{"id":11855,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11855"},"modified":"2024-04-08T01:17:43","modified_gmt":"2024-04-08T01:17:43","slug":"a-i-l-l-e-a-c-h-t-a-n-t-s-a-o-i-l-s-e-o-2-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-i-l-l-e-a-c-h-t-a-n-t-s-a-o-i-l-s-e-o-2-a\/","title":{"rendered":"A i l l e a c h t     a n     t S a o i l     s e o  2 A."},"content":{"rendered":"<p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>N\u00edor loic siad<\/strong>, they didn\u2019t fail;  <strong>athlua<\/strong>, quote;  <strong>caint gh\u00e1irsi\u00fail<\/strong>, bawdy talk;  <strong>eiseaml\u00e1ir<\/strong>; model;  <strong>scagadh<\/strong>, refine;  <strong>sraith<\/strong>, series;  <strong>macalla<\/strong>, echo<strong>;  L\u00e1 Philib a\u2019 Chleite<\/strong>, Tibb\u2019s Eve;  <strong>bolscaireacht<\/strong>, propaganda;  <strong>tuairte\u00e1il<\/strong>, crash. <\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">I   m B \u00e9 a l     a n     P h o b a i l<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">\u00c1illeacht an tSaoil seo  2A<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">Peadar Bairead<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh aif\u00e9ala ar bith air gur chuir s\u00e9 cath ar an Impireacht, i nd\u00e1ir\u00edre bh\u00ed \u00e1thas air gur dhein,  N\u00ed raibh an cluiche caillte f\u00f3s, ach d\u00e1r leis, d\u00e1 ndi\u00falt\u00f3id\u00eds cath a chur, ansin bheadh an cluiche caillte acu. Ionann troid agus bua, sa ch\u00e1s \u00e1irithe seo, d\u00e1r leis, n\u00f3 n\u00edor loic siad ar na gl\u00fanta a d\u2019imigh rompu. \u201cM\u00e1 bhriseann sibh orainn anois, \u00e9ireoimid ar\u00eds leis an gcath a athchur.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Rinne m\u00e9 athlua ar fhocail an Phiarsaigh, sa gh\u00e1la deiridh, lena dh\u00e1ir\u00edreacht ioml\u00e1n d\u00e1 ch\u00fais a l\u00e9iri\u00fa, agus n\u00edl dabht ar bith agam, ach gur dhein s\u00e9 mar ad\u00fairt s\u00e9, agus ansin, gur chuir s\u00e9 roimhe, \u00e9 fh\u00e9in a chur in oiri\u00faint don r\u00f3d aonarach a bh\u00ed le taisteal aige. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">The O\u2019Donovan Rossa Oration<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">F\u00e9ach mar a d\u00fairt s\u00e9 ag uaigh U\u00ed Dhonabh\u00e1in Rosa, agus an \u00f3r\u00e1id ch\u00e1ili\u00fail sin \u00e1 thabhairt aige..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Splendid and holy causes are served by men who are themselves splendid and holy.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, chuir an Piarsach roimhe, mar aidhm, bheith ullamh d\u00e1 ghairm, mar a chonachtas d\u00f3san \u00e9. Breathnaigh ar an taifead, mar ad\u00e9arf\u00e1. N\u00edor \u00f3l s\u00e9. N\u00edor chaith s\u00e9 tobac.  Choinnigh s\u00e9 smacht daingean ar a chuid cainte, agus n\u00edor n\u00f3s leis caint gh\u00e1irsi\u00fail, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id, a chleachtadh riamh, agus i gc\u00e1s na mban, b\u2019eiseaml\u00e1ir \u00e9 ar uaisleacht, ar dh\u00edlseacht, agus ar dh\u00e1ir\u00edreacht, ina iompar, ina chuid cainte, agus ina dhearcadh.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">He Walked with Death<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Shi\u00fal an b\u00e1s cois ar chois leis, fan chas\u00e1n a bheatha, rud a thug soll\u00fantacht neamhghn\u00e1ch d\u00e1 laethe, agus a scal tr\u00ed chuile sh\u00f3rt d\u00e1r dhein s\u00e9.  