{"id":11853,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11853"},"modified":"2024-04-08T01:27:43","modified_gmt":"2024-04-08T01:27:43","slug":"a-i-l-l-e-a-c-h-t-a-n-t-s-a-o-i-l-s-e-o-2-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-i-l-l-e-a-c-h-t-a-n-t-s-a-o-i-l-s-e-o-2-2\/","title":{"rendered":"A i l l e a c h t     a n     t S a o i l     s e o  2 ."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:16pt\"><strong>I    m B \u00e9 a l    a n    P h o b a i l <\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">\u00c1illeacht  an  tSaoil  seo   2<\/span><\/h1><h2 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/h2><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Nuair a chuir m\u00e9<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> romham, caint a thabhairt faoin bPiarsach agus a shaothar, ag seisi\u00fan <\/span><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">de Dhaonscoil Osra\u00ed, in \u00d3st\u00e1n an Newpark, i gCill Chainnigh, i nDeireah F\u00f3mhair na bhliain \u00fad, 1979, bh\u00ed na triobl\u00f3id\u00ed ag r\u00e9abadh leo, ina loscadh sl\u00e9ibhe, i dTuaisceart \u00c9ireann f\u00f3s, agus d\u00e1 bharr sin, bh\u00ed cine\u00e1l eagla orm, ag an am, an Piarsach a mholadh, n\u00f3 a mh\u00f3radh, ar eagla, faoi mar ad\u00fairt an Yeatsach fad\u00f3, ar eagla go seolfadh mo chuid cainte-se \u00f3g\u00e1nach eic\u00ednt chun gleo, i gcoinne Gall.  Ach tar \u00e9is chuile sh\u00f3rt a chur san \u00e1ireamh, tuigeadh dom, gur ch\u00f3ir dom tabhairt faoin ngn\u00f3 sin, \u00f3 tharla cuimhne c\u00e9ad an Phiarsaigh a bheith \u00e1 chom\u00f3radh, sa bhliain sin, \u201979.  Bh\u00ed roinnt oibre d\u00e9anta agam, roimhe sin, ar an \u00e1bhar c\u00e9anna sin, n\u00f3 bh\u00ed sraith altanna uaim foilsithe sa nuacht\u00e1n Gaeilge \u00fad \u201cInniu\u201d.<strong> <\/strong> Mar sin, bh\u00ed fonn orm cur leis an m\u00e9id a bh\u00ed d\u00e9anta agam cheana, agus thosaigh orm ag ullmh\u00fa don \u00f3c\u00e1id.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">The wise men have not spoken !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a thosaigh m\u00e9 ag iarraidh teacht ar bhealach oiri\u00fanach le l\u00e9acht d\u00e1 leith\u00e9id a thos\u00fa, smaoinigh m\u00e9, i dtosach, ar fhocail an Phiarsaigh fh\u00e9in, nuair a scr\u00edobh s\u00e9&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cSince the wise men have not spoken<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">I speak who am only a fool&#8230;..\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edor den d\u00edogha \u00e9, ach oiread, mar th\u00fas, dar liomsa. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach ansin, c\u00e9ard faoi chuntas gearr a thabhairt ar an chaoi ar chuala m\u00e9 fh\u00e9in faoin bPiarsach, a ch\u00e9aduair, agus tar \u00e9is dom mo mharana a dh\u00e9anamh, shocraigh m\u00e9 ar ghlacadh leis an dara bealach sin mar rogha.  Chun oibre, m\u00e1 sea.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rugadh agus t\u00f3gadh mise i bpobal saor, in Iorras \u00e1rsa, thiar, mar a dt\u00e9ann an ghrian i bhfarraige, ag deireadh gach lae.  