{"id":11943,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11943"},"modified":"2024-04-08T00:32:31","modified_gmt":"2024-04-08T00:32:31","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-1-4","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-1-4\/","title":{"rendered":"A r    n a     M i s i n. 1."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">A r    n a     M i s i n .      <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">**********************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 m\u00e9 cinnte gur l\u00e9igh sibh uilig na p\u00edosa\u00ed a scr\u00edobh m\u00e9, ar na mallaibh, faoi ch\u00farsa\u00ed mo shaoil fh\u00e9in, agus faoi\u2019n chaoi a raibh socruithe agam bheith im Mhisin\u00e9ir chun na hAfraice.  L\u00e9igh sibh freisin, faoi na blianta fada tuirsi\u00fala, cru\u00f3gacha, staid\u00e9ir, a chaith m\u00e9 dom\u2019 ullmh\u00fa  fh\u00e9in don ghairm uasal ch\u00e9anna sin, ach t\u00e1\u2019s agaibh uilig, n\u00e1rbh \u00e9 toil D\u00e9 \u00e9, go raghainn ag saothr\u00fa i ngort \u00fad an Tiarna, ach mar sin fh\u00e9in, fanann na Misin mar chine\u00e1l maighn\u00e9id sa chro\u00ed istigh ionnam f\u00f3s, agus chuile \u00e1it a fheicim tagairt do Mhisin, n\u00f3 do Mhisin\u00e9ir\u00ed, m\u00fasclaionn an tagairt ch\u00e9anna sin tart eic\u00ednt ionnam, agus seoltar l\u00e1ithreach m\u00e9, ag lorg eolais eic\u00ednt faoi na Misin ch\u00e9anna sin, agus sin freisin an f\u00e1th ar bhaist m\u00e9 <strong>\u201cAr na Misin\u201d,<\/strong> ar an tsraith altanna seo.  Bhuel, chaith m\u00e9 seal, ar na mallaibh, ag taisteal tr\u00ed dh\u00faiche Chalaf\u00f3irnia, agus n\u00ed f\u00e9idir le duine ar bith aon achar a chaitheamh sa t\u00edr cheanna sin, gan teacht ar cheann eic\u00ednt de na Misin Chalaf\u00f3irneacha \u00fad.  Bhuel, an babhta seo, chaith m\u00e9 fh\u00e9in is mo bhean roinnt mhaith laethanta, ar th\u00f3ir na Misean sin, agus muid ag iarraidh teacht orthu, agus a sc\u00e9al a thuiscint.   Mar sin, is \u00e9 t\u00e1 i gceist agam anseo, n\u00f3 sc\u00e9al na Misean Calaf\u00f3irneach \u00fad.  Ach b\u2019fh\u00e9idir gurbh fhearr dom dul siar go dt\u00ed an t\u00fas, agus an sc\u00e9al seo a shu\u00edomh ina ionad ceart fh\u00e9in i dtosach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is fada an l\u00e1 \u00f3 chuala m\u00e9 tr\u00e1cht, a ch\u00e9aduair, ar na Misin Chalaf\u00f3irneacha ch\u00e9anna sin, n\u00f3 cos\u00fail le chuile dhuine eile dem chomhaois, chualamar tr\u00e1cht, le linn \u00e1r n-\u00f3ige, ar na Misin sin, san amhr\u00e1n \u00fad, a bh\u00edodh i mb\u00e9al gach \u00e9inne, an tr\u00e1th sin&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">And the Mission Bells told me<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">That I mustn\u2019t  stray,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">South of the Border,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:144pt\">Down Mexico way.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3! sea, agus chomh maith le sin, n\u00e1rbh ioma\u00ed sin tagairt a dheint\u00ed do na Misin sin, sna seanscann\u00e1in \u00fad faoi Bhuachaill\u00ed B\u00f3, agus a leith\u00e9id, a gcuirimis uilig an d\u00e1 sp\u00e9is iontu, fad\u00f3.  D\u00e1 bharr sin, agus ar ch\u00faiseanna eile freisin, chuir m\u00e9 fh\u00e9in sp\u00e9is iontu \u00f3 th\u00fas, agus theastaigh uaim a fh\u00e1il amach, c\u00e9n f\u00e1th ar baisteadh \u201cMisin\u201d a ch\u00e9aduair, orthu?  C\u00e9 bhunaigh iad? agus c\u00e9n f\u00e1th ar t\u00f3gadh iad sna hionaid \u00e1irithe ina bhfuil f\u00e1il orthu, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann?   D\u00e9anfaidh m\u00e9 iarracht, ar chuid \u00e1irithe den eolas sin a leagan os bhur gcomhair amach, sa R\u00e9amhr\u00e1 seo&#8230;Thug m\u00e9 cuairt ar roinnt \u00e1irithe de na Misin sin, roinnt mhaith blianta \u00f3 shoin, tr\u00e1th raibh m\u00e9 ar saoire i gCalaf\u00f3irnia, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh cuntas ar na h\u00f3c\u00e1id\u00ed c\u00e9anna sin le l\u00e9amh agaibh anseo i mB\u00e9al an Phobail, ag an am.  Mh\u00fascail na cuairteanna sin mo sp\u00e9is fh\u00e9in sna Misin sin, agus fanann an tart sin gan s\u00e1samh ioml\u00e1n orm, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thosaigh sc\u00e9al na Misean, <strong>ar an 9\u00fa l\u00e1 d\u2019Eanair, sa bhliain 1769,<\/strong> nuair a sheol an long seoil Sp\u00e1inneach, <strong>San Carlos<\/strong>, as cuan La Paz, i mBaja Chalaf\u00f3irnia, amach, ar a bealach \u00f3 thuaidh go Cuan uchtleathan Shan Diego, agus \u00e9 de chusp\u00f3ir aice, bun\u00e1it Sp\u00e1inneach a bhun\u00fa san ionad oiri\u00fanach sin, agus ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed socruithe acu, Misean a bhun\u00fa ansin freisin.  