{"id":11919,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11919"},"modified":"2024-04-08T01:24:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:24:27","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-20","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-20\/","title":{"rendered":"A r     n a      M i s i n 20"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">I    m B \u00e9 a l     a n     P h o b a i l  .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">(Ar  na  Misin&#8230;..20 .)<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> &#8230;&#8230;..Final instalment&#8230;&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, d\u00e9arfainn go bhfuil an t-am tagtha anois, le cr\u00edoch a chur leis an tsraith aist\u00ed seo faoi na laethe saoire a chaitheamar i gCalaf\u00f3irnia, i L\u00fanasa na bliana seo caite, 2003. Go h\u00e1irithe, \u00f3 tharla nach raibh f\u00e1gtha againn, ag an bpointe sin, ach cupla l\u00e1 eile, le toit a bhaint as aer\u00e1id \u00e1lainn na d\u00faiche beannaithe sin.<\/p><h1 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\"><span style=\"text-decoration:underline\">Ar an gC\u00e9adaoin, an 27\u00fa L\u00fanasa, 2003<\/span><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Shhocra\u00edomar ar seal a chaitheamh amuigh ar ghalfch\u00farsa, le taitneamh a bhaint as an gcluiche sin a imirt in aimsir bhrothallach an St\u00e1it seo, agus go h\u00e1irithe, \u00f3 tharla go raibh coinne d\u00e9anta d\u00fainn ar an \u201c<strong>Oceanside Municipal Golf Course\u201d<\/strong>, tuigeadh d\u00fainn, nach raibh an dara rogha againn, ach bheith i l\u00e1thair ansin, ag an am sprioc\u00e1ilte (at the appointed time).  Bh\u00edomar ar an bhf\u00f3d in am, agus \u00f3 tharla go raibh chuile sh\u00f3rt in ord is in eagar againne, n\u00edor cuireadh moill ar bith orainn, agus ba ghearr go raibh muid amuigh ar an gc\u00farsa, agus muid ag pleancadh liathr\u00f3id\u00ed amuigh ansin, faoi mar a bheadh Dia \u00e1 r\u00e1 linn!  Ceathrar againn a bh\u00ed i bhfochair a ch\u00e9ile, m\u00e9 fh\u00e9in is mo mhac, agus beirt eile, Hav\u00e1\u00edoch (Hawiian) is a mhac si\u00fad, a bh\u00ed ag imirt linn, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, gur bhaineamar taitneamh agus craic as an \u00f3c\u00e1id.  B\u2019\u00e1lainn an l\u00e1 \u00e9, agus bh\u00ed an C\u00farsa mar a d\u2019iarrfhadh do bh\u00e9al fh\u00e9in \u00e9 a bheith.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;&#8230;..Strict   Control&#8230;&#8230;..<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed \u201cMaor an Ch\u00farsa\u201d (The Ambassador) ag tiom\u00e1int timpeall, feadh an ama go l\u00e9ir, agus s\u00fail gh\u00e9ar \u00e1 choinne\u00e1il aige ar na himreoir\u00ed, agus ba \u00e9 an chloch ba mh\u00f3 ar a phaidr\u00edn si\u00fad, n\u00f3 nach gcuirfeadh imreoir ar bith moill ar imreoir\u00ed eile.  D\u00e1 nd\u00e9anfadh, chuirfeadh seisean iachall airsean, n\u00f3 ar a fhoireann, chuirfeadh s\u00e9 iachall orthu, dul chun tosaigh, agus teacht suas leis na himreoir\u00ed a bh\u00ed rompu amach.  Mura gceart\u00f3dh sin an sc\u00e9al, bhuel, ansin thabharfadh s\u00e9 bata agus b\u00f3thar do na himreoir\u00ed malla sin!  Ba \u00e9 an mana (motto) a bh\u00ed acu n\u00f3 &#8230;.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cSlow Play Affects Everyone.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Please Cooperate for the Enjoyment of All.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bheadh s\u00e9 deacair locht a fh\u00e1il ar an gC\u00farsa fh\u00e9in, n\u00f3 ba shoil\u00e9ir go dtugaid\u00eds togha na haire d\u00f3, l\u00e1 i ndiaidh lae, agus \u00f3 cheann ceann na bliana.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I ndiaidh an chluiche sin, thugamar an baile orainn fh\u00e9in, agus bh\u00edomar sa bhaile roimh a seacht, n\u00f3 titeann an dorchadas luath go leor sa t\u00edr seo, ach shocra\u00edomar go    n-imreoimis cluiche eile ansin, d\u00e1 mbeadh an deis againn, roimh dheireadh na seachtaine sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;&#8230;..A   Visit   to    SEAWORLD&#8230;&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar an l\u00e1 d\u00e1r gcionn, ar <strong>an D\u00e9ardaoin an 28\u00fa L\u00fanasa<\/strong>, shocra\u00edomar ar chuairt a thabhairt ar \u201c<strong>Seaworld\u201d<\/strong>.  