{"id":11911,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11911"},"modified":"2024-04-08T02:07:59","modified_gmt":"2024-04-08T02:07:59","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-4-x","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-4-x\/","title":{"rendered":"A r     n a      M i s i n  4.X"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A r     n a      M i s i n .          4 .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*****************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\"><em>An  Luan,  an  18\u00fa  L\u00fanasa,  2003.<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ar deireadh thiar, bh\u00ed an l\u00e1 m\u00f3r tagtha, an l\u00e1 a bh\u00ed socraithe againn don turas \u00f3 thuaidh, le breathn\u00fa ar roinnt \u00e1irithe de Mhisin Sp\u00e1inneacha Chalaf\u00f3irnia, agus \u00f3 tharla go raibh f\u00fainn \u00e1r seolta a ard\u00fa, roimh n\u00f3in, ghlacamaar an mhaidin Luain sin go deas r\u00e9idh.  D\u2019ullmha\u00edomar sinn fh\u00e9in chun b\u00f3thair, agus rinneamar p\u00e9 pac\u00e1il a bh\u00ed le d\u00e9anamh againn don turas, n\u00f3 bh\u00ed beartaithe againn, thart ar sheachtain a chaitheamh as baile.  Ar deireadh thiar, bh\u00edomar r\u00e9idh, agus bh\u00ed s\u00e9 ag tarraingt ar a haon a chlog, san iarn\u00f3in, nuair a bhuaileamar b\u00f3thar.  Dheamhan a raibh basctha den tr\u00e1cht ag an am sin, agus ghluaiseamar linn i dtreo Santa Barbara, gan triobl\u00f3id, gan tranglam tr\u00e1chta ar bith le s\u00e1r\u00fa againn.  Agus \u00f3 tharla gur luaigh m\u00e9 Santa Barbara, cuireann s\u00e9 sin nath cainte a bh\u00edodh ag mo Mham fh\u00e9in, fad\u00f3 i gcuimhne dhom&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cSanta Bairbre in aghaidh na toirn\u00ed.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">adeireadh s\u00ed, le sinn a chosaint ar thoirneach is ar thintreach.  Ach fillimis ar an sc\u00e9al.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Turas thart ar dh\u00e1 ch\u00e9ad m\u00edle a bh\u00ed romhainn amach, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, luigh Los Angeles fh\u00e9in d\u00edreach sa mbealach romhainn, sa chaoi go mbeadh orainn coinne\u00e1il c\u00f3ngarach don ch\u00f3sta, le bealach \u00e1isi\u00fail a fh\u00e1il tr\u00edd an gcathair ollmh\u00f3r ch\u00e9anna sin. Tr\u00ed Carlsbad agus Oceanside linn, gan str\u00f3, agus leanamar fan Shaorbhealaigh a C\u00faig.  Cheapf\u00e1 nach dtiocf\u00e1 amach as Los Angeles riamh, n\u00f3 t\u00e1 an chathair sin an-leata-amach, mar murab ionann is Nua Eabhrac, n\u00ed dheachaigh muintir Los Angeles i muin\u00edn na scr\u00edobair\u00ed sp\u00e9ire, le tith\u00edocht a chur ar f\u00e1il d\u00e1 dhaonra.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ar deireadh thiar, ar \u00e9is tamaill a chaitheamh ag taisteal ar Saorbhealach 405, agus tar \u00e9is dul taobh le Beverly Hills agus Hollywood, th\u00e1inig muid ar \u00e1r seanchara, Saorbhealach 101 athuair.  Chasamar ar chl\u00e9 ansin, agus leanamar ar aghaidh tr\u00ed th\u00edr a raibh seanaithe againn uirthi.  Chuamar tr\u00ed Thousand Oaks, mar ar chaitheamar saoire iontach, thart ar ch\u00faig bliana d\u00e9ag \u00f3 shoin, agus chun tosaigh linn ansin, tr\u00ed Oxnard agus Ventura.  