{"id":11881,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11881"},"modified":"2024-04-08T01:24:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:24:27","slug":"a-n-c-h-i-n-l-a-e-f-a-o-i-c-h-a-i-b-i-d-i-l","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-n-c-h-i-n-l-a-e-f-a-o-i-c-h-a-i-b-i-d-i-l\/","title":{"rendered":"A N    C H \u00cd N     L A E    F A O I     C H A I B I D I L"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline\">A N    C H \u00cd N     L A E    F A O I     C H A I B I D I L .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>*************************************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>A R     S C A R A D H     G A B H A I L  <\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An fh\u00e9ini\u00falacht in C\u00edn Lae Amhlaoibh U\u00ed Sh\u00failleabh\u00e1in \u2013 &#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.2000.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">l e <\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Proinsias  \u00d3  Drisceoil&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;\u00a310.00&#8230;(\u20ac12.70.)<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>************************************<\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar l\u00e9igh t\u00fa an leabhar bre\u00e1 seo le Proinsias s\u2019againne f\u00f3s?  Bhuel, murar l\u00e9igh, d\u00e9an do leas, agus faigh c\u00f3ip, ar an d\u00e1 luas, agus l\u00e9igh, mar is d\u00f3igh nach bhfuil Cainneach ar bith nach gcuirfeadh suim, agus dh\u00e1 shuim, sa leabhar seo faoi Ch\u00edn Lae Amhaoibh U\u00ed Sh\u00failleabh\u00e1in.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed call dom a r\u00e1, gur chuir m\u00e9 fh\u00e9in sp\u00e9is sa leabhar seo, \u00f3 th\u00fas, n\u00f3 is m\u00f3r \u00e9 mo sp\u00e9is sa Ch\u00edn Lae ch\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tuige? Ad\u00e9arfadh duine liom, b\u2019fh\u00e9idir.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuile thuige, ach thar aon ch\u00fais eile, is d\u00f3cha go bhfuil baint ag an sp\u00e9is sin leis an l\u00e9acht a thug m\u00e9 anseo, ag Daonscoil Osra\u00ed, i gCill Chainnigh, bliain is fiche \u00f3 shoin anois, i nDeireadh F\u00f3mhair na bliana 1980.  Anois, n\u00edorbh \u00ed an Ch\u00edn Lae fh\u00e9in a bh\u00ed idir cham\u00e1in agam, an tr\u00e1th sin, ach m\u00e9 ag iarraidh saol agus saothar Amhlaoibh U\u00ed Sh\u00failleabh\u00e1in a mheas, agus a leagan os comhair mo lucht \u00e9isteachta.  N\u00edl fhios agam anois ar \u00e9irigh liom sin a dh\u00e9anamh, n\u00f3 n\u00e1r \u00e9irigh, ach t\u00e1 fhios agam, go mbeadh cib\u00e9 taighde a bhain leis an l\u00e9acht c\u00e9anna sin i bhfad \u00c9ireann n\u00edos \u00e9asca, d\u00e1 mbeadh an leabhar bre\u00e1 seo \u201cScaradh Gabhail\u201d i gcl\u00f3 ag an am, n\u00f3 t\u00e1 t\u00f3irse a scol\u00e1ireachta, a smaointe, agus a thaighde, d\u00edrithe ag Proinsias ar an gC\u00edn Lae fh\u00e9in agus ar fh\u00e9ini\u00falacht Amhlaoibh, faoi mar a l\u00e9ir\u00edtear \u00ed sa saothar c\u00e9anna sin.  Is d\u00f3cha gurbh \u00ed c\u00fais ar iarradh ormsa an l\u00e9acht \u00fad a thabhairt ar shaol agus ar shaothar Amhlaoibh ag an Daonscoil \u00e1irithe \u00fad 1980, n\u00f3 gur tuigeadh ag an am, gur rugadh Amhlaoibh na Dialainne i gCill \u00c1irne, sa bhliain 1780, agus gur tuigeadh ag an am, go mba fheili\u00fanach an tr\u00e1th \u00e9, le sc\u00e9al an Dialanna\u00ed Challainnigh a r\u00edomh anseo in Osra\u00ed, mar ar chaith s\u00e9 bun\u00fas a shaoil.  