Diaidh ar ndiaidh, d\u2019\u00e9irigh leis a smaointe ar r\u00e9abhl\u00f3ideachas a scagadh, agus a athscagadh, chun iad a chur in oiri\u00faint d\u2019eitic na Cr\u00edosta\u00edochta, faoi mar a chonacthas d\u00f3san \u00e9.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">The Complete Revolutionary<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Theastaigh uaidh chuile ghn\u00e9 den saol a thabhairt faoi an\u00e1il an r\u00e9abhl\u00f3ideachais ch\u00e9anna sin, agus chuige sin, chuir s\u00e9 roimhe, a smaointe a chur i mb\u00e9al an phobail, tr\u00ed dhr\u00e1ma\u00ed, tr\u00ed dh\u00e1nta, agus tr\u00ed sc\u00e9alta a scr\u00edobh, agus chomh maith le sin, theastaigh uaidh dul i gcionn ar \u00e1r gc\u00f3ras oideachais, tr\u00ed scoil d\u00e1 chuid fh\u00e9in a bhun\u00fa.  Sea, agus ar deireadh thiar, chuaigh s\u00e9 le saighdi\u00faireacht, n\u00f3 is d\u00f3cha gur tuigeadh d\u00f3 go mbeadh g\u00e1 leis an scil sin, d\u00e1 dteipfeadh ar chuile sh\u00f3rt eile.  D\u2019fh\u00e1g s\u00e9 ina dhiaidh, mar oidhreacht, scr\u00edbhinn\u00ed a spreagfadh na gl\u00fanta a thiocfadh ina dhiaidh, sa chaoi, d\u00e1 dteipfeadh air fh\u00e9in ina ch\u00fais, go dtiocfadh gl\u00fan eile ina dhiaidh, leis an ngn\u00f3 sin a chur i gcr\u00edch.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Thoughts Reviewed<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>B\u2019fh\u00e9idir gur leor sin, do thuras na huaire seo, agus b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1r dhochar ar bith \u00e9, breathn\u00fa siar ar a raibh le r\u00e1 agam, sa dara g\u00e1la, den tsraith seo.  Caithfear scr\u00edbhinn\u00ed, agus caint, an Phiarsaigh, a thuiscint, mar mhacalla ar smaointe agus ar dhearcadh roinnt mhaith de cheannair\u00ed \u00c9ir\u00ed Amach, a S\u00e9 D\u00e9ag.  Thuig s\u00e9, agus thuig na daoine thart air, nach dtiocfadh athr\u00fa ar bith ar an leagan amach sin, go La Pilib a\u2019 Chleite, ach bh\u00ed breall orthu, n\u00f3 diaidh ar ndiaidh, chreim luch\u00f3ga na mblianta, agus leamhain an r\u00e9adachais, na put\u00f3ga as teoiric an r\u00e9abhl\u00f3ideachais, mar a tuigeadh d\u00f3ibhsean \u00e9, sa chaoi, nach bhfuil an oiread sin daoine suas anois, a chreideann, gurbh fhi\u00fa an braon fola \u00e9. Tuige ar tharla a leith\u00e9id, a d\u2019fhiafr\u00f3dh duine b\u2019fh\u00e9idir?<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>Bhuel, n\u00edl dabht ar domhan ach gur \u00e9irigh leis an teilif\u00eds, agus leis an raidi\u00f3, sciar maith den rom\u00e1nsachas a bhaint as c\u00farsa\u00ed coga\u00edochta.  Bh\u00ed toradh na mbuill\u00ed, agus rian na bpil\u00e9ar, le feice\u00e1il go soil\u00e9ir ag daoine ar sc\u00e1ile\u00e1n a dteilif\u00edse\u00e1n, ina dtithe fh\u00e9in istigh.  <\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>T\u00e1id ann freisin, ad\u00e9arfadh, gur \u00e9irigh leis an mBreatain, tr\u00ed bholscaireacht, dearcadh na n\u00c9ireannach, ar ch\u00farsa\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id, a athr\u00fa.  Ar aon n\u00f3s, caithfear glacadh leis, gur th\u00e1inig athr\u00fa ar dhearcadh na cosmhuintire, san idirlinn, agus d\u00e1 bhri sin, n\u00edl an oiread sin daoine sa timpeall, a thiocfadh le feals\u00fanacht an \u00c9ir\u00ed Amach, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus don l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  N\u00ed haon ionadh mar sin, go motha\u00edmid, cine\u00e1l neirbh\u00edseach, fi\u00fa,  agus smaointe an Phiarsaigh \u00e1 l\u00e1imhse\u00e1il againn.  Eagla orainn, faoi mar a bh\u00ed ar an Yeatsach m\u00f3r fh\u00e9in, b\u2019f\u00e9idir, nuair a labhair s\u00e9 faoin bhfait\u00edos a bh\u00ed air &#8230;..