{"id":11947,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11947"},"modified":"2024-04-08T01:13:19","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:19","slug":"a-r-s-t-a-t-t-r-u-a-m-h-e-i-l-e-a-c-h","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-r-s-t-a-t-t-r-u-a-m-h-e-i-l-e-a-c-h\/","title":{"rendered":"\u00c1 r    S t \u00e1 t     T r u a m h \u00e9 i l e a c h"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">\u00c1 r    S t \u00e1 t     T r u a m h \u00e9 i l e a c h  ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">**********************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus muidinne ag ceapadh, go raibh ag \u00e9ir\u00ed go seoigh linn anseo, i bhfochair an T\u00edogair Cheiltigh!   Muid ag ceapadh go raibh roinnt mhaith t\u00edortha in \u00e9ad linn, toisc gur \u00e9irigh chomh maith linn i gc\u00farsa\u00ed eacnama\u00edochta, i measc na naisi\u00fan m\u00f3r, a raibh na cianta fada caite acu, ag cleachtadh scileanna d\u00e9ant\u00fasa\u00edochta, agus tar \u00e9is d\u00f3ibh bheith ag ceannacht amh-\u00e1bhair \u00f3n tr\u00ed\u00fa domhan, le fada an l\u00e1, ar ph\u00f3nair\u00ed, mar adeir lucht an Bh\u00e9arla.  Sea, mh\u2019anam, bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in ag ceapadh, go mba \u00e1bhar br\u00f3id \u00e9 an dul chun cinn suntasach a bh\u00ed d\u00e9anta ag an n\u00e1isi\u00fan beag s\u2019againne, le sc\u00f3r bliain anuas.  N\u00e1r bhaist t\u00edortha eile \u201cAn T\u00edogar Ceilteach\u201d orainn, toisc gur \u00e9irigh linn eacnama\u00edocht fhuinni\u00fail, bhisi\u00fail, bhr\u00edomhar, a chruth\u00fa anseo, i nDeisceart na t\u00edre seo.  Bhuel! b\u2019in mar a thuigeamar c\u00farsa\u00ed, go dt\u00ed gur chuir David Trimble ar an eolas muid, ar na mallaibh.  Chuir David ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn \u00e9, nach raibh ionainn ach, mar a chuir s\u00e9 fh\u00e9in \u00e9, agus \u00e9 ag iarraidh ar a chomhleacaithe, Aontachtaithe Uladh, daonlathas na R\u00edochta Aontaithe a chur i gcompar\u00e1id lena raibh le f\u00e1il \u00f3 dheas uathu, ar an dtaobh eile den Teoriann.  Breathnaigh ar an R\u00edocht Aontaithe, ar seisean&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">A vibrant multi-ethnic, multi-national liberal democracy \u2013 The fourth largest economy in the world \u2013 the most reliable ally of the United States in the fight against international terrorism \u2013 with the pathetic, sectarian, mono-ethnic, mono-cultural state to our south.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00e1r Pr\u00edosta na nGr\u00e1sta, ach n\u00edor chuir David s\u2019againne fiacail ann, n\u00f3 n\u00edor fh\u00e1g s\u00e9 fu\u00edoll d\u00edmholta orainn ach oiread!  Thug s\u00e9 d\u00fainn \u00e9, an d\u00e1 bharaille, d\u00edreach idir an d\u00e1 sh\u00fail.  Agus m\u00e1 bhreathna\u00edonn t\u00fa air an gcaoi a bhfuil an abairt sin t\u00f3gtha, tabharfaidh t\u00fa faoi deara, go bhfuil chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al, n\u00e1r de thaisme ad\u00faradh \u00e9, agus n\u00e1rbh aon rith focal \u00e9, ach oiread, n\u00edorbh ea mh\u2019anam, ach \u00e9 cumtha, go snasta, c\u00faramach, r\u00e9amhbheartaithe, me\u00e1ite.  