Sheol dh\u00e1 long eile, ina diaidh, ar ball, ach chuaigh ceann acu sin go t\u00f3in poill.  Ag an am gc\u00e9anna, d\u2019fh\u00e1g slua\u00edocht mh\u00edleata, faoi cheannas Gaspar de Portol\u00e1, an d\u00faiche ch\u00e9anna sin thart ar La Paz, lena mbealach a dh\u00e9anamh \u00f3 thuaidh, ar thalamh, sa tsl\u00ed go mbuailfeadh an d\u00e1 dhream um a ch\u00e9ile ag San Diego, agus go raghaid\u00eds i gcomhar le ch\u00e9ile i mbun\u00fa na bun\u00e1ite sin.  Anois in \u00e9ineacht leis an slua\u00edocht mh\u00edleata sin, thaisteal an Proinsiasc\u00e1nach c\u00e1ili\u00fail sin, Junipero Serra, a ngairtear Aspal Chalaf\u00f3irnia air, maraon le roinnt eile sagart, agus \u00e9 d\u2019aidhm aige an Chr\u00edosta\u00edocht a chraoibhscaoileadh i measc na nIndiach \u00fad, a mhair fan ch\u00f3sta thiar Chalaf\u00f3irnia.   In am tr\u00e1th, fuair na dreamanna sin; an dream mairn\u00e9alach, an dream m\u00edleata, agus an dream sagart; fuair siad ceannas ar ch\u00f3sta thiar Chalaf\u00f3irnia, ceannas a mhair breis is leathch\u00e9ad  bliain.  Ach n\u00e1r ch\u00f3ir ceist a chur anseo faoi ionradh \u00fad na Sp\u00e1inneach ar Chalaf\u00f3irnia, ag an am \u00e1irithe sin? Tuige ar theastaigh uathu an ceannas sin a fh\u00e1il, ag an am \u00e1irithe sin? <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bhuel, ba \u00ed ch\u00fais a bh\u00ed leis an ionradh sin \u00f3 thuaidh, n\u00f3 gur chuala R\u00ed Carlos, a Tr\u00ed, na Sp\u00e1inne, faoin chaoi ar dhein na R\u00faisigh ionradh d\u00e1na ar Ch\u00f3sta thuaidh Chalaf\u00f3irnia, agus faoin chaoi ar bhunaigh siad <strong>Fort Ross,<\/strong> ar an gc\u00f3sta c\u00e9anna sin, \u00f3 thuaidh, agus ba le stop a chur le hionradh sin na R\u00faiseach, a thug na Sp\u00e1innigh a n-aghaidh \u00f3 thuaidh, \u00f3 Bhaja Chalaf\u00f3irnia.  Bh\u00ed ar an slua\u00edocht Sp\u00e1inneach sin, bia agus uisce a iompar leo, n\u00f3 n\u00ed raibh sa t\u00edr tr\u00ednar ghabhadar, ag an am sin, ach f\u00e1sach fi\u00e1in, folamh. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00ed aidhm a bh\u00ed ag an bhfeachtas Sp\u00e1inneach seo, n\u00f3 ceannas a fh\u00e1il ar ch\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia, le cosc a chur le hionradh \u00fad na R\u00faiseach, agus leis an gceannas sin a bhuan\u00fa, theastaigh uathu freisin, pobal d\u00fachasach a bhaisteach, agus Cr\u00edostaithe a dh\u00e9anamh d\u00edobh, Cr\u00edostaithe a bheadh d\u00edlis do R\u00edocht Cr\u00edosta\u00ed na Sp\u00e1inne, agus ag an am gc\u00e9anna, theastaigh uathu iad a thabhairt chun sibhialtachta.  Mh\u00fainf\u00ed d\u00f3ibh conas an saol Sp\u00e1inneach a chaitheamh, agus faoi cheannas na Sp\u00e1inneach, mh\u00fainf\u00ed d\u00f3ibh, conas foirgnimh a th\u00f3g\u00e1il, agus chomh maith le sin, mh\u00fainf\u00ed talmha\u00edocht, t\u00e1illi\u00faracht, f\u00edod\u00f3ireacht, gaibhneacht, agus si\u00fain\u00e9ireacht d\u00f3ibh. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach ag caint ar na longa seoil \u00fad, a sheol amach as Baja Chalaf\u00f3irnia, ar an 9\u00fa Eanair, sa bhliain 1769, agus \u00e9 d\u2019aidhm acu, bun\u00e1iteanna a ghabh\u00e1il, agus a bhun\u00fa, i San Diego agus i Monterey,  bhuel, shroich p\u00e9ire de na longa seoil \u00fad San Diego, ar deireadh thiar, agus nuair a th\u00e1inig an slua\u00edocht mh\u00edleata chomh fada leis an mbaile sin, fuair siad amach, gur bhuail an galar carrach na foirne, agus gur cailleadh 38 mairn\u00e9alach d\u00e1 bharr.  N\u00ed raibh d\u2019fhoireann f\u00e1gtha ar an San Antonio ach ochtar, agus socra\u00edodh ar \u00ed sin a chur ar ais ar\u00eds go San Blas, i mBaja Chalaf\u00f3irnia, le sol\u00e1thairt\u00ed \u00fara a bhaili\u00fa, agus freisin, le foirne a earc\u00fa, don d\u00e1 long a bh\u00ed f\u00e1gtha.  