{"id":13317,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13317"},"modified":"2024-04-08T01:05:45","modified_gmt":"2024-04-08T01:05:45","slug":"t-i-t-h-e-m-o-r-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/t-i-t-h-e-m-o-r-a\/","title":{"rendered":"T i t h e    M \u00f3 r a"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">T i t h e    M \u00f3 r a    a g u s    T i t h e    B e a g a .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">**************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>T h e    S t o r y    o f    L u c y    G a u l t &#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.f o i l s i t h e&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;2002.<\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>l e<\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>W i l l i a m   T r e v o r&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.\u00a316.99  S a s a n a c h .<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">************************************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed inn\u00e9 n\u00e1 inniu a thosaigh William Trevor ag scr\u00edobh, n\u00f3 t\u00e1 ualach asail d\u2019\u00farsc\u00e9alta agus de ghearrsc\u00e9alta curthe de aige, cheana f\u00e9in, sea, agus cl\u00fa agus c\u00e1il bainte amach aige d\u00f3 fh\u00e9in, i ndomhan an Bh\u00e9arla, ach go h\u00e1irithe.  Bhuaigh roinnt d\u00e1 \u00farsc\u00e9alta duaiseanna gradamacha freisin d\u00f3, agus i measc na nduaiseanna a bhuaigh se, bh\u00ed an <strong>Whitbread Book of the Year, <\/strong>a bhuaigh s\u00e9 leis an leabhar.. \u201c<strong>Felicia\u2019s Journey\u201d<\/strong>, <strong>The Macmillan Silver Pen Award <\/strong>agus<strong> \u201cthe Irish Times Literature Prize,<\/strong> le \u201cThe Hill Bachelors\u201d, agus ghn\u00f3thaigh \u201cThe Children of Dynmouth\u201d, agus \u201cFools of Fortune\u201d<strong>,<\/strong> <strong>the Whitbread Fiction Award,<\/strong> agus n\u00edl sa mh\u00e9id sin ach cuid de na duaiseanna a ghn\u00f3thaigh s\u00e9.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I mBaile Mhist\u00e9ala, i gContae Chorca\u00ed, is ea a rugadh an t-\u00fadar ild\u00e1nach seo, sa bhliain 1928, rud a fh\u00e1gann go bhfuil bunaois mhaith aige anois, ach n\u00ed bac ar bith ar a scil, n\u00f3 ar a chumas, me\u00e1chan na mblianta sin, ach is amhlaidh gur m\u00f3 go m\u00f3r mo sp\u00e9is fh\u00e9in ina shaothar, an aois ch\u00e9anna sin.  Fuair s\u00e9 a chuid scola\u00edochta anseo in \u00c9irinn, mar ar fhreastal s\u00e9 ar scoileanna tuaithe roimh dhul suas go Col\u00e1iste na Tr\u00edon\u00f3ide d\u00f3, le sm\u00e9ar mhullaigh a chur ar a chuid oideachais.  Faoi l\u00e1thair, t\u00e1 c\u00f3na\u00ed ar an \u00fadar seo i Devon Shasana.  Bronnadh CBE on\u00f3rach air, sa bhliain 1977, as a raibh d\u00e9anta aige i ngort na litr\u00edochta, agus ar\u00eds, sa bhliain 1999, bronnadh Duais ghradamach Litr\u00edochta Breatna\u00ed David Cohen air, i ngeall ar a raibh d\u00e9anta aige ar son na litr\u00edochta, ar feadh a shaoil.  Uaidh sin go l\u00e9ir, is f\u00e9idir glacadh leis, go bhfuil a ch\u00e1il tuillte go maith an an \u00fadar ild\u00e1nach \u00c9ireannach seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faoi mar a bheife\u00e1 ag s\u00fail, is \u00ed <strong>Lucy Gault<\/strong> an pr\u00edomhcharachtar sa sc\u00e9al seo, a suitear faoin dtuath, i gContae Chorca\u00ed, thart ar an mbliain 1921. N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh c\u00farsa\u00ed s\u00f3isialta agus polait\u00edochta ina gc\u00edor thuathail, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre, ag an am, agus n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, ach oiread, go raibh c\u00farsa\u00ed an-mh\u00edshocair an tr\u00e1th \u00fad.  