Stopamar seal, i mbaile beag taobh amuigh de Ventura, le sc\u00edth a ligean, agus le l\u00f3n beag a chaitheamh,  agus ansin bhuaileamar b\u00f3thar ar\u00eds, ag tarraingt ar Santa Barbara, agus shroicheamar an ceann scr\u00edbe sin, roimh titim na ho\u00edche, agus d\u2019\u00e9irigh linn \u00e1r dTeach \u00d3sta, i mBath Street, a aimsi\u00fa, gan aon r\u00f3-str\u00f3.  Th\u00f3gamar isteach \u00e1r m\u00e1la\u00ed taistil, agus tar \u00e9is seal a chaitheamh in \u00e1r seomra\u00ed, agus tar \u00e9is d\u00fainn an tuirse b\u00f3thair a chur d\u00ednn, ghl\u00e9asamar sinn fh\u00e9in, agus thugamar aghaidh ar an mBialann, a bh\u00ed mar chuid den \u00d3stan, ina rabhamar ag cur f\u00fainn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Shu\u00edomar chun boird ansin, ag a hocht, agus dheineadar freastal fial orainn, n\u00f3 n\u00edl dabht a domhan, ach go dtugtar d\u00f3thain fathaigh, ar do phl\u00e1ta dhuit, sa t\u00edr seo, sa chaoi gur chuireamar c\u00fal ar \u00e1r n-ocras, agus ar \u00e1r dtart, i ngearraimsir.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gur bhaineamar sult agus s\u00e1samh as an mb\u00e9ile c\u00e9anna sin, n\u00f3 bheadh s\u00e9 deacair \u00e9 a sh\u00e1r\u00fa.  Ar ball, chuamar ar ais chuig \u00e1r seomra\u00ed.  Rinneamar \u00e1r gcomhr\u00e1.  Rinneamar pleananna don l\u00e1 d\u00e1r gcionn, agus ansin, chaitheamar seal ag breathn\u00fa ar an teilif\u00eds, agus thugamar an sop orainn fh\u00e9in, roimh mhe\u00e1no\u00edche.  B\u2019in an ch\u00e9ad l\u00e1 d\u00e1r dturas cr\u00edochnaithe, agus shocra\u00edomar s\u00edos tar \u00e9is an aistir dh\u00e1 ch\u00e9ad m\u00edle fada sin a bheith curtha d\u00ednn againn.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur chodla\u00edomar go maidin, gona l\u00e1nsoilse arna mh\u00e1rach.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\"><em>D\u00e9  M\u00e1irt,   19\u00fa  L\u00fanasa,  2003 .<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">In \u00e1r su\u00ed le giolc an ghealbhain, b\u00edodh n\u00e1r chualamar g\u00edog n\u00f3 m\u00edog \u00f3n \u00e9in\u00edn c\u00e9anna sin, n\u00f3 \u00f3 \u00e9an ar bith eile, d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9, n\u00f3 bh\u00ed an t\u00d3st\u00e1n, <strong><em>an Encina Lodge &amp; Suites<\/em><\/strong>, suite i l\u00e1r na cathrach, agus tar \u00e9is d\u00fainn seal a chaitheamh d\u00e1r n-ullmh\u00fa fh\u00e9in, agus tar \u00e9is d\u00fainn breicfeasta blasta a chaitheamh, chaitheamar seal ag iarraidh rud eic\u00ednt a fhoghlaim faoi stair na cathrach seo, Santa Barbara.  Is fada siar a th\u00e9ann sc\u00e9al an ionaid \u00e1lainn seo, n\u00f3 bh\u00ed Indiaigh ag cur f\u00fathu sna b\u00f3la\u00ed seo, i bhfad sular tosa\u00edodh ag coinne\u00e1il cuntais ar stair a gcin\u00edocha.  \u201cChumash\u201d a thugta\u00ed ar na daoine sin, agus t\u00e1thar den tuairim, go mb\u00edodh idir 8,000 agus 10,000 den chine sin, ag cur f\u00fathu, an tr\u00e1th \u00fad, sa d\u00faiche ina bhfuil Santa Barbara suite anois.  Th\u00f3gadar tithe d\u00f3ibh fh\u00e9in, ach \u00f3 tharla gurbh as craobhacha, agus giolcacha, a t\u00f3gadh iad, n\u00ed haon ionadh nach bhfuil a dt\u00e1sc n\u00f3 a dtuairisc le f\u00e1il ag seand\u00e1laithe, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  Mhair na daoine sin ar thoradh n\u00e1d\u00fartha na tal\u00fan, sa limist\u00e9ar thart orthu.  Bh\u00edodh sm\u00e9ara, caora, pr\u00e9amhacha, s\u00edolta, coin\u00edn\u00ed, ioraithe, agus a leith\u00e9id, maraon le h\u00e9isc  agus slig\u00e9isc, mar bhia agus mar bheatha acu.  