{"id":11837,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11837"},"modified":"2024-04-08T01:12:52","modified_gmt":"2024-04-08T01:12:52","slug":"a-i-l-l-e-a-c-h-t-a-n-t-s-a-o-i-l-s-e-o-6","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-i-l-l-e-a-c-h-t-a-n-t-s-a-o-i-l-s-e-o-6\/","title":{"rendered":"A i l l e a c h t     a n      t S a o i l      s e o    6"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">I mB\u00e9al an Phobail<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-size:12pt;margin-left:108pt;text-indent:36pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">\u00c1illeacht an <\/span><span style=\"font-size:14pt\">tSaoil<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> <\/span><span style=\"font-size:14pt\">seo  6<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Pearse not <\/span><span style=\"font-size:14pt\">discouraged<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">N\u00edor chuir tada aon lagmhisneach ar an bPiarsach \u00e1fach, n\u00f3 i 1905 \u2013 \u201906, chuir s\u00e9 an leabhar sin, \u201cIosag\u00e1n agus Sc\u00e9alta eile\u201d ar f\u00e1il d\u00e1 lucht l\u00e9ite.  Ceithre sc\u00e9al a bh\u00ed sa leabhr\u00e1n c\u00e9anna sin, Iosag\u00e1n, Eoin\u00edn na n\u00c9an, Bairbre, agus An Sagart.  Cuireadh an leabhar sin ar an gCl\u00e1r don Intermediate Certificate, rud a thug ard\u00e1n agus poibl\u00edocht don \u00fadar \u00f3g.  Anois, b\u00edodh go raibh scil agus crutha\u00edocht ag baint lena ch\u00e9ad sc\u00e9al, \u201cPoll an Ph\u00edobaire\u201d, agus nach raibh de locht ag daoine air ach a ainm! n\u00ed raibh ann ach an t\u00fas, n\u00f3 n\u00edl dabht ar domhan, ach go bhfuil feabhas an-mh\u00f3r tagtha ar a theicn\u00edocht, agus ar a chumas, sna sc\u00e9alta in \u201cIosag\u00e1n agus Sc\u00e9alta eile\u201d.   T\u00f3g an ch\u00e9ad sc\u00e9al sa bhaili\u00fach\u00e1n sin, Iosag\u00e1n, fh\u00e9in, agus feicfidh t\u00fa saothar dea-chumtha, dea-dheartha, snasta, agus bunaithe ar thraidisi\u00fan agus ar oidhreacht na Gaeltachta thiar, ag an am.  N\u00edl leadr\u00e1n, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id ag baint leis, ach \u00e9 ag scuabadh leis, tr\u00ed eachtra\u00ed agus imeachta\u00ed an sc\u00e9il, gan mhoill, gan stada\u00edl, gan dul am\u00fa.  T\u00e1 na carachtair inchreidte, beoga, agus cumasach, agus d\u00fachasach, agus cos\u00fail le cuid mhaith de sc\u00e9alta an Phiarsaigh, baineann na sc\u00e9alta leis an saol mor\u00f3lta, agus leis an saol spiorad\u00e1lta.  Go bun\u00fasach, s\u00e9ard at\u00e1 sa sc\u00e9al seo, n\u00f3 seanfhear, Sean-Mhaitias, n\u00e1r chleacht creideamh n\u00f3 s\u00e9ip\u00e9al le tuilleadh is tr\u00ed sc\u00f3r bliain, ach seanfhear a bh\u00ed l\u00e1ch, cine\u00e1lta, go h\u00e1irithe leis na daoine \u00f3ga.  N\u00ed raibh duine na deora\u00ed ina ch\u00f3na\u00ed in \u00e9ineacht leis, ach \u00e9 ina chadhan aonraic i measc daoine.  Conas a chaillf\u00ed a leith\u00e9id de dhuine? N\u00f3 conas a sh\u00e1bh\u00e1ilf\u00ed \u00e9? Ach i ndeireadh na d\u00e1la, agus an b\u00e1s ag bagairt air, chuir \u201cIosag\u00e1n\u201d an sagart chuige, ar ghlaoch ola, le deis a thabhairt don tseanfhear a anam a dh\u00e9anamh, agus \u00e9 fh\u00e9in a ullmh\u00fa don turas a bh\u00ed roimhe amach.  Ba ch\u00f3ir a lua anseo, gurbh ioma\u00ed dhuine a chuir aithne, a ch\u00e9aduair,  ar nua-litr\u00edocht na Gaeilge, tr\u00edd an sc\u00e9al seo, Iosag\u00e1n, a l\u00e9amh.  Minic freisin, a chuirt\u00ed sleachta den sc\u00e9al seo de ghlan mheabhair, sleachta ar n\u00f3s..