Bh\u00ed an Caipt\u00edn Gault ina ch\u00f3na\u00ed i dTeach M\u00f3r, <strong>\u2018Lahardane\u2019<\/strong>, \u00e9 fh\u00e9in is a bhean is a n-in\u00edon, Lucy.  N\u00ed raibh saol r\u00f3-shocair ag lucht na dTithe M\u00f3ra c\u00e9anna, ag an am, agus cheana f\u00e9in, bh\u00ed roinnt \u00e1irithe d\u00edobh ruaigthe amach as an t\u00edr ag an gcosmhuintir.  Roinnt eile, ghlan siad leo, nuair a tuigeadh d\u00f3ibh, go raibh an cluiche i nd\u00e1il a bheith caillte.  Cheana f\u00e9in, bh\u00ed na Morells glanta leo as <strong>Clashmore<\/strong>, thr\u00e9ig na Gouvernets <strong>Aglish<\/strong>, scuab na Priors leo as <strong>Ringville<\/strong>, agus bh\u00ed na Swifts agus na Boyces imithe freisin, \u00f3na dTithe agus \u00f3na bhfeirmeacha si\u00fad.  Mar sin, is d\u00f3cha go mbeadh s\u00e9 \u00e9asca go maith an ruaig a chur ar na Gaults freisin.  N\u00ed raibh orthu fanacht r\u00f3-fhada, n\u00f3 tharla eachtra i dt\u00fas an sc\u00e9il leis an sop a sh\u00e9ideadh.  F\u00e9ach mar a chuireann an t-\u00fadar fh\u00e9in \u00e9&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cCaptain Everard Gault wounded the boy in the right shoulder on the night of June the twenty first, nineteen twenty one.  Aiming above the trespassers\u2019 heads in the darkness, he fired the single shot from an upstairs window and then watched the three figures scuttling off,  the wounded one assisted by his companions.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl s\u00e9 de n\u00f3s ag an scr\u00edbhneoir seo bheith ag \u00fatam\u00e1il thart, go leadr\u00e1nach, agus \u00e9 ag iarraidh an ceann a bhaint de sc\u00e9al.  T\u00e9ann s\u00e9 isteach go cro\u00ed an \u00e1bhair, l\u00e1ithreach bonn. Sa ch\u00e9ad abairt sin, nach iontach go deo an m\u00e9id eolais a tugann s\u00e9 d\u00fainn faoin sc\u00e9al fh\u00e9in, agus faoina ch\u00falra freisin, agus sin uilig i mbeag\u00e1n focal. Sea, b\u2019in an tr\u00e1th i stair na t\u00edre seo, nuair a th\u00e1inig fonn nimhneach ar an gcosmhuintir deireadh go deo a chur leis na Tithe M\u00f3ra, ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile.  Sa chuid \u00e1irithe den t\u00edr at\u00e1 i gceist sa sc\u00e9al seo, s\u00e9 sin, in Oirdheisceart Chorca\u00ed, shocraigh roinnt \u00f3g\u00e1nach, as na tithe beaga sa timpeall, ar an mbeart a dh\u00e9anamh iad fh\u00e9in, tar \u00e9is do dhuine f\u00e1sta, duine a gorta\u00edodh ar son na c\u00faise, an nod a thabhairt d\u00f3ibh, agus tar \u00e9is d\u00f3 freisin, modh oibre \u00e1irithe a mholadh d\u00f3ibh.  Bhuel, ar an gc\u00e9ad iarracht, n\u00edor \u00e9irigh leo tada a dh\u00e9anamh, n\u00f3 chuir na madra\u00ed caorach an ruaig orthu, sula raibh deis acu aon dochar a dh\u00e9anamh, ach m\u00e1 dhein fh\u00e9in, bh\u00ed na madra\u00ed c\u00e9anna sin s\u00ednte marbh taobh istigh de sheachtain, tar \u00e9is do na gas\u00fair na madra\u00ed bochta a nimhi\u00fa. Bheartaigh siad ansin filleadh o\u00edche eile, leis na ngn\u00f3 a chr\u00edochn\u00fa, ach ba leor gaoth an fhocail don gCaipt\u00edn Gault, agus nuair a th\u00e1inig na gas\u00fair leis an mbeart a chr\u00edochn\u00fa, bh\u00ed seisean reidh, ullamh, d\u00f3ibh, agus s\u00e1ra raibh an deis acu aon r\u00f3-dhochar a dh\u00e9anamh don Teach M\u00f3r, do Lahardane, scaoil s\u00e9 an pil\u00e9ar sin os a gcionn san aer, faoi mar a cheap s\u00e9, ach ar an droch uair, in \u00e1it dul os a gcionn in airde, is amhlaidh a bhuail an pil\u00e9ar fear de na gas\u00fair sa ghualainn.  