{"id":11925,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11925"},"modified":"2024-04-08T01:13:19","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:19","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-6","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-6\/","title":{"rendered":"A r     n a      M i s i n. 6."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A r    n a     M i s i n .     6 .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Stopamar, an tseachtain seo caite, agus muid ar bord an bhus speisialta sin, a bh\u00ed le sinn a thabhairt ar thruas timpeall na cathrach \u00e1ille sin Santa Barbara.  Mar sin, le filleadh ar an sc\u00e9al&#8230;&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bus speisialta a bh\u00ed d\u00e1r n-iompar, bus ar d\u00e9anamh tram a bh\u00ed ann, agus tr\u00e1chtaireacht<strong> <\/strong>\u00e1 thabhairt d\u00fainn, feadh an aistir, ag an tiom\u00e1na\u00ed gro\u00ed, l\u00e1ch, sc\u00e9altach.  Thug an tiom\u00e1na\u00ed c\u00e9anna sin stair an bhaile d\u00fainn, ach \u00f3 tharla go bhfuil roinnt mhaith den stair tugtha cheana agam, n\u00ed dh\u00e9anfaidh m\u00e9 athinsint ar an gcuid sin den sc\u00e9al.  Labhair s\u00e9 linn, faoi na sr\u00e1ideanna, agus faoi na foirgnimh, faoi na maithe agus na m\u00f3ruaisle a dhear agus a th\u00f3g an baile \u00e1lainn seo, ach n\u00ed mar seo a bh\u00ed an baile seo chuile l\u00e1 riamh, n\u00f3 i dt\u00fas ama, n\u00ed raibh cuma n\u00f3 d\u00f3igh air, ach chuile dhuine ag t\u00f3g\u00e1il leis, de r\u00e9ir mar a bhuail an fonn \u00e9.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh ann, ar feadh i bhfad, ach baile beag scoite, iarg\u00falta, gan sp\u00e9is r\u00f3-mh\u00f3r ag \u00e9inne ann, ach tr\u00ed tharl\u00faint\u00ed domh\u00ednithe na staire, d\u2019fh\u00e1s agus d\u2019fhorbair Santa Barbara, go dt\u00ed go bhf\u00e9achtar air, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, mar \u201cVenice\u201d Dheisceart Chalaf\u00f3irnia.  Caithfear a r\u00e1, nach raibh aon ch\u00f3ras ar f\u00f3namh acu le cuairteoir\u00ed, n\u00f3 lucht gn\u00f3 a mhealladh chomh fada leo, ach bh\u00ed cuan r\u00e9as\u00fanta maith ansin, taobh leo, agus marach sin, bheadh siad ar an ngannchuid, bun\u00fas an ama.  Ach d\u00e9anta na f\u00edrinne, ba \u00ed a iarg\u00faltacht an bua ba mh\u00f3 a bh\u00ed aige, i ndeireadh na d\u00e1la.  Bh\u00ed Sl\u00e9ibhte Santa Ynez mar bhalla cosanta, ar an dtaobh thoir de, bh\u00ed an fharraige ar an dtaobh thoir, agus n\u00ed raibh b\u00f3ithre ar f\u00f3namh, \u00f3 thuaidh, n\u00f3 \u00f3 dheas uaithi, agus sa tsl\u00ed sin, coinn\u00edodh lucht na h\u00f3rth\u00f3raiochta,  tr\u00edd is tr\u00edd, amach uaithi. Choinnigh s\u00ed na himircigh, a thug a n-aghaidh siar, i ndiaidh Chogadh na St\u00e1t, amach uaidh freisin, sa tsl\u00ed, nuair a bh\u00ed bailte  m\u00f3ra eile ar ch\u00f3sta thiar Chalaf\u00f3irnia ag f\u00e1s as cuimse m\u00f3r, agus ag baili\u00fa saibhris chucu, faoi mar a bheadh Dia \u00e1 r\u00e1 leo, d\u2019fhan Santa Barbara, beag, scoite, iarg\u00falta, agus gan m\u00f3r\u00e1n airde ag \u00e9inne air. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Mar sin fh\u00e9in, bh\u00ed a bhuanna fh\u00e9in ag Santa Barbara.  Bh\u00ed su\u00edomh den scoth aige, bh\u00ed pobal deas, s\u00e9imh, sibhialta, aige, agus bh\u00ed aer\u00e1id neamha\u00ed ag roinnt leis freisin.  