{"id":13321,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13321"},"modified":"2024-04-08T01:05:45","modified_gmt":"2024-04-08T01:05:45","slug":"t-o-g-h-c-h-a-n-a-n-a-i-r","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/en\/t-o-g-h-c-h-a-n-a-n-a-i-r\/","title":{"rendered":"T o g h c h a n     a n      A i r"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">T o g h c h \u00e1 n     a n      \u00c1 i r .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">*************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAr deireadh thiar, t\u00e1 s\u00e9 thart!\u201d  B\u2019in an ch\u00e9ad rud ad\u00fairt mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed a\u2019 Droichid, agus muid beirt socraithe go s\u00e1sta istigh i gCailleach (snug) an Smugairle R\u00f3in, an o\u00edche faoi dheireadh, tar \u00e9is do mhuintir Chill Mannt\u00e1in a gcomhaireamh-san a chr\u00edochn\u00fa, agus Mildred Fox a fh\u00f3gairt tofa, tar \u00e9is d\u00f3ibh breis is seachtain a chaitheamh i mbun an chomhairimh ch\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cC\u00e9ard \u00e9 fh\u00e9in?   C\u00e9ard t\u00e1 thart?\u201d  Arsa mise, agus m\u00e9 ag ligint orm, n\u00e1r thuig m\u00e9 c\u00e9ard a bh\u00ed ar si\u00fal ag S\u00e9im\u00ed c\u00f3ir, agus m\u00e9 tar \u00e9is an nuacht ch\u00e9anna sin a chloisint ar an teilif\u00eds, achar gearr roimhe sin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAn Toghch\u00e1n, c\u00e9ard eile? A leibide!\u201d arsa S\u00e9im\u00ed go m\u00edfhoighdeach, n\u00f3 b\u2019fhacthas d\u00f3 gur ch\u00f3ir go mbeadh a fhios ag amad\u00e1n ar bith c\u00e9ard faoi a raibh s\u00e9 ag caint.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch nach bhfuil an toghch\u00e1n sin thart le breis mhaith is seachtain anois,\u201d arsa mise, \u00e1 thochrais suas, mar adeir lucht an Bh\u00e9arla.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cNach t\u00fa t\u00e1 smeart\u00e1ilte anois! ach m\u00e1s ag magadh f\u00fam at\u00e1 t\u00fa, ba ch\u00f3ir duit smaoineamh ar an seanfhocal a bh\u00edodh ag daoine fad\u00f3, \u2018An t\u00e9 a bh\u00edonn ag magadh, b\u00edonn a leath faoi fh\u00e9in\u2019.  Sea, agus smaoinigh freisin, nach mb\u00edonn toghch\u00e1n thart go mb\u00edonn an comhaireamh deiridh cr\u00edochnaithe, n\u00f3 go gcanann an bhean ramhar, mar a chuireann lucht an Bh\u00e9arla ar\u00eds \u00e9.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cFair Play dhuit, a Sh\u00e9im\u00ed, n\u00edor chaill t\u00fa riamh \u00e9.  Ach cogar m\u00e9 seo leat, an raibh t\u00fa fh\u00e9in s\u00e1sta leis an toghch\u00e1n, agus lena thoradh?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cIs fusa ceist a chur n\u00e1 ceist a fhreagairt, mar adeirt\u00ed sna seanlaethe. N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh m\u00e9 s\u00e1sta leis an toghch\u00e1n fh\u00e9in, agus leis an gcomhaireamh, tr\u00edd s\u00edos, n\u00f3 deineadh an chuid sin den ghn\u00f3 go cruinn, ceart, \u00e9ifeachtach, ach, ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, n\u00ed d\u00f3igh liom, gur thaitnigh an toradh a bh\u00ed ar an toghch\u00e1n c\u00e9anna sin, go huile is go hioml\u00e1n, liom.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch a Sh\u00e9im\u00ed, n\u00ed raibh de thoradh ar an toghch\u00e1n ach an toradh a theastaigh \u00f3 na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed.   