{"id":11827,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11827"},"modified":"2024-04-08T01:07:03","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:03","slug":"eachtra-ig2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtra-ig2\/","title":{"rendered":"!EACHTRA.IG2"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:24pt\">I mB\u00e9al an Phobail<\/span><\/h1><h2 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/h2><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">(This week \u201cI mB\u00e9al an Phobail\u201d again revisits our Rambling House, to trace the history of the Belmullet Bridges! )<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Droichead Dhoire<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">N\u00ed bh\u00edonn in aon rud ach seal, agus ba \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna \u00e9 ag scl\u00f3indroichead Bh\u00e9al an Mhuirthead, agus faoin mbliain 1900, tuigeadh go raibh a r\u00e1s rite, agus shocraigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Bord na gCeantar C\u00fang ar dhroichead nua a chur ina ionad.  Rinneadh an droichead sin a chur i dtoll a ch\u00e9ile i gCathair Dhoire, agus seoladh, ar bh\u00e1d as sin go Sligeach \u00e9, i Meitheamh na bliana 1903.  Th\u00f3g s\u00e9 tr\u00ed mh\u00ed an droichead a iompar as sin go B\u00e9al an Mhuirthead, n\u00f3 bh\u00ed orthu, droichid, caidhs\u00e9ir, agus ceiseanna, a neart\u00fa, le me\u00e1chan an droichid nua a iompar.  Droichead cruach, a bh\u00ed thart ar ocht dtroigh is daichead ar a fhad, a bh\u00ed ann.  Socra\u00edodh ina ionad \u00e9, i dt\u00fas na bliana, 1904.  Ba bhre\u00e1 l\u00e1idir an droichead \u00e9, agus nach ioma\u00ed sin duine a thrasnaigh \u00e9, idir sin, agus an bhliain 1988, nuair a oscla\u00edodh an droichead nua at\u00e1 ann faoi l\u00e1thair, thar an gcan\u00e1il, ag bun Shr\u00e1id Mheirice\u00e1.  Bh\u00edothas den tuairim, le scathamh maith roimhe sin, go raibh seandroichead Dhoire ag \u00e9ir\u00ed cont\u00fairteach.  B\u00edodh sin f\u00edor, n\u00f3 n\u00e1 b\u00edodh, ach th\u00f3g s\u00e9 roinnt mhaith ama orthu, an seandroichead c\u00e9anna sin a leagan, i ndeireadh na feide.  Ba bheag nach raibh ar lucht na Comhairle Contae \u00e9 a phl\u00e9ascadh, i ndeireadh na d\u00e1la!  Ba bheag Iorrasach n\u00e1r shil deoir ina dhiaidh.  mar nach ioma\u00ed sin deora\u00ed a mhothaigh an seandroichead uaidh, agus \u00e9 ar chuairt ar a dh\u00fachas, agus n\u00e1rbh ioma\u00ed sin deora\u00ed a d\u2019imigh thar an ndroichead c\u00e9anna sin, agus nach bhfillfeadh go deo leis an ndroichead  c\u00e9anna sin a thrasn\u00fa ar\u00eds.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Nach orm fh\u00e9in a bh\u00ed an t-\u00e1thas, mar sin, agus m\u00e9 ar saoire in Iorras, i dt\u00fas Mh\u00ed L\u00fanasa, 1993, nuair a chonaic m\u00e9 go raibh droichead nua, do choisithe, \u00e1 th\u00f3g\u00e1il thar an gcan\u00e1il, san \u00e1it ar leagadh Droichead Dhoire, sa bhlain 1988.  Tuigeadh dom l\u00e1ithreach, go raibh sc\u00e9al \u00e9igin taobh thiar den tionscadal nua seo, agus chuaigh m\u00e9 sa t\u00f3ir air.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Lorg na nDealbh<\/span><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Lorg na nDealbh, is c\u00fais leis an ndroichead coisithe seo, agus mar is eol do ch\u00e1ch faoin am seo, is cuid de chom\u00f3radh an ch\u00faigi\u00fa m\u00edlaois de chult\u00far Mhaigh Eo \u00e9, an Lorg c\u00e9anna seo.  Socra\u00edodh ar roinnt \u00e1irithe dealbha a shu\u00edomh in ionaid \u00e9ags\u00fala, i dTuaisceart Mhaigh Eo.  Thart ar cheithre cinn d\u00e9ag d\u00edobh a bheadh ann, agus \u00e9 d\u2019aidhm acu, cuairteoir\u00ed a mhealladh isteach ar an iarg\u00fail, le h\u00e1illeacht na d\u00faiche a bhlaiseadh ina hioml\u00e1ine.  Taobh thiar de thionscadal seo an \u201cDroichid\u201d i mB\u00e9al an Mhuirthead, t\u00e1 Comhar Iorrais, Cl\u00e1r \u201cLeader\u201d, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, agus \u00dadar\u00e1s na Gaeltachta.  George Trakas at\u00e1 i mbun an tionscadail seo.  Dealbh\u00f3ir as Manhattan, Mheirice\u00e1, is ea George.  B\u2019eisean a dhear agus a rinne an droichead nua coisithe, i Saotharlann Chomhar Iorrais, agus b\u2019eisean freisin, a chuir an droichead gal\u00e1nta seo i gceann a ch\u00e9ile, ar an ionad c\u00e9anna ar ar  su\u00edodh Droichead Dhoire, sa bhlain 1904.  Duine l\u00e1ch, gean\u00fail, is ea George Trakas, a bhfuil aithne curtha ag muintir Iorrais air, cheana f\u00e9in, agus fear a bhfuil gach uile eolas curtha aigesean ar dhroichid Bh\u00e9al an Mhuirthead freisin.  Chonaic m\u00e9 fh\u00e9in i mbun oibre \u00e9, agus m\u00e9 ag gabh\u00e1il thar br\u00e1id, agus m\u00e9 ar saoire thiar, roimh L\u00e1 M\u00f3r an Logha. Osclaiodh Droichead Trakas go gairid ina dhiaidh sin agus nach minic a chuaigh me fhein trasna thar an ndroichead ceanna sin san idirlinn. M\u00e1 bhuaileann an fonn taistil th\u00fa, amach anseo, t\u00e9igh siar, agus cuartaigh na ceithre dhealbh d\u00e9ag at\u00e1 folaithe ar Lorg na nDealbh i dTuaisceart Mhaigh Eo. S\u00fail agam go n-\u00e9ireoidh leat teacht orthu uilig!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1 gur thrasnaigh m\u00e9 fh\u00e9in an droichead \u00e1lainn c\u00e9anna sin go mion agus go minic \u00f3 shoin i leith, agus n\u00ed call a r\u00e1, ach oiread, gur chr\u00edochnaigh George Trakas a chruid oibre, go deas, bl\u00e1far, cumasach, agus go mbeidh a ainm luaite feasta i seanchas Iorrais, le Sir Arthur Shaen, le Henry Boyle Carter, agus le Patrick Knight.   A chon\u00e1ch sin air!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. . I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad (This week \u201cI mB\u00e9al an Phobail\u201d again revisits our Rambling House, to trace the history of the Belmullet Bridges! ) . Droichead Dhoire N\u00ed bh\u00edonn in aon rud ach seal, agus ba \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna \u00e9 ag scl\u00f3indroichead Bh\u00e9al an Mhuirthead, agus faoin mbliain 1900, tuigeadh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11827","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11827","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11827"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11827\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11828,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11827\/revisions\/11828"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11827"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11827"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11827"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}