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">\u201cBh\u00ed na daoine ar fad bailithe leo chuig an Aifreann.  Chonaic sean-Mhaiatias ag gabh\u00e1il thairis iad, ina nduine \u2018s ina nduine n\u00f3 ina mion-dreamanna.  Bh\u00ed na gearr-bhodaigh ag rith \u2018s ag l\u00e9imneach.  Bh\u00ed na cail\u00edn\u00ed ag sioscadh cainte go meidhreach.  Bh\u00ed na mn\u00e1 ag comhr\u00e1 os \u00edseal.  Bh\u00ed na fir ina dtost.  Mar sin a thriallaid\u00eds an b\u00f3thar gach Domhnach.  Mar sin a shu\u00edodh sean-Mhaitias ar a chathaoir ag breathn\u00fa orthu n\u00f3 go dt\u00e9id\u00eds as amharc.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Nach deas me\u00e1ite, ceolmhar, rithimeach, an p\u00edosa scr\u00edbhneoireachta \u00e9 sin.  T\u00e1 le feice\u00e1il againn, go bhfuil bearradh d\u00e9anta aige ar an bp\u00edosa pr\u00f3is sin, n\u00f3 bheadh s\u00e9 deacair focal amh\u00e1in eile a fh\u00e1g\u00e1il ar l\u00e1r, gan an p\u00edosa ar fad a mhilleadh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Breathnaigh ar an bp\u00edosa seo, freisin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">\u201cIs ioma\u00ed sin fuaim cheolmhar a bh\u00ed le cloiste\u00e1il, an t\u00e9 a mbeadh aird aige orthu. Chuala sean-Mhaitias olag\u00f3n na dtonn ar na carraigreacha agus monabhar an tsruithle\u00e1in ag sileadh leis an gclochar.  Chuala s\u00e9 scr\u00e9ach na coirre \u00e9isc \u00f3n duirling, g\u00e9imneach na mb\u00f3 \u00f3\u2019n mbuaile, agus geal-gh\u00e1ire na bp\u00e1ist\u00ed \u00f3\u2019n bhfaiche.  Ach n\u00ed le ceachtar acu seo a bh\u00ed s\u00e9 ag \u00e9isteacht chomh haireach  sin \u2013 c\u00e9 go mba bhinn leis iad go l\u00e9ir \u2013 ach le gl\u00f3r gl\u00e9 glinn cloig an Aifrinn a bh\u00ed ag teacht chuige le gaoith i gci\u00faineadas na maidne.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">P\u00edosa dea-scr\u00edofa, taitneamhach, ceolmhar, \u00f3 pheann an ghearrsc\u00e9ala\u00ed ild\u00e1naigh seo, ar\u00eds againn anseo.  Breathnaigh an ceol a bhaineann s\u00e9 as&#8230;&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:72pt\">gl\u00f3r gl\u00e9 glinn cloig an Aifrinn a bh\u00ed ag teacht chuige le gaoith i gci\u00faineadas na maidne. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Cuir ceol le sin agus d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 \u00e9 a chanadh!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Is beag nach bhf\u00e9adf\u00e1 gl\u00f3r an chlog \u00e1 bhualadh a chloiste\u00e1il agus t\u00fa ag \u00e9isteacht leis na focail sin.  Don chluas a cumadh a leith\u00e9id d\u2019abairt, agus n\u00ed don ts\u00fail, agus sa mh\u00e9id sin ar\u00eds, is d\u00f3cha gur ar sheanchaithe Chonamara a bh\u00ed an Piarsach ag smaoineamh agus na focail sin \u00e1 ngaibhni\u00fa aige. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Mar chr\u00edoch leis an bp\u00edosa seo faoi\u2019n sc\u00e9al sin, Iosag\u00e1n, breathnaigh mar a chrutha\u00edonn an Piarsach atmosf\u00e9ar difri\u00fail, agus \u00e9 ag teacht go deireadh a sc\u00e9il&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:72pt\">Th\u00e1inig an o\u00edche fliuch stoirmi\u00fail.  Cluineadh na tonntracha m\u00f3ra ag briseach le fuam\u00e1n i n-aghaidh an chladaigh.  Bh\u00ed na crainn thart timpeall ar theach an phobail ag luascadh is ag l\u00fabadh le neart na gaoithe (t\u00e1 an s\u00e9ip\u00e9al ar ard\u00e1n at\u00e1 ag titim le f\u00e1na s\u00edos go farraige.)  Bh\u00ed an tAthair Se\u00e1n ar t\u00ed a leabhar a dh\u00fanadh agus a phaidr\u00edn a r\u00e1 nuair a chuala s\u00e9 torann mar a bheadh duine ag bualadh an dorais.