Rud a dheineamar.  Th\u00edos i San Diego at\u00e1 an t-ionad c\u00e9anna sin suite, agus b\u00ed ag caint ar \u201c<strong>m\u00f3r\u201d<\/strong>! N\u00f3 n\u00ed m\u00f3r at\u00e1 s\u00e9, ach ollmh\u00f3r, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, go dt\u00f3gfadh s\u00e9 l\u00e1 ioml\u00e1n ort, leis an \u00e1it uilig a fheice\u00e1il.   N\u00ed raibh beartaithe againne an oiread sin ama a chaitheamh i mbun an ghn\u00f3 sin, n\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed raibh uainn, ach an \u00e1it a fheice\u00e1il, agus blas an ionaid a fh\u00e1il, sa chaoi go dtuigfeadh muid feasta, c\u00e9ard a bh\u00ed le feice\u00e1il, agus le clos, th\u00edos ansin.  N\u00edor fh\u00e1gamar an baile go dt\u00ed thart ar a d\u00f3 san iarn\u00f3in, agus shroicheamar \u201cSeaworld\u201d, taobh istigh d\u2019uair a chloig, d\u00e9arfainn.  Tar \u00e9is d\u00fainn an carr a ph\u00e1irce\u00e1il, agus tic\u00e9id a fh\u00e1il, isteach linn.  Ba \u00e9 an ch\u00e9ad rud a dheineamar n\u00f3 greim l\u00f3in a fh\u00e1il d\u00fainn fh\u00e9in, agus bhaineamar s\u00e1samh an an ngreim c\u00e9anna sin, agus muid ag breathn\u00fa ar na sluaite ag brost\u00fa tharainn, chuile dhuine agus fuadar d\u00e1 chuid fh\u00e9in faoi.  Chaith muid seal ansin ag guairdeall timpeall, agus muid ag tabhairt chuile sh\u00f3rt faoi deara, agus ansin, de thaisme, th\u00e1inig muid ar scuaine daoine (queue) agus iad ag fanacht ar dhul isteach chuig se\u00f3, a bh\u00ed le l\u00e1ithri\u00fa ansin, i gcionn cupla n\u00f3im\u00e9ad. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;&#8230;..Sea-Lions  and   Otters &#8230;&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> M\u00f3r-R\u00f3nta (sea-lions) agus Madra\u00ed Uisce (otters) a bheadh ag aisteoireacht d\u00fainn sa se\u00f3 seo.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 go raibh roinnt daoine freisin ar an bhf\u00f3d, le horduithe a thabhairt do na hainmhithe c\u00e9anna sin.  Bh\u00ed roinnt su\u00edoch\u00e1n chun tosaigh, agus thugamar faoi deara nach raibh aon r\u00f3-fhonn ar dhaoine f\u00e1sta su\u00ed iontusan, ach bh\u00ed na daoine \u00f3ga ag baint na s\u00e1l d\u00e1 ch\u00e9ile, ag iarraidh su\u00edoch\u00e1n a fh\u00e1il sa steallchrios, n\u00f3 sa \u201csplash zone\u201d sin.  Ar ball, cuireadh t\u00fas leis an se\u00f3 sin, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, gur bhaineamar s\u00e1samh agus taitneamh as na beithigh ch\u00e9anna sin i mbun a gcuid cleas, agus i nd\u00e1ir\u00edre, bh\u00ed s\u00e9 deacair a chreidi\u00faint, go bhf\u00e9adfa\u00ed cleasa chomh casta sin a mh\u00faineadh d\u00f3ibh.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;&#8230;.Jet   Copter   Simulator &#8230;&#8230;<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar ball, chuamar isteach i mboth, a bh\u00ed leagtha amach mar ch\u00e1b\u00e1n h\u00e9alacaptair, agus nuair a bh\u00ed chuile dhuine suite, agus na soilse m\u00fachta, thosaigh an se\u00f3 seo.  Chuaigh an h\u00e9alacaptar \u201car eite\u201d, mar dhea, agus thabharf\u00e1 do leabhar breac fh\u00e9in, go raibh t\u00fa istigh san h\u00e9alacaptar sin, agus t\u00fa ag eitilt leat os cionn an Artaigh fhi\u00e1in, agus cheapf\u00e1, go bhf\u00e9adf\u00e1 do mh\u00e9ar a leagan ar na r\u00f3nta, agus na b\u00e9ir bh\u00e1na, a bh\u00ed le feice\u00e1il go fl\u00fairseach, sa taobh sin t\u00edre.  Ar ball, \u201cthuirling\u00edomar\u201d, agus ina dhiaidh sin, bh\u00ed deis againn si\u00fal tr\u00ed halla\u00ed agus tr\u00ed ph\u00f3irs\u00ed oighreata, mar a raibh deis againn, saol fi\u00e1in aisteach an Artaigh, a thabhairt faoi deara, ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ina dhiaidh sin, chuaigh mo mhac, is mo gharmhac, ar thuras b\u00e1id, s\u00edos na \u201cShipwreck Rapids\u201d mar a thugtar orthu, agus an b\u00e1d ag casadh, agus ag l\u00fabaireacht, le sruth, agus uisce \u00e1 stealladh isteach orthu \u00f3 chuile thaobh.  