N\u00edor mharaigh s\u00e9 \u00e9, n\u00f3 tada mar sin, mar is amhlaidh a d\u2019fh\u00e1g s\u00e9 an \u00e1it de shi\u00fal na gcos, b\u00edodh go raibh cabhair \u00f3na chomr\u00e1daithe ag teast\u00e1il uaidh, lena choinne\u00e1il ar a chosa. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> C\u00e9 go raibh s\u00e9 i dteangmh\u00e1il leis an S\u00e1irsint, i ndiaidh d\u00f3ibh na madra\u00ed a nimhi\u00fa, n\u00ed raibh ar a chumas-san tada a dh\u00e9anamh leis an dTeach M\u00f3r a chosaint d\u00f3, n\u00f3 bh\u00ed br\u00fa uaf\u00e1sach ar na p\u00f3il\u00edn\u00ed, ag an am, agus bh\u00ed Tithe M\u00f3ra eile i mbaol freisin.  Scr\u00edobh an Caipt\u00edn chuig an Sagart Par\u00e1iste, ag iarraidh air a leithsc\u00e9al a ghabh\u00e1il le muintir an ghas\u00fair a gorta\u00edodh, ach, n\u00ed bhfuair s\u00e9 m\u00f3r\u00e1n s\u00e1saimh \u00f3n Athair Morrissey, ach oiread&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Father Morrissey wrote back. <em>He was always the wild one in that family.  <\/em>He concluded his comments on the event, but there was an awkwardness about his letter, about the choice of phrases and of words, as if he found it difficult to comment on what had occurred, as if he didn\u2019t understand that neither death nor injury was intended.  He had passed the message on, he wrote, but no acknowledgement had come back from the family he referred to.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha gur chuir sin uilig ionadh n\u00e1r bheag ar an gCaipt\u00edn, saigdhi\u00far ar gorta\u00edodh \u00e9 fh\u00e9in, le linn an chogaidh, gort\u00fa a chuir cr\u00edoch lena dhul chun cinn san arm, ach m\u00e1 sea, n\u00edor dhuine m\u00edsh\u00e1sta \u00e9, n\u00f3 nach raibh bean, Heloise, agus in\u00edon, Lucy, aige, agus n\u00e1r bhre\u00e1 an saol a bh\u00ed acu uilig ansin sa Teach M\u00f3r, i Lahardane.  De r\u00e9ir mar a chuaigh caitheamh san aimsir \u00e1fach, agus de r\u00e9ir mar a chuir s\u00e9 chuile sh\u00f3rt san \u00e1ireamh, tuigeadh d\u00f3, i ndeireadh na d\u00e1la, gurbh \u00e9 an beart ba chr\u00edonna d\u00f3, n\u00e1 Lahardane, agus a thailte ansin, a thr\u00e9igint, an t\u00edr a fh\u00e1g\u00e1il, agus aghaidh a thabhairt ar Shasana, n\u00f3 d\u00e1 fhaid a fhanfadh s\u00e9 abhus, ba ea ba mh\u00f3 an baol a bheadh ann, go nd\u00e9anfadh duine eic\u00ednt, am eic\u00ednt, \u00e1it eic\u00ednt, iarracht ar dh\u00edoltas a bhaint amach, go h\u00e1irithe, an gas\u00far a gorta\u00edodh, nuair a thiocfadh ann d\u00f3.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rinneadh chuile shocr\u00fa leis an mbeart sin a chur i gcr\u00edch.  Ach m\u00e1 dhein fh\u00e9in, bh\u00ed ceata\u00ed sa sc\u00e9al.  N\u00ed raibh Lucy \u00f3g s\u00e1sta, in aon chor, leis an socr\u00fa sin, agus de r\u00e9ir mar a bh\u00ed an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte ag druidim leo, is ea ba mh\u00f3 a chuir s\u00ed i gcoinne na socruithe a bh\u00ed d\u00e9anta ag a tuismitheoir\u00ed, an tir seo a thr\u00e9igint.  Ba \u00e9 cr\u00edoch na mbeart \u00e9, n\u00f3 gur \u00e9alaigh s\u00ed san o\u00edche, amach as an Teach M\u00f3r.  Th\u00f3g s\u00ed roinnt \u00e1irithe bia agus d\u00ed lei, agus as go br\u00e1ch lei tr\u00ed na coillte.  N\u00ed i gc\u00f3na\u00ed a thagann an cr\u00faisc\u00edn sl\u00e1n abhaile \u00f3n tobar \u00e1fach, agus c\u00e9ard a tharl\u00f3dh do Lucy ach gur thit s\u00ed, i ndorchadas na ho\u00edche, agus gur ghortaigh s\u00ed a cos, ar an gc\u00falr\u00e1id, agus \u00ed p\u00edosa maith ar shi\u00fal \u00f3n teach, \u00f3 Lahardane.