{"id":13261,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13261"},"modified":"2024-04-08T01:07:19","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:19","slug":"sin-iad-mo-chosa-sa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/sin-iad-mo-chosa-sa\/","title":{"rendered":"Sin iad mo chosa-sa."},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:16pt\">Halfway  Home<\/span><\/h1><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:16pt\">by<\/span><\/h1><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:16pt\">Ronan Tynan<\/span><\/h1><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad <\/h1><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">\u201cSin iad mo chosa-sa\u201d<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar na mallaibh, th\u00e1inig m\u00e9 ar Eagr\u00e1n Bantam, dhe leabhar nach raibh l\u00e9ite agam cheana, leabhar, b\u2019fh\u00e9idir, a l\u00e9igh t\u00fa fh\u00e9in, n\u00f3 cuireadh an t-eagr\u00e1n thuasluaite i gcl\u00f3 sa bhliain 2003, ach leabhar freisin, a chuir siar b\u00f3ithr\u00edn na smaointe m\u00e9 fh\u00e9in, \u201cbig time\u201d, mar adeir Gaeilgeoir\u00ed an lae inniu, go minic! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cC\u00e9n leabhar at\u00e1 i gceist agam, an ea?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cHalfway Home\u201d an teideal at\u00e1 air, agus ba \u00e9 Ronan Tynan s\u2019againne a scr\u00edobh an d\u00edrbheathaisn\u00e9is chorraitheach, ghreamaitheach, sp\u00e9isi\u00fail seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus ar mhiste a fhiafra\u00ed d\u00edot, an raibh aithne ar bith agat fh\u00e9in ar scr\u00edbhneoir an leabhair seo?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00edor mhiste, in aon chor, n\u00f3 n\u00edl uaim, ach an lide is l\u00fa, le m\u00e9 a chur ag scr\u00edobh faoin bhfear \u00f3g iontach seo.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00e1 habair go raibh s\u00e9 mar dhalta agat, am eic\u00ednt, faoi mar adeir t\u00fa faoi roinnt mhaith daoine c\u00e1ili\u00fala eile, daoine ar n\u00f3s Diarmaid Martin, Ardeaspag \u00c1tha Cliath, Martin Drennan, Easpag na Gaillimhe, agus fi\u00fa ion\u00e1naithe c\u00e1ili\u00fala ar n\u00f3s  D. J. Carey fh\u00e9in?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSin \u00e9 d\u00edreach at\u00e1 \u00e1 mhaoimh agam, san alt seo, n\u00f3 bh\u00ed Ronan Tynan mar dhalta agam, am eic\u00ednt i l\u00e1r sheacht\u00f3id\u00ed na haoise seo caite.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus an cuimhin leat anois \u00e9 a bheith i l\u00e1thair id\u2019 rang, agus m\u00e1 sea, cad iad na cuimhn\u00ed at\u00e1 agat anois faoi na laethe \u00fad, fad\u00f3!\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cFad\u00f3! adeir t\u00fa. Feictear domsa nach bhfuil s\u00e9 chomh fada sin \u00f3 shoin ar fad anois, ach is d\u00f3cha go gcaithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go bhfuil breis is triocha bliain imithe tr\u00ed mhuileann an ama san idirlinn!  Ach, le filleadh ar na cuimhn\u00ed \u00fad, bhuel, is maith is cuimhin liom an gas\u00far beoga, br\u00edomhar, beo-sh\u00faileach, sin a bheith ina shu\u00ed im rang, agus is cuimhin liom l\u00e1 amh\u00e1in, nuair a th\u00e1inig m\u00e9 isteach doras an tseomra sin, go raibh c\u00e1s, measardha m\u00f3r, f\u00e1gtha taobh istigh de dhoras \u00e1r Halla R\u00e9amhdh\u00e9anta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u2018C\u00e9 leis an c\u00e1s seo?