Ba phobal \u00e9 a bh\u00ed eagraithe, agus t\u00f3gtha, d\u00edreach mar a bh\u00ed, sna me\u00e1naoiseanna, agus d\u00edreach cos\u00fail leis an bpobal ar dhein an Piarsach teangmh\u00e1il leis, i dt\u00fas an ch\u00e9id, thiar i gConamara.  B\u2019in an tIorras ar thit J.M. Synge i ngr\u00e1 leis, agus ar \u00fas\u00e1id s\u00e9 mar shu\u00edomh d\u00e1 dhr\u00e1ma c\u00e1ili\u00fail \u201cThe Playboy of the Western World\u201d.  Ba dhuine m\u00e9, de na gas\u00fair shona sin, a rith cosnochta tr\u00ed \u00f3ige sh\u00e1sta, <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">The Master had spoken!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00edodh gur mhinic ganntanas earra\u00ed saolta ag cur as d\u00fainn, n\u00edor chuir ganntanas gr\u00e1 isteach riamh orainn.  N\u00edor leag m\u00e9 fh\u00e9in spag taobh istigh de dhoras scoile go raibh mo sheacht\u00fa bliain sl\u00e1naithe agam.  Ba sa scoil ch\u00e9anna sin a ch\u00e9adchuala m\u00e9 tr\u00e1cht ar An bPiarsach, ar Mhac Donnchadha, agus ar an gCl\u00e9ireach, agus ar a gcomhleacaithe uilig, a thug sr\u00e1ideanna naofa \u00c1tha Cliath orthu fh\u00e9in, um Ch\u00e1isc 1916, le tabhairt faoi shaoirse na t\u00edre seo a bhaint amach.  Las an m\u00e1istir solas a ngl\u00f3ire, agus a gcalmacht, sa chro\u00ed istigh ionainn an l\u00e1 sin, ach ansin, n\u00e1r bheag a thuig muidinne faoi na c\u00farsa\u00ed sin, sinne n\u00e1r chuala urchar \u00e1 scaoileadh i bhfeirg riamh, agus bh\u00ed ar an m\u00e1istir a dh\u00edcheall a dh\u00e9anamh ag iarraidh aithris a dh\u00e9anamh d\u00fainn ar na fuaimeanna c\u00e9anna sin, agus \u00e9 ag iarraidh an difir a bh\u00ed idir shiana\u00edl  na sliog\u00e1n, fead gh\u00e9ar, agus tuairt, na bpil\u00e9ar, agus rat-at-at na meais\u00ednghunna\u00ed.  Chomh  fada is a bhain s\u00e9 linne, n\u00ed raibh iontu sin uilig ach fuaimeanna, fuaimeanna nach nd\u00e9anfadh dochar do dhuine ar bith, ach ar ball, rinneamar ceangal eatarthu sin agus bail\u00e9id ar n\u00f3s, \u201cThe bold Fenian Men\u201d, \u201cThe Foggy Dew\u201d, \u201cThe Three Flowers\u201d, \u201cThe Dying Rebel\u201d, agus fi\u00fa, \u201c\u00d3r\u00f3  \u2019s\u00e9  Do Bheatha Abhaile\u201d an Phiarsaigh fh\u00e9in.  Agus b\u2019in mar a d\u2019\u00e9alaigh an Piarsach isteach i gcro\u00edthe \u00e1r n-\u00f3ige.  Sea, agus chuir s\u00e9 sin an picti\u00far de, a bh\u00edodh le f\u00e1il go fl\u00fairseach sna leabhair scoile, ag an am, picti\u00far d\u2019fhear \u00f3g, a raibh cuma na soineannantachta, agus na mac\u00e1ntachta air, agus tuigfidh t\u00fa, mar a chuaigh s\u00e9 i gcionn orainne gas\u00fair.  Chomh fada is a bhain s\u00e9 linne, ni raibh fuath, n\u00f3 binib, n\u00f3 mail\u00eds, ag roinnt leis, agus mh\u00fascail an m\u00e1istir sp\u00e9is ionainne, sa bhfear fh\u00e9in agus ina scr\u00edbhinn\u00ed, freisin. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">A Different Era!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> N\u00ed call dom a r\u00e1, gur mh\u00f3r againne an leabhr\u00e1n sin <strong>Iosag\u00e1n agus Sc\u00e9alta eile,<\/strong> leabhar a bh\u00ed loml\u00e1n le sc\u00e9alta agus le hatmosf\u00e9ar an Iarthair.