F\u00e9ach mar a bhfuil an R\u00edocht Aontaithe \u201c<strong>vibrant\u201d,<\/strong> san \u00e1it a bhfuil muidinne \u201c<strong>pathetic\u201d<\/strong>, agus mar a bhfuil siadsan \u201c<strong>multi-ethnic\u201d<\/strong>, san \u00e1it a bhfuil muidinne \u201c<strong>mono-ethnic\u201d. <\/strong> \u00c1it a bhfuil siadsan \u201c<strong>multi-national\u201d<\/strong> t\u00e1 muidinne \u201c<strong>sectarian\u201d,<\/strong> agus mar a bhfuil siadsan ina \u201c<strong>liberal democracy\u201d,<\/strong> diabhal a bhfuil againn anseo ach pobal<strong> \u201cmono-cultural\u201d<\/strong>.  D\u2019fhear a chaith an oiread sin ama ag gaibhni\u00fa Comhaont\u00fa Aoine an Ch\u00e9asta, nach bhfuil s\u00e9 deacair a chreidi\u00faint, go bhf\u00e9adfadh s\u00e9 abairt d\u00e1 leith\u00e9id a chumadh chomh c\u00faramach, maslaitheach, sin.  T\u00e1id ann ad\u00e9arfadh, n\u00e1rbh eisean a ghaihnigh an abairt sin, in aon chor, agus b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh ea, ach murarbh ea fh\u00e9in, caithfidh gur l\u00e9igh s\u00e9 an abairt, agus an \u00f3r\u00e1id sin \u00e1 ullmh\u00fa aige, agus caithfidh gur aontaigh s\u00e9 leis an dearcadh, leis an masla, agus leis an d\u00edspeagadh, at\u00e1 le l\u00e9amh go soil\u00e9ir, i ngach aon fhocal den abairt ch\u00e9anna sin.  N\u00edl muidinne ag ma\u00edomh nach bhfuil an R\u00edocht Aontaithe vibrant, ach nuair adeir s\u00e9 go bhfuil an St\u00e1t s\u2019againne truamh\u00e9ileach, bhuel, sin sc\u00e9al eile ar fad!  Anois, nuair a cuireadh ceist air faoina raibh r\u00e1ite aige faoin nDeisceart, agus faoi \u00fadar na r\u00e1iteas sin, ba \u00e9 freagra a thug s\u00e9 ar an gceist sin, n\u00f3 go raibh an m\u00e9id sin follasach ann fh\u00e9in.  N\u00ed d\u00f3igh liom, go gceapfadh st\u00e1it eile na hEorpa go mba dh\u00edol trua ar bith \u00e9, St\u00e1t seo na h\u00c9ireann, n\u00f3 n\u00ed h\u00e9 mo thuairim, ach oiread, go n-aont\u00f3dh na m\u00edlte daoine \u00fad, a dh\u00e9anann a nd\u00edcheall, chuile bhliain, f\u00e1il isteach sa St\u00e1t s\u2019againne, n\u00ed d\u00f3igh liom, go n-aont\u00f3dh siadsan, ach oiread leis, go mba thruamh\u00e9ileach an \u00e1it i \u00c9ire.  S\u00edlim freisin, go bhfuil meas ag roinnt mhaith t\u00edortha ar an bPoblacht s\u2019againne, agus go dtugann siad aird ar \u00e1r meon, agus ar \u00e1r ndearcadh ar an saol, faoi mar a l\u00e9ir\u00edtear iad, i litr\u00edocht, in eala\u00edn, agus i gceol, an phobail s\u2019againne, agus chomh maith le sin, d\u00e9arfainn go dtugtar cluas le h\u00e9isteacht ar a mb\u00edonn le r\u00e1 ag an St\u00e1t s\u2019againne, i gComhairl\u00ed na N\u00e1isi\u00fan.  D\u00e1 mba naoscaire c\u00falsr\u00e1ideach a d\u00e9arfadh a leith\u00e9id, n\u00ed th\u00f3gf\u00e1 air \u00e9, b\u2019fh\u00e9idir, ach n\u00ed gn\u00e1thdhuine ad\u00fairt, n\u00edorbh ea mh\u2019anam, n\u00f3 ba \u00e9 C\u00e9ad Aire Thuaisceart \u00c9ireann a d\u00fairt sin f\u00fainn, fear a bhfuil roinnt blianta anois caite aige, ag iarraidh comhthuiscint a ghaibhni\u00fa eadrainn fh\u00e9in anseo sa Deisceart, agus a phobal fh\u00e9in, \u00f3 thuaidh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus c\u00e9ard faoin achas\u00e1n eile a chaith s\u00e9 linn, nuair ad\u00fairt s\u00e9 go mba St\u00e1t seicteach, n\u00f3, \u201c<strong>sectarian<\/strong>\u201d, a bh\u00ed againn anseo.  