u00f3gfaidh m\u00e9 anuas liom \u00ed, agus bronnfaidh m\u00e9 ortsa \u00ed. Anois, c\u00e9ard deir t\u00fa?\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Bhuel, A Thiarcais! Bh\u00ed m\u00e9 chomh br\u00f3d\u00fail is d\u00e1 mbronnfadh s\u00e9 b\u00f3 orm, agus thug caint \u00fad mo Dhaid misneach agus s\u00e1samh domsa, go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. I nd\u00e1ir\u00edre, is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, gur ghealaigh a gheall\u00faint laethe dorcha mo bheatha dhom, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, n\u00f3 mh\u00fain s\u00e9 dom, go bhf\u00e9adf\u00e1 a chreidi\u00faint go raibh f\u00e1il ar ghile na gile fh\u00e9in, ach a bheith foighdeach, agus tabhairt faoi le creideamh agus le fonn.<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">T\u00edr  na  n\u00d3g<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Nuair a th\u00e1inig ann dom, blianta beaga ina dhiaidh sin, th\u00e1inig m\u00e9 ar an dtuairim, go raibh difir mh\u00f3r idir Th\u00edr na n\u00d3g agus a raibh ar f\u00e1il i nGleann seo na nDeor, ach ag an am gc\u00e9anna, tuigeadh dom, gur ch\u00f3ir d\u00fainn dul ar th\u00f3ir na foirfeachta i gc\u00f3na\u00ed, b\u00edodh nach sroichfeadh muid leibh\u00e9al \u00dat\u00f3ipeach riamh. Agus, b\u00edodh nach bhfuil f\u00e1il ar an bhfoirfeacht i gc\u00f3na\u00ed, is f\u00e9idir linn, rud eic\u00ednt at\u00e1 an-ghar d\u00f3 a thabhairt i gcr\u00edch ar an saol seo, ach a chreidi\u00faint go raibh s\u00e9 infhaighte, agus chuile dh\u00edcheall a<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> dh\u00e9anamh dul sa t\u00f3ir orthu.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach n\u00ed chuige sin uilig go l\u00e9ir at\u00e1 m\u00e9, an babhta seo, ach chuige seo&#8230;..<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Anois, b\u00edodh gur chreid m\u00e9 sna f\u00e9idireachta\u00ed sin uilig, agus d\u00e9arfainn gur chreid roinnt mhaith de na daoine thart orm sa leagan amach c\u00e9anna sin, n\u00e1rbh asainn a baineadh an mealladh, nuair a fuaireamar amach, nach mar sin a tharla\u00edodh sa tsaol cam, casta, c\u00e9asta, a bh\u00ed thart orainn. <\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Geall\u00faint\u00ed  Polait\u00edochta!<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Breathnaigh ar ch\u00farsa\u00ed polait\u00edochta, i dtosach. Nuair a bh\u00ed mise \u00f3g, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur chreid m\u00e9 chuile fhocal \u00f3n lucht polait\u00edochta! D\u00faradarsan linn, go gcruth\u00f3dh siad saol an mhadaidh bh\u00e1in d\u00fainn ach \u00e1r v\u00f3ta\u00ed a bhronnadh orthu, l\u00e1 an toghch\u00e1in. D\u00e1 nd\u00e9anfadh muid amhlaidh, chuirfeadh siadsan \u00dat\u00f3ipe ar thalamh ar f\u00e1il d\u00fainn. Bheadh obair le f\u00e1il ag chuile shaor\u00e1nach, bheadh aras in <\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u00e1irithe do chuile chlann, bheadh scola\u00edocht den scoth le f\u00e1il, saor in aisce, ag chuile mhac m\u00e1thar, agus in\u00edon athar, sa t\u00edr. N\u00ed g\u00e1 dhom cur s\u00edos ar na h\u00e1iseanna eile a chuirf\u00ed ar f\u00e1il d\u00fainn, ach bheadh c\u00farsa\u00ed leighis, c\u00farsa\u00ed taistil, c\u00farsa\u00ed l\u00e9inn, agus chuile chineal c\u00farsa\u00ed eile, ar f\u00e1il, d\u2019\u00f3g agus d\u2019aosta, sa Phoblacht a bheadh againn, d\u00e1 mbronnfaim\u00eds an chumhacht chuige sin orthusan. Sea, agus bheadh deireadh go deo le bochtaineacht, le hanr\u00f3, le cruatan, agus le gorta.<\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Tuar agus Tairngreacht<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Agus ar th\u00e1inig an tuar faoin dtairngreacht, tr\u00e1th fuair siad na v\u00f3ta\u00ed<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> agus an chumhacht? <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ag magadh f\u00fam at\u00e1 t\u00fa! N\u00f3 in \u00e1it d\u00f3ibh \u00dat\u00f3ipe a chur ar f\u00e1il d\u00fainn, is amhlaidh a chuaigh c\u00farsa\u00ed in olcas, \u00f3 bhliain go bliain. Sea, d\u00e1 mh\u00e9ad a gheall siad, is ea ba l\u00fa a dh\u00e1il siad! N\u00f3 b\u2019in mar a samhla\u00edodh d\u00fainne \u00e9, ach go h\u00e1irithe.