Agus, d\u00e1r nd\u00f3igh, caithfear glacadh leis, gur ag na v\u00f3t\u00f3ir\u00f3 a bh\u00edonn ioml\u00e1n na cumhachta, l\u00e1 an toghch\u00e1in.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 sin go bre\u00e1 ar fad, chomh fada is a theann s\u00e9, ach, m\u00e1 a th\u00e9ann t\u00fa go cn\u00e1mh na huilinne leis an sc\u00e9al sin, feicfear dhuit, gur beag cumhacht, i nd\u00e1ir\u00edre, at\u00e1 ag an v\u00f3t\u00f3ir aonair.  T\u00e9ann s\u00e9 amach agus caitheann s\u00e9 a v\u00f3ta, sin an m\u00e9id.  N\u00ed thuigtear d\u00f3 go bhfuil cumhacht ar bith aige fh\u00e9in, sa ch\u00e1s sin, ach gur ag na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed eile at\u00e1 an chumhacht, agus is d\u00f3cha gurb \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna acusan \u00e9.  Mar sin, n\u00edl i gcumhacht na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed ach cumhacht dall, bhodhar, bhalbh, a oibr\u00edonn tr\u00ed sheans.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cNach ait, mar sin, go dtagann an oiread sin daoine ar chomhthuairim, l\u00e1 an toghch\u00e1in?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cIs ait, gan dabht ar domhan.  Ach nuair a labhra\u00edonn iriseoir\u00ed faoin chaoi ar chaith na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed Fine Gael i dtraipis\u00ed i dToghch\u00e1n seo \u00c1ir, n\u00edl ansin ach tuairim gan aon r\u00f3-thaca, mar nach bhfuil fhios ag madra\u00ed an bhaile, n\u00e1r th\u00e1inig na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed le ch\u00e9ile, roimh r\u00e9, le socruithe d\u00e1 leith\u00e9id a dh\u00e9anamh.  Tr\u00ed thimpiste a tharla s\u00e9, b\u00edodh go raibh roinnt iriseoir\u00ed ag iarraidh na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed a shaighdeadh s\u00edos an b\u00f3ithr\u00edn sin.  D\u2019fh\u00e9adfadh duine a r\u00e1, is d\u00f3cha, nach bhfuil sa chine\u00e1l daonlathais at\u00e1 againne ach cur i gc\u00e9ill, sa mh\u00e9id go n-\u00e9ior\u00edonn leis an lucht polait\u00edochta dallamull\u00f3g a chur orainn, nuair a chuireann siad ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn go bhfuil cumhacht ioml\u00e1n ag na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed, l\u00e1 an toghch\u00e1in.  Fasta\u00edom!  N\u00ed bh\u00edonn de chumhacht againn an l\u00e1 sin ach go gceada\u00edtear d\u00fainn v\u00f3ta a chaitheamh, agus an tuiscint againn, nach mbeidh tionchar d\u00e1 laghad ar an v\u00f3ta sin ar an toradh a bheidh ar an toghch\u00e1n.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed, nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine, go mb\u00edonn an chumhacht ioml\u00e1n againne, l\u00e1 an toghch\u00e1in, n\u00f3 n\u00ed f\u00e9idir le duine ar bith cumhacht a l\u00e1imhse\u00e1il mura bhfaigheann s\u00e9 an chumhacht sin \u00f3 na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed, l\u00e1 an toghch\u00e1in.?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel! breathnaigh air mar seo.  M\u00e1 fhanann an v\u00f3t\u00f3ir sa bhaile, l\u00e1 an toghch\u00e1in, an mbeidh tionchar ar bith aige ar an toradh sin?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cB\u00ed cinnte dhe nach mbeidh.  Tuige a\u2019 mbeadh?  N\u00e1r fhan s\u00e9 taobh amuigh den phr\u00f3iseas ar fad, d\u00e1 dheoin fh\u00e9in?