\u2019 arsa mise<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u2018Is liomsa \u00e9,\u2019 arsa\u2019n gas\u00far beo-sh\u00faileach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u2018Agus c\u00e9ard t\u00e1 ann?\u2019 arsa m\u00e9 fh\u00e9in, agus a fhios agam go raibh m\u00e9 ceaptha i ngaiste an ghas\u00fair bheo-sh\u00failigh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u2018Them\u2019s me legs, Sir,\u2019 ar seisean, agus cine\u00e1l straoise air, agus ar a chomhdhalta\u00ed chomh maith, n\u00f3 thuig siad go raibh m\u00e9 s\u00e1innithe ag mo R\u00f3n\u00e1n, agus go mbeadh orm ansin tamall a chaitheamh ag \u00e9isteacht le sc\u00e9al na gcos br\u00e9ige breise \u00fad, a bh\u00ed st\u00f3r\u00e1ilte aige sa ch\u00e1s c\u00e9anna sin. Caithfidh m\u00e9 admh\u00e1il anseo, n\u00e1rbh \u00e9 sin an ch\u00e9ad uair ag mo dhalta\u00ed gaiste d\u00e1 leith\u00e9id a fheisti\u00fa dom, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il freisin, gur mhinic a lig m\u00e9 d\u00f3ibh breith orm ina ngaist\u00ed neamhurch\u00f3ideacha!  Sin anois agat an ch\u00e9ad chuimhne a ritheann liom nuair a smaoin\u00edm ar Ronan Tynan, n\u00f3 ba ghas\u00far deas, cine\u00e1lta, l\u00e1ch, cuideacht\u00fail \u00e9, an Ronan c\u00e9anna sin, chomh fada is a bhain s\u00e9 liomsa, ar aon n\u00f3s\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch b\u2019fh\u00e9idir gur mhaith leat rud eic\u00ednt a r\u00e1 linn faoi leabhar R\u00f3n\u00e1in, \u00f3 tharla gur air a  tharraing t\u00fa an sc\u00e9al.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 leat i dtosach, go l\u00e9ifinn fh\u00e9in an leabhar seo, \u00f3 chl\u00fadach go cl\u00fadach, cuma c\u00e9 acu olc, maith, n\u00f3 measardha \u00e9, ach m\u2019fhocal daoibh, gurbh fhi\u00fa go maith an tairbhe an triobl\u00f3id, n\u00f3 s\u00e1r-leabhar, amach is amuigh, at\u00e1 curtha le ch\u00e9ile anseo ag an \u00fadar neamhghn\u00e1ch seo. Sa nd\u00edrbheathaisn\u00e9is seo, cuireann an t-\u00fadar s\u00edos ar na deacrachta\u00ed uilig a sh\u00e1raigh s\u00e9, agus na buanna a bhain s\u00e9 i ngach ar thug s\u00e9 faoi a dh\u00e9anamh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba leath-ch\u00fapla \u00e9 Ronan, b\u00edodh n\u00e1r mhair a dhearth\u00e1ir an bhliain fh\u00e9in sul ar cailleadh \u00e9. Ach bh\u00ed ceata\u00ed eile sa sc\u00e9al freisin, n\u00f3 tugadh faoi deara, go raibh m\u00ednorm\u00e1ltacht ag baint le cosa R\u00f3n\u00e1in, rud a d\u2019fh\u00e1gfadh, d\u00e1r leis na saineolaithe, nach mbeadh si\u00fal n\u00f3 rith aige, faoi mar a bheadh ag an ngn\u00e1thghas\u00far, ach ba \u00e9 ad\u00fairt s\u00e9ipl\u00edneach san ospid\u00e9al, agus \u00e9 ag iarraidh s\u00f3l\u00e1s a thabhairt don mh\u00e1thair, i ndiaidh na beirthe, i mBealtaine na bliana ud 1960&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cThat little fellow will make you very proud, and do you know, with lungs like those he will surely sing.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus seo mar a deir Ronan \u00e9 fh\u00e9in, faoin r\u00e1iteas sin, ina dh\u00edrbheathaisn\u00e9is&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cLittle did either realise how that prophecy would be borne out\u201d  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl dabht ar domhan ach gurbh \u00e9 a mhuintir fh\u00e9in a bhroslaigh agus a mhisnigh an gas\u00far \u00f3g seo. Agus ba ghearr gur tuigeadh do chuile dhuine thart air, nach s\u00e1s\u00f3dh tada \u00e9 ach go n-\u00e9ireodh leis a chonstaic\u00ed uilig a sh\u00e1r\u00fa. N\u00edl le d\u00e9anamh agat ach an leabhar seo a l\u00e9amh, le f\u00e1il amach, n\u00e1r mha\u00edomh gan \u00fadar a bh\u00ed ar si\u00fal aige. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00e9 an gad ba ghiorra don scornach a theastaigh  uaidh a scaoileadh i dtosaach, agus d\u00e1 bharr sin, rinne s\u00e9 chuile iarracht ar a dheacrachta\u00ed fisici\u00fala uilig a sh\u00e1r\u00fa, agus t\u00e1\u2019s ag an l\u00e1 fh\u00e9in n\u00e1r shaothar in aisce a bh\u00ed ina chuid iarrachta\u00ed sa chusp\u00f3ir ch\u00e9anna sin. Cuireadh scola\u00edocht air faoi mar a cuireadh ar chuile dhuine eile. Cuireadh go Col\u00e1iste De La Salle \u00e9, ina scol\u00e1ire c\u00f3naithe, go leibh\u00e9al na Me\u00e1nteistim\u00e9ireachta, agus ansin in aois a ch\u00faig bliana d\u00e9ag, th\u00e1inig s\u00e9 isteach chugainne i gCol\u00e1iste Chiar\u00e1in. Ach t\u00e1 chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al, go raibh \u00e1bhair eile, ar n\u00f3s a sp\u00e9is sna capaill, ag teacht idir \u00e9 fh\u00e9in agus a chuid staid\u00e9ir, agus ba \u00e9 cr\u00edoch a bh\u00ed ar an sc\u00e9al n\u00f3 go ndeachaigh s\u00e9 thar nais go Col\u00e1iste De La Salle, le c\u00farsa na hArdteistim\u00e9ireachta a chr\u00edochnu ansin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00e9 an ch\u00e9ad rud eile a chuir s\u00e9 roimhe n\u00f3 c\u00e1il\u00edocht a bhaint amach d\u00f3 fh\u00e9in. Thug s\u00e9 an Ardchathair, agus an Ollscoil, air fh\u00e9in, agus s\u00fail aige c\u00e9im a bhaint amach san Eola\u00edocht. Bh\u00ed go maith, ach i rith na bliana sin, ar chomhairle a lianna agus a dhocht\u00fair\u00ed, deineadh a chosa a theascadh, faoina ghl\u00fana, agus tar \u00e9is d\u00f3 tamall fada a chaitheamh ag teacht chuige fh\u00e9in ar\u00eds, chuaigh s\u00e9 ar ais ar\u00eds chun na hOllscoile, agus d\u2019\u00e9irigh leis sna scr\u00faduithe dheireadh-bliana.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An ch\u00e9ad bhliain eile, d\u2019athraigh s\u00e9 c\u00farsa, agus chuaigh s\u00e9 ar scol\u00e1ireacht, go dt\u00ed \u201cThe National College of Physical Education\u201d ar bhruacha na Sionna, i ngar do chathair Luimn\u00ed. Luigh s\u00e9 isteach ar na c\u00farsa\u00ed a bh\u00ed le d\u00e9anamh aige sa Chol\u00e1iste sin, agus b\u00edodh go bhfuil le tuiscint uaidh, n\u00e1r thaitin an Col\u00e1iste, go huile is go hioml\u00e1n, leis, ag an am gc\u00e9anna, lean s\u00e9 air go dt\u00ed gur \u00e9irigh leis a dhinti\u00fair\u00ed a bhaint amach ansin. Ba mh\u00f3r an chabhair d\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, na c\u00farsa\u00ed c\u00e9anna sin, n\u00f3 chabhraigh siad leis sp\u00f3rt, agus acla\u00edocht de chuile shaghas, a chleachtadh le linn d\u00f3 bheith ansin i Thomond College. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">In \u00e1it dul i mbun a cheirde mar mh\u00fainteoir sna h\u00e1bhair a d\u2019fhoghlaim s\u00e9, is amhlaidh a thug s\u00e9 an Ollscoil air fh\u00e9in ar\u00eds, le C\u00e9im Leighis a bhaint amach, rud a rinne, agus tar \u00e9is d\u00f3 tamall a chaitheamh ag obair in Ospid\u00e9al na M\u00ed, tuigeadh d\u00f3 go raibh gort eile ag glaoch air, gort a bh\u00ed ag glaoch air leis na blianta fada, ach glaoch nach ndeachaigh i gcionn i gceart air, go dt\u00ed anois.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cC\u00e9n gort at\u00e1 i gceist agat ansin?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Gort an cheoil. Cad eile?  