<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><em>&#8230;&#8230;That some words of his sent out young men the British shot&#8230;&#8230;<\/em><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">A Good Man<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>B\u00edodh sin uilig mar at\u00e1 \u00e1fach, caithfear a admh\u00e1il n\u00e1r dhrochdhuine \u00e9 an Piarsach, ach go mba dhea-dhuine \u00e9, a thuig ina chro\u00ed istigh, go raibh leas a mhuintire \u00e1 dh\u00e9anamh aige, agus go raibh s\u00e9 r\u00e9idh le b\u00e1ire na fola a imirt, thar a gceann.<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al ansin, caithfimid cur san \u00e1ireamh, an meas at\u00e1 ag t\u00edortha, cos\u00fail leis na St\u00e1it Aontaithe, agus an Fhrainc, ar na laochra a throid ar mhaithe le saoirse a bhuachan d\u00f3ibhsean.<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>Mar bhuille scoir, sa ph\u00edosa  seo, is d\u00f3cha n\u00e1r ch\u00f3ir dearmad a dh\u00e9anamh ar naoi a haondh\u00e9ag, ar <\/em><strong><em>\u201cnine eleven\u201d<\/em><\/strong><em>, mar a thugann na Punc\u00e1in air,  n\u00f3 d\u2019\u00e9irigh le himeachta\u00ed an lae cinni\u00fanaigh \u00fad, c\u00farsa\u00ed an tsaoil mh\u00f3ir a athr\u00fa, go bun\u00fasach, chomh fada is a bhain s\u00e9 le ceannairc agus le h\u00e9ir\u00ed amach.  Sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, t\u00e1 s\u00e9 an-deacair an difir idir sceimhlitheoir\u00ed agus saighdi\u00fair\u00ed na saoirse, a thabhairt faoi deara.  Nach f\u00e9idir linn uilig an t-athr\u00fa a tharla i gc\u00e1s Eir\u00ed Amach na bPailist\u00edneach a thabhairt faoi deara.  Roimh naoi a haondh\u00e9ag, ba throdair\u00ed ar son na saoirse iad, d\u00e1r le roinnt mhaith daoine, ach i ndiaidh an lae chinni\u00fanaigh \u00fad, tuigeadh do roinnt mhaith daoine eile go mba sceimhlitheoir\u00ed ba ea iad, agus is d\u00f3cha, gur \u00e9irigh le daoine \u00e1irithe iad a chur san aon abairt leis na daoine \u00fad a rinne na heitle\u00e1in a thuairte\u00e1il isteach i dTr\u00e1dth\u00fair an Domhain, i gcathair ollmh\u00f3r Nua Eabhrac.  <\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>T\u00e1 muidinne in\u00e1r gc\u00f3na\u00ed i r\u00e9 athraithe \u00f3 bhun go barr, agus sin c\u00fais eile, gur ch\u00f3ir d\u00fainn breathn\u00fa siar, agus breith ch\u00f3ir a thabhairt ar na laochra a d\u2019imigh romhainn, ach sa mbreith sin, caithfear an bhreith a bhun\u00fa ar na rialacha, ar na dlithe, agus ar an dearcadh, a bh\u00ed i bhfeidhm, ina l\u00e1 si\u00fad<\/em>.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>N\u00edor loic siad, they didn\u2019t fail; athlua, quote; caint gh\u00e1irsi\u00fail, bawdy talk; eiseaml\u00e1ir; model; scagadh, refine; sraith, series; macalla, echo; L\u00e1 Philib a\u2019 Chleite, Tibb\u2019s Eve; bolscaireacht, propaganda; tuairte\u00e1il, crash. . I m B \u00e9 a l a n P h o b a i l \u00c1illeacht an tSaoil seo 2A Peadar Bairead N\u00ed raibh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11855","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11855","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11855"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11855\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11856,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11855\/revisions\/11856"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11855"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11855"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11855"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}