{"id":11875,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11875"},"modified":"2024-04-08T01:26:18","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:18","slug":"a-n-s-p-u-a-i-c-s-h-o-l-a-i-s","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-n-s-p-u-a-i-c-s-h-o-l-a-i-s\/","title":{"rendered":"A n      S p u a i c      S h o l a i s"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A n      S p u a i c      S h o l a i s  .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00ed ag caint ar sc\u00e9al a bheith i mb\u00e9al an phobail, le tamall anuas! N\u00f3 n\u00ed fh\u00e9adf\u00e1 \u00e9isteacht leis an raidi\u00f3, breathn\u00fa ar an teilif\u00eds, n\u00f3 iris n\u00f3 nuacht\u00e1n a l\u00e9amh, ar na mallaibh, gan sc\u00e9al na Spuaice Sp\u00e9ire sin Shr\u00e1id U\u00ed Chonaill th\u00fa a bhualadh idir an d\u00e1 sh\u00fail.  N\u00ed lia duine n\u00e1 tuairim, i gc\u00e1s na spuaice c\u00e9anna sin, n\u00f3 d\u00e1r le daoine \u00e1irithe, n\u00ed raibh ann ach airgead am\u00fa, dealbh d\u00e1 leith\u00e9id a th\u00f3g\u00e1il ansin, i gcro\u00edl\u00e1r Shr\u00e1id U\u00ed Chonaill, nuair a bh\u00ed an oiread sin slite eile, leis an airgead sin a chaitheamh, le leas an phobail fr\u00ed ch\u00e9ile a dh\u00e9anamh.  D\u00e1r le duine amh\u00e1in, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed tearmann a th\u00f3g\u00e1il le freastal orthu si\u00fad at\u00e1 gan foscadh, gan d\u00eddean, le d\u00edon a chur os a gcionn san o\u00edche, agus sa tsl\u00ed sin, iad a choinne\u00e1il \u00f3 fhuacht agus \u00f3 bh\u00e1isteach, agus b\u2019fh\u00e9idir, b\u00e9ile na ho\u00edche a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh, in atmosf\u00e9ar cairdi\u00fail, carthannach.  Daoine eile ag r\u00e1 gur ch\u00f3ir Iarsmalann a th\u00f3g\u00e1il leis an airgead sin, le deis a chur ar f\u00e1il d\u00fainn, iarsma\u00ed an lae inn\u00e9 a choinne\u00e1il sl\u00e1n, agus a sheachadadh ar na gl\u00fanta at\u00e1 le teacht f\u00f3s.  Agus daoine eile f\u00f3s ag r\u00e1, gur mh\u00f3r an chabhair \u00e9, an m\u00e9id sin airgid a chur ar f\u00e1il d\u2019\u00e1r      n-ospid\u00e9il, le freastal ar othair bhochta na t\u00edre seo.  Agus d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 nach bhfuil a gciall fh\u00e9in ag chuile cheann de na harg\u00f3int\u00ed c\u00e9anna sin, ach, ag an am gc\u00e9anna, chomh maith le bia a chur ar f\u00e1il don cholainn, is inmholta an n\u00f3s \u00e9 freisin, beatha a shol\u00e1thar don anam, n\u00f3 teasta\u00edonn n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 bia \u00f3n duine daonna, le talann agus cumas ioml\u00e1n an duine sin, a fhorbairt agus a choth\u00fa&#8230;\u201dN\u00ed ar ar\u00e1n amh\u00e1in a thagann an daonna\u00ed i dt\u00edr, ach ar chuile bhriathar a shileann chugainn \u00f3 bh\u00e9al D\u00e9 anuas\u201d.   Mar sin, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go bhfuilim fh\u00e9in tagtha den tuairim anois, nach dochar ar bith \u00e9, an dealbh ch\u00e9anna sin a shu\u00edomh ansin, istigh i gcro\u00edl\u00e1r \u00e1r bPr\u00edomhchathrach.  Seo an dealbh, den chine\u00e1l sin, is airde ar domhan, agus gan dabht ar bith, mairfidh an dealbh seo mar chomhartha leithleach faoi leith, le cathair \u00c1tha Cliath a dheal\u00fa \u00f3 chathracha uile an tsaoil mh\u00f3ir, agus n\u00ed fh\u00e9adfadh duine ar bith a mha\u00edomh, gurb inch\u00e1inte an gaisce \u00e9 sin.  