Ba dhream iad a sheol fan an ch\u00f3sta freisin, i gcuracha m\u00f3ra fada, curacha a d\u2019iompr\u00f3dh idir dheichni\u00far agus dh\u00e1r\u00e9ag!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Briseadh isteach ar shaol sona na dtreabhanna sin \u00e1fach, sa s\u00e9\u00fa haois d\u00e9ag, sa bhliain 1542, caoga bliain i ndiaidh do Cholumbus sp\u00e1g a leagan ar ch\u00f3sta an Domhain \u00dair, a ch\u00e9aduair, nuair a shroich Juan Rodriguez Cabrillo agus a lucht lean\u00fana, i nd\u00e1 long, an San Salvador agus an Victoria, nuair a shroich siad c\u00f3sta Shanta Barbara, agus nuair a d\u2019fh\u00f3gair siad gur le R\u00ed na Sp\u00e1inne feasta, an fearann sin. Ba Phortaing\u00e9ileach \u00e9 Cabrillo, i seirbh\u00eds na Sp\u00e1inne, agus \u00e9 ag iarraidh teacht ar an \u201cNorthwest Passage\u201d, agus t\u00e1\u2019s ag an saol m\u00f3r inniu, go mba shaothar in aisce d\u00f3 \u00e9, a leith\u00e9id de shaothar a chur air fh\u00e9in, ach n\u00ed raibh a fhios sin aige, n\u00f3 ag a lucht lean\u00fana, ag an am sin.  Chaill na Sp\u00e1innigh suim sa d\u00faiche sin, ar feadh tr\u00ed sc\u00f3r bliain, agus ansin, i Nollaig na bliana 1602, th\u00e1inig Vizcaino ar an d\u00faiche sin ar\u00eds, ar an gceathr\u00fa l\u00e1, de Mh\u00ed na Nollag, f\u00e9ile Santa Barbara, agus b\u2019in mar a baisteadh Santa Barbara ar an ionad \u00e1lainn sin.  Agus ar\u00eds, n\u00edor r\u00f3-shuim leis an Sp\u00e1inn an limist\u00e9ar sin, n\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edor chuir siadsan sp\u00e9is ar bith i gCalaf\u00f3irnia, go dt\u00ed d\u00e9anach go maith san ocht\u00fa haois d\u00e9ag,  nuair a chonacthas d\u00f3ibh, go raibh cumhachta\u00ed m\u00f3ra eile, an R\u00fais ina measc, ag cur suime n\u00e1r bheag, i gc\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia.  Ba ansin a thug an R\u00ed an t-ord\u00fa d\u00e1 mhuintir i R\u00edocht Sp\u00e1inneach Mheicsiceo, bun\u00e1iteanna, n\u00f3 Presidi\u00f3nna, a bhun\u00fa i San Diego agus i Monterey, le cos i dtaca sa limist\u00e9ar sin, a thabhairt don Sp\u00e1inn fh\u00e9in.  In Aibre\u00e1n na bliana 1782, th\u00f3g an lieutenant Jose Francisco de Ortega, agus a chuid saighdi\u00fair\u00ed, Presidi\u00f3 m\u00f3r, le freastal ar an limist\u00e9ar sin. Anois, bh\u00ed \u00e1r seanchara, Junipera Serra, fear ar labhair muid faoi cheana, ar an bhf\u00f3d freisin, agus \u00e9 ar intinn aige Misin a th\u00f3g\u00e1il ar na l\u00e1ithreacha sin freisin, ach cuireadh ina choinne, agus dhi\u00faltaigh an Gobharn\u00f3ir cead t\u00f3g\u00e1la d\u00f3 i Santa Barbara, go dt\u00ed go mbeadh an Presidi\u00f3 t\u00f3gtha, ach bh\u00ed Serra aosta, lag, sp\u00edonta, ag an am, agus ba \u00e9 a dhein s\u00e9 n\u00f3 filleadh ar Mhonterey, le b\u00e1s d\u2019fh\u00e1il.  Sa bhliain 1793 d\u2019fh\u00f3gair Gobharn\u00f3ir Chalaf\u00f3irnia, go raibh Presidi\u00f3 Santa Barbara ar an bPresidi\u00f3 ab fhearr i gCalaf\u00f3irnia uilig, agus nuair a bh\u00ed s\u00e9 cr\u00edochnaithe ar fad, sa bhliain 1797, chl\u00fadaigh s\u00e9 bloc cathrach.  Ach le filleah ar sc\u00e9al an Mhisin&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Sa bhliain 1785, dh\u00e1 bhliain i ndiaidh bh\u00e1s Junipero Serra, th\u00e1inig aif\u00e9ala ar an nGobharn\u00f3ir nua, agus thug cead do na Proinsiasc\u00e1naigh Misean a th\u00f3g\u00e1il i Santa Barbara.