Bh\u00ed fonn ceoil air \u00f3 th\u00fas, agus ba mhinic \u00e9 fh\u00e9in agus a Dhaid ag canadh, amuigh i dteach na mb\u00f3, fi\u00fa. Chuir s\u00e9 isteach ar chom\u00f3rtais\u00ed \u00e1irithe, agus d\u2019\u00e9irigh leis an chraobh a sciobadh i roinnt mhaith acu, sa tsl\u00ed gur ghearr go raibh ainm in airde air, mar chant\u00f3ir idirn\u00e1isi\u00fanta. Mhol na Docht\u00fair\u00ed Comhairleacha, a raibh aithne acu air, a aghaidh a thabhairt ar an ngort nua sin. N\u00ed toisc nach raibh cumas docht\u00faireachta ann, n\u00f3 bh\u00ed, ach toisc go raibh cumas iontach amhr\u00e1na\u00edochta ann, agus go raibh bua an cheoil de dhl\u00fath agus d\u2019inneach ann, agus mura n\u2019\u00e9ireodh leis sa bhfiontar sin, go bhf\u00e9adfadh s\u00e9 filleadh ar an ndocht\u00faireacht, amach anseo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ghlac Ronan lena gcomhairle, agus le cabhair airgeadais uathu, agus \u00f3na gcairde, chuaigh i mbun oibre ar\u00eds, le m\u00e1istreacht a fh\u00e1il ar amhr\u00e1na\u00edocht, agus n\u00ed g\u00e1 dhom dul n\u00edos fuide leis an sc\u00e9al, n\u00f3 mar adeir lucht iriseoireachta&#8230;.The rest is History&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faoin am seo, t\u00e1 Ronan thart ar cheithre bliana is dh\u00e1 sc\u00f3r agus is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, go bhfuil s\u00e9 anois ar dhuine de na daoine m\u00edchumasacha is c\u00e1ili\u00fala ar domhan, n\u00f3 t\u00e1 l\u00e9irithe aige, go bhfuil ar chumas an daonna\u00ed, constaic\u00ed n\u00e1d\u00fartha d\u00e1 leith\u00e9id a sh\u00e1r\u00fa, agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach go bhfuil ar a chumas dul i gcom\u00f3rtas leis an saol m\u00f3r amuigh. Agus mar bhuille scoir, n\u00ed doigh liom gur ch\u00f3ir dom cr\u00edoch a chur leis an bp\u00edosa seo, gan tagairt a dh\u00e9anamh d\u00e1 Chreideamh, n\u00f3 is rud a shoils\u00edonn tr\u00edd a sc\u00e9al ar fad, \u00f3 th\u00fas deireadh. Tugann muid faoi deara, gur mhinic a thug s\u00e9 aghaidh ar an bhFear thuas, tr\u00e1th raibh s\u00e9 i gcruach\u00e1s, agus chomh maith le sin, gur fhill se air le buiochas a ghabhail leis i ndiaidh do an chraobh a bhaint. Is docha nach ga dom tagairt a dheanamh anseo don ocht mbonn oir deag a bhuaigh se sna Paralimpeacha, no don cheithre Chraobh Domhanda deag a ghnothaigh se sna Cluichi ceanna sin. no ni ga ach oiread tagairt a dheanamh do na Coirn no do na Comortaisi a bhuaigh se lena chuid amhranaiochta o cheann ceann an domhain. Sea, mh\u2019anam, ta Ronan molta agus mise i mo thost.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An-leabhar, an-leamh, e corraitheach, comharsanuil, cuideachtuil, carthannach. B\u2019fhiu go maith do dhuine ar bith e a leamh. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Halfway Home by Ronan Tynan . Peadar Bair\u00e9ad \u201cSin iad mo chosa-sa\u201d Ar na mallaibh, th\u00e1inig m\u00e9 ar Eagr\u00e1n Bantam, dhe leabhar nach raibh l\u00e9ite agam cheana, leabhar, b\u2019fh\u00e9idir, a l\u00e9igh t\u00fa fh\u00e9in, n\u00f3 cuireadh an t-eagr\u00e1n thuasluaite i gcl\u00f3 sa bhliain 2003, ach leabhar freisin, a chuir siar b\u00f3ithr\u00edn na smaointe m\u00e9 fh\u00e9in, \u201cbig [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13261","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13261","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13261"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13261\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13262,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13261\/revisions\/13262"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13261"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13261"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13261"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}