{"id":11923,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11923"},"modified":"2024-04-08T01:24:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:24:27","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-5","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-5\/","title":{"rendered":"A r     n a      M i s i n. 5"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">M i s e a n     S a n t a     B a r b a r a  .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*********************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00e9 Junipero Serra, Aspal Chalaf\u00f3irnia, a shocraigh ar Mhisean a bhun\u00fa i Santa Barbara, a ch\u00e9aduair, b\u00edodh n\u00e1rbh eisean a th\u00f3g, i ndeireadh na d\u00e1la, ach a chomharba, Padre Lasu\u00e9n, a rinne an beart sin sa bhliain 1786.  D\u2019\u00e9irigh go bre\u00e1 le Misean Santa Barbara \u00f3 th\u00fas, agus faoi dheireadh an ocht\u00fa haois d\u00e9ag, bh\u00ed taiscumar, tr\u00ed ghr\u00e1inseach, siopa leathair, ce\u00e1rta, agus st\u00f3rais, t\u00f3gtha acu timpeall an Mhisin, agus faoin am sin freisin, bh\u00ed thart ar 800 clann Indiach, de Threibh Chumash, ina gc\u00f3na\u00ed, agus ag saothr\u00fa leo, sa Mhisean sin.  Tr\u00edd na blianta sin go l\u00e9ir, n\u00edor iompaigh a dtaoiseach,Yanonali, ina Chr\u00edosta\u00ed, ach ar deireadh thiar thall, sa bhliain 1787, baisteadh ina Chr\u00edosta\u00ed \u00e9, agus tugadh Pedro air.  Bh\u00e1saigh s\u00e9 sa bhliain 1805, agus \u00e9 ocht mbliana is tr\u00ed sc\u00f3r d\u2019aois.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019fh\u00e1s an Misean sin Santa Barbara as cuimse cumhachtach, agus saibhir, agus \u00e9 d\u2019aidhm acu, an saibhreas sin uilig a thabhairt ar ais do na hIndiaigh, chomh luath is a bheid\u00eds si\u00fad baiste, agus oilte ar thalmha\u00edocht.   <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Galra\u00ed an fhir ghil.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed mhaireann rith maith ag an each i gc\u00f3na\u00ed \u00e1fach, agus ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna ag Misean Santa Barbara \u00e9, n\u00f3 tharla go raibh an m\u00ed-\u00e1dh ag rith leo.  Sa bhliain 1801, bhuail r\u00e1ig ni\u00fam\u00f3ine na hIndiaigh, agus ba iad na nuachreidmhigh ba mh\u00f3 a bh\u00ed th\u00edos leis, i ndeireadh na feide.  Sea, agus fi\u00fa na hIndiaigh a th\u00e1inig sl\u00e1n \u00f3n ni\u00fam\u00f3ine, bhuail galra\u00ed \u00e1irithe eile, a d\u2019iompair na Sp\u00e1innigh chucu, iad, galra\u00ed a chriog a l\u00e1n acu, galra\u00ed cos\u00fail le slaghd\u00e1n, bruit\u00edneach, agus a leith\u00e9id, agus  mar bharr an an gclampar, thit an r\u00e1ta beireatais freisin, ina measc.  Ba ghearr gur tuigeadh n\u00e1r chun leas na nIndiach \u00ed an Chr\u00edosta\u00edocht.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;&#8230;Laige is Gabh\u00e1il&#8230;&#8230;<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faoin mbliain 1820, bh\u00ed Misean Santa Barbara ag titim ar gc\u00fal, agus ar ball, nuair a ghabh na Meicsicigh seilbh ar Chalaf\u00f3irnia, bh\u00ed caisc\u00edn an Mhisin ch\u00e9anna sin, maraon le Misin eile na t\u00edre, meilte.  Ba ghearr gur deineadh an Misean a dh\u00edeaglaisi\u00fa.  Sa tsl\u00ed sin, taobh istigh d\u2019achar r\u00e9as\u00fanta gearr, cuireadh deireadh le cumhacht an Mhisin, agus ina \u00e1it, d\u2019fh\u00e1s socha\u00ed nua, ina raibh na rains\u00e9ir\u00ed m\u00f3ra, agus lucht gn\u00f3, in uachtar.  