N\u00ed d\u00f3igh liom go n-aont\u00f3dh daoine anseo leis, sa mh\u00e9id sin, ach nach cuma faoi sin, n\u00f3 n\u00ed bheife\u00e1 ag s\u00fail lena leith\u00e9id uaidh, ach bhfuil bun\u00fas ar bith lena raibh le r\u00e1 aige f\u00fainn?  An nd\u00e9antar iarracht ar bith na postanna uilig anseo a choinne\u00e1il do Chaitlicigh amh\u00e1in? N\u00f3 an bhf\u00e9achann \u00e1r bhf\u00f3rsa\u00ed sl\u00e1nd\u00e1la chuige, go dtugtar bunt\u00e1iste, i gc\u00f3na\u00ed, do na Caitlicigh abhus?  N\u00ed d\u00f3igh liom gur mar sin at\u00e1, n\u00f3 m\u00e1 sea, n\u00edor thug m\u00e9 fh\u00e9in faoi deara riamh \u00e9, ach ansin, nach Caitliceach mise, agus b\u2019fh\u00e9idir go n-oirfeadh s\u00e9 dom, gan a leith\u00e9id a thabhairt faoi deara!  An nd\u00e9antar iarracht anseo, ar ph\u00e1ist\u00ed chreidimh ar bith a choinne\u00e1il \u00f3na scola\u00edocht, i scoil d\u00e1 gcreideamh fh\u00e9in, agus an nd\u00e9antar iad a mhasl\u00fa, agus a ionsa\u00ed, fan an bhealaigh, d\u00e1 mbeadh s\u00e9 de dh\u00e1na\u00edocht iontu, iarracht a dh\u00e9anamh freastal ar an scoil sin?   N\u00ed h\u00e9 mo thuairim go dtarl\u00f3dh a leith\u00e9id anseo sa Deisceart, ach ar\u00eds, n\u00ed fh\u00e9adfainn a r\u00e1, nach bhf\u00e9adfadh a leith\u00e9id a tharl\u00fa riamh.   Ach, b\u2019fh\u00e9idir go dtuigeann an tUasal Trible na c\u00farsa\u00ed sin, i bhfad n\u00edos fearr, n\u00e1 mar a thuigtear iad, anseo sa Phoblacht.  Bhi m\u00e9 ag caint le mo shean chara, S\u00e9im\u00ed an Droichid, faoi na c\u00farsa\u00ed seo, agus ba \u00e9 ad\u00fairt seisean, n\u00f3 gur mar sin ab fhearr le Trimble c\u00farsa\u00ed a bheith, anseo in \u00e1r meascna, ach i nd\u00e1ir\u00edre, gurbh \u00e9 an Tuaisceart, a dh\u00fathaigh fh\u00e9in, a bh\u00ed i gceist aige, agus na hachas\u00e1in sin \u00e1 gcaitheamh aige linn, agus gur maith an t\u00e9 a bh\u00ed ag tabhairt na n-achas\u00e1n uaidh!   Is trua, ar bhealach, n\u00e1r thug s\u00e9 sampla\u00ed d\u00fainn den seicteachas \u00fad a bh\u00ed idir cham\u00e1in aige, sa tsl\u00ed go bhf\u00e9adfaimis t\u00f3irse an taighde a dh\u00edri\u00fa orthu, f\u00e9achaint an bhf\u00e9adfa\u00ed cosa a chur f\u00fathu. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach scaoilimis tharainn an t-achas\u00e1n sin, agus iompa\u00edmis ar an d\u00e1 cheann eile, an <strong>\u201cmono-ethnic\u201d,<\/strong> agus an <strong>\u201cmono-cultural state<\/strong>\u201d at\u00e1 in ainm is a bheith againn, ar an dtaobh seo den Teorainn.  Is d\u00f3cha gurb \u00e9 an chiall a bheadh leis na t\u00e9arma \u201cmono-ethnic\u201d, n\u00f3 nach raibh le f\u00e1il anseo ach aon chine amh\u00e1in, sin n\u00f3 nach gceada\u00edtear do chine ar bith eile teacht agus c\u00f3na\u00ed a dh\u00e9anamh in \u00e1r measc anseo. An bhfuil cosa faoin r\u00e1iteas sin? M\u00e1 bhreathna\u00edonn duine go fuarch\u00faiseach ar an gc\u00faiseamh sin, feicfidh s\u00e9, go bhfuil daoine \u00f3 chin\u00edocha eile ag cur f\u00fathu anseo in \u00e1r measc, agus go bhfuil daoine \u00f3 chin\u00edocha eile, ag teacht chugainn, chuile l\u00e1, ag iarraidh tearmann a fh\u00e1il anseo in \u00e1r measc.  Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, is d\u00f3cha, go bhf\u00e9adfadh duine a r\u00e1, nach gcuirtear F\u00e1ilte U\u00ed Cheallaigh roimh roinnt \u00e1irithe de na daoine c\u00e9anna sin, n\u00f3 is pobal oile\u00e1nach sinn, agus is pobal beag sinn, freisin.  