Deineadh an cleas c\u00e9anna leis na saighdi\u00fair\u00ed, an d\u00e1 sc\u00f3r acu, cuireadh iadsan ar ais go Baja Chalaf\u00f3irnia, le sol\u00e1thairt\u00ed, agus earcaigh nua a fh\u00e1il ansin, agus b\u00edodh gur ionsaigh Indiaigh iad, fan na sl\u00ed, th\u00e1inig siad sl\u00e1n, c\u00e9 gur mara\u00edodh roinnt Indiach sa scli\u00fachas sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019\u00e9irigh leis an d\u00e1 dhream, a mbun\u00e1it i mBaja Chalaf\u00f3irnia a shroichint, agus d\u2019\u00e9irigh leo freisin, sol\u00e1thairt\u00ed \u00fara, agus earcaigh, a fh\u00e1il ansin, le tabhairt \u00f3 thuaidh leo, go San Diego. Ar ball, d\u2019fhill idir mhairn\u00e9alaigh agus shaighdi\u00fair\u00ed, maraon leis na sagairt, agus chuir Junipero Serra chun oibre, le Misean a th\u00f3g\u00e1il i San Diego.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus ba ansin i San Diego, a buna\u00edodh, in am tr\u00e1th, an ch\u00e9ad Mhisean, den Mhisean is fiche a bhun\u00f3dh na Proinsiasc\u00e1naigh, fan ch\u00f3sta thiar Chalaf\u00f3irnia sna blianta a bh\u00ed rompu amach.  Ar an 16\u00fa l\u00e1 d\u2019I\u00fail na bliana 1769  bhunaigh an tAthair Junipero Serra Misean San Diego de Alcala, ansin i San Diego, agus nil dabht ar domhan ach gur t\u00f3gadh cro\u00ed an mhisin\u00e9ara dhiaganta dhilis sin nuair a bhi an chead cheim sin in aistear a shaoil, mar mhisin\u00e9ir, t\u00f3gtha aige, sa t\u00edr aduain  iarg\u00falta sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach ag caint ar na Sp\u00e1innigh, idir mhairn\u00e9alaigh, shaighdi\u00fair\u00ed, agus sagairt, a d\u2019fhill ar San Diego, faoi mar a mhinigh m\u00e9 daoibh, sa gh\u00e1la deiridh.  B\u2019ioma\u00ed sin rud a chuaigh ina gcoinne, sa bhfiontar sin, ach i ndeireadh na d\u00e1la, d\u2019\u00e9irigh leo Misean San Diego de Alcala a bhun\u00fa, agus a th\u00f3g\u00e1il.  Sea, bh\u00ed t\u00fas curtha acu leis an bhfeachtas iontach samhailteach \u00fad, de chuid R\u00ed, agus R\u00edocht, na Sp\u00e1inne, feachtas misineach na Sp\u00e1inne i Meirice\u00e1 Thiar, feachtas miseanach a d\u2019fh\u00e9adfadh stair an domhain a athr\u00fa, d\u00e1 n-\u00e9ireodh leis a chusp\u00f3ir samhla\u00edoch, aislingeach a chur i gcr\u00edch, go huile is go hioml\u00e1n, ach bh\u00ed s\u00edol a mhillte fr\u00e9amhaithe i smior na gcn\u00e1mh sa bhf\u00eds ch\u00e9anna sin, \u00f3 th\u00fas, rud a chriog \u00e9, i ndeireadh na d\u00e1la.  Ach f\u00e1gfaidh m\u00e9 an sc\u00e9al sin go f\u00f3ill beag, agus fillimis ar na Misin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n chiall at\u00e1 le <strong><em>Misin,<\/em><\/strong> sa chomhth\u00e9acs seo?  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is \u00e9 ciall at\u00e1 leis anseo n\u00f3 na hInstiti\u00faid\u00ed \u00fad a th\u00f3g na Sp\u00e1innigh fan ch\u00f3sta thiar Chalaf\u00f3irnia, idir na blianta 1769 agus 1823, le pobail dh\u00edlse Chaitliceacha, Sp\u00e1inneacha, a dh\u00e9anamh de na treabhanna Indiacha a d\u2019\u00e1itigh an t\u00edr sin, s\u00e1rar leag na Sp\u00e1innigh sp\u00e1g riamh ar na tailte c\u00e9anna sin.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go dt\u00f3gadh siad i dtosach b\u00e1ire, s\u00e9ip\u00e9al bre\u00e1, fairsing, ar an modh Sp\u00e1inneach, agus chomh maith le sin, bh\u00edodh na ceardlanna agus na saotharlanna \u00e9ags\u00fala, seomra\u00ed na sagart, maraon le h\u00e1iteanna c\u00f3naithe na nIndiach, mar chuid riachtanach den Mhisean.  Th\u00f3g na Sp\u00e1innigh Ceardaithe agus T\u00f3g\u00e1luithe oilte leo \u00f3 Mheicsiceo, n\u00f3 ba leis an Sp\u00e1inn R\u00edocht Mheicsiceo, ag an am, agus le cabhair \u00f3 na hIndiaigh \u00e1iti\u00fala, d\u2019\u00e9irigh leo na foirgnimh bhre\u00e1tha, orn\u00e1ideacha, maisi\u00fala sin, a th\u00f3g\u00e1il agus a mhaisi\u00fa, foirgnimh at\u00e1 ar an bhf\u00f3d go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, len\u00e1r gcro\u00edthe fh\u00e9in a th\u00f3g\u00e1il lena n-\u00e1illeacht, lena neart, agus lena n-inspioraid.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00e9 a chuir na Sp\u00e1innigh rompu, a ch\u00e9aduair, n\u00f3 sraith de Mhisin a th\u00f3g\u00e1il, fan ch\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia, ag s\u00edneadh \u00f3 San Diego, \u00f3 dheas, go dt\u00ed San Francisco, \u00f3 thuaidh, sa chaoi nach mbeadh na Misean sin n\u00edos fuide \u00f3na ch\u00e9ile n\u00e1 turas lae.  Bheadh s\u00e9 d\u2019aidhm ag chuile Mhisean acu sin, pobal baiste Indiach a bhun\u00fa, agus a thraen\u00e1il, i scileanna nua-aimseartha na Sp\u00e1inneach, sa chaoi go mbeadh chuile cheann de na Misin sin f\u00e9inchotha\u00edoch, agus beag beann ar an saol m\u00f3r amuigh.  