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, mar sin, gur th\u00e1inig muidinne isteach ag an deireadh, nuair a bh\u00ed cr\u00edoch le heachtra\u00ed agus le himeachta\u00ed an Phiarsaigh, ach mar sin fh\u00e9in, mhuscail a sc\u00e9al suim ina shaothar ionamsa, suim a mhair ionam anuas tr\u00ed chaitheamh na mblianta, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.  Sea, agus ag caint ar a dh\u00e1n, bh\u00ed earra amh\u00e1in in easnamh, an t-am sin, n\u00f3 n\u00ed bhfuarthas \u00f3r\u00e1id deiridh an Phiarsaigh, n\u00f3 a \u201cSpeech from the Dock\u201d, mar ad\u00e9arf\u00e1, n\u00f3 n\u00ed raibh f\u00e1il air fi\u00fa, agus mise ag f\u00e1s an\u00edos in Iorras na nIontas, i dtriochaid\u00ed an ocrais, ach tuigeadh d\u00e1 l\u00e1n, go gcaithfeadh a leith\u00e9id a bheith ann, n\u00f3 bh\u00edothas cinnte, go mbeadh \u00f3r\u00e1id ag an bPiarsach don \u00f3c\u00e1id sin, d\u00e1 dtabharfa\u00ed deis chuige d\u00f3, sea, agus b\u00ed cinnte freisin, go mbeadh \u00f3r\u00e1id d\u00e1 leith\u00e9id, snasta, sciomartha, snoite, aige, agus \u00e9 cleachtaithe aige, roimh r\u00e9.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">Childhood Promises.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar, tar \u00e9is d\u00f3 triocha bliain a chaitheamh ar deoraiocht , n\u00ed d\u00f3cha go bhf\u00e9adfadh \u00e9inne a r\u00e1, go raibh aon rud nua in \u00f3r\u00e1id deiridh \u00fad an Phiarsaigh, n\u00f3 dhearbhaigh s\u00e9 ar\u00eds ann, go soll\u00fanta, gur mhionnaigh s\u00e9, in aois a dheich mbliana, go gcaithfeadh s\u00e9 a shaol ag iarraidh a th\u00edr a shaoradh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><em>Caithfidh muid a thabhairt faoi deara anseo an difir mh\u00f3r at\u00e1 idir dhearcadh na laethe \u00fad, agus dearcadh an lae inniu, ach smaoinigh freisin, go bhfuil beagnach c\u00e9ad blian imithe faoi dhroichead an ama, san idirlinn.<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Seo mar a chuir s\u00e9 \u00e9, i ngearrinsint d\u00e1 \u00f3r\u00e1id deiridh&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cWhen I was a child of ten I went down on my bare knees by my bedside one night and promised God that I would devote my life to an effort to free my country.  I kept that promise.  First among all earthly things, as a boy, and as a man, I have worked for Irish freedom.  I have helped to organise, to arm, to train, and to discipline my fellow countryman to the same end, that when the <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">time came, they might fight for Irish freedom.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An dara l\u00e1 de Bhealtaine, 1916, an d\u00e1ta at\u00e1 ar an l\u00e1imhscr\u00edbhinn sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">\u201cThe Triumph of Failure\u201d<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh aif\u00e9ala ar bith air, go ndearna s\u00e9 a leith\u00e9id, i nd\u00e1ir\u00edre, bh\u00ed \u00e1thas air gur dhein,  N\u00ed raibh an cluiche caillte f\u00f3s, ach d\u00e1r leis, d\u00e1 ndi\u00falt\u00f3id\u00eds cath a chur, ansin bheadh an cluiche caillte acu.  