Anois, ba ch\u00f3ir a r\u00e1 anseo, gur tugadh seans do na hIndiaigh, seilbh a ghlacadh ar roinnt \u00e1irithe de thailte an Mhisin, agus d\u00f3ibh si\u00fad a thoiligh chuige sin, tugadh s\u00edolta agus stoc d\u00f3ibh, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas sl\u00ed bheata a bhaint amach, mar fheirmeoir\u00ed, ach, ba \u00e9 cr\u00edoch an sc\u00e9il sin \u00e9, n\u00f3 gur dh\u00edol roinnt mhaith acu a ngabhaltais leis na rains\u00e9ir\u00ed m\u00f3ra, agus gur cuireadh roinnt eile as seilbh, tr\u00ed chaimil\u00e9ireacht, agus le sc\u00e9al gairid a dh\u00e9anamh de, n\u00edor \u00e9irigh,  olc maith n\u00f3 dona, leis an sc\u00e9im sin. Tharla scaipeadh na mion\u00e9an ar Threibh Chumash Shanta Barbara, agus cailleadh an deis a bh\u00ed ann, le t\u00edr d\u00e1 gcuid fh\u00e9in a bhun\u00fa thart ar an Misean sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;&#8230;&#8230;.R\u00e9  na   St\u00e1t  Aontaithe&#8230;&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faoin mbliain 1847, ba leis na St\u00e1it Aontaithe Santa Barbara. Deineadh cathair Mheirice\u00e1nach, den mbaile IndSp\u00e1inneach sin, ar an 9 Aibre\u00e1n, 1850, c\u00faig mh\u00ed sular  f\u00f3gra\u00edodh Calaf\u00f3irnia ina St\u00e1t.  Leanadh ag baint \u00fas\u00e1ide as S\u00e9ip\u00e9al an Mhisin, mar Theach Pobail, \u00f3 t\u00f3gadh i dtosach \u00e9, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, agus deirtear, n\u00e1r ligeadh don lampa sa Sanct\u00f3ir dul as, \u00f3 lasadh a ch\u00e9aduair \u00e9, sa bhliain 1786,  agus n\u00ed focal beag n\u00f3 suarach \u00e9 sin, nuair a chuirtear san \u00e1ireamh, a ndeachaigh an d\u00faiche sin tr\u00edd, thar na blianta fada uilig sin.  Sa bhliain 1865, tugadh an Misean ar ais don Eaglais Chaitliceach ar\u00eds.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed haon ionadh, gur tugadh <strong>\u201cBanr\u00edon na Misean\u201d<\/strong> ar an Misean c\u00e9anna seo, n\u00f3 ba bheag n\u00e1r bhain s\u00e9 radharc na s\u00fal d\u00ednn, ar a mh\u00e9ad, ar a \u00e1illeacht, ar a dhearadh.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cuma clasaiceach at\u00e1 le tabhairt faoi deara ar thosach an fhoirgnimh \u00e1lainn sin, agus glactar leis an dtuairim, nach bhfuil a leith\u00e9id eile le f\u00e1il in aon cheann den Mhisean is fiche, a th\u00f3g na Sp\u00e1innigh, fan ch\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia, idir na blianta 1769 agus 1823.  Anois, t\u00e1 an taobh sin t\u00edre an-tugtha do chreathanna tal\u00fan, agus tharla gur deineadh dochar doleigheasta don Mhisean, cupla babhta, le linn a \u00f3ige, agus ar deireadh, ba iad na fir a bh\u00ed i mbun t\u00f3g\u00e1il an Mhisin \u00e1lainn at\u00e1 le feice\u00e1il againn sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, n\u00e1 na Padres, Antonio Ripoll, agus Francisco Suner. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;&#8230;..Foirgneamh  Claisiceach&#8230;&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed sp\u00e9is thar na bearta ag an bPadre Ripoll in ailtireacht na R\u00f3mh\u00e1nach, agus tharla go raibh ailtire R\u00f3mh\u00e1nach, Vitruvius Polion ann, a d\u2019fhoilsigh saothar, <strong>sa bhliain 27 BC<\/strong>. \u201cS\u00e9 Leabhar na hAiltireachta\u201d a bhaist s\u00e9 ar an saothar c\u00e9anna sin. Th\u00e1inig Ripoll ar an saothar sin, agus n\u00ed sh\u00e1s\u00f3dh tada \u00e9, ach dearadh le Polion do Theampall P\u00e1ganach, a r\u00e9aladh ansin i Misean Santa Barbara, agus rinne, agus gan dabht ar domhan, t\u00e1 a shliocht sin ar an Misean c\u00e9anna, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, n\u00f3 t\u00e1 dearadh Gr\u00e9ag-R\u00f3mh\u00e1nach le l\u00e9amh air, \u00f3 bhun go barr.  