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">Sin an chaoi a ullmha\u00edonn an t-\u00fadar an l\u00e9itheoir le hidirghabh\u00e1il \u00f3n saol eile.  Is d\u00f3cha go raibh an sc\u00e9al, agus atmosf\u00e9ar an sc\u00e9il seo, n\u00edos c\u00f3ngara\u00ed do dhearcadh na ndaoine i dt\u00fas na haoise seo caite, n\u00e1 mar a bheadh siad do spiorad na haoise s\u2019againne.  Ach caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go mbainimse fh\u00e9in an-taitneamh as an sceil\u00edn sin, fi\u00fa sa l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">Nach deas an sc\u00e9al \u00e9 \u201cAn Sagart\u201d freisin? go h\u00e1irithe do dhaoine \u00f3ga, s\u00edlim go mbaineadh siad an-spraoi agus an-sp\u00f3rt as, sna seanlaethe, ach ar\u00eds, is d\u00f3cha go bhfuil \u00f3ige an lae inniu r\u00f3-shofaistici\u00fail, le spraoi ar bith a bhaint as sc\u00e9al chomh simpl\u00ed leis!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gurb an-sc\u00e9al \u00e9 \u201cEoin\u00edn na n\u00c9an, sc\u00e9al a bhainfeadh \u00f3g agus aosta taitneamh as.  Gas\u00far ann fh\u00e9in is ea  Eoin\u00edn, gas\u00far a bhfuil an eitinn ag gabh\u00e1il d\u00f3, b\u2019fh\u00e9idir, agus gas\u00far a sh\u00edleann go mb\u00edonn na f\u00e1inleoga ag caint leis.  S\u00edlim gur chreid a mh\u00e1thair sin, ach nuair a d\u2019inis sise a sc\u00e9al don Sagart, tuigeadh d\u00f3san, nach raibh i gceist ach r\u00e1mhaill\u00ed an tinnis, agus chuir s\u00e9 roinnt ceisteanna ar an ngas\u00far, ach m\u00e1 chuir fh\u00e9in, l\u00e9irigh Eoin\u00edn ina fhreagra\u00ed go raibh eolas agus tuiscint ar sc\u00e9al na bhf\u00e1inleog aige, nach bhf\u00e9adfadh s\u00e9 a fh\u00e1il ar bhealach ar bith eile ach \u00f3 na f\u00e1inleoga!  Tuigeadh d\u00f3 freisin, go raibh Eoin\u00edn bocht i mb\u00e9al an bh\u00e1is, rud n\u00e1r tuigeadh don mh\u00e1thair bhocht.  Ar deireadh, th\u00e1inig an tr\u00e1th \u00fad den bhliain, nuair ba ch\u00f3ir do na f\u00e1inleoga bheith ag scuabah leo go dt\u00ed an Domhan Theas, agus d\u2019fhiafraigh Eoin\u00edn d\u00e1 mh\u00e1thair an mbeadh uaigneas uirthi, d\u00e1 n-imeodh seisean in \u00e9ineacht leo? Mar chr\u00edoch leis an sc\u00e9al seo, faigheann Eoin\u00edn bocht b\u00e1s, tr\u00e1th raibh na f\u00e1inleoga ag f\u00e1g\u00e1il sl\u00e1n ag an t\u00edr seo, agus iad ag ard\u00fa a seolta, ar a mbealach leo go dt\u00ed an Domhan Theas.  F\u00e9ach mar a chuireann an t-\u00fadar \u00e9..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:72pt\">\u201cLig s\u00e9 a cheann siar ar ghualainn a mh\u00e1thar agus chuir s\u00e9 osna as.  Cluineadh gol mn\u00e1 ins an \u00e1it uaignigh \u00fad  &#8211; gol m\u00e1thar ag caoineadh a p\u00e1iste. &#8211;  Bh\u00ed Eoin\u00edn imithe i bhfochair na bhf\u00e1inleog.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">T\u00e1id ann freisin, a dtaitn\u00edonn an sc\u00e9al eile sin, \u201cBairbre\u201d leo, ach c\u00e9 gur sc\u00e9al taitneamhach \u00e9, n\u00ed d\u00e9arfainn gurbh \u00e9 mo rogha fh\u00e9in \u00e9, ach ina l\u00e1 fh\u00e9in, is d\u00f3cha go mbainf\u00ed ard-taitneamh as.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">Is cuimhin liom f\u00f3s an leabhr\u00e1n  beag sin, \u201c\u00cdosag\u00e1n agus Sc\u00e9alta eile\u201d.  N\u00ed raibh s\u00e9 chomh m\u00f3r leis na leabhair eile a bh\u00edodh im mh\u00e1la scoile agam, ach thaitin a chl\u00fadach bog, b\u00e1ndearg, liom, cl\u00fadach a raibh picti\u00far d\u2019\u00cdosag\u00e1n air, \u00e9 gl\u00e9asta i ng\u00fana, cos\u00fail le l\u00e9ine o\u00edche, \u00e9 cosnochtaithe, ceannnochtaithe, agus loinnir na gl\u00f3ire ag soilsi\u00fa as.