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201c\u00d3! tagaim leat sa mh\u00e9id sin, d\u2019fhan s\u00e9 taobh amuigh den phr\u00f3iseas ar fad, ach nuair a bhreathna\u00edonn s\u00e9 ar na tortha\u00ed, ar ball, agus nuair a scr\u00fada\u00edonn s\u00e9 na huimhreacha a fuarthas ina dh\u00e1ilcheantar fh\u00e9in, tuigtear d\u00f3, go cinnte, n\u00e1r dhein a neamhl\u00e1ithreacht puinn difr\u00edochta , agus sa tsl\u00ed ch\u00e9anna, nach nd\u00e9anfadh a v\u00f3tasan puinn difr\u00edochta, ach oiread.  Thoghfa\u00ed na daoine c\u00e9anna, Cuma c\u00e9 ann n\u00f3 as d\u00f3san.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAr bhealach, tagaim leat sa mh\u00e9id sin, ach ag an am gc\u00e9anna, d\u00e1 nd\u00e9anfadh chuile v\u00f3t\u00f3ir mar a dhein an v\u00f3t\u00f3ir \u00fad, at\u00e1 idir cham\u00e1in againn, ansin dh\u00e9anfa\u00ed praiseach den ch\u00f3ras ar fad.  N\u00ed oibreodh s\u00e9 a thuilleadh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 an ceart agat, chomh fada is a th\u00e9ann s\u00e9, ach i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edl aon chumhacht gur fi\u00fa tr\u00e1cht air, ag an v\u00f3t\u00f3ir aonair, agus n\u00edl sa teoiric, go dtagann chuile chumhacht pholait\u00edochta \u00f3 na daoine, ach mear\u00fa s\u00fal, agus mealladh, sa chaoi go mbeidh na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed s\u00e1sta cead rialaithe a thabhairt don lucht polait\u00edochta, go h\u00e1irithe d\u00f3ibh si\u00fad a bhuann su\u00edoch\u00e1in, l\u00e1 an toghch\u00e1in.  Le f\u00edrinne, t\u00e1 cead ag na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed teachta\u00ed a thoghadh, ach an bhfuil cead acu di\u00falt\u00fa do chuile iarrth\u00f3ir ar an liosta?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch n\u00ed h\u00e9 seo ach \u00e9 si\u00fad.  C\u00e9ard \u00e9 do mheas ar an \u00e1r a deineadh ar Ph\u00e1irt\u00ed Fhine Gael?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, gur f\u00e1gadh gan focal m\u00e9, nuair a chuala m\u00e9 faoin sl\u00e9acht a deineadh ar an bp\u00e1irt\u00ed c\u00e9anna sin, n\u00f3 tr\u00edd is tr\u00edd, is p\u00e1irt\u00ed ciallmhar, stuama, d\u00e1ir\u00edreach, iad, agus p\u00e1irt\u00ed a dhein leas an n\u00e1isi\u00fain, am ar bith ar tugadh an chumhacht rialaithe d\u00f3ibh.  An babhta seo \u00e1fach, d\u2019\u00e9irigh an pobal fr\u00ed ch\u00e9ile ina gcoinne, agus rinneadar \u00e1r gan \u00e1ireamh orthu.  Chaill siad thart ar sc\u00f3r su\u00edoch\u00e1n sa toghch\u00e1n sin 2002.  Ba bheag n\u00e1r chaill siad leath d\u00e1 dTeachta\u00ed, san aon choimheascar polait\u00edochta amh\u00e1in sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, nach mar sin a l\u00e9ir\u00edtear toil an phobail.  N\u00ed chaithf\u00ed amach iad, mura n-\u00e9ireodh na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed amach ina gcoinne, leis an m\u00e9id sin d\u00edobh a ghlanadh, scun scan, amach as Teach Laighean.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, nach \u2018in at\u00e1 \u00e1 r\u00e1 agam, le tamall anois.  N\u00edor aontaigh an pobal le sin a dh\u00e9anamh.  N\u00edor th\u00e1inig siad le ch\u00e9ile, roimh r\u00e9, le plean d\u00e1 leith\u00e9id a dhr\u00e9achtadh, n\u00f3 a chur i ngn\u00edomh.  I nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed raibh ann ach timpiste gur bheartaigh an oiread \u00e1irithe sin v\u00f3t\u00f3ir\u00ed v\u00f3t\u00e1il ina gcoinne, san olltoghch\u00e1n \u00e1irithe sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch nach raibh na pobalbhreitheanna \u00e1 thuar, le scathamh maith anuas, go mbrisf\u00ed ar Fhine Gael, san olltoghch\u00e1n sin?