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach ar mhuintir Gault a bh\u00ed an t-ionadh an mhaidin d\u00e1r gcionn, nuair a fuaireadar amach go raibh Lucy ar iarraidh.  Cuarta\u00edodh thall agus abhus, th\u00edos agus thuas, toir agus thiar, ach ba chuma c\u00e1 gcuart\u00f3id\u00eds, n\u00ed raibh a t\u00e1sc n\u00f3 a tuairisc le f\u00e1il, \u00e1it ar bith.  Ar ball, fuarthas roinnt \u00e9adaigh d\u00e1 cuid, th\u00edos ar an tr\u00e1, agus ba \u00ed ciall a bhain siad as sin, n\u00f3 chuile sheans gur bh\u00e1igh s\u00ed \u00ed fh\u00e9in, sin n\u00f3 gur b\u00e1itheadh de thimpiste \u00ed.  Nuair nach bhfuarthas a t\u00e1sc, n\u00f3 a tuairisc, thall n\u00f3 abhus, shocraigh an Caipt\u00edn agus a bhean, Heloise, ar imeacht leo as an t\u00edr ar fad, agus chomh fada is a bhain s\u00e9 le Heloise, ba \u00e9 an t-imeacht gan teacht di \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">In this manner, on Thursday the twenty-second of September 1921, Captain Gault and his wife abandoned their house and unknowingly their child.  In England, unnoticed, the rush of town and country went by.  Church spires and village houses, the last of the sweet-peas in small back gardens, the sprawl of runner beans on careful wires, geraniums in their final flush, might have been something else.  France when it came was just another country, although nights were spent there.  We have travelled on, Captain Gault wrote to the solicitor in Enniseala, one of three sentences on a sheet of hotel writing paper.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edor theastaigh \u00f3 Heloise, ach go h\u00e1irithe, ach imeacht chomh fada is a d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00ed \u00f3 Lahardane, agus \u00f3 na cuimhn\u00ed uilig a mhair ansin, agus dul ag f\u00e1na\u00edocht ar fud na M\u00f3r-Roinne, n\u00f3 ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, is d\u00f3cha gur tuigeadh di go raibh s\u00ed ciontach i mb\u00e1s a hin\u00edne, faoi mar a cheap s\u00ed.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, san idirlinn, thiar ag Lahardane, th\u00e1inig Henry, an t-air\u00edoch, ar Lucy bhocht, agus \u00ed i mb\u00e9al an bh\u00e1is, le hocras, le fuacht, agus le hanr\u00f3. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">The child was dirty all over, her feet, her hands, her hair tangled, scratches on her arms and face.  Her ribs stood out, the flesh of her stomach loose beneath them.  A boiled egg mashed up with toast in a cup was what she always loved.  \u2018Maybe the appetite\u2019ll come back when Dr Carney\u2019s been.\u2019<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Th\u00f3g Henry agus Bridget isteach sa Teach M\u00f3r sin \u2018Lahardane\u2019 \u00ed, agus rinne s\u00e9 fh\u00e9in agus a bhean, Bridget, banaltracht uirthi, faoi sti\u00faradh an docht\u00fara, an Docht\u00fair Carney, agus ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il sin \u00e9, n\u00f3 gur th\u00e1inig s\u00ed chuici fh\u00e9in, de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, b\u00edodh go raibh coisc\u00e9im bhaca\u00ed inti, uaidh sin amach.  D\u2019fh\u00e1g an Caipt\u00edn, an    t-aireoir, Henry, agus a bhean Bridget, i bhfeighil an T\u00ed Mh\u00f3ir agus na feirme, go bhfillfeadh s\u00e9, n\u00f3 go gcuirfeadh s\u00e9 a mhalairt in i\u00fal d\u00f3ibh, agus sin an f\u00e1th, go raibh an p\u00e9ire sin sa timpeall, tar \u00e9is don gCaipt\u00edn, agus a bhean, an \u00e1it a thr\u00e9igint.  