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">N\u00e1 ceap anois n\u00e1r scr\u00edobh an Piarsach aon ghearrsc\u00e9al eile, n\u00f3 scr\u00edobh.  Scr\u00edobh s\u00e9 m\u00e1m maith de scealta eile, sc\u00e9alta ar n\u00f3s :- An Gada\u00ed,  An Bhean Chaointe,  An Dearg-Daol,  Br\u00edd na nAmhr\u00e1n, An Mh\u00e1thair, agus Na B\u00f3ithre.  Gearrsc\u00e9alta taitneamhacha, suimi\u00fala, dea-chumtha, isea chuile cheann acu sin, ach n\u00edl an t-am agam anseo, cur s\u00edos a dh\u00e9anamh orthusan, ach n\u00edl s\u00e9 deacair teacht orthu i leabharlann ar bith, d\u00e9arfainn.  Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go mbainim fh\u00e9in an-taitneamh f\u00f3s as sc\u00e9alta cos\u00fail le \u201cAn Gada\u00ed.\u201d Sc\u00e9al ina bhfuil an Piarsach ar\u00eds ag iarraidh ceisteanna mor\u00e1lta a scr\u00fad\u00fa agus a scaoileadh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">B\u2019fh\u00e9idir go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, nach scr\u00edobhfadh an Piarsach gearrsc\u00e9al ar bith riamh, d\u00e1 n-\u00e9ireodh leis scr\u00edbhneoir\u00ed eile a spreagadh chun pinn, ach nuair a theip air sin a dh\u00e9anamh, chuaigh s\u00e9 i mbun na hoibre sin \u00e9 fh\u00e9in, agus d\u00e9arfainn gur saibhride \u00e1r litr\u00edocht cinneadh \u00fad an Phiarsaigh.  Cuir san \u00e1ireamh freisin, nach raibh s\u00e1ch ama aige le barr feabhais a chur ar a scileanna scr\u00edbhneoireachta, n\u00f3 bh\u00ed an iomarca le d\u00e9anamh aige, agus gan a sh\u00e1ith ama f\u00e1gtha aige, le barr feabhais a chur ar a chumas mar ghearrsc\u00e9ala\u00ed.  Caithfear glacadh leis, go mba \u00e9 fh\u00e9in agus SeanPh\u00e1draic \u00d3 Conaire na ceannr\u00f3daithe i bhforbairt an ghearrsc\u00e9il i nua-litr\u00edocht na Gaeilge, agus n\u00ed beag n\u00e1 suarach an teist \u00e9 sin ar an d\u00e1 Ph\u00e1draic s\u2019againne.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong>leabhr\u00e1n<\/strong>, booklet;  <strong>leadr\u00e1n<\/strong>, slowness;   <strong>n\u00ed raibh duine n\u00e1 deora\u00ed ann<\/strong>, there wasn\u2019t a soul or sinner there;  <strong>ina chadhan aonraic<\/strong>, all on his own;  <strong>fuam\u00e1n<\/strong>, noise;  <strong>\u00f3n mbuaile<\/strong>, from the small grazing field;  <strong>idirghabh\u00e1il<\/strong>, intervention; <strong>eitinn<\/strong>, tuberculosis<strong>;  r\u00e1mhaill\u00ed<\/strong>, raving;  <strong>an iomarca<\/strong>, too much.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;. I mB\u00e9al an Phobail \u00c1illeacht an tSaoil seo 6 Peadar Bair\u00e9ad Pearse not discouraged N\u00edor chuir tada aon lagmhisneach ar an bPiarsach \u00e1fach, n\u00f3 i 1905 \u2013 \u201906, chuir s\u00e9 an leabhar sin, \u201cIosag\u00e1n agus Sc\u00e9alta eile\u201d ar f\u00e1il d\u00e1 lucht l\u00e9ite. Ceithre sc\u00e9al a bh\u00ed sa leabhr\u00e1n c\u00e9anna sin, Iosag\u00e1n, Eoin\u00edn na n\u00c9an, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11837","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11837","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11837"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11837\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11838,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11837\/revisions\/11838"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11837"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11837"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11837"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}