Sea, mh\u2019anam, caithfear a admh\u00e1il anois, go bhfuil bun\u00fas mhuintir na t\u00edre seo i bhf\u00e1bhar an spuaic sp\u00e9ire, n\u00f3 an spuaic sholais, faoin am seo, go h\u00e1irithe, \u00f3 chonaic siad an tsle\u00e1 gheal solais seo, ag saghd\u00fa a sl\u00ed i dtreo na sp\u00e9ire, \u00f3 l\u00e1r Shr\u00e1id U\u00ed Chonaill s\u2019againne, i gcro\u00edl\u00e1r \u00c1tha Cliath.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed daoine eile den tuairim, gur ch\u00f3ir \u00fas\u00e1id a bhaint as an airgead sin, le scol\u00e1ireachta\u00ed a bhun\u00fa do mhic l\u00e9inn na t\u00edre seo, go h\u00e1irithe, d\u00f3ibh si\u00fad nach raibh ar chumas a muintire, l\u00e9ann Ollscoile a shol\u00e1thar d\u00f3ibh as a n-acmhainn fh\u00e9in, scol\u00e1ireachta\u00ed a chuirfeadh ar a gcumas si\u00fad, saol an mhadaidh bh\u00e1in a bhaint amach d\u00f3ibh fh\u00e9in, agus d\u00e1 bpobail, in \u00e9ineacht leo, amach anseo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al ansin, t\u00e1 muintir na cathrach, agus muintir na t\u00edre fr\u00ed ch\u00e9ile, ag imeacht as a gcrann cumhachta, ag iarraidh teacht ar ainm oiri\u00fanach don dealbh neamhghn\u00e1ch sp\u00edceach seo.  Caithfear a r\u00e1, gur i mB\u00e9arla at\u00e1 bun\u00fas na            n-iarrachta\u00ed seo cumtha, agus sin an f\u00e1th gur chuir m\u00e9 romham, i bp\u00edosa na seachtaine seo, roinnt \u00e1irithe ainmneacha oiri\u00fanacha Gaeilge, a leagan os bhur gcomhair amach, le deis a thabhairt daoibh, bhur mbreith fh\u00e9in a thabhairt orthu.  N\u00ed g\u00e1 dom tagairt a dh\u00e9anamh do na hainmneacha B\u00e9arla a baisteach ar an Sp\u00edce seo, cheana f\u00e9in.  Mhol daoine \u00e1irithe gur ch\u00f3ir \u201cThe Spire in the Mire\u201d a thabhairt air, agus d\u00e1r le duine eic\u00ednt eile, b\u2019fhearr \u201cThe Nail in the Pale\u201d a chur air, \u00f3 tharla go bhfuil an dealbh seo suite i l\u00e1r na P\u00e1ile, faoi mar a bh\u00ed, fad\u00f3.   Sea, agus c\u00e9ard faoi \u201cThe Viking Needle\u201d mar ainm air.  Sin ceann a bhaist m\u00e9 fh\u00e9in air!  Ach le hiomp\u00f3 ar an gc\u00e9ad teanga oifigi\u00fail anois&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard faoin ainm at\u00e1 mar theideal ar an bp\u00edosa seo, An Spuaic Sholais?  Dheamhan a bhfuil basctha de, ach oiread, go h\u00e1irithe, nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa ar an gClaidheamh Solais, a bearta\u00edodh ag an ionad sin, tarraingt ar n\u00f3cha bliain \u00f3 shoin, anois.  Mholfadh duine eile \u201cAn Mh\u00e9ar Fhada\u201d a bhaisteadh mar ainm air.  N\u00edl dabht ar domhan, ach go bhf\u00e9adfadh duine roinnt mhaith earra\u00ed a chur ar an m\u00e9ar ch\u00e9anna sin.  Agus c\u00e9ard a cheapf\u00e1 de \u201cM\u00e9ir\u00edn D\u00e9\u201d mar ainm ar an mball trosc\u00e1in seo?   Is f\u00e9idir a r\u00e1 gur ball trosc\u00e1in \u00e9 an Spuaic Sp\u00e9ire seo, n\u00f3 b\u00edonn g\u00e1 le trosc\u00e1n, amuigh sa tsr\u00e1id, d\u00edreach faoi mar a bh\u00edonn g\u00e1 leis, taobh istigh de bhalla\u00ed t\u00ed.  Ach le filleadh ar na hainmneacha sin, uair amh\u00e1in eile, bh\u00ed m\u00e9 ag ceapadh, n\u00e1rbh olc an smaoineamh \u00e9, an dealbh seo a bhaisteadh as eachtra ch\u00e1ili\u00fail, n\u00e1isi\u00fanta, eic\u00ednt, eachtra a tharla i gc\u00fainne ar bith den t\u00edr \u00e1lainn seo.  Nach mbeadh daoine ann, a thiocfadh le hainm, cos\u00fail le, \u201cP\u00edce N\u00f3cha hOcht\u201d. Agus t\u00e1 m\u00e9 cinnte, go mbeadh daoine ann, a dtaitneodh an        t-ainm \u201cAn Crann Cruach\u201d leo.  N\u00f3 d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 crann a thabhairt ar an ndealbh seo, agus nach bhfuil s\u00e9 d\u00e9anta as cruach dhomheirgthe?  