D\u2019fhanamarna sl\u00e1n s\u00e1bh\u00e1ilte ar an mbruach, agus muid ag \u00e9isteacht le b\u00e9ic\u00edl na ndaoine \u00f3ga agus screada\u00edl na ndaoine f\u00e1sta, de r\u00e9ir mar a scuabadh, ar luas, le sruth iad, s\u00edos, s\u00edos le f\u00e1na an tsrutha, agus iad ag s\u00edorchasadh, feadh an aistir.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;&#8230;&#8230;\u201dShamu\u201d the Great !&#8230;&#8230;..<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuamar timpeall ansin le radharc a fh\u00e1il ar an M\u00edol M\u00f3r Mara (whale) c\u00e1ili\u00fail sin, <strong>Shamu <\/strong>fh\u00e9in agus a chairde, mar a raibh siad ag sn\u00e1mh agus ag d\u00e9anamh a gcuid cleas, amuigh ansin i linn speisialta d\u00e1 gcuid fh\u00e9in.  N\u00ed call dom a r\u00e1, go gcuirfeadh na beithigh allta sin \u00e1thas agus alltacht, in eineacht, ort, n\u00f3 b\u00edodh go bhfuil siad chomh trom ollmh\u00f3r sin, ag an am gc\u00e9anna, nach gasta mar a sci\u00fardann siad timpeall na linne sin, agus thabharf\u00e1 an leabhar, gur thuig siad go r\u00ed-mhaith, go raibh muidinne \u00e1 dtabhairt faoi deara, n\u00f3 anois is ar\u00eds, tar \u00e9is doibh seal a chaiteamh ag sn\u00e1mh timpeall go r\u00e9idh, ci\u00fain, chuirfeadh siad an cro\u00ed trasna ionat, nuair a l\u00e9imid\u00eds go tobann as an linn, agus nuair a chasaid\u00eds timpeall, le l\u00e1n a dh\u00e1 s\u00fail a bhaint asainne.  Sea, gan dabht ar domhan, is  \u00e1lainn, sciobtha, sl\u00edoctha, sleamhain, na beithigh iad na m\u00edolta m\u00f3ra mara c\u00e9anna sin.  F\u00e9ach mar a chuirtear s\u00edos ar <strong>Shamu <\/strong>sa bhilleog phoibl\u00edochta&#8230;&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">And no trip to SeaWorld is complete without meeting Shamu, the most powerful and graceful underwater wonder.  Sit in the Splash Zone for an even better (and wetter) view.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\">Ina dhiaidh sin, chuamar timpeall, agus muid ag iarraidh an oiread agus ab fh\u00e9idir linn d\u2019iontais\u00ed Seaworld a fheice\u00e1il, le linn \u00e1r gcuairte ar an ionad s\u00e1r-iontach sin, a mb\u00edonn na sluaite ina m\u00edlte ag pl\u00f3d\u00fa isteach ann, chuile l\u00e1 den bhliain. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"> Faoin am sin \u00e1fach, bh\u00ed an d\u00e9ana\u00ed ag teacht, agus tuirse ag teacht orainne, agus tar \u00e9is d\u00fainn cup\u00e1n caif\u00e9 agus borr\u00f3g a chaitheamh ansin, i gceann de na bialanna, thugamar an b\u00f3thar abhaile orainn fh\u00e9in.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\">Agus le sin, cuirfidh muid cr\u00edoch leis an tsraith seo aist\u00ed faoi Mhisin Chalaf\u00f3irnia.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\">S\u00fail agam, gur bhain sibh taitneamh as an oilithreacht a dh\u00e9anamh in \u00e9ineacht linn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\">*****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\">*****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I m B \u00e9 a l a n P h o b a i l . . (Ar na Misin&#8230;..20 .) &#8230;&#8230;..Final instalment&#8230;&#8230;. Bhuel, d\u00e9arfainn go bhfuil an t-am tagtha anois, le cr\u00edoch a chur leis an tsraith aist\u00ed seo faoi na laethe saoire a chaitheamar i gCalaf\u00f3irnia, i L\u00fanasa na bliana seo caite, 2003. [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11919","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11919","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11919"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11919\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11920,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11919\/revisions\/11920"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11919"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11919"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11919"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}