Fritheadh ola go fl\u00fairseach sa d\u00faiche sin freisin, agus roinnt \u00e1irithe de, faoin bhfarraige, agus, ar bhealach do-thuigthe anois, ceapadh ag an am, nach bhf\u00e9adf\u00e1 aer na h\u00e1ite sin a bhualadh, ar a shl\u00e1inti\u00fala is a bh\u00ed s\u00e9, agus tuigeadh go mba \u00ed c\u00fais a bh\u00ed le sin, n\u00f3 boladh an ola \u00fad measctha ar aer sl\u00e1inti\u00fail na h\u00e1ite. Chomh maith leis na buanna sin, bh\u00ed fl\u00fairse ruibhthoibreacha sa d\u00faiche sin freisin. Sa tsl\u00ed sin, thosaigh daoine ag teacht chucu, ina nduine is ina nduine, ar dt\u00fas, agus ansin ina miondreamanna, agus ar ball, ina gcaise do-stoptha, agus n\u00ed \u00f3 na St\u00e1it Aontaithe amh\u00e1in a th\u00e1inig siad, ach \u00f3 cheithre hairde an domhain mh\u00f3ir, agus iad uilig ar th\u00f3ir na sl\u00e1inte, na h\u00e1illeachta n\u00f3 na haer\u00e1ide, n\u00f3 ar th\u00f3ir cib\u00e9 bua a shanntaigh siad, agus a tuigeadh d\u00f3ibh a bheith ar f\u00e1il go fial, i gcathair Santa Barbara.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>T<\/strong>hug Charles Nordhoff cuairt ar Santa Barbara sa bhliain 1872.  B\u2019amhlaidh a chuir an <strong>\u201cSouthern Pacific Railway\u201d<\/strong> timpeall Chalaf\u00f3irnia \u00e9, le cuntas a scr\u00edobh faoina raibh le feice\u00e1il, agus le tabhairt faoi deara, le linn a chuairte.  F\u00e9ach mar a chuir seisean \u00e9&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cSanta Barbara is on many accounts the pleasantest of all the places I have named&#8230;&#8230;Santa Barbara has the advantage of a pleasant society and an exeellent school.   It is in fact a cozy nest of New England and Western New York people, many of whom originally came here for their health, and remain because they are charmed by the climate.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, n\u00edor chuir a hiarg\u00faltacht isteach ar Charles.  Ach cos\u00fail le bailte eile, ag an am, n\u00ed raibh aige, ach th\u00edos seal agus thuas seal.    <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, tar \u00e9is d\u00f3 blianta fada a chaitheamh ar th\u00f3ir an dul chun cinn, agus tar \u00e9is d\u00f3 an l\u00e1mh in uachtar a fh\u00e1il ar smugl\u00e9ir\u00ed, ar rob\u00e1laithe, agus ar ghadaithe b\u00f3thair, d\u2019\u00e9irigh leis teacht sl\u00e1n, agus diaidh ar ndiaidh, shleamhnaigh s\u00e9 chun tosaigh, d\u00e1 m\u00edle ainneoin.  Agus b\u00edodh go raibh baile \u00e1lainn cult\u00fartha, seanaimseartha, ansin, \u00f3 aimsir na Sp\u00e1inneach i leith, n\u00edor cuireadh aon bh\u00e9im r\u00f3-mh\u00f3r ar an dul chun cinn, go dt\u00ed gur ghealaigh r\u00e9 na St\u00e1t Aontaithe, fi\u00fa amh\u00e1in i leagan amach na sr\u00e1ideanna, n\u00ed raibh bun n\u00f3 barr leo, go dt\u00ed r\u00e9 sin na St\u00e1t.  F\u00e9ach mar a cuireadh \u00e9&#8230;&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Santa Barbara\u2019s first neighbourhood was comprised of adobes scattered haphazardly around the Presidio. By 1850, the number of adobes had increased, but they were still built on sites with no apparent organisation.  Americans brought with them a passion for organisation and knew that a logical street system was an essential first step.  In 1851 the Common Council authorised Captain Salisbury Haley to survey and plat streets in square, uniform blocks 150 feet wide.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, bh\u00ed an gn\u00f3 sin d\u00e9anta, agus d\u00e9anta go maith, agus b\u00edodh n\u00e1r cuireadh an plean sin i gcr\u00edch l\u00e1ithreach bonn, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed an plean ansin, agus diaidh ar ndiaidh, bh\u00edothas \u00e1balta tarraingt ar an bplean cumasach sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba bheag tionchar a bh\u00ed ag Cogadh na St\u00e1t ar Santa Barbara, no bh\u00ed an \u00e1it r\u00f3-iarg\u00falta, agus is d\u00f3cha freisin, n\u00e1r breathna\u00edodh f\u00f3s, i nd\u00e1ir\u00edre, ar Chalaf\u00f3irnia, mar chuid d\u00edlis de na St\u00e1it Aontaithe, sea, agus cuir le sin, go raibh Santa Barbara i bhfad amach \u00f3 l\u00e1thair an chogaidh ch\u00e9anna sin, a bh\u00ed ag r\u00e9abadh leis na m\u00edlte m\u00edle soir uaidh, agus chomh maith le sin, th\u00f3gadh s\u00e9, idir 20 agus 30 l\u00e1, do nuacht faoin gcogadh c\u00e9anna sin iad a shroichint, n\u00f3 ba mhinic cathanna an chogaidh sin \u00e1 dtroid, thart ar thr\u00ed mh\u00edle m\u00edle ar shi\u00fal uathu. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edor shroich an b\u00f3thar iarainn fh\u00e9in Santa Barbara go dt\u00ed t\u00fas an fichi\u00fa haois, ach uaidh sin amach, n\u00edor mhothaigh muintir Shanta Barbara <strong>scoite <\/strong>amach feasta.  Bh\u00ed uisce reatha, leictreachas, ospid\u00e9il den scoth, ar f\u00e1il sa chathair sin feasta, agus nuair a tharla, sa bhliain 1922, gur \u00e9irigh leis an nDocht\u00fair William Sansum insulin fad-oibr\u00edoch a fhorbairt, bh\u00ed tarriangt ag diabaetigh an tsaoil mh\u00f3ir ar Santa Barbara, feasta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, i ndeireadh na d\u00e1la, tuigeadh do na d\u00fachasaigh, gurbh \u00ed an turas\u00f3ireacaht an tionscal ba mh\u00f3 a d\u2019oirfeadh d\u00f3ibh, sna blianta a bh\u00ed amach rompu, agus chuige sin, chuireadar chun oibre le fonn, le h\u00e1iseanna oiri\u00fanacha a chur ar f\u00e1il, leis an dtionscal sin a choth\u00fa agus a fhorbairt.  Tuigeadh freisin, go mba bhre\u00e1 ar fad an l\u00e1thair \u00e9, d\u2019fhil\u00ed, do ph\u00e9int\u00e9ir\u00ed, agus d\u2019eala\u00edont\u00f3ir\u00ed de chuile sh\u00f3rt.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faoin am seo, \u00e1fach, tuigeadh go raibh sr\u00e1ideanna \u00e1irithe gr\u00e1nna go maith f\u00f3s, ach thug crith tal\u00fan na bliana 1925 deis d\u00f3ibh, roinnt mhaith de na seansr\u00e1ideanna sin a chartadh amach, agus a at\u00f3g\u00e1il, de r\u00e9ir Phlean Haley.  Bh\u00ed daonra na cathrach nua seo ag dul i m\u00e9ad an t-am ar fad \u00e1fach, n\u00f3 d\u2019fhan roinnt mhaith de na turas\u00f3ir\u00ed, agus chuireadar f\u00fathu sa bhaile \u00e1lainn sin Santa Barbara.  Faoin mbliain 1950 t\u00f3gadh \u00e1r seanchara, Saorbhealach 101, a bh\u00ed mar cheangal idir San Francisco, \u00f3 thuaidh, agus San Diego, \u00f3 dheas.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed a sheal freisin ag Santa Barbara ar na scann\u00e1in, n\u00f3 sa bhliain 1910, bh\u00ed an Saotharlann Scann\u00e1n ba mh\u00f3 ar domhan, suite sa chathair sin, agus faoin mbliain 1911, bh\u00ed tr\u00ed chomhlucht scann\u00e1n lonnaithe ann.  Ar feadh scathaimh, mar sin, baineadh \u00fas\u00e1id as sl\u00e9ibhte Santa Ynez, agus as tr\u00e1nna Santa Barbara, mar ch\u00falra do na c\u00e9adta scann\u00e1n.  N\u00ed bh\u00edonn in aon rud ach seal, \u00e1fach, agus faoin mbliain 1918, ocht mbliana gairide i ndiaidh bhun\u00fa an tionscail sa chathair \u00e1lainn sin, faoi mar a bheadh sneachta na bliana anuraidh ann, bh\u00ed  na comhluchta\u00ed m\u00f3ra sin uilig scuabtha leo \u00f3 dheas, ar th\u00f3ir na bhfoirgneamh ard, faoi mar a bh\u00ed le f\u00e1il acu i  Los Angeles, n\u00f3 theastaigh foirgnimh mh\u00f3ra arda uathu, leis an saol uirbeach<strong>,<\/strong> a bh\u00ed mar ch\u00falra anois do bhun\u00fas na scann\u00e1n a bheadh \u00e1 nd\u00e9anamh feasta, a l\u00e9iri\u00fa.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019\u00e9irigh len\u00e1r dtreora\u00ed an t-eolas sin uilig faoi Santa Barbara a roinnt linn, agus muid ar \u00e1r mbealach timpeall na cathrach sin, ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3.  Thuirling\u00edomar fh\u00e9in den tram sin, seal,  th\u00edos ag an gc\u00e9ibh, agus d\u2019\u00e9irigh linn teacht ar bhialann oiri\u00fanach, le l\u00f3n a chaitheamh ansin, agus muid ag breathn\u00fa ar dhealbh ch\u00e1ili\u00fail \u00fad na muc mara, at\u00e1 suite taobh leis an gc\u00e9ibh.  I ndiaidh an l\u00f3in sin, chaitheamar seal ag breathn\u00fa thart ar an gcuid sin den chathair.  Bh\u00ed \u00e1illeacht de chuile sh\u00f3rt leata amach ansin, os \u00e1r gcomhair amach, agus baill de chin\u00edocha an tsaoil mh\u00f3ir ag baint taitnimh as.  