{"id":11951,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11951"},"modified":"2024-04-08T01:26:43","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:43","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-14","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-14\/","title":{"rendered":"A r   n a    M i s i n   14."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">A r    n a     M i s i n .           14 .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">Tough  Employer!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">An babhta deiridh, bh\u00edomar ag caint ar an gcaoi a dtugadh William Randolph fh\u00e9in cuairt ar San Simeon, uaireannta nuair ba l\u00fa s\u00fail ag \u00e9inne leis, agus sa chaoi sin, tharla ar chuairt amh\u00e1in d\u00edobh sin go ndeachaigh an aimsir chun donais ar fad, ar fad, agus ba bheag n\u00e1r pr\u00e9achach \u00e9 fh\u00e9in agus p\u00e9 cuairteoir\u00ed a bh\u00ed in \u00e9indigh leis, ar aon chuma, l\u00e9ir\u00edonn a mh\u00edsh\u00e1stacht le c\u00farsa\u00ed, an tr\u00e1th sin, an chaoi ar theastaigh uaidh go mbeadh a chaisle\u00e1n, n\u00ed hamh\u00e1in \u00e1lainn, ach comp\u00f3rdach, sl\u00e1inti\u00fail, ag an am gc\u00e9anna.  F\u00e9ach mar a chuir s\u00e9 a mh\u00edsh\u00e1stacht in i\u00fal d\u00e1 ailtire&#8230;&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><strong>We are leaving the hill.  We are drowned, blown and frozen out.  Before we build anything more let\u2019s make what we have built practical, comfortable and beautiful.  If we can\u2019t do that we might just as well change the names of the houses to Pneumonia House, Diphtheria House and Influenza Bungalow.  The main house we can call the Clinic<\/strong>.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt\">Sea, mh\u2019anam! N\u00edorbh aon rib\u00edn r\u00e9idh \u00e9 an tUasal William, n\u00f3 d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 ago raibh faobhar ar a theanga <strong>a bhearrfadh (shave<\/strong>) duine!  Ach m\u00e1 sea fh\u00e9in, bh\u00ed bua na foighde ag a ailtire, n\u00f3 is cos\u00fail go raibh an scil c\u00e9anna sin foghlamtha, agus foghlamtha go maith ag Miss Julia.  Breathnaigh freisin ar \u201cLinn Neptune\u201d, Th\u00f3g s\u00e9 dh\u00e1 bhliain d\u00e9ag  orthu an tionscnamh sin a chr\u00edochn\u00fa.  Thosaigh siad air sa bhliian 1924, n\u00ed raibh \u00f3n M\u00e1istir ach Linn bheag, agus gaird\u00edn deas <strong>picti\u00fartha (landscaped<\/strong>) timpeall uirthi, ach dh\u00e1 bhliain ina dhiaidh sin, nuair a bh\u00ed an gn\u00f3 sin curtha i gcr\u00edch, geall leis, d\u00fairt William Randolph gur theastaigh Linn i bhfad n\u00edos m\u00f3 uaidh, Linn a bhf\u00e9adfadh daoine sn\u00e1mh inti.  Chuaigh Miss Morgan chun oibre ar\u00eds, agus bh\u00ed an gn\u00f3 sin curtha i gcr\u00edch aice, sa mbliain 1927.  Bh\u00ed go maith, ach sa mbliain 1934, th\u00e1inig Hearst chuice ar\u00eds, agus an babhta seo, theastaigh uaidh go nd\u00e9anfa\u00ed an Linn a leathn\u00fa tuilleadh, le sl\u00ed a dh\u00e9anamh do Theampall Gr\u00e9agach, agus ionas go bhf\u00e9adfa\u00ed tuilleadh dealbha a shu\u00edomh timpeall na Linne.  Caithfidh gur chuir na hathruithe c\u00e9anna sin as go m\u00f3r don <strong>ailtire (architect<\/strong>), ag an am, ach, nuair a bhreathna\u00edonn muidinne ar an earra cr\u00edochnaithe anois, feictear d\u00fainn, gurbh fhi\u00fa an tairbhe an triobl\u00f3id uilig sin, n\u00f3 bheadh s\u00e9 deacair an \u201cNepture Pool\u201d a shamhl\u00fa ar bhealach ar bith eile, ach sa chaoi ina bhfuil s\u00ed anois.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt\">Sampla eile den chaoi a nd\u00e9anadh Hearst a intinn a athr\u00fa faoi phleananna an Chaisle\u00e1in, isea an chaoi ar chuir s\u00e9 iachall ar Julia, na T\u00fair a athr\u00fa, agus a mh\u00e9ad\u00fa, nuair n\u00e1r thaitin a gcuma leis, agus sin tar \u00e9is d\u00f3ibh a bheith t\u00f3gtha de r\u00e9ir an ch\u00e9ad phlean.  