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Aonta\u00edm leat go raibh, ach ar\u00eds, is beag \u00e9 mo mheas fh\u00e9in ar phobalbhreitheanna, agus raghaidh m\u00e9 n\u00edos faide n\u00e1 sin, agus d\u00e9arfaidh m\u00e9, go gcuirfinn fh\u00e9in cr\u00edoch leo, d\u00e1 mbeadh an chumhacht sin agam.  Ach \u00f3 tharla nach bhfuil a leith\u00e9id de chumhacht agam, caithfhidh m\u00e9 cur suas leo, ach n\u00ed hionann sin is a r\u00e1 go dtaitn\u00edonn siad liom.  N\u00edl iontu ach cleas eile le meon an phobail a cheans\u00fa, agus a mh\u00fanl\u00fa, le toil lucht an airgid a dh\u00e9anamh, l\u00e1 an toghch\u00e1in.   Sna seanlaethe, bh\u00edodh an Tiarna Talaimh istigh sa bhoth v\u00f3t\u00e1la, l\u00e1 an toghch\u00e1in, le br\u00fa a chur ar a thion\u00f3ntaithe v\u00f3t\u00e1il ar bhealach \u00e1irithe, Is \u00e9 an cleas c\u00e9anna at\u00e1 \u00e1 oibri\u00fa ag lucht na bpobalbhreitheanna.  Feiceann an chosmhuintir go bhfuil an pobal ar fad, geall leis, ag dul ag  v\u00f3t\u00e1il ar bhealach \u00e1irithe, agus cuireann sin br\u00fa orthusan an tr\u00e9ad a lean\u00faint, n\u00f3 theasta\u00edonn \u00f3 chuile dhuine bheith i measc na mbuaiteoir\u00ed.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch nach mar sin a oibr\u00edonn an c\u00f3ras.  Buann duine amh\u00e1in, agus cailleann duine eile.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cNach \u00e9 sin at\u00e1 \u00e1 r\u00e1 agam, ach ag an am gc\u00e9anna, ta m\u00e9 ag ma\u00edomh, nach bhfuil ann ach timpiste, go mbuann an duine seo, agus go gcailleann an duine \u00fad eile.  N\u00ed rud \u00e9 a bhearthaigh na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed.  Agus breathnaigh ar an sc\u00e9al, n\u00f3im\u00e9ad amh\u00e1in eile.  C\u00e9 caithfeadh amach as an D\u00e1il daoine cumasacha, eolgaiseacha, \u00e1balta, cos\u00fail le cuid de na teachta\u00ed a caitheadh i dtraipis\u00ed, in olltoghch\u00e1n 2002?  Sea, mh\u2019anam, agus breathnaigh ar chuid de na daoine a thoigh siad, le m\u00f3ramh m\u00f3r, in \u00e1iteacha eile, agus i bp\u00e1irtithe eile.  An \u00e9 an d\u00e1 mhar a ch\u00e9ile \u00e9.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAn \u00e9 at\u00e1 \u00e1 r\u00e1 agat, a Sheim\u00ed, nach bhfuil t\u00fa fh\u00e9in r\u00f3-sh\u00e1sta leis an gc\u00f3ras daonlathais at\u00e1 againn anseo i dt\u00edr na h\u00c9ireann?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSin \u00e9 d\u00edreach ata \u00e1 r\u00e1 agam.  Bheadh s\u00e9 deacair c\u00f3ras n\u00edos m\u00ed-\u00e9ifeachta\u00ed, a shamhl\u00fa, fi\u00fa amh\u00e1in.  N\u00edl ann ach cur i gc\u00e9ill, caimil\u00e9ireacht, agus dallamull\u00f3g \u00f3 th\u00fas deireadh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAr ch\u00f3ir d\u00fainn, mar sin, c\u00f3ras eile a bhun\u00fa anseo i dt\u00edr na h\u00c9ireann?  Ar ch\u00f3ir d\u00fainn R\u00edocht, n\u00f3 Deacht\u00f3ireacht, a chur sa tsi\u00fal anseo, in \u00e1it an ch\u00f3ras daonlathais ata againn i l\u00e1thair na huaire seo?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00edor ch\u00f3ir, fi\u00fa, smaoineamh ar a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, n\u00f3 c\u00e9 go bhfuil an c\u00f3ras at\u00e1 againn lochtach go maith, is measa i bhfad na c\u00f3rais eile.  T\u00e1 an c\u00f3ras s\u2019againne lochtach, m\u00edchuibhi\u00fail, go dt\u00ed go smaoin\u00edonn t\u00fa ar chomharba a fh\u00e1il d\u00f3.  