B\u2019in \u00e9 gn\u00f3 na sagart, na bProinsiasc\u00e1nach, i nd\u00e1ir\u00edre, agus chuireadar chuige le flosc agus le fonn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il sin \u00e9, n\u00f3 tar \u00e9is d\u00f3ibh uilig San Diego a bhaint amach, chuir Junipero Serra roimhe Misean a bhun\u00fa ansin,  an ch\u00e9ad Mhisean i gCalaf\u00f3irnia.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n polasa\u00ed a bh\u00ed ag na Sp\u00e1innigh, chomh fada is a bhain s\u00e9 le craoibhscaoileadh an Chreidimh, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, n\u00edor baisteadh na hIndiaigh Chalaf\u00f3irneacha \u00fad d\u00e1 n-ainneoin.  Tugadh m\u00faineadh agus teagasc d\u00f3ibh sa Chr\u00edosta\u00edocht, ach f\u00e1gadh f\u00fathu fh\u00e9in \u00e9, an ch\u00e9im deiridh a thabhairt i dtreo an Chreidimh,  ach chomh luath is a baisteadh iad, bh\u00ed orthu ansin, cur f\u00fathu taobh istigh de thailte na Misean, agus g\u00e9illeadh d\u00e1 rialacha.  Ar thailte chuile Mhisean acu freisin, bh\u00ed bu\u00edon saighdi\u00fair\u00ed Sp\u00e1inneacha, mar ad\u00fairt m\u00e9 cheana,  iad gl\u00e9asta i seirc\u00edn\u00ed leathair, <strong>\u201csoldatos de cuera\u201d<\/strong> a thugtai orthu sa Sp\u00e1innis, toisc na seirc\u00edn\u00ed leathair ch\u00e9anna sin, agus ba \u00e9 a ndualgas si\u00fad. n\u00f3 na Misin, gona sagairt agus  gona gCr\u00edostaithe nuabhaiste, Indiacha, a chosaint ar chuile namhaid.  Agus ag caint ar na seirc\u00edn\u00ed leathair \u00fad, ba \u00e9 a bh\u00ed iontu si\u00fad n\u00f3 seirc\u00edn\u00ed d\u00e9anta as s\u00e9, n\u00f3 seacht, de shraitheanna leathair, le cosaint ioml\u00e1n a thabhairt d\u00f3ibh i gcoinne saighde na nIndiach, agus sin i dt\u00edr a r\u00f3stfadh an diabhal fh\u00e9in, d\u00e1 bhfanfadh s\u00e9 amuigh faoi ghrian scalltach, bhruithneach, na t\u00edre gile sin!  D\u2019iompair siad freisin, mar airm, sciath d\u00e9anta as dh\u00e1 shraith de chraiceann \u00far tairbh.  N\u00edor f\u00e1gadh ag brath ar na hairm sin amh\u00e1in iad, n\u00f3 chomh maith leo sin, bh\u00ed siad oilte, scili\u00fail, in \u00fas\u00e1id na sle\u00e1, an chla\u00edmh agus an raidhfil, ar chuid d\u00e1 n-airm freisin iad. Ba shaidhdi\u00fair\u00ed ar d\u00f3igh iad na \u201csoldatos de cuera\u201d c\u00e9anna sin, iad l\u00e1idir, umhal, scaf\u00e1nta, agus iad ar na marcaithe ab fhearr ar domhan, ag an am. Seisear d\u00edobh a bh\u00ed ar dualgas ag chuile mhisin, agus ba leor an m\u00e9id sin leis an Misean a chosaint ar ionsaithe na nIndiach, n\u00f3 ar ionsaithe \u00e9inne eile, a mbeadh fonn air tabhairt f\u00fathu.  Feasta, ba chuid de R\u00edocht cumhachtach, ollmh\u00f3r, na Sp\u00e1inne iad, na hIndiaigh bhaiste sin.  I gc\u00e1s na saighdi\u00fair\u00ed Sp\u00e1inneacha \u00fad, chuireadarsan f\u00fathu i mbearaic speisialta, c\u00f3ngarach don Mhisean, <strong><em>Presidi\u00f3<\/em><\/strong>, a thugta\u00ed ar an mbearaic ch\u00e9anna sin.  Bh\u00edodh na saighdi\u00fair\u00ed ar dualgas ansin, de l\u00f3 is d\u2019o\u00edche, sa chaoi go bhf\u00e9adfa\u00ed cosaint lean\u00fanach a chur ar f\u00e1il do na Misin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, lean na Sp\u00e1innigh i mbun a bpolasa\u00ed i leith Chalaf\u00f3irnia.  Ghabh siad na tailte, bhunaigh siad Misin, t\u00f3gadh  Presidi\u00f3nna, \u00f3 cheann ceann Chalaf\u00f3irnia.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach i dtosach, bh\u00ed orduithe acu \u00f3 R\u00ed na Sp\u00e1inne, <strong>Rey Carlos a Tr\u00ed<\/strong>, San Diego agus Monterey a ghabh\u00e1il.  D\u00e1 bhr\u00ed sin, nuair a bh\u00ed an ch\u00e9ad Mhisean bunaithe ag Junipero Serra i San Diego, chuir s\u00e9 fh\u00e9in agus Gaspar de Portol\u00e1 rompu, dul \u00f3 thuaidh, i dtreo Mhonterey.  Mar sin, ar an 16 l\u00e1 d\u2019Aibre\u00e1n na bliana 1770, sheol an tAthair Junipero \u00f3 thuaidh, sa long seoil Sp\u00e1inneach, an <strong>San Antonio<\/strong>.  Ar bord na loinge sin, th\u00f3gadar leo chuile shaghas earra, a bheadh ag teast\u00e1il uathu, leis an dara Misean a bhun\u00fa, thart ar Mhonterey.  Ag an am gc\u00e9anna, ghluais de Portol\u00e1 roimhe \u00f3 thuaidh, ar thalamh. Th\u00f3g s\u00e9 leis, roinnt saighdi\u00fair\u00ed, maraon le seachtar <strong>soldatos de cuera<\/strong>, agus roinnt oibrithe Indiacha freisin.  Shroicheadar Monterey, seachtain sular ghabh an San Antonio cuan agus calafort, sa d\u00faiche ch\u00e9anna sin.  Ar an 3u l\u00e1 de Mheitheamh na bliana sin, d\u2019arda\u00edodar an Chros Ch\u00e9asta, agus chan an Veni Creator Spiritus, le beannacht D\u00e9 a ghu\u00ed ar an Misean nua, a bh\u00ed le bun\u00fa acu san ionad sin.  