D\u00e1 mba ailtire eile a bheadh i mbun oibre ag Hearst, d\u00e9arfadh s\u00e9 leis dul ag feada\u00edl, agus an caisle\u00e1n a th\u00f3g\u00e1il \u00e9 fh\u00e9in, ach, de r\u00e9ir dealraimh, bh\u00ed Julia Morgan l\u00e1n ts\u00e1sta glacadh le treoracha a fost\u00f3ra, agus pleananna nua a dhr\u00e9achtadh d\u00f3, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, chuir s\u00ed sin uilig ar an mbille!  Bean ghn\u00f3 den scoth ab\u2019 ea Julia s\u2019againne!  Agus nuair a chuireann t\u00fa san \u00e1ireamh gur chuir Julia suas leis na c\u00e9apair sin, ar feadh seacht mbliana is fiche, tuigtear d\u00fainn, go mba charraig ar fhoighid \u00ed freisin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;<\/span><span style=\"font-size:16pt\">.Compulsive  Collector&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt\">Labhair m\u00e9 cheana faoi Hearst an bailitheoir.  Bh\u00ed s\u00e9 tugtha don bhaili\u00fa, faoi mar a bheadh meisceoir tugtha don \u00f3l.  N\u00ed raibh leigheas aige air, agus tr\u00e1th amh\u00e1in, bh\u00ed na c\u00faig st\u00f3rais, a bh\u00ed aige i San Simeon, ag cur thar maoil le seandachta\u00ed, agus le hoibreacha eala\u00edne, de chuile chine\u00e1l.  N\u00ed call a r\u00e1, gur bhain s\u00e9 \u00fas\u00e1id astu sin, lena Chaisle\u00e1n a mhaisi\u00fa, n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir go mbeadh s\u00e9 n\u00edos giorra don bhf\u00edrinne, d\u00e1 nd\u00e9arfainn gur bhain s\u00e9 \u00fas\u00e1id as an gCaisle\u00e1n, leis na seandachta\u00ed, agus leis na hoibreacha eala\u00edne, a chur ar teasp\u00e1int ann.  Agus nuair a bh\u00ed an Caisle\u00e1n lom l\u00e1n leo, bhain s\u00e9 \u00fas\u00e1id as na caisle\u00e1in eile, agus as na h\u00e1rais eile, a bh\u00ed aige, leis an <strong>bhfarrasbarr (surplus<\/strong>) a chur ar teasp\u00e1int iontu si\u00fad, agus chomh maith le sin, thug s\u00e9 roinnt \u00e1irithe d\u00edobh do Hollywood, le h\u00fas\u00e1id a bhaint astu, mar \u00e1iseanna sna scann\u00e1in, agus tugadh tuilleadh f\u00f3s ar iasacht chuig d\u00e1nlanna \u00e1irithe, ar iasacht.  Bh\u00ed a dh\u00fail sa mbaili\u00fa chomh m\u00f3r sin, nach bhf\u00e9adfadh s\u00e9 stopadh, agus sa tsl\u00ed sin, n\u00ed raibh \u00e1it aige don m\u00e9id a bhailigh s\u00e9 a chrochadh n\u00f3 a \u00fas\u00e1id.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;.Important Visitors&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt\">Labhair m\u00e9 cheana, faoin m\u00e9id cuairteiori a bh\u00edodh ag triall ar Hearst Castle, seachtain i ndiaidh seachtaine, n\u00f3 <strong>dhealr\u00f3dh s\u00e9 (it would appear<\/strong>), go mba dhuine an-chuideacht\u00fail \u00e9 Hearst, amach is amuigh, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, go mb\u00edodh \u201ccreme de la creme\u201d d\u2019uaisle na r\u00e9 sin, ar chuairt ann, b\u00edodh n\u00e1r aithn\u00edodh uaisleacht, n\u00f3 gradam, d\u00e1 laghad, n\u00f3 d\u00e1 mh\u00e9ad, i measc na gcuairteoir\u00ed c\u00e9anna sin.  B\u2019ionann \u00edseal agus uasal ag bord Hearst, ina Chaisle\u00e1n.  Ach breathnaigh ar chuid de na hainmneacha at\u00e1 le f\u00e1il f\u00f3s ar liosta\u00ed na gccuairteoir\u00ed sin, agus tuigfidh t\u00fa cad chuige a bhfuilim.  Ar na liosta\u00ed sin l\u00e9itear ainmneacha ar n\u00f3s&#8230;&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><strong>Charles Lindberg, the Duke and Duchess of Windsor, Calvin and Grace Coolidge, Winston Churchill, Charles Chaplin, James Stewart, <\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt\">agus tuilleadh d\u00e1 leith\u00e9id.  Mura raibh cuireadh \u00f3 Hearst agat, an tr\u00e1th \u00fad, n\u00ed raibh seans d\u00e1 laghad agat spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar Chaisle\u00e1n Hearst, n\u00f3 ar a thimpeallacht, n\u00f3 bh\u00edodar i bhfad \u00f3n mBealach M\u00f3r, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, ba le Hearst an ceathr\u00fa milli\u00fan acra sin, a bh\u00ed thart ar an gCaisle\u00e1n c\u00e9anna sin, agus choinn\u00edodh s\u00e9 sin p\u00edosa maith amach \u00f3 San Simeon, agus \u00f3n gCnoc Dra\u00edochta, th\u00fa. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt\">Sa bhliain 1937, agus an domhan m\u00f3r fr\u00ed ch\u00e9ile, agus ag sleamhn\u00fa leis i dtreo a bhasctha, tharla go raibh Hearst fh\u00e9in i dtriobl\u00f3id, n\u00f3 d\u00e1 shaibhre \u00e9, tamall roimhe sin, bh\u00ed a chorpor\u00e1id $126 mhilli\u00fan i bhfiacha.  B\u2019\u00e9igean don bhfear m\u00f3r gearradh siar go mor, ar a chuid tionscadal, ar an gCnoc Dra\u00edochta,  ach faoim mbliain 1945, nuair a bh\u00ed an Dara Cogadh Domhanda thart, thosaigh s\u00e9 ar\u00eds, ar roinnt \u00e1irithe a dh\u00e9anamh ag San Simeon.  Sa bhliain 1947, d\u2019fh\u00e1g William Randolph Hearst a Chaisle\u00e1n don uair dheiridh, n\u00f3 bh\u00ed ag teip ar a shl\u00e1inte. Bh\u00e1saigh s\u00e9, sa bhliain 1951, agus ansin, tar \u00e9is a bh\u00e1is, cuireadh l\u00e1n stad le an t\u00f3g\u00e1il ar an gCuesta Encantada, agus b\u00edodh go raibh an oiread sin curtha i gcr\u00edch ag Hearst agus ag Morgan, faoin am sin, bh\u00ed tuilleadh maith f\u00f3s, a f\u00e1gadh gan chr\u00edochn\u00fa, ag an bpointe sin.   <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">&#8230;.Gifted to the State&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt\">Faoin mbliain 1957, bhronn Corpor\u00e1id Hearst an Caisle\u00e1n, agus tailte iomad\u00fala timpeall an Chaisle\u00e1in, ar St\u00e1t Chalaf\u00f3irnia, ionas go nd\u00e9anfadh siadsan c\u00faram d\u00edobh feasta.  N\u00edor f\u00e1gadh clann Hearst ar an mbl\u00e1r folaimh \u00e1fach, n\u00f3 f\u00e1gadh cuid den East\u00e1t, arbh fhi\u00fa thart ar $220 milli\u00fan, acusan, <strong>i bhfoirm iontaobhais (in the form of a trust).<\/strong> F\u00e1gadh an rainse ollmh\u00f3r sin acusan, agus oibr\u00edtear na tailte sin, mar rainse, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  D\u2019oscail an St\u00e1t Caisle\u00e1n San Simeon don phobal, sa bhlain 1958, agus ar ball, t\u00f3gadh Ionad F\u00e1iltithe, agus Iarsmalann, ar an talamh r\u00e9idh ag bun na gcnoc, c\u00faig mh\u00edle \u00f3n gCaisle\u00e1n, le freastal ar na m\u00edlte, agus na m\u00edlte, ar theastaigbh uathu cuairt a thabhairt ar an gCaisle\u00e1n is c\u00e1ili\u00fala ar domhan, agus sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, d\u00e9anann siad freastal ar thart ar mhilli\u00fan cuairteoir in aghaidh na bliana a thagann ar oilithreacht chun an Chaisle\u00e1in.  N\u00ed call a r\u00e1, gur fhostaigh siad na c\u00e9adta saineolaithe le c\u00faram a dh\u00e9anamh don bhfoirgneamh agus d\u00e1 bhfuil de sheoda luachmhara carnaithe istigh ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt\">N\u00ed dh\u00e9anfaidh muid dearmad go luath, ar an l\u00e1 iontach sin, a chaith muid ar chuairt i gCaisle\u00e1n San Simeon, ar shl\u00e9ibhte Santa Lucia.  Ba l\u00e1 d\u00e1r saol \u00e9.  T\u00e1 s\u00fail agam, gur bhain t\u00fa taitneamh as bheith in \u00e9indigh liom, fan an bhealaigh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-style:italic;font-size:12pt\">*************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-style:italic;font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-style:italic;font-size:12pt\">*************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-style:italic;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A r n a M i s i n . 14 . Tough Employer! An babhta deiridh, bh\u00edomar ag caint ar an gcaoi a dtugadh William Randolph fh\u00e9in cuairt ar San Simeon, uaireannta nuair ba l\u00fa s\u00fail ag \u00e9inne leis, agus sa chaoi sin, tharla ar chuairt amh\u00e1in d\u00edobh sin go ndeachaigh an aimsir chun [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11951","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11951","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11951"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11951\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11952,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11951\/revisions\/11952"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11951"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11951"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11951"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}