Is ansin a thuigtear duit, n\u00e1r ch\u00f3ir d\u00fainn an c\u00f3ras seo a chaitheamh uainn f\u00f3s, ach gur ch\u00f3ir d\u00fainn, \u00e1r nd\u00fathracht a chaitheamh, ag iarraidh \u00e9 a fheabhs\u00fa, agus a chur in oiri\u00faint don todhcha\u00ed.  T\u00e1 m\u00e9 cinnte, go bhfuil sin ind\u00e9anta, ach cur chuige.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cIs d\u00f3cha go bhfuil, a Sh\u00e9im\u00ed, ach cogar, c\u00e9ard \u00e9 do thuairim fh\u00e9in faoi uimhir na Neamsple\u00e1ch, uimhir at\u00e1 ag mead\u00fa in \u00e1r measc, mar fh\u00e1s aon o\u00edche, \u00f3 bhliain go ch\u00e9ile anois?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cCaithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit, gur beag \u00e9 mo mheas ar roinnt bheag acu.  N\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, is ionann cuid acu sin agus cearrbhaigh, iad ag s\u00fail, ar an gc\u00e9ad \u00e1sc, go dtoghfa\u00ed iad, agus ansin iad ag s\u00fail go dtarl\u00f3dh s\u00e9, go mbeif\u00ed ina dtuilleama\u00ed, le Rialtas a chur i dtoll a ch\u00e9ile.  Chonaic muid sa D\u00e1il deiridh, an chumhacht d\u00edr\u00e9ireach a bh\u00ed ag Neamhsple\u00e1igh \u00e1irithe, agus an chaoi a bhf\u00e9adfaid\u00eds br\u00fa a chur ar an Rialtas, f\u00e1bhar a dh\u00e9anamh, agus airgead, thar an me\u00e1n, a chaitheamh ina nd\u00e1ilcheantar fh\u00e9in.  N\u00edl dabht ar domhan, ach go bhfuil an n\u00f3s sin frithdhaonlathach, n\u00f3 m\u00e1 \u00e9ir\u00edonn leis na Neamhsple\u00e1igh sin, airgead, thar an me\u00e1n, a fh\u00e1il d\u00e1 nd\u00faiche fh\u00e9in, ansin lu\u00edonn s\u00e9 le r\u00e9as\u00fan, go mbeidh d\u00faich\u00ed eile th\u00edos leis an gcinneadh sin.  N\u00edl s\u00e9 ceart, c\u00f3ir, n\u00f3 feili\u00fanach, go nd\u00e9anfadh P\u00e1irt\u00ed Polait\u00edochta ar bith margadh d\u00e1 leith\u00e9id le Neamhsple\u00e1ch ar bith.  Ach t\u00e1 fait\u00edos orm nach mar sin a tharla\u00edonn sa saol s\u2019againne, n\u00f3 t\u00e9ann tart na cumhachta i gcionn ar Ph\u00e1irtithe \u00e1irithe, nuair a fheiceann siad seans le greim a fh\u00e1il ar luamh\u00e1in na cumhachta.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAn \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9 i gc\u00e1s na bP\u00e1irtithe beaga, faoi mar at\u00e1 ag tarl\u00fa i l\u00e1thair na huaire seo le Fianna F\u00e1il agus an P\u00e1irt\u00ed Daonlathach?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00ed d\u00f3igh liom gurb \u00e9, n\u00f3 sa ch\u00e1s sin, n\u00ed h\u00e9 a theasta\u00edonn \u00f3n bP\u00e1irt\u00ed Daonlathach, tuilleadh airgid a chaitheamh i nd\u00faiche faoi leith.  Is \u00e9 a theasta\u00edonn  uathu, i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00f3 an oiread agus is f\u00e9idir leo, d\u00e1 bpolasa\u00ed fh\u00e9in a chur i gcr\u00edch, tr\u00ed dhul i gcomhar le Fianna F\u00e1il.  An leas n\u00e1isi\u00fanta at\u00e1 idir cham\u00e1in acu, agus n\u00ed leas a nd\u00e1ilcheantair fh\u00e9in thar aon d\u00faiche eile sa t\u00edr, at\u00e1 uathu, agus i nd\u00e1ir\u00edre, is cusp\u00f3ir inmhianaithe \u00ed sin.  Ach sin r\u00e1ite agam, n\u00ed h\u00e9 mo thuairim, gur rud inmhianaithe \u00e9, an m\u00e9ad\u00fa ollmh\u00f3r at\u00e1 ag teacht ar ph\u00e1irtithe beaga, in\u00e1r measc, le tamall anuas.  Im thuairimse, laga\u00edonn sin \u00e1r ndaonlathas, agus is deacraidc \u00e9 Rialtas a chur i dtoll a ch\u00e9ile.  