Chuir m\u00e9ad an fhoirgnimh ionadh orainn freisin. Os a chomhair amach, t\u00e1 scairde\u00e1n \u00e1lainn M\u00farach le feice\u00e1il f\u00f3s, agus taobh thiar den Mhisean, \u00e9ir\u00edonn sl\u00e9ibhte \u00e1ille b\u00e1nghorma Santa Barbara, agus iad ag ceapadh \u00e1illeacht an fhoirgnimh, i bhfr\u00e1ma ollmh\u00f3r na timpeallachta. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Isteach linn.  Ba chos\u00fail le hIarsmalann \u00e9.  Bh\u00ed seomra\u00ed ansin agus iad leagtha amach d\u00edreach mar a bh\u00edd\u00eds, i laethe an Mhisin.  Anseo, d\u2019fheicfe\u00e1 seomra leagtha amach faoi mar a bheadh seomra sagairt. In \u00e1it eile, t\u00e1 saotharlann le tabhairt faoi deara, agus uirlis\u00ed agus saothar na gceardaithe Indiacha le feice\u00e1il ansin ag an turas\u00f3ir. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;&#8230;Turas  an  Mhisin&#8230;&#8230;<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Th\u00f3g s\u00e9 cupla uair a chloig orainne, turas an Mhisin a thabhairt, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, ba \u00e9 ba mh\u00f3 a chuaigh i gcionn orainn, n\u00f3 an s\u00e9ip\u00e9al.  N\u00ed s\u00e9ip\u00e9al beag n\u00f3 suarach at\u00e1 i gceist anseo againn, ach s\u00e9ip\u00e9al m\u00f3r, at\u00e1 c\u00e9ad seasca is aon troigh, ar fad, fiche seacht troigh, ar leithead, agus dh\u00e1 throigh is daichead, ar airde.  Seasann an d\u00e1 Th\u00far ocht\u00f3 seacht troigh os cionn leibh\u00e9al na tal\u00fan.   Chuir maisi\u00fa agus orn\u00e1id\u00edocht an ts\u00e9ip\u00e9il ch\u00e9anna sin ionadh n\u00e1r bheag orainne, n\u00f3 bh\u00ed idir dhealbha agus phicti\u00fair ansin, le cro\u00ed agus anam an adhraitheora agus an chuairteora, a ard\u00fa, agus a spreagadh.  Ach, thar aon rud eile, ba \u00e9 ba mh\u00f3 a chuaigh i gcionn orainne, n\u00f3 na dealbha m\u00f3ra, eala\u00edonta, inchreidte a bh\u00ed le feice\u00e1il againn i gceann de na taobhsh\u00e9ip\u00e9il.  Bh\u00ed beogacht, inchreidteacht, agus f\u00edrinne dochreidte, le tabhairt faoi deara iontusan nach bhfeictear ach go hannamh in obair eala\u00edonta d\u00e1 leith\u00e9id.  Bh\u00ed ceann acu thar barr ar fad.  Ba \u00e9 a bh\u00ed \u00e1 l\u00e9iri\u00fa sa cheann sin, n\u00f3 \u00cdosa ag lorg d\u00ed ar an mbean Sam\u00e1ireach.  Beag nach bhf\u00e9adf\u00e1 a gcomhr\u00e1 a chlos!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh, bh\u00edomar amuigh faoin aer ar\u00eds, agus ualach asail de chuimhn\u00ed bailithe, st\u00f3r\u00e1ilte againn, cuimhn\u00ed a ghealfadh cib\u00e9 laethe gruama, dorcha, a bh\u00ed os \u00e1r gcomhair amach, sa todhcha\u00ed.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>M i s e a n S a n t a B a r b a r a . ********************************* Ba \u00e9 Junipero Serra, Aspal Chalaf\u00f3irnia, a shocraigh ar Mhisean a bhun\u00fa i Santa Barbara, a ch\u00e9aduair, b\u00edodh n\u00e1rbh eisean a th\u00f3g, i ndeireadh na d\u00e1la, ach a chomharba, Padre Lasu\u00e9n, a rinne an beart [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11923","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11923","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11923"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11923\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11924,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11923\/revisions\/11924"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11923"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11923"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11923"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}