Ionann troid agus bua, sa ch\u00e1s \u00e1irithe seo d\u00e1r leis, n\u00f3 n\u00edor loic siad ar na gl\u00fanta a d\u2019imigh rompu.  M\u00e1 bhriseann sibh orainn anois, \u00e9ireoimid ar\u00eds leis an gcath a athchur. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Rinne m\u00e9 athlua ar fhocail an Phiarsaigh, thuas, lena dh\u00e1ir\u00edreacht ioml\u00e1n d\u00e1 ch\u00fais a l\u00e9iri\u00fa, agus n\u00edl dabht ar bith agam, ach gur dhein s\u00e9 mar ad\u00fairt s\u00e9, agus ansin, gur chuir s\u00e9 roimhe, \u00e9 fh\u00e9in a chur in oiri\u00faint don r\u00f3d aonarach a bh\u00ed le taisteal aige.  F\u00e9ach mar a d\u00fairt s\u00e9 ag uaigh U\u00ed Dhonabh\u00e1in Rosa, agus an \u00f3r\u00e1id ch\u00e1ili\u00fail sin \u00e1 thabhairt aige..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Splendid and holy causes are served by men who are themselves splendid and holy.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, chuir an Piarsach roimhe, mar aidhm, bheith ullamh d\u00e1 ghairm, mar a chonachtas d\u00f3san \u00e9.  Breathnaigh ar an taifead, mar ad\u00e9arf\u00e1.  N\u00edor \u00f3l s\u00e9.  N\u00edor chaith s\u00e9 tobac.  Choinnigh s\u00e9 smacht daingean ar a chuid chainte, agus n\u00edor n\u00f3s leis caint gh\u00e1irsi\u00fail, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id, a chleachtadh riamh,  agus i gc\u00e1s na mban, b\u2019eiseaml\u00e1ir \u00e9 ar uaisleacht, ar dh\u00edlseacht, agus ar dh\u00e1ir\u00edreacht, ina iompar, ina chuid cainte, agus ina dhearcadh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Shi\u00fal an b\u00e1s cois ar chois leis, fan chas\u00e1n a bheatha, rud a thug soll\u00fantacht neamhghn\u00e1ch d\u00e1 laethe, agus a scal sin tr\u00ed chuile sh\u00f3rt d\u00e1r dhein s\u00e9.  Diaidh ar ndiaidh, d\u2019\u00e9irigh leis a smaointe ar r\u00e9abhl\u00f3ideachas a scagadh, agus a athscagadh, chun iad a chur in oiri\u00faint d\u2019eitic na Cr\u00edosta\u00edochta, faoi mar a chonacthas d\u00f3san \u00e9.  Theastaigh uaidh chuile ghn\u00e9 den saol a thabhairt faoi an\u00e1il an r\u00e9abhl\u00f3ideachais ch\u00e9anna sin, agus chuige sin, chuir s\u00e9 roimhe, a smaointe a chur i mb\u00e9al an phobail, tr\u00ed dhr\u00e1ma\u00ed, tr\u00ed dh\u00e1nta, agus tr\u00ed sc\u00e9alta a scr\u00edobh, agus chomh maith le sin, theastaigh uaidh dul i gcionn ar \u00e1r gc\u00f3ras oideachais, tr\u00ed scoil d\u00e1 chuid fh\u00e9in a bhun\u00fa.  Sea, agus ar deireadh thiar, chuaigh s\u00e9 le saighdi\u00faireacht, n\u00f3 is d\u00f3cha gur tuigeadh d\u00f3 go mbeadh g\u00e1 leis an scil sin, d\u00e1 dteipfeadh ar chuile sh\u00f3rt eile.  D\u2019fh\u00e1g s\u00e9 ina dhiaidh, mar oidhreacht, scr\u00edbhinn\u00ed a spreagfadh na gl\u00fanta a thiocfadh ina dhiaidh, sa chaoi, d\u00e1 dteipfeadh air fh\u00e9in ina ch\u00fais, go dtiocfadh gl\u00fan eile ina dhiaidh, leis an ngn\u00f3 sin a chur i gcr\u00edch.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>B\u2019fh\u00e9idir gur leor sin, do thuras na huaire seo, agus b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1r dhochar ar bith \u00e9, breathn\u00fa siar ar a raibh le r\u00e1 agam, sa ch\u00e9ad gh\u00e1la sin, den tsraith seo.  