N\u00edl dabht ar domhan, ach gurb \u00e9 an leagan amach is fearr, n\u00f3 dh\u00e1 ph\u00e1irt\u00ed mh\u00f3ra a bheith ann, maraon le cupla p\u00e1irt\u00ed beaga, ach faoi mar at\u00e1 c\u00farsa\u00ed i l\u00e1thair na huaire seo, is \u00e9 is d\u00f3ich\u00ed n\u00f3 nach bhfuil ar na carta\u00ed ach Comhrialtas Fianna F\u00e1ileach, agus n\u00ed d\u00f3igh go bhfuil sin inmhianaithe, mar shocr\u00fa fadt\u00e9armach, n\u00f3 b\u2019fhearr go mbeadh rogha i gc\u00f3na\u00ed ag na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed, n\u00f3 n\u00ed daonlathas go rogha\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch sin toil an phobail agat, a Sh\u00e9im\u00ed, agus caithfear cur suas leis.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAr an drochuair caithfear, ach bhfuil fhios agat, cad d\u00fairt M\u00e1rtan an Tairbh liom, th\u00edos ag an droichead, an l\u00e1 cheana?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00edl muis!  C\u00e9ard d\u00fairt s\u00e9 leat?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201c \u2018Bhuel! a Sh\u00e9im\u00ed\u2019, ar seisean, \u2018bhfuil fhios agat go bhf\u00e9adfa\u00ed toradh d\u00edreach chomh maith a fh\u00e1il gan toghch\u00e1n ar bith?\u2019  \u2018Conas a d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh gan toghch\u00e1n\u2019, arsa m\u00e9 fh\u00e9in leis.  \u2018Nach bhf\u00e9adfa\u00ed \u00e9 a chur ar chranna\u2019 arsa mo Mh\u00e1rtan c\u00f3ir.  Agus nach raibh sciar maith den cheart aige sa mh\u00e9id sin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Ach, go bhf\u00f3ire Dia orainn uilig!  An bhfeiceann t\u00fa an t-am? <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Mar\u00f3idh Naip\u00ed s\u2019againne m\u00e9, n\u00f3 b\u00edonn s\u00ed ag s\u00fail liom, thart ar a hocht a chlog, agus f\u00e9ach go bhfuil s\u00e9 ag tarraingt ar a naoi, cheana f\u00e9in.   Sl\u00e1n, agus o\u00edche mhaith!\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSl\u00e1n abhaile\u201d a chuir m\u00e9 fh\u00e9in ina dhiaidh, n\u00f3 bh\u00ed s\u00e9 glanta leis an doras amach, faoin am ar labhair m\u00e9, agus mise f\u00e1gtha liom fh\u00e9in sa Chailleach, agus gan le d\u00e9anamh agam, ach mo ghloine a dhi\u00fagadh go t\u00f3in, agus mo mharana a dh\u00e9anamh.  Ach d\u2019fh\u00e1g, S\u00e9im\u00ed na mire, \u00e1bhar an ailt seo agam, agus bh\u00ed m\u00e9 bu\u00edoch, beannachtach, d\u00e1 bharr.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>T o g h c h \u00e1 n a n \u00c1 i r . ************************* . \u201cAr deireadh thiar, t\u00e1 s\u00e9 thart!\u201d B\u2019in an ch\u00e9ad rud ad\u00fairt mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed a\u2019 Droichid, agus muid beirt socraithe go s\u00e1sta istigh i gCailleach (snug) an Smugairle R\u00f3in, an o\u00edche faoi dheireadh, tar \u00e9is do mhuintir Chill Mannt\u00e1in [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13321","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13321","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13321"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13321\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13322,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13321\/revisions\/13322"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13321"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13321"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/en\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13321"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}