Baisteadh <strong>San Carlos Borromeo de Monterey<\/strong> ar an Misean sin, agus ba ghearr go raibh roinnt both\u00e1in t\u00f3gtha acu don Mhisean, agus do Phresidi\u00f3 na Soldatos, ach fuarthas amach, nach raibh an t-ionad sin ag Monterey oiri\u00fanach do Mhisean, agus tar \u00e9is roinnt ama a chaitheamh ag cuardach,  roghnaigh an tAthair Serra ionad oiri\u00fanach don Mhisean sin, d\u00edreach \u00f3 dheas dhen bhaile Carmel, agus b\u2019in an f\u00e1th ar deineadh an Misean sin a aistri\u00fa, agus a athbhaisteadh, <strong>mar Mhisean San Carlos Borromeo de Carmel<\/strong>, agus n\u00edor th\u00f3g s\u00e9 ach s\u00e9 mh\u00ed orthu s\u00e9ip\u00e9al, ionad c\u00f3naithe, st\u00f3rais, cistin, agus falla cosanta, a th\u00f3g\u00e1il.  I gc\u00e1s an Mhisin at\u00e1 le feice\u00e1il againn, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, n\u00edor t\u00f3gadh an foirgneamh sin go dt\u00ed an bhliain 1791, agus ba \u00e9 Laus\u00e9n, comharba Junipero Serra, a bh\u00ed i gceannas an Mhisin sin, ag an am, n\u00f3 fuair Junipero b\u00e1s sa bhliain 1784, agus chuir seisean roimhe Misean ar d\u00f3igh a th\u00f3g\u00e1il ar an su\u00edomh sin, agus chuige sin, chuir s\u00e9 fios ar Mhanuel Ruiz, saor oilte Meicsiceach, leis an bhfoirgneamh a dhearadh.  Bh\u00ed a shliocht air, n\u00f3 bheadh s\u00e9 deacair Misean n\u00edos \u00e1ille n\u00e1 Misean San Carlos Borromeo de Carmel, a fh\u00e1il, \u00f3 cheann ceann Chalaf\u00f3irnia, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, n\u00e1 an Misean \u00e1lainn \u00fad a dhear agus a th\u00f3g an saor oilte c\u00e9anna sin Manuel Ruiz.  B\u2019\u00e9 an Misean c\u00e9anna sin rogha Aspal Chalaf\u00f3irnia fh\u00e9in, an tAthair Junipero Serra.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, bh\u00ed t\u00fas maith curtha acu leis an obair, agus iad ag iarraidh polasa\u00ed a R\u00ed a chur i gcr\u00edch.  Bh\u00ed Misin \u00e1 dt\u00f3g\u00e1il acu, agus Indiaigh \u00e1 dteagasc, agus \u00e1 n-oili\u00faint acu, faoi mar a bheadh Dia \u00e1 r\u00e1 leo, agus n\u00ed raibh sa mh\u00e9id sin uilig ach an t\u00fas, n\u00f3 lean siad leo ar a m\u00edle dh\u00edcheall, agus iad ag obair gan sos gan staonadh.  Sa bhliain 1771, chuaigh siad i mbun oibre ar\u00eds, agus Misean eile \u00e1 th\u00f3g\u00e1il acu, i ngiorracht tr\u00ed mh\u00edle is fiche do King City<strong>.  San Antonio de Padua<\/strong> a baisteadh mar ainm ar an dtr\u00ed\u00fa Misean seo, agus ba \u00e9 Junipero Serra, ar\u00eds, a bh\u00ed i mbun an ghn\u00f3, san ionad nua seo.  Ar ball, d\u2019imigh Serra, ach m\u00e1 dhein, d\u2019fh\u00e1g s\u00e9 beirt shagart ina dhiaidh, le haire a thabhairt do chraoibhscaoileadh an chreidimh sa d\u00faiche sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An bhliain ch\u00e9anna sin, t\u00f3gadh Misean nua eile, i <strong>San Gabriel<\/strong>, deich m\u00edle soir \u00f3 <strong>Downtown Los Angeles<\/strong>.  B\u2019as Cordoba na Sp\u00e1inne an sagart a th\u00f3g an Misean seo, agus fear a raibh a chro\u00ed s\u00e1ite in Ardeaglais Chordoba, ar Mhosc M\u00farach \u00e9 \u00f3 th\u00fas, agus n\u00ed sh\u00e1s\u00f3dh aon rud \u00e9, ach aithris ar ailtireacht na hArdeaglaise sin a shn\u00edomh isteach <strong>i dtaip\u00e9is  Mhisin San Gabriel Arc\u00e1ngel<\/strong>.  An bhliain d\u00e1r gcionn, bh\u00ed fiontar nua idir cham\u00e1in acu, i <strong>San Luis Obispo<\/strong>, nuair a chuaigh siad i mbun oibre leis an gc\u00faigi\u00fa Misean a th\u00f3g\u00e1il.  D\u00edon tu\u00ed a bh\u00ed acu ar an Misean sin, a ch\u00e9aduair, ach nuair a th\u00e1inig bu\u00edon Indiach namhadach aniar aduaidh orthu, tuigeadh d\u00f3ibh, n\u00e1rbh fh\u00e1l go haer \u00e9 laige na tu\u00ed mar dh\u00edon, n\u00f3 chuireadar rompu l\u00e1ithreach ar t\u00edleanna rua, tinedh\u00edonacha, na Sp\u00e1inne a oibri\u00fa ar an toirt, agus nuiar a chuireadar d\u00edon nua t\u00edleanna ar an Misean sin i SLO,  mar a thugtar go minic ar San Luis Obispo, n\u00edor bhaol d\u00f3ibh feasta saigheada las\u00e1nta na nIndiach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a th\u00e1ngthas, i nd\u00e1ir\u00edre, ar chuan Shan Francisco, socra\u00edoch ar dh\u00e1 Mhisean agus Presidi\u00f3, a bhun\u00fa sa d\u00faiche sin.  