Caithfear sc\u00edr\u00edbhinn\u00ed, agus caint, an Phiarsaigh, a thuiscint, mar mhacalla ar smaointe agus ar dhearcadh roinnt mhaith de cheannair\u00ed \u00c9ir\u00ed Amach, a S\u00e9 D\u00e9ag.  Thuig s\u00e9, agus thuig na daoine thart air, nach dtiocfadh athr\u00fa ar bith ar an leagan amach sin, go La Pilib a\u2019 Chleite, ach bh\u00ed breall orthu, n\u00f3 diaidh ar ndiaidh, chreim luch\u00f3ga na mblianta, agus leamhain an r\u00e9adachais, na put\u00f3ga as teoiirc an r\u00e9abhl\u00f3ideachais, mar a tuigeadh d\u00f3ibhsean \u00e9, sa chaoi, nach bhfuil an oiread sin daoine suas anois, a chreideann, gurbh fhi\u00fa an braon fola \u00e9. Tuige ar tharla a leith\u00e9id, a d\u2019fhiafr\u00f3dh duine b\u2019fh\u00e9idir?<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>Bhuel, n\u00edl dabht ar domhan ach gur \u00e9irigh leis an teilif\u00eds, agus leis an raidi\u00f3, sciar maith den rom\u00e1nsachas a bhaint as c\u00farsa\u00ed coga\u00edochta.  Bh\u00ed toradh na mbuill\u00ed, agus rian na bpil\u00e9ar, le feice\u00e1il go soil\u00e9ir ag daoine ar sc\u00e1ile\u00e1n a dteilif\u00edse\u00e1n, ina dtithe fh\u00e9in istigh.  <\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>T\u00e1id ann freisin, ad\u00e9arfadh, gur \u00e9irigh leis an mBreatain, tr\u00ed bholscaireacht, dearcadh na n\u00c9ireannach, ar ch\u00farsa\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id, a athr\u00fa.  Ar aon n\u00f3s, caithfear glacadh leis, gur th\u00e1inig athr\u00fa bun\u00fasach ar dhearcadh na cosmhuintire, san idirlinn, agus d\u00e1 bhri sin, n\u00edl an oiread sin daoine sa timpeall, a thiocfadh le feals\u00fanacht an \u00c9ir\u00ed Amach, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  N\u00ed haon ionadh mar sin, go motha\u00edmid, cine\u00e1l neirbh\u00edseach, fi\u00fa,  agus smaointe an Phiarsaigh \u00e1 l\u00e1imhseail againn.  Eagla orainn, faoi mar a bh\u00ed ar an Yeatsach m\u00f3r fh\u00e9in, b\u2019f\u00e9idir, nuair a labhair s\u00e9 faoin bhfait\u00edos a bh\u00ed air &#8230;..<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>&#8230;&#8230;That some words of his sent out young men the British shot&#8230;&#8230;<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>B\u00edodh sin uilig mar at\u00e1 \u00e1fach, caithfear a admh\u00e1il n\u00e1r dhrochdhuine \u00e9 an Piarsach, ach go mba dhea-dhuine \u00e9, a thuig ina chro\u00ed istigh, go raibh leas a mhuintire \u00e1 dh\u00e9anamh aige, agus go raibh s\u00e9 r\u00e9idh le b\u00e1ire na fola a imirt, thar a gceann.<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al ansin, caithfimid cur san \u00e1ireamh, an meas at\u00e1 ag t\u00edortha, cos\u00fail leis na St\u00e1it Aontaithe, agus an Fhrainc, ar na laochra a throid ar mhaithe le saoirse a bhuachan d\u00f3ibhsean.<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>Mar bhuille scoir, sa ph\u00edosa  seo, is d\u00f3cha n\u00e1r ch\u00f3ir dearmad a dh\u00e9anamh ar naoi a haondh\u00e9ag, ar <\/em><strong><em>\u201cnine eleven\u201d<\/em><\/strong><em>, mar a thugann na Punc\u00e1in air,  n\u00f3 d\u2019\u00e9irigh le himeachta\u00ed an lae cinni\u00fanaigh \u00fad c\u00farsa\u00ed an tsaoil mh\u00f3ir a athr\u00fa, go bun\u00fasach, chomh fada is a bhain s\u00e9 le ceannairc agus le h\u00e9ir\u00ed amach.  Sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, t\u00e1 s\u00e9 an-deacair an difir idir sceimhlitheoir\u00ed agus saighdi\u00fair\u00ed na saoirse, a thabhairt faoi deara.  Nach f\u00e9idir linn uilig an t-athr\u00fa a tharla i gc\u00e1s c\u00e1s na bPailist\u00edneach.  Roimh naoi a haondh\u00e9ag, ba throdair\u00ed ar son na saoirse iad, d\u00e1r le roinnt mhaith daoine, ach i ndiaidh an lae chinni\u00fanaigh \u00fad, tuigeadh do roinnt mhaith daoine eile go mba sceimhlitheoir\u00ed ba ea iad, agus is d\u00f3cha, gur \u00e9irigh le daoine \u00e1irithe iad a chur san aon abairt leis na daoine \u00fad a rinne na heitle\u00e1in a thuairte\u00e1il isteach i dTr\u00e1dth\u00fair an Domhain, i gcathair ollmh\u00f3ir Nua Eabhrac.  <\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>T\u00e1 muidinne in\u00e1r gc\u00f3na\u00ed i r\u00e9 athraithe \u00f3 bhun go barr, agus sin c\u00fais eile, gur ch\u00f3ir d\u00fainn breathn\u00fa siar, agus breith ch\u00f3ir a thabhairt ar na laochra a d\u2019imigh romhainn, ach sa mbreith sin, caithfear an bhreith a bhun\u00fa ar na rialacha agus ar na dlithe a bh\u00ed i bhfeidhm, ina l\u00e1 si\u00fad.  Sin a bhfuil ar si\u00fal agam sa tsraith seo, agus sin an f\u00e1th freisin, go mb\u00edonn orm, gach re sea, mo smaointe, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, a chur isteach i gcl\u00f3 iod\u00e1lach, go h\u00e1irithe, nuair a fheictear dom, an difir mh\u00f3r at\u00e1 idir dhearcadh an lae inniu, agus an dearcadh a bh\u00ed sa treis, nuair a scr\u00edobhadh an l\u00e9acht, sa bhliain 1979.  S\u00fail agam, go spreagfaidh na haltanna seo th\u00fa, agus, cos\u00fail leis an Yeatsach freisin, t\u00e1 s\u00fail agam, nach gcuirfeadh aon fhocal dem chuid aon fhear \u00f3g isteach i mbearna an bhaoil.<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>Go dt\u00ed an ch\u00e9ad bhabhta eile&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..Sl\u00e1n&#8230;<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>****************<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>Peadar Bair\u00e9ad. <\/em>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I m B \u00e9 a l a n P h o b a i l . \u00c1illeacht an tSaoil seo 2 Peadar Bair\u00e9ad . Nuair a chuir m\u00e9 romham, caint a thabhairt faoin bPiarsach agus a shaothar, ag seisi\u00fan de Dhaonscoil Osra\u00ed, in \u00d3st\u00e1n an Newpark, i gCill Chainnigh, i nDeireah F\u00f3mhair na bhliain \u00fad, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11853","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11853","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11853"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11853\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11854,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11853\/revisions\/11854"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11853"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11853"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11853"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}