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">D\u2019fh\u00e9adf\u00e1 breathn\u00fa freisin ar ch\u00farsa\u00ed l\u00e9inn agus ar ch\u00farsa\u00ed sl\u00e1inte, agus thuigfe\u00e1 gurb \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna sna c\u00farsa\u00ed sin \u00e9. Gealladh don duine \u00f3g go mbeadh saol an mhadaidh bh\u00e1in aige ach lu\u00ed isteach ar na leabhair, agus staid\u00e9ar dian a dh\u00e9anamh, le linn a \u00f3ige. Seaf\u00f3id ar\u00eds! N\u00f3 is d\u00f3cha nach bhfuil f\u00e1il ar shaol an mhadaidh ch\u00e9anna sin ar an saol anr\u00f3iteach, anacair seo, n\u00f3 m\u00e1 t\u00e1, caithfear dul tr\u00ed chruatan agus tr\u00ed hanr\u00f3 lena bhaint amach. Agus ag caint ar ch\u00farsa\u00ed sl\u00e1inte, nach minic a ghealltar don duin<\/span><span style=\"font-size:14pt\">e \u00f3g go mbeadh chuile sh\u00f3rt ar a dheis aige, ach an bheatha cheart a ithe, na deochanna sl\u00e1inti\u00fala \u00fad a \u00f3l, agus fanacht glan amach \u00f3 ph\u00f3it is \u00f3 chraos. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Geall\u00faint\u00ed n\u00e1r fiora\u00edodh<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Bhuel! N\u00ed i gc\u00f3na\u00ed a fh\u00edora\u00edtear na geall\u00faint\u00ed c\u00e9anna sin, ach oiread, n\u00f3 nach bhfaightear an tseanduine, anseo is ansi\u00fad, a dhearbha\u00edonn, gurbh iad an tobac agus an bhiot\u00e1ille a choinnigh sa tsi\u00fal \u00e9, tr\u00ed bhlianta fada a r\u00e9.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Sea, mh\u2019anam! Ar deireadh thiar, cuireadh ina lu\u00ed orm fh\u00e9in, go raibh cos\u00falachta\u00ed idir an ghealach agus an dr\u00e9imire \u00fad, ar dhein mo Dhaid tagairt d\u00f3ibh agus mise i mo ghas\u00far, agus c\u00farsa\u00ed an tsaoil seo. Mar nuair is c\u00farsa\u00ed an tsaoil seo, agus c\u00farsa\u00ed daonna, at\u00e1 idir cham\u00e1in againn, caithfimid glacadh leis, go bhfuil difir mh\u00f3r idir an rud at\u00e1 inmhianaithe, agus an rud a bhfuil f\u00e1il air, le linn \u00e1r r\u00e9 abhus. Soils\u00edonn \u00dat\u00f3ipe an cas\u00e1n d\u00fainn, agus spreagann s\u00e9 sinn i dtreo na foirfeachta daonna, ach, i nd\u00e1ir\u00edr<\/span><span style=\"font-size:14pt\">e p\u00edre, n\u00ed \u00e9ireoidh linn an st\u00e1das sin a r\u00e9aladh, fad is beo sinn. N\u00ed bhfuair m\u00e9 fh\u00e9in greim riamh ar an ngealach gheal soilseach \u00fad, ach sh\u00e1saigh an smaoineamh agus a fh\u00e9idireacht m\u00e9, le linn laethe duairce, dorcha, mo bheatha. Mar sin, n\u00e1 cuireadh s\u00e9 aon lagmhisneach orainn f\u00e1il amach nach bhfuil an \u00dat\u00f3ipe \u00fad inshroichte, ar an saol seo, ach ag an am gc\u00e9anna, n\u00e1r ch\u00f3ir go spreagfadh an choincheap ch\u00e9anna sinn teacht chomh c\u00f3ngarach agus is f\u00e9idir linn, don \u00dat\u00f3ipe ar thalamh \u00fad, a mheall, agus a sh\u00e1saigh s<\/span><span style=\"font-size:14pt\">inn, go h\u00e1irithe le linn laethe neamha\u00ed na h\u00f3ige.. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>S\u00edn chugam an Ghealach ! Peadar Bair\u00e9ad . B\u00f3ithr\u00edn na smaointe Minic, na laethe seo, a th\u00e9ann m\u2019aigne siar b\u00f3ithr\u00edn na smaointe, siar thar bhlianta fada mo r\u00e9, agus m\u00e9 ag iarraidh ciall eic\u00ednt a bhaint as an saol anr\u00f3iteach, anacair, an\u00e1sta, seo. Ar na ge\u00e1bhanna sin, siar thar laethe mo r\u00e9, is minic a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13257","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13257","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13257"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13257\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13258,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13257\/revisions\/13258"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13257"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13257"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13257"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}