Ar ball, d\u2019\u00e9irigh linn su\u00edoch\u00e1n a fh\u00e1il ar ar dtram, a raibh c\u00farsa na cathraach tugtha aige, agus \u00e9 ar a bhealach ar ais chuig Misean Santa Barbara ar\u00eds.  Chuamar ar bord.  D\u2019fh\u00e1iltigh an tiom\u00e1na\u00ed romhainn, agus lean air ag r\u00edomh stair agus sc\u00e9al na cathrach \u00e1ille sin Santa Barbara.  Th\u00f3g s\u00e9 sinn suas chun d\u00e1ta le sc\u00e9al na cathrach, agus mh\u00ednigh an fhadhb  ba mh\u00f3 a bh\u00ed ag an gcathair, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n fhadhb, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Fadhb na tith\u00edochta, d\u2019eile!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 an fharraige ar thaobh amh\u00e1in den chathair, agus na sl\u00e9ibhte timpeall uirthi, agus sa tsl\u00ed sin, n\u00edl m\u00f3r\u00e1n \u00e1ite acu le tuilleadh tithe a th\u00f3g\u00e1il, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, is ar thaobh na sl\u00e9ibhte at\u00e1 na boic mh\u00f3ra ag lonn\u00fa, agus is beag deis at\u00e1 ag oibrithe, cos\u00fail leis an tiom\u00e1na\u00ed fh\u00e9in, teacht ar theach, rud a chuirfeadh Baile \u00c1tha Cliath, agus cathracha eile na t\u00edre seo, i gcuimhne do dhuine.    Ach nach comhartha saibhris \u00e9 sin?  Sea, agus tiocfar ar a leigheas, amach anseo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, faoin am sin, bh\u00edomar tagtha ar ais ar\u00eds go dt\u00ed Misean Santa Barbara.  Thuirling\u00edomar den bhus.  Chaitheaamar seal ag guairdeall timpeall, agus ag tabhairt chuile sh\u00f3rt faoi deara, agus nuair a bh\u00ed l\u00e1n \u00e1r s\u00fal bainte againn as an Misean, agus as a thimpeallacht, thugamar aghaidh ar \u00e1r dTeach \u00d3sta, i Sr\u00e1id Bath.  N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh an l\u00e1 sin i ngar do bheith caite, agus d\u2019ullmha\u00edomar sinn fh\u00e9in do dhinn\u00e9ar na ho\u00edche sin sa Teach \u00d3sta, san <strong>Encina Lodge and Suites<\/strong>, agus n\u00ed call dom, ach oiread, a r\u00e1, gur dhein siadsan freastal fial, flaithi\u00fail orainn, agus gur roinn siad nua gach bia agus sean gacha d\u00ed orainn, gan dochma gan gorta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar ball, chaitheamar seal ag breathn\u00fa ar an teilif\u00eds, agus seal eile ag comhr\u00e1 agus ag ullmh\u00fa don l\u00e1 d\u00e1r gcionn, nuair a bheadh muid ag tabhairt \u00e1r n-aghaidh ar Phismo Beach, cathair eile cois cuain, a bh\u00ed tamall \u00f3 thuaidh \u00f3 Santa Barbara, agus \u00e9 c\u00f3ngarach do <strong>San Luis Obispo<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach b\u2019fh\u00e9idir gur leor sin de chuntas ar Mhisean Santa Barbara, agus ar an gCathair a d\u2019fh\u00e1s an\u00edos as d\u00fashraith an Mhisin Sp\u00e1innigh ch\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go dt\u00ed an ch\u00e9ad bhabhta eile, mar sin&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sl\u00e1n&#8230;&#8230;&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. A r n a M i s i n . 6 . ************************ . Stopamar, an tseachtain seo caite, agus muid ar bord an bhus speisialta sin, a bh\u00ed le sinn a thabhairt ar thruas timpeall na cathrach \u00e1ille sin Santa Barbara. Mar sin, le filleadh ar an sc\u00e9al&#8230;&#8230;.. Bus speisialta a bh\u00ed d\u00e1r [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11925","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11925","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11925"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11925\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11926,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11925\/revisions\/11926"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11925"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11925"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11925"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}