Pobal a chaith na cianta fada faoi smacht ag cine \u00f3n dtaobh amuigh, agus cine a mh\u00fain d\u00fainn, b\u2019fh\u00e9idir, conas cin\u00edochas a oibri\u00fa agus a chleachtadh go h\u00e9ifeachtach!  Nuair a chuireann t\u00fa na c\u00fains\u00ed sin san \u00e1ireamh, feictear duit, go bhfuil an-iarracht \u00e1 d\u00e9anamh againn anseo, a bheith fial, f\u00e1ilteach, comharsan\u00fail, roimh an strains\u00e9ar, agus d\u00e9arfainn go bhfuil ag \u00e9ir\u00ed go r\u00e9as\u00fanta maith linn, dul chun cinn a dh\u00e9anamh sna c\u00farsa\u00ed sin, le tamall de bhlianta anuas. Agus, d\u00e9anta na f\u00edrinne, t\u00e1 roinnt mhaith t\u00edortha eile a bhf\u00e9adfa\u00ed an rud c\u00e9anna a r\u00e1 f\u00fathu.  Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, n\u00ed d\u00f3igh liom, go bhfuiltear ag d\u00e9anamh cineghlanadh, \u00e1it ar bith sa t\u00edr seo, rud nach bhf\u00e9adfa\u00ed a r\u00e1 faoi \u00e1iteacha \u00e1irithe eile.  B\u2019fh\u00e9idir anois, nach gcuirtear aon r\u00f3-fh\u00e1ilte roimh chraobh d\u00e1r gcine fh\u00e9in, roimh an lucht taistil, agus b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil ceachtanna le foghlaim, ar an d\u00e1 thaobh, faoi mheas a bheith againn ar ghort na gcomharsan.  Agus c\u00e9ard faoin \u201cmono-cultural\u201d \u00fad a luaigh an tUasal Trimble linn?  Cinnte t\u00e1 daoine sa t\u00edr seo, ar mhaith leo, d\u00e1 mbeadh an fh\u00edrinne aige sa mh\u00e9id sin, n\u00f3 is d\u00f3cha gurb \u00e9 sin an chusp\u00f3ir a chuireadar r\u00f3mpu, \u00f3 bhun\u00fa Chonradh na Gaeilge anuas, ach, don t\u00e9 a bhreathn\u00f3dh ar an saol, mar at\u00e1 s\u00e9, n\u00ed d\u00f3igh liom, go bhf\u00e9adfadh s\u00e9 ma\u00edomh, go f\u00edrinneach, gur st\u00e1t aonchult\u00fair at\u00e1 againn anseo, n\u00f3 d\u2019fheicfeadh s\u00e9, gan str\u00f3 ar bith, go raibh cult\u00fair \u00e9ags\u00fala \u00f3n iasacht, ag br\u00fa isteach orainne freisin, faoi mar a tharla\u00edonn ina st\u00e1t fh\u00e9in, \u00f3 thuaidh, n\u00f3 an mbeadh s\u00e9 s\u00e1sta st\u00e1t a thabhairt ar Thuaisceart \u00c9ireann?  N\u00ed h\u00e9 mo thuairim go mbeadh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, m\u00e1 t\u00e1 s\u00e9 chomh soil\u00e9ir sin d\u00fainne anseo, nach raibh Mr. Trimble ag breathn\u00fa isteach i gcro\u00ed na f\u00edrinne, agus na masla\u00ed \u00fad \u00e1 scaoileadh thar teorainn uaidh aige, tuige ar bhac s\u00e9 leo, in aon chor?  Bhuel, t\u00e1 daoine ann ad\u00e9arfadh, go raibh s\u00e9 ag labhairt lena mhuintir fh\u00e9in, Aontachtaithe Uladh, agus gur beag rud a raghadh i gcionn ar an bpobal sin chomh m\u00f3r le Poblacht \u00c9ireann a dh\u00edspeagadh.  Deir daoine eile, gur seanchleas polait\u00edochta \u00e9, namhaid seachtrach a ionsa\u00ed, nuair a theasta\u00edonn uait do lucht lean\u00fana fh\u00e9in, sa bhaile, a aont\u00fa taobh thiar d\u00edot.  D\u2019fheadfadh cuid den cheart a bheith ag an d\u00e1 dhream sin, ach ba \u00e9 tuairim Mh\u00e1rtan a\u2019 Tairbh, ba mh\u00f3 a chuaigh i gcionn orm fh\u00e9in, an o\u00edche faoi dheireadh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n tuairim a bh\u00ed aigesean, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, ar seisean, ar thug t\u00fa faoi deara, go raibh Reifreann faoin dTeorainn \u00e1 lorg ag Mr. Trimble, don bhliain seo chugainn, tr\u00e1th a mbeidh toghch\u00e1n ar si\u00fal, \u00f3 thuaidh, acu freisin, agus m\u00e1 theasta\u00edonn uaidh an d\u00e1 thr\u00e1 sin a fhreastal, caithfidh s\u00e9 ding a thiom\u00e1int, go doimhin, idir an d\u00e1 phobal \u00f3 thuaidh.  