Bh\u00ed \u00fain\u00e9ir\u00ed an T\u00ed Mh\u00f3ir, agus na feirme, scuabtha leo thar s\u00e1ile, agus gan aon fhonn        r\u00f3-mh\u00f3r ar cheachtar acu filleadh ar an tsean\u00e1it ar\u00eds, n\u00f3 chomh fada is a bhain s\u00e9 leosan, bh\u00ed a n-in\u00edon gheal, Lucy, caillte,  agus chomh maith le sinn, bh\u00ed eagla orthu freisin, go mbainf\u00ed d\u00edoltas amach, ar ball, as an ngas\u00far \u00fad, \u00f3n dteach beag, a ghortaigh an Caipt\u00edn, tamall roimhe sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, sin agat anois na cn\u00e1mha ar ar th\u00f3g an t-\u00fadar seo a sc\u00e9al cr\u00e1ite, n\u00f3 chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, is sc\u00e9al br\u00f3nach, cr\u00e1ite, c\u00e9asta, \u00e9, sc\u00e9al a bhainfeadh deoir as an gcloch fh\u00e9in fi\u00fa, sc\u00e9al at\u00e1 loml\u00e1n le buairt is briseadh cro\u00ed, n\u00f3 nuair a d\u2019\u00e9alaigh an ghirseach \u00fad, Lucy Gault, as an Teach M\u00f3r sin, Lahardane, amach faoi choim na ho\u00edche, agus nuair n\u00e1r fhill s\u00ed, in am, n\u00f3 i dtr\u00e1th, chuir s\u00ed cor i gcinni\u00faint chuile dhuine, a raibh baint d\u00e1 laghad aige lei fh\u00e9in, n\u00f3 leo si\u00fad a bh\u00ed timpeall uirthi.  \u2018S\u00e9 an rud at\u00e1 \u00e1 scr\u00fad\u00fa ag an \u00fadar sa sc\u00e9al seo, n\u00f3 conas a raghadh tarl\u00faint d\u00e1 leith\u00e9id i gcionn ar dhaoine, agus \u00e9ir\u00edonn leis sin a dh\u00e9anamh go seoigh.  Anois, n\u00edl f\u00famsa an sc\u00e9al a mhilleadh ort, n\u00f3 t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh go mbeidh fonn ort an leabhar seo a fh\u00e1il, agus a l\u00e9amh duit fh\u00e9in, n\u00f3 t\u00e1 m\u00e9 cinnte, go mbainfidh t\u00fa ard-taitneamh as, m\u00e1 thogra\u00edonn t\u00fa sin a dh\u00e9anamh.  T\u00e1 rud amh\u00e1in  eile, a thug m\u00e9 faoi deara, i gcur chuige an \u00fadair seo, agus sin go gcuireann s\u00e9 iachall ar an l\u00e9itheoir bheith san airdeall, \u00f3 th\u00fas, n\u00f3 sleamhna\u00edonn s\u00e9 go h\u00e9asca, \u00f3 shu\u00edomh amh\u00e1in go su\u00edomh eile, agus \u00f3 eachtra amh\u00e1in go heachtra eile, ach tabharfaidh t\u00fa fh\u00e9in sin faoi deara, luath go leor sa sc\u00e9al seo.  Mar sin, f\u00e1gfaidh m\u00e9 f\u00fatsa fh\u00e9in \u00e9, agus t\u00e1 s\u00fail agam, gurbh fhi\u00fa an tairbhe an triobl\u00f3id duitse, faoi mar a tharla domsa.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An-l\u00e9amh, agus an-sc\u00e9al, bunaithe ar sheal d\u00e1r stair, nuair a bh\u00ed creatlach s\u00f3isialta na t\u00edre seo ina ch\u00edor thuathail cheart, cr\u00edochnaithe, sa chaoi go bhfuil s\u00e9 thar a bheith deacair \u00farsc\u00e9al inchreidte, r\u00e9ala\u00edoch, a bhun\u00fa ar an seal corraithe c\u00e9anna sin, faoi mar a tharla\u00edonn i gc\u00e1s an leabhair seo. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">******************<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>T i t h e M \u00f3 r a a g u s T i t h e B e a g a . ************************** . T h e S t o r y o f L u c y G a u l t &#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.f o i l s i t h e&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;2002. l [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13317","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13317","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13317"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13317\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13318,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13317\/revisions\/13318"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13317"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13317"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13317"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}