C\u00e9 gur ainmn\u00edodh an ch\u00e9ad Mhisean ansin in on\u00f3ir do Phroinsiais fh\u00e9in, ach toisc gur th\u00e1ngthas ar ionad an Mhisin sin, ar L\u00e1 Fh\u00e9ile Mhuire na nD\u00f3l\u00e1s, baisteadh, <strong>Dolores,<\/strong> de ghn\u00e1th, mar ainm ar an Misean sin.  Sa bhliain 1776, a t\u00f3gadh an Misean sin.  T\u00f3gadh Misean ollmh\u00f3r eile an bhliain ch\u00e9anna sin, agus b\u2019in Misean San Juan Capistrano.  Ach \u00f3 tharla gur scr\u00edobh m\u00e9 alt anseo, i mB\u00e9al an Phobail, faoin Misean sin, roinnt blianta \u00f3 shoin, n\u00ed bhacfaidh m\u00e9 le tuilleadh a r\u00e1 faoi anseo, ach amh\u00e1in a r\u00e1, gur gl\u00e9, glas, a fhanann cuimhne an lae \u00fad a chaith m\u00e9 sa Mhisean sin liom, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, agus faoin sp\u00e9is sna Misin a mh\u00fascail mo sheanchara \u00f3 <strong>Vista,<\/strong> Gear\u00f3id Mac Amhlaoibh, ionam, an l\u00e1 c\u00e9anna sin, n\u00f3 b\u2019eisean a bh\u00ed mar threora\u00ed againn an l\u00e1 \u00e1lainn \u00fad, i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana sin, 1988..  Ach, fillimis ar an sc\u00e9al&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Leanadh leis an obair t\u00f3g\u00e1la, agus teagaisc, agus traen\u00e1la, uaireannta, go mall r\u00e9idh, agus amannta eile, faoi mar a bheadh Dia \u00e1 r\u00e1 leo.  T\u00f3gadh Misin ar baisteadh na hainmneacha \u00e1ille Sp\u00e1inneacha sin uilig orthu, fan ch\u00f3sta thiar Chalaf\u00f3irnia, \u00f3 San Diego go San Francisco, fan an 650 m\u00edle sin, a sh\u00edneann idir an d\u00e1 chathair \u00e1ille sin, agus fan an Bhealaigh Mh\u00f3ir \u00fad, <strong>an Camino Real<\/strong>, n\u00f3 <strong>an Bealach R\u00edoga<\/strong>, a cheanglann an d\u00e1 chathair sin d\u00e1 ch\u00e9ile.  Ach breathnaigh ar na hainmneacha \u00e1ille Sp\u00e1inneacha sin, ar dhein m\u00e9 tagairt d\u00f3ibh, anois beag&#8230;<strong>Santa Clara de Asis<\/strong>; <strong>San Jose;<\/strong> <strong>San Buenaventura; Santa Barbara; La Purissima Concepcion; Santa Cruz; Nuestra Senora de la Soledad; San Juan Bautista; San Miguel Arc\u00e1ngel; San Fernando Rey de Espana; San Luis Rey de Francia; Santa Inez;  San Rafael Arcangel; agus San Francisco de Solano.  <\/strong>Conas a tharla gurbh iad na hainmneacha \u00e1irithe sin a baistadh ar na Misin thuasluaite?  Bhuel, ba \u00e9 an n\u00f3s a bh\u00ed ag na Proinsiasc\u00e1naigh Sp\u00e1inneacha, an dream a th\u00f3g na Misin, ba \u00e9 a n\u00f3s si\u00fad n\u00f3 an Misean a ainmni\u00fa as an bhF\u00e9ile Eaglasta a thit ar l\u00e1 a bhunaithe.  B\u2019in an n\u00f3s a bh\u00ed acu, agus b\u2019in an n\u00f3s a leanadar.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar, sa bhliain 1823, tar \u00e9is d\u00f3ibh breis is leathch\u00e9ad bliain a chaitheamh i mbun an ghn\u00f3 sin, bh\u00ed Misean is fiche t\u00f3gtha acu, fan ch\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia, agus gach Misean acu i ngiorracht turas lae don Mhisean ba neasa d\u00f3, sea, agus <strong>an Camino Real<\/strong>, n\u00f3 an Bealach R\u00edoga, ag freastal orthu uilig, geall leis.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019iontach go deo mar a d\u2019\u00e9irigh leis na Misin ch\u00e9anna sin aidhmeanna an R\u00ed, Fernando a Tr\u00ed, a chur i gcr\u00edch, agus taobh istigh de leathch\u00e9ad bliain, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 go raibh Iarthar Chalaf\u00f3irnia uilig tagtha faoi an\u00e1il agus faoi chumhacht na Sp\u00e1inne.  N\u00ed hamh\u00e1in go raibh na Proinsiasc\u00e1naigh tar \u00e9is na Misin uilig sin a th\u00f3g\u00e1il, agus go raibh na m\u00edlte agus na m\u00edlte Indiach \u00e1 dteagasc, agus \u00e1 mbaisteadh acu, ach ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed na Misin ch\u00e9anna sin ag \u00e9ir\u00ed saibhir, \u00f3 bhliain go ch\u00e9ile, n\u00f3 bh\u00ed olltr\u00e9ada b\u00f3 agus caorach, maraon le hainmhithe agus le heallach eile feirme, \u00e1 dt\u00f3g\u00e1il as \u00e9adan acu, ar na rains\u00ed m\u00f3ra tal\u00fan a bronnadh orthu, agus chomh maith le sin ar\u00eds, bh\u00ed an talamh mh\u00e9ith \u00e1 saothr\u00fa go scili\u00fail eala\u00edonta, acu, sa tsl\u00ed go raibh barra\u00ed de chuile chine\u00e1l \u00e1 gcur, agus \u00e1 mbaint, acu, bliain i ndiaidh bliana.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur th\u00f3g na Sp\u00e1innigh scileanna nua-aoiseacha feirmeoireachta isteach sa limist\u00e9ar sin leo, agus gur m\u00faineadh na scileanna sin do na hIndiaigh, ach thar aon rud eile, th\u00f3gadar isteach leo na beala\u00ed ab \u00e9ifeachta\u00ed, le talamh a uisci\u00fa, agus b\u2019in an rud ba mh\u00f3 a bh\u00ed ag teast\u00e1il \u00f3 thailte Chalaf\u00f3irnia, le f\u00e1saigh na d\u00faiche sin a chur faoi bhl\u00e1th.  