Agus an bhf\u00e9adfadh s\u00e9 bealach n\u00edos fearr chuige sin a fh\u00e1il, n\u00f3 an Phoblacht s\u2019againne a d\u00edspeagadh, agus an R\u00edocht Aontaithe a mh\u00f3radh, agus nach \u00e9 sin go d\u00edreach at\u00e1 \u00e1 dh\u00e9anamh aige sa r\u00e1iteas \u00fad, a chaith s\u00e9 isteach, mar aguis\u00edn, lena \u00f3r\u00e1id, ag cruinni\u00fa t\u00e1bhachtach dAontachtaithe Uladh.  Nach \u00ed sin an ding.  Nach \u00ed sin an tsl\u00ed le hAontachtaithe Uladh a ghr\u00edosadh chun gn\u00edmh i gcoinne dhuine ar bith a bheadh s\u00e1sta a dh\u00edlseacht a dhearbh\u00fa don Phoblacht s\u2019againne.  Sea, agus chuirfeadh s\u00e9 Aontachta\u00ed ar bith, a bh\u00ed ag smaoineamh ar athaont\u00fa na t\u00edre seo, chuirfeadh s\u00e9 ar a fhaichill \u00e9, ag eagla go sleamhn\u00f3dh s\u00e9 a v\u00f3ta isteach i mbosca na n\u00e1isi\u00fanach, agus na bpoblachtach.  Agus nach bhfuil taobh eile ar an sceal sin freisin?  M\u00e1 theasta\u00edonn \u00f3 Mr. Trimble, agus a ph\u00e1irt\u00ed lucht lean\u00fana Phaisley a mhealladh chuige, caithfidh se \u00e9ada\u00ed an ph\u00e1irt\u00ed sin a ghoid, agus a chaitheamh, agus m\u00e1s \u00e9 sin an plean, nach bhfuil t\u00fas maith curtha leis an obair acu, cheana fh\u00e9in, le haguis\u00edn \u00fad an Trimbileach?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> D\u00faisigh na seand\u00edlseachta\u00ed, agus \u00e9ireoidh leat. Sin an mana.  Coinnigh a bhfuil agat, agus cuid Ph\u00e1id\u00edn den mheacan ag an dtaobh eile.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 daoine ann freisin adeir, n\u00e1r ch\u00f3ir d\u00fainn bacaint leis an gcine\u00e1l sin achas\u00e1in, sa taobh seo t\u00edre, ach im thuairimse,  d\u00e9arfainn gur ch\u00f3ir d\u00fainn na masla\u00ed sin uilig a scr\u00fad\u00fa, agus solas na taighde a dh\u00edri\u00fa orthu, f\u00e9achaint an f\u00edor br\u00e9agach iad, agus ansin deighle\u00e1il leo mar a thuilleann siad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go dt\u00ed an ch\u00e9ad bhabhta eile&#8230;&#8230;&#8230;.Sl\u00e1n&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>\u00c1 r S t \u00e1 t T r u a m h \u00e9 i l e a c h ? . ********************************** . Agus muidinne ag ceapadh, go raibh ag \u00e9ir\u00ed go seoigh linn anseo, i bhfochair an T\u00edogair Cheiltigh! Muid ag ceapadh go raibh roinnt mhaith t\u00edortha in \u00e9ad linn, toisc gur \u00e9irigh chomh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11947","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11947","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11947"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11947\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11948,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11947\/revisions\/11948"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11947"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11947"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11947"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}