Bhuel, b\u2019in mar a thuig m\u00e9 fh\u00e9in an sc\u00e9al, ach go h\u00e1irithe, ag an am, n\u00f3 seo mar a chuir m\u00e9 i dt\u00fas mo chuid chainte \u00e9&#8230;  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Agus anois a chairde, siaraig\u00ed liomsa sa stair, go dt\u00ed an bhliain 1780, an bhliain in ar rugadh mac do Dhonnchadh \u00d3 S\u00failleabh\u00e1in, m\u00e1istir scoile, agus do Mh\u00e1ire N\u00ed Bhuachalla, a bhean, i gCill  \u00e1lainn \u00c1irne, i gCiarra\u00ed cianaosta na Mumhan.<\/p><h1 style=\"text-align:justify;margin-top:12pt;padding-top:0;margin-bottom:3pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Nach deacair a chreidi\u00faint anois go bhfuil bliain is fiche sleamhnaithe uainn \u00f3 ghaibhnigh m\u00e9 na focail ch\u00e9anna sin, ach nach \u2018in an saol agat, a mhiceo!  Ach n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9, ach chuige seo, n\u00ed 1780 d\u00e1ta a bhreithe, de r\u00e9ir Phroinnsiais, ach 1783, n\u00f3 de r\u00e9ir fho-n\u00f3ta (1), ar chaibidil a D\u00f3, t\u00e1 seo le l\u00e9amh againn&#8230;<\/span><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cT\u00e1 l\u00e9irithe ag \u00c9amonn \u00d3 h\u00d3g\u00e1in, i bhfianaise Dhaon\u00e1ireamh 1821, gur i 1783 agus nach i 1780, mar a bh\u00ed ceaptha, a rugadh Amhlaoibh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach n\u00edor cuireadh an t-eolas sin ar f\u00e1il go dt\u00ed an bhliain 1985, rud a chuireann leithsc\u00e9al eic\u00ednt ar f\u00e1il dom fh\u00e9in as mo bhot\u00fan, sa bhliain 1980!  N\u00ed ag iarraidh m\u00e9 fh\u00e9in a chosaint at\u00e1 m\u00e9 anseo, ach m\u00e9 ag iarraidh a chur ar do sh\u00faile dhuit, go bhfuil a thaighde d\u00e9anta, agus d\u00e9anta go maith, ag Proinsias \u00d3 Drisceoil, sa leabhar seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Baineann an t-\u00fadar \u00fas\u00e1id as an gC\u00edn Lae fh\u00e9in, na l\u00e1imhscr\u00edbhinni at\u00e1 le f\u00e1il in Acadamh R\u00edoga na h\u00c9ireann, s\u00e9 sin, bunl\u00e1imhscr\u00edbhinn\u00ed na Dialainne a chuir Amhlaoibh de, idir an bhliain 1827 agus 1835.  In \u00e9ineacht le sin, baineann s\u00e9 \u00fas\u00e1id freisin as \u201c<strong>C\u00edn Lae Amhlaoibh U\u00ed Sh\u00failleabh\u00e1in\u201d<\/strong>, i gceithre imleabhar, leis an Athair Miche\u00e1l Mac Craith, \u201can ch\u00e9ad duine (agus an duine deireanach) ar \u00e9irigh leis eagar a chur ar na dialanna ina n-ioml\u00e1ine.  Foils\u00edodh toradh a shaothair sna blianta 1936 agus 1937.  Is d\u00f3cha go rabhthas ag iarraidh iad a chur i gcl\u00f3 sa bhliain 1935, toisc gur cr\u00edochnaigh Amhlaoibh a shaothar dialainn\u00fail, sa bhliain 1835, c\u00e9ad bliain, d\u00edreach, roimhe sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An tr\u00ed\u00fa leabhar a dheineann an t-\u00fadar tarraingt as, ina shaothar taighde, n\u00f3 <strong>C\u00edn Lae Amhlaoibh\u201d<\/strong> le Tom\u00e1s de Bhaldraithe, s\u00e9 sin \u201ceagr\u00e1n ciorraithe den dialainn a bhfuil caighde\u00e1n\u00fa d\u00e9anta ar an t\u00e9acs ann, maraon le r\u00e9amhr\u00e1, n\u00f3ta\u00ed, focl\u00f3ir, agus liosta de fhoirmeacha  na l\u00e1imhscr\u00edbhinne\u201d, faoi mar a chuireann an t-\u00fadar \u00e9.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 go bhfuil liosta de na foins\u00ed eile, ar dhein an t-\u00fadar staid\u00e9ar orthu, le linn d\u00f3 bheith i mbun an tsaothair scol\u00e1rtha seo, t\u00e1id sin le f\u00e1il idir  leathanach 137 agus leathanach 146.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">F\u00e9ach mar a chuireann an Drisceoileach an sc\u00e9al os \u00e1r gcomhair amach ar leathanach 12 den R\u00e9amhr\u00e1&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Is \u00ed an phr\u00edomhth\u00e9is at\u00e1 \u00e1 chur chun cinn anseo n\u00e1 gur t\u00e9acs \u00ed <em>An Ch\u00edn Lae <\/em>a chaitheann l\u00e9as ar an bhf\u00e9ini\u00falacht mar a thuig Amhlaoibh agus cuid \u00e1irithe de lucht a linne \u00e9, f\u00e9ini\u00falacht a bh\u00ed ar scaradh gabhail idir an d\u00fachas Gaelach lenar oileadh \u00e9 agus saol nuach\u00f3irithe a bh\u00ed fr\u00e9amhaithe ar Bh\u00e9arla.  (Ar nd\u00f3igh, c\u00e9 go dtr\u00e1chtar ar \u2018Amhlaoibh\u2019 agus ar \u2018Amhlaoibh \u00d3 S\u00failleabh\u00e1in\u2019, is ar fhianaise \u00f3 th\u00e9acsanna a scr\u00edobh s\u00e9, <em>An Ch\u00edn Lae <\/em>ach go h\u00e1irithe, agus n\u00ed ar an duine f\u00e9in <em>per se <\/em>at\u00e1imid ag tr\u00e1cht \u00f3 cheart).  Is dearbh\u00fa l\u00e1rnach de chuid na t\u00e9ise \u00e9 gur g\u00e9ara\u00edodh go m\u00f3r ar th\u00e1bhacht na  f\u00e9ini\u00falachta i saol Amhlaoibh de bharr na coimhlinte cult\u00fartha agus s\u00f3isialta seo agus de bharr coimhlint\u00ed ar l\u00e1mh amh\u00e1in idir an d\u00fachas Ciarra\u00edoch ar de \u00e9 agus an saol Cainneach a chaith s\u00e9, agus ar an l\u00e1mh eile idir a oili\u00faint mar mhac m\u00fainteora scairte agus an saol s\u00f3 a chaith s\u00e9 mar cheanna\u00ed gearr.  I mbeag\u00e1n focal, is f\u00e9idir an t\u00e9acs a l\u00e9amh mar th\u00e9acs a bhfuil aoth\u00fa ointeola\u00edoch f\u00e9ini\u00falachta mar bhun\u00fas leis.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed call a r\u00e1, gur scr\u00fadaigh Proinsias na staid\u00e9ir a bh\u00ed d\u00e9anta ar Amhlaoibh ag \u00fadair agus ag scol\u00e1ir\u00ed eile, ach d\u00e1r leis, n\u00edor chuir na h\u00fadair sin ceisteanna \u00e1irithe faoi Amhlaoibh n\u00f3 faoin gC\u00edn Lae&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">N\u00edor deineadh ach go h\u00e1irithe, aon ch\u00edoradh ar an tuiscint bhaileach a bh\u00ed ag Amhlaoibh \u00d3 S\u00failleabh\u00e1in air fh\u00e9in mar bhall de shocha\u00ed Challainn, socha\u00ed a raibh m\u00f3rfh\u00f3rsa\u00ed cult\u00fartha, polaiti\u00fala agus s\u00f3isialta ag teannadh leis, f\u00f3rsa\u00ed  a d\u2019fh\u00e1gfadh saol na h\u00c9ireann sna 1820\u00ed agus 1830\u00ed faoi mhalairt reachta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019fh\u00e1gfadh na f\u00f3rsa\u00ed sin Amhlaoibh fh\u00e9in, d\u00e1r leis an \u00fadar, ina \u201cJanus\u201d ag f\u00e9achaint roimhe agus ina dhiaidh agus an stair ag scr\u00edobh a sc\u00e9il fh\u00e9in thart timpeall air.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is \u00e9 an ch\u00e9ad rud a dh\u00e9anann an t-\u00fadar n\u00f3 eagr\u00e1in agus eagarth\u00f3ir\u00ed na Dialainne a scr\u00fad\u00fa, agus tagann s\u00e9 le Tom\u00e1s de Bhaldraithe nuair adeir s\u00e9, go gcrutha\u00edonn saothar Amhlaoibh \u201cdeacrachta\u00ed go leor do dhuine ar bith a fh\u00e9achann leis an mbunleagan a l\u00e9amh\u201d toisc gur scr\u00edobhadh \u00e9 go \u201cdeifreach sleamch\u00faiseach\u201d \u201car dhrochph\u00e1ip\u00e9ar, anuas uaireanta ar cheachtanna peannaireachta scol\u00e1ir\u00ed scoile, n\u00f3 ar sheanleabhair chuntais\u201d.  C\u00e1ineann De Bhaldraithe freisin a chaighde\u00e1n litrithe.  Nach maith an sc\u00e9al \u00e9 mar sin, go bhfuil saothar Mhic Craith againn, mar a bhfuil eagar curtha aige ar shaothar uilig U\u00ed Sh\u00failleabh\u00e1in.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sa dara chaibidil den leabhar, scr\u00fada\u00edtear \u201cAn Ghn\u00e9 Phoibli\u201d den Dialainn, ach i dtosach, scr\u00fada\u00edonn s\u00e9 an \u201cCh\u00edn Lae\u201d mar mhe\u00e1n litr\u00edochta.  Cinnte, n\u00edor th\u00e1inig an cine\u00e1l seo litr\u00edochta anuas chuige, n\u00f3 n\u00ed raibh an traidisi\u00fan sin sa teanga, ach l\u00e9ir\u00edonn an t-\u00fadar d\u00fainn, conas a tharla Amhlaoibh ar an modh iontach seo lena smaointe a chur in i\u00fal, \u00f3 l\u00f3 go l\u00f3&#8230;\u201dGach l\u00e1 l\u00edne\u201d, an mana a thugann an Dialanna\u00ed d\u00fainn sa Ch\u00edn Lae fh\u00e9in. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is d\u00f3 an ghn\u00e9 phoibli den Dialainn a scr\u00fad\u00fa, iompa\u00edonn an t-\u00fadar ansin ar an ngn\u00e9 phearsanta, sa tr\u00ed\u00fa caibidil.  Agus cuireann s\u00e9 \u00f3ige Amhlaoibh, agus an chaoi ar th\u00e1inig s\u00e9 go Cill Chainnigh, agus an chaoi ar \u00e9irigh leis ansin,  faoin m\u00edocrasc\u00f3p.  Ba dhuine \u00e9 a d\u2019fh\u00e1s suas i dtraidisi\u00fan na l\u00e1imhscr\u00edbhinn\u00ed agus an l\u00e9inn Ghaelaigh, agus n\u00ed h\u00e9 amh\u00e1in go mba dhuine \u00e9 a chuir go m\u00f3r le litr\u00edocht na teanga sin, \u00e9 fh\u00e9in, ach lena chois sin, ba bhailitheoir l\u00e1imhscr\u00edbhinn\u00ed den scoth \u00e9, agus d\u00e9antar tagairt do na l\u00e1imhscr\u00edbhinn\u00ed c\u00e9anna sin i saothar an Drisceoileaigh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sa cheathr\u00fa caibidil, \u201cAn Ghn\u00e9 Intleacht\u00fail\u201d d\u00e9antar tr\u00e1cht ar \u201cF\u00e9ini\u00falacht na nGael in An Ch\u00edn Lae,\u201d  agus ar an gcaoi ar caitheadh na sean-n\u00f3sanna Gaelacha i dtraipis\u00ed, ar mhaithe le heigeamana\u00ed na hEaglaise Caitlic\u00ed a thabhairt i gcr\u00edch.  Sa chaibidil seo freisin, d\u00e9antar tagairt do na f\u00f3rsa\u00ed \u00f3n dtaobh amuigh, a chuaigh i gcionn ar Amhlaoibh, agus ar an dearcadh freacnairc a bh\u00ed aige ar shaol a linne.  Dh\u00edrigh s\u00e9 ar \u00e1bhair cos\u00fail le heola\u00edocht, an d\u00falra, luibheola\u00edocht, seanfhocail, \u00e1rsao\u00edcht, an traidisi\u00fan liteartha, agus tuilleadh ar an dt\u00e9ad c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar, chuireann Proinsias cr\u00edoch lena shaothar scol\u00e1rtha le \u201cSuimi\u00fa\u201d, mar a gcuireann s\u00e9 ar f\u00e1il d\u00fainn a smaointe fh\u00e9in ar \u00e1bhar a thaighde agus a staid\u00e9ir, agus caithfear a r\u00e1, gur d\u00edol sp\u00e9ise an piosa seo do dhuine ar bith ar m\u00f3r aige Amhlaoibh \u00d3 S\u00failleabh\u00e1in agus a Ch\u00edn Lae.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl f\u00fam a thuilleadh a r\u00e1 faoin leabhar bre\u00e1 seo, ach amh\u00e1in gur l\u00e9itheoireacht suimi\u00fail, spreag\u00fail, \u00e9 do Chainneach ar bith , ach gur l\u00e9itheoireacht \u00e9igeanatach \u00e9 do dhuine ar bith, a dteasta\u00edonn uaidh eolas eic\u00ednt a chur ar an gC\u00edn Lae, agus ar a \u00fadar. Is bocht an leabhrag\u00e1n nach bhfuil sp\u00e1s ann don s\u00e1r-leabhar seo. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tr\u00e9aslaim a shaothar don \u00fadar.  N\u00e1ra fada go raibh leabhar eile uaidh, le m\u00e9ar ar eolas a dh\u00e9anamh d\u00fainn ar  bh\u00f3thar anacair, casta, an l\u00e9inn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A N C H \u00cd N L A E F A O I C H A I B I D I L . . ************************************* . A R S C A R A D H G A B H A I L An fh\u00e9ini\u00falacht in C\u00edn Lae Amhlaoibh U\u00ed Sh\u00failleabh\u00e1in \u2013 &#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.2000. l e Proinsias [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11881","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11881","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11881"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11881\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11882,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11881\/revisions\/11882"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11881"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11881"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11881"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}