Agus sin, gan tagairt a dh\u00e9anamh, in aon chor, don m\u00e9id a bh\u00ed \u00e1 dh\u00e9anamh, agus \u00e1 th\u00e1irgeadh, ag na hoibrithe Indiacha sna saotharlanna, agus sna ceardlanna, a bh\u00ed ag obair faoi l\u00e1n tseol, i ngach Misean acu!  Ach c\u00e9ard faoin saibhreas uilig sin?  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, bh\u00ed m\u00f3id bochtaineachta ag na Proinsiasc\u00e1naigh, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, n\u00ed fh\u00e9adfaid\u00eds-sean aon \u00fas\u00e1id phearsanta a bhaint as an saibhreas uilig sin, a bh\u00ed a chnuasach ach sna Misin, ach, mar ab\u2019 eol do ch\u00e1ch, ba \u00e9 a gcusp\u00f3ir, n\u00f3 \u00fan\u00e9ireacht na Misean a bhronnadh ar na hIndiaigh, nuair a bheid\u00eds-sean oilte i gceart acu chuige sin.  Bhuel, bh\u00ed pobal Indiach lonnaithe thart ar chuile Mhisean, iad baiste agus ag cleachtadh na Cr\u00edosta\u00edochta, ar an modh Sp\u00e1inneach.  Bh\u00edodar bre\u00e1 s\u00edoch\u00e1nta, tr\u00edd is tr\u00edd, ach caitheadh leo, faoi mar ba ph\u00e1ist\u00ed, n\u00f3 n\u00f3ibh\u00edsigh! iad.  N\u00edor tugadh deis d\u00f3ibh bheith freagrach ina ngn\u00edomhartha fh\u00e9in, n\u00f3 tuigeadh do na Padres, nach raibh an       t-am chuige sin tagtha f\u00f3s.  B\u2019in an laige ba mh\u00f3 a bh\u00ed i gc\u00f3ras na Misean Sp\u00e1inneach \u00fad \u00e1fach, agus b\u2019in \u00e9 ba ch\u00fais lena dtreascairt, i ndeireadh na d\u00e1la.  Shroich na Misin buaic a r\u00e9ime, thart ar an mbliain 1810, agus faoin mbliain 1820, bh\u00ed siad tosaithe, cheana f\u00e9in, ar bheith ag dul i l\u00e9ig.  Ach b\u2019in \u00e9 d\u00edreach an tr\u00e1th ar thosaigh na Meicsicigh ag troid i gcoinne na Sp\u00e1inne, iad ag iarraidh neamhsple\u00e1chas a bhaint amach d\u00f3ibh fh\u00e9in, agus an ruaig a chur ar na Sp\u00e1innigh.  Bhain na Meicsicigh a neamhsple\u00e1chas amach, sa bhliain 1821, agus \u00f3n bpointe sin amach, f\u00e1gadh Calaf\u00f3irnia Sp\u00e1inneach ar an mbl\u00e1r folamh, gan s\u00fail ar bith acu feasta leis na longa Sp\u00e1inneacha, a thagadh chucu go rialta, roimhe sin, \u00f3 San Blas, i R\u00edocht Mheicsiceo, agus nuair a chuireann t\u00fa le sin, nach raibh aon r\u00e9amhullmh\u00fach\u00e1n d\u00e9anta ag na Sp\u00e1innigh, le R\u00edocht, n\u00f3 Cumhacht, Indiach, a bhun\u00fa fan ch\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia, n\u00ed th\u00f3gfadh s\u00e9 Aireasteatal fh\u00e9in, le tuairim a chaitheamh, nach fada go dtiocfadh na Meicsicigh isteach sa mhullach orthu.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00e1 dtabharfa\u00ed ceannas, de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, fi\u00fa, do na hIndiaigh, \u00f3 th\u00fas an nao\u00fa haois d\u00e9ag, chuile sheans, go n-\u00e9ireodh leo teacht saor, ach ba \u00e9 a tharla, n\u00f3 go ndearna Meicsiceo na Misin uilig a dh\u00edeaglaisi\u00fa, sa bhliain 1833.  Cuireadh an ruaig ar na Proinsiasc\u00e1naigh ina dhiaidh sin, agus f\u00e1gadh na hIndiaigh bhochta gan cheannair\u00ed, n\u00f3 n\u00ed raibh siad ullmhaithe chuige sin, ag na sagairt, n\u00ed raibh scileanna an neamhsple\u00e1chais foghlamtha acu, agus cuireadh scaipeadh na mion\u00e9an orthu, sa chaoi gur bheag toradh a bh\u00ed ar shaothar ollmh\u00f3r na bProinsiasc\u00e1nach, i measc na nIndiach Calaf\u00f3irneach \u00fad, idir na blianta 1769 agus 1833.  Ach ag an am gc\u00e9anna, fanann a bhf\u00eds,  agus a bhfoirgnimh, linn, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, agus t\u00e1 na Misin \u00e1ille sin, deisithe, athnuaite, agus athch\u00f3irithe, ag Caitlicigh, agus ag \u00fadar\u00e1is sibhialta, an fichi\u00fa haois, agus n\u00ed beag n\u00f3 suarach an toradh agus an oidhreacht \u00e9 sin, \u00f3 r\u00e9 \u00f3rga na Misean, i dt\u00edr \u00fad na gr\u00e9ine gile.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019fh\u00e9idir gurb \u00e9 sin an ceacht a mh\u00faineann oidhe na Misean Calaf\u00f3irneach dEaglais an lae inniu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n ceacht, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go gcaithfear freagracht i bhf\u00e1s agus i bhforbairt na hEaglaise sin a thabhairt do na tuata\u00ed, chomh luath g\u00e9ar is a chuirtear faoi l\u00e1imh an Easpaig iad.  