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">An bhliain d\u00e1r gcionn, th\u00e1inig an Padre Fermin la Lasu\u00e9n, agus beirt bhr\u00e1thar ina chomhluadar, agus chuireadar rompu an Misean sin a th\u00f3g\u00e1il.  Bh\u00ed socraithe acu, an Misean a choisreacan, go hoifigi\u00fail, ar an 6\u00fa l\u00e1 de Nollaig na bliana sin, 1786, L\u00e1 \u2018le Santa Barbara fh\u00e9in, agus c\u00e9 nach raibh an Gobharn\u00f3ir ar an bhf\u00f3d, le p\u00e1irt a ghlacadh sa cheili\u00faradh, leanadar ar aghaidh d\u00e1 \u00e9aghmais.  Chuireadar searmanas eile ar si\u00fal, tamall ina dhiaidh sin, nuair a th\u00e1inig an Gobharn\u00f3ir ar chuairt chucu.  Chuir R\u00ed na Sp\u00e1inne fh\u00e9in cloig chucu, don Mhisean sin.  Tar \u00e9is d\u00f3ibh bheith tamall i mbun oibre misin\u00e9ireachta sa d\u00faiche sin, bh\u00ed de thoradh ar a gcuid oibre, gur baisteadh 70 de threibh an Chumash, agus th\u00e1inig siadsan chun c\u00f3naithe sa Mhisean.  \u201cNeophytes\u201d a tugadh orthusan, agus m\u00faineadh an creideamh  d\u00f3ibh, agus chomh maith le sin, m\u00faineadh scileanna i bhfeirmeoireacht, i si\u00fain\u00e9ireacht, i gc\u00f3caireacht, i mbuilde\u00e1il, agus i bhf\u00edod\u00f3ireacht d\u00f3ibh.  Taobh istigh de bhliain, bh\u00ed 307 Nuachreidmhigh ina gc\u00f3na\u00ed sa Mhisean, agus bh\u00edodar tar \u00e9is S\u00e9ip\u00e9al ad\u00f3ibe a th\u00f3g\u00e1il, maraon le teach na mbr\u00e1thar, gr\u00e1inseach, cistin, ceardlann adhmad\u00f3ireachta, agus seomra s\u00fadaireachta.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur \u00e9irigh, thar na bearta, leis an Misean sin Shanta Barbara, agus i ngearraimsir, bh\u00ed f\u00e1s thar cuimse tagtha ar chuile ghn\u00e9 den tionscadal c\u00e9anna sin.  Agus, murab ionann is an Presidi\u00f3, mar a  raibh na saighdi\u00fair\u00ed beo, bocht, gan l\u00e9inte, gan airgead, gan p\u00e1, gan tada len iad a choinne\u00e1il sa Presidi\u00f3, ach a nd\u00edlseacht d\u00e1 dt\u00edr agus d\u00e1 n-oifigigh.   Bh\u00ed lucht an Mhisin ag cur f\u00fathu i dt\u00edr na fl\u00fairse, sa chaoi go raibh an \u00e1it f\u00e9inchotha\u00edoch, taobh istigh d\u2019achar an-ghearr.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ach b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh olc an tseift \u00ed cr\u00edoch a chur le g\u00e1la na seachtaine, ag an bpointe seo, ach b\u00ed liom an ch\u00e9ad bhabhta eile, nuair a leanfaidh m\u00e9 liom, ag cur s\u00edos ar sc\u00e9al Shanta Barbara.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A r n a M i s i n . 4 . . ***************************** . An Luan, an 18\u00fa L\u00fanasa, 2003. Ar deireadh thiar, bh\u00ed an l\u00e1 m\u00f3r tagtha, an l\u00e1 a bh\u00ed socraithe againn don turas \u00f3 thuaidh, le breathn\u00fa ar roinnt \u00e1irithe de Mhisin Sp\u00e1inneacha Chalaf\u00f3irnia, agus \u00f3 tharla go raibh f\u00fainn \u00e1r [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11911","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11911","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11911"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11911\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11912,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11911\/revisions\/11912"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11911"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11911"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11911"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}