Sea, taitn\u00edonn an t-ainm sin liom, agus bhronnfainn duais air, d\u00e1 mbeadh ar mo chumas sin a dh\u00e9anamh !!!   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach n\u00edl sa mh\u00e9id sin ach an t\u00fas, n\u00f3 t\u00e1 ualach asail d\u2019ainmneacha oiri\u00fanacha eile, anseo \u00e1it eic\u00ednt i gc\u00fal mo chuimhne agam.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar mhaith leat tuilleadh a chlos?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ceart go leor, scaoilfidh m\u00e9 roinnt bheag eile chugat, m\u00e1 sea.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cuirfidh m\u00e9 geall, n\u00e1r smaoinigh \u00e9inne f\u00f3s ar \u201cTac\u00f3id an Bhaic\u201d a bhaisteadh air, n\u00f3 nach ionann \u201cBac\u201d agus l\u00fab in abhainn, chomh maith leis an ngn\u00e1th mh\u00edni\u00fa a iompra\u00edonn an focal c\u00e9anna sin.  Ceann eile dhuit isea, \u201cDr\u00e9imire an Diabhail\u201d, sin dr\u00e9imire a bheadh ag an diabhal le pion\u00f3s a ghearradh ar a dheisceabail, nuair a bheadh siad ag dul \u00f3 smacht air!  Geallaimse dhuit \u00e9, go mbainfeadh cupla bliain ag gabh\u00e1il don dr\u00e9imire sin, an teasbach as, gan aon ag\u00f3 ar domhan!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar ball, deirtear liom, go mbeidh s\u00e9 go h\u00e1lainn san o\u00edche, nuair a bheidh barr na Spuaice lasta suas, agus ag tr\u00e9imhse \u00e1irithe den o\u00edche, beidh bun na Spuaice dofheicthe.  Anois, i gc\u00e1s mar sin, nach n-oirfeadh an t-ainm \u201cLiam na Gi\u00faise\u201d d\u00f3?  N\u00f3, sa tseanam, d\u2019fheicfeadh daoine solas geal-ghorm ag bogadh timpeall os cionn an phortaigh, san o\u00edche, agus is uaidh sin a th\u00e1inig an t-ainm seo, \u201cLiam na Gi\u00faise\u201d. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ainm eile a ritheann liom isea \u201cSail Chruach\u201d, sea agus c\u00e9ard faoi \u201cAn Bior Beannach\u201d, \u201cAn Sp\u00edce Sp\u00e9ire\u201d \u201cAn tSn\u00e1thaid Ghr\u00e9ine\u201d, agus tuilleadh, ach caithfear filleadh ar deireadh, agus smaoineamh ar th\u00e9arma a sh\u00e1s\u00f3dh searbh\u00fas na n\u00c1th Cliathach, ach d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed ligfinn t\u00e9arma\u00ed \u00e1irithe thar mo bh\u00e9al amach, toisc nach maith liom g\u00e1irsi\u00falacht a choth\u00fa, am ar bith, agus c\u00e9 go bhfuilid ann, a dh\u00e9anann iarracht ar aithris a dh\u00e9anamh ar an logainm Iartharach sin, Bod an Mhanaigh, agus a dteast\u00f3dh uathu, t\u00e9arma d\u00e1 leith\u00e9id a bhaisteach ar an Spuaic Sp\u00e9ire s\u2019againne, n\u00ed thaobh\u00f3inn, in aon chor, lena leith\u00e9id, ach c\u00e9ard faoi \u201cCos gr\u00e9ine cois Life\u201d, n\u00f3 \u201cAn Spic\u00e9ad Sp\u00e9ire\u201d, n\u00f3 \u201cM\u00e9ar an Eolais\u201d, an Spuaic a th\u00f3g Se\u00e1in\u00edn, mar nach minic a bhaistear Se\u00e1in\u00edn mar leasainm ar an \u00c1th Cliach, sea, agus tuilleadh ar an dt\u00e9ad ch\u00e9anna sin, ar liosta le h\u00e1ireamh iad anseo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bheadh s\u00e9 deacair, s\u00edlimse, t\u00e9arma a sh\u00e1s\u00f3dh searbhas na n\u00c1th Cliathach, a chumadh i nGaeilge, ach n\u00ed hionann sin is a r\u00e1, nach bhf\u00e9adfa\u00ed t\u00e9arma\u00ed greannmhara a cheapadh, sa ch\u00e9ad teanga oifigi\u00fail, t\u00e9arma\u00ed a sh\u00e1s\u00f3dh cumas grinn an Ghaeil, agus mar sin, le filleadh ar\u00eds ar th\u00e9arma\u00ed s\u00e1s\u00fala. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cuimhnigh ar an gcuaille a bh\u00edodh acu ar shr\u00e1ideanna an Iarthair Fhi\u00e1in, fad\u00f3, le capaill a chur i gceangal.  Ansin nach bhf\u00e9adf\u00e1 t\u00e9arma cos\u00fail le \u201cBac\u00e1n t\u00e9ide do chapaill traochta\u201d a bhaisteach ar an sp\u00edce sp\u00e9ire s\u2019againne, n\u00f3 is ionann \u2018bac\u00e1n t\u00e9ide\u2019 agus an cuaille ceangail sin.   Ceann eile a sh\u00e1s\u00f3dh duine isea, \u201cBior taiscithe do gheall\u00faint\u00ed briste!  Sa ch\u00e1s seo, is ionann an \u2018bior taiscithe\u2019 sin agus sp\u00edce ar a gcuirfeadh siopad\u00f3ir a chuid bill\u00ed, ar eagla go gcaillf\u00ed iad.  Nach mbeadh sp\u00edce d\u00e1 leith\u00e9id an-\u00e1isi\u00fail, i ndiaidh fheachtas toghch\u00e1na\u00edochta, le go bhf\u00e9adfadh an Freas\u00fara geall\u00faint\u00ed briste an Rialtais a sp\u00edce\u00e1il go poibl\u00ed, ionas go bhf\u00e9adfadh an pobal an sc\u00f3r a choinne\u00e1il, le m\u00e9ar ar eolas a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh, don ch\u00e9ad toghch\u00e1n eile.  Sea, mh\u2019anam, agus nach n-oirfeadh bior, n\u00f3 sp\u00edce, d\u00e1 leith\u00e9id, don Rialtas freisin, le cuntas a choinne\u00e1il ar na geall\u00faint\u00ed a cuireadh i gcr\u00edch, le linn a dt\u00e9arma i gcumhacht!  S\u00e9 sin, d\u00e1 mbeadh m\u00f3r\u00e1n gaisce d\u00e1 leith\u00e9id d\u00e9anta acu!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00e9arfainn faoin am seo, go bhfuil sibh ag \u00e9ir\u00ed tuirseach den tionscnamh seo ar fad, agus b\u2019fh\u00e9idir, go dtuigtear daoibh, go bhfuil sc\u00e9al mhadra na n-ocht gcos \u00e1 dh\u00e9anamh agam de, agus glacaim leis, go bhfuil cuid den cheart agaibh, ach is \u00e1bhar \u00e9 a bhfuil uaireanta an chloig caite agam ina bhun anois, agus sin an f\u00e1th go bhfuil an oireadh sin ainmneacha bailithe agam, cheana f\u00e9in, agus mar bhuille scoir, n\u00ed thabharfaidh m\u00e9 ach t\u00e9arma amh\u00e1in eile daoibh, agus ansin, f\u00e1gfaidh m\u00e9 f\u00faibh fh\u00e9in \u00e9, le t\u00e9arma\u00ed n\u00edos fearr f\u00f3s a chumadh, agus a cheapadh, i rith na seachtaine seo chugainn.  Seo chugaibh, m\u00e1 sea, an t-ainm deiridh anois. C\u00e9ard faoin gceann seo?  \u201cBior fiacha na bhFathach aosta\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Caithfidh m\u00e9 \u00e9 a fh\u00e1g\u00e1il ansin, n\u00f3 t\u00e1 m\u00e9 beagnach imithe as mo mheabhair ag gabhail don chleachtadh seo.  Bain tusa triail as anois&#8230;&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">(Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cill Chainnigh.)<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A n S p u a i c S h o l a i s . ************************ . B\u00ed ag caint ar sc\u00e9al a bheith i mb\u00e9al an phobail, le tamall anuas! N\u00f3 n\u00ed fh\u00e9adf\u00e1 \u00e9isteacht leis an raidi\u00f3, breathn\u00fa ar an teilif\u00eds, n\u00f3 iris n\u00f3 nuacht\u00e1n a l\u00e9amh, ar na mallaibh, gan sc\u00e9al na [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11875","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11875","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11875"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11875\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11876,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11875\/revisions\/11876"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11875"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11875"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11875"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}