N\u00edor ch\u00f3ir fanacht riamh go mbeadh siad chomh hoilte le Diagair\u00ed.  M\u00e1 dh\u00e9anann, beidh an cluiche caillte, sul m\u00e1 thosa\u00edonn s\u00e9. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha n\u00e1r ch\u00f3ir dom aon chos\u00falacht a fheice\u00e1il idir sc\u00e9al na Misean Calaf\u00f3irneach \u00fad, agus sc\u00e9al na hEaglaise Caitlic\u00ed, anseo i dt\u00edr seo na Naomh is na nOllamh, ach b\u2019fh\u00e9idir go bhf\u00e9adfadh duine a r\u00e1, gur coinn\u00edodh an liathr\u00f3id r\u00f3-fhada sa chlibirt, anseo san Eaglais s\u2019againne, agus n\u00e1r tosa\u00edodh ar roinnt na cumhachta s\u00e1ch luath, in\u00e1r measc, agus b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil muid ag \u00edoc go daor as an bhfaill\u00ed sin, i l\u00e1thair na huaire seo.  Agus m\u00e1s uainn ceacht ar bith a fhoghlaim as sc\u00e9al na Misean \u00fad, b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir d\u00fainn d\u00edri\u00fa anois fh\u00e9in, ag an n\u00f3imead deiridh seo, ar thuilleadh, agus tuilleadh f\u00f3s, freagrachta, a thabhairt d\u00e1r dtuata\u00ed. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Le cr\u00edoch a chur le sc\u00e9al na Misean, is d\u00f3cha gur ch\u00f3ir a lua, gur ghabh na St\u00e1it Aontaithe Calaf\u00f3irnia, sa bhliain 1848, agus le himeacht na mblianta, thoiligh na St\u00e1it sin, na Misin a thabhairt ar ais d\u00e1 bpobail, agus diaidh ar ndiaidh, deineadh iad a at\u00f3g\u00e1il, agus a athch\u00f3iri\u00fa, sa chaoi go bhfuil siad inniu, chomh h\u00e1lainn is a bh\u00ed siad \u00f3 th\u00fas, geall leis, agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach \u00fas\u00e1ideann na pobail ch\u00e9anna sin iad, mar thithe pobail, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.  Gura fada a leanfaidh c\u00farsa\u00ed amhlaidh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, is d\u00f3cha gur leor sin mar R\u00e9amhr\u00e1 don tsraith aist\u00ed seo, faoin tr\u00e9imhse sin a chaith m\u00e9, ar na mallaibh, ar f\u00e1n i measc Mhisean Chalaf\u00f3irnia, agus m\u00e9 ag iarraidh scil eic\u00ednt a bhaint as a stair, agus as a sc\u00e9al, i bhf\u00e1s agus i bhforbairt na t\u00edre saibhre sin.  Ach n\u00edor ch\u00f3ir an mille\u00e1n uilig a leagan ar na Sp\u00e1innigh, n\u00f3 is d\u00f3cha go rabhthas ag s\u00fail leis an iomarca \u00f3 Indiaigh Ch\u00f3sta Thiar Mheirice\u00e1, ag an am sin.  Bh\u00edothas ag s\u00fail go bhf\u00e9adfadh siad a gcult\u00far, a n-oidhreacht, a gcreideamh, agus a st\u00edl bheatha, a athr\u00fa, \u00f3 bhonn, taobh istigh d\u2019achar gearr, agus go bhf\u00e9adfaid\u00eds iomp\u00fa ina Sp\u00e1innigh oilte, scili\u00fala, san achar gearr, inar th\u00e1inig siad faoi an\u00e1il na Sp\u00e1inneach c\u00e9anna sin, agus b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1r deineadh aon r\u00f3-iarracht, ar an gcreideamh nua Cr\u00edosta\u00ed a n\u00f3d\u00fa ar spiorad\u00e1ltacht d\u00fachasach a muintire.  An ch\u00e9ad bhabhta eile, t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, go mbeadh s\u00e9 sp\u00e9isi\u00fail, a fh\u00e1il amach, c\u00e9 mh\u00e9ad den tionchar Sp\u00e1inneach, agus de thionchar na Cr\u00edostaiochta a fuair siad mar oidhreacht \u00f3 na gl\u00fanta a d\u2019imigh rompu, a mhaireann f\u00f3s i measc na gcin\u00edocha Indiacha c\u00e9anna sin?  San idirlinn, caithfidh muid bheith s\u00e1sta leis an m\u00e9id sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A r n a M i s i n . . ********************** . T\u00e1 m\u00e9 cinnte gur l\u00e9igh sibh uilig na p\u00edosa\u00ed a scr\u00edobh m\u00e9, ar na mallaibh, faoi ch\u00farsa\u00ed mo shaoil fh\u00e9in, agus faoi\u2019n chaoi a raibh socruithe agam bheith im Mhisin\u00e9ir chun na hAfraice. L\u00e9igh sibh freisin, faoi na blianta fada tuirsi\u00fala, cru\u00f3gacha, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11943","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11943","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11943"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11943\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11944,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11943\/revisions\/11944"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11943"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11943"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11943"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}