{"id":11953,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11953"},"modified":"2024-04-08T01:26:43","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:43","slug":"a-r-n-a-m-i-s-i-n-7","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-r-n-a-m-i-s-i-n-7\/","title":{"rendered":"A r n a  M i s i n"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">A r     n a     M i s i n<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:14pt\"><em>R \u00e9 a m h r \u00e1 &#8230;&#8230; 3 <\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ach, le filleadh ar sc\u00e9al na Misean Calaf\u00f3irneach, nuair a chr\u00edochnaigh m\u00e9 g\u00e1la na seachtaine seo caite, bh\u00ed dh\u00e1 Mhisean bunaithe ag an Athair Junipero Serra agus ag a chomhleacaithe, an ch\u00e9ad cheann i San Diego, agus an dara ceann taobh le Carmel, agus c\u00f3ngarach go maith do Chuan Mhonterey, faoi mar a bh\u00ed ordaithe ag R\u00ed Fernando a Tr\u00ed, na Sp\u00e1inne.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Bhuel, bh\u00ed t\u00fas maith curtha acu leis an obair, agus iad ag iarraidh polasa\u00ed a R\u00ed a chur i gcr\u00edch.  Bh\u00ed Misin \u00e1 dt\u00f3g\u00e1il acu, agus Indiaigh \u00e1 dteagasc, agus \u00e1 n-oili\u00faint acu, faoi mar a bheadh Dia \u00e1 r\u00e1 leo, agus n\u00ed raibh sa mh\u00e9id sin uilig ach an t\u00fas, n\u00f3 lean siad leo ar a m\u00edle dh\u00edcheall, agus iad ag obair gan sos gan staonadh.  Sa bhliain 1771, chuaigh siad i mbun oibre ar\u00eds, le Misean eile a th\u00f3g\u00e1il, i ngiorracht tr\u00ed mh\u00edle is fiche do King City<strong>.  San Antonio de Padua<\/strong> a baisteadh mar ainm ar an dtr\u00ed\u00fa Misean seo, agus ba \u00e9 Junipero Serra, ar\u00eds, a bh\u00ed i mbun an ghn\u00f3, san ionad nua seo.  Ar ball, d\u2019imigh Serra, ach m\u00e1 dhein, d\u2019fh\u00e1g s\u00e9 beirt shagart ina dhiaidh, le haire a thabhairt do chraoibhscaoileadh an chreidimh sa d\u00faiche sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">An bhliain ch\u00e9anna sin, t\u00f3gadh Misean nua eile, i <strong>San Gabriel<\/strong>, deich m\u00edle soir \u00f3 <strong>Downtown Los Angeles<\/strong>.  B\u2019as Cordoba na Sp\u00e1inne an sagart a th\u00f3g an Misean seo, agus fear a raibh a chro\u00ed s\u00e1ite in Ardeaglais Chordoba, ar Mhosc M\u00farach \u00e9 \u00f3 th\u00fas, agus n\u00ed sh\u00e1s\u00f3dh aon rud \u00e9, ach aithris ar ailtireacht na hArdeaglaise sin a shn\u00edomh isteach <strong>i dtaip\u00e9is  Mhisin San Gabriel Arc\u00e1ngel<\/strong>.  An bhliain d\u00e1r gcionn, bh\u00ed fiontar nua idir cham\u00e1in acu, i <strong>San Luis Obispo<\/strong>, nuair a chuaigh siad i mbun oibre leis an gc\u00faigi\u00fa Misean a th\u00f3g\u00e1il.  D\u00edon tu\u00ed a bh\u00ed acu ar an Misean sin, a ch\u00e9aduair, ach nuair a th\u00e1inig bu\u00edon namhadach Indiach aniar aduaidh orthu, tuigeadh d\u00f3ibh, n\u00e1rbh fh\u00e1l go haer \u00e9 laige na tu\u00ed mar dh\u00edon, n\u00f3 chuireadar rompu l\u00e1ithreach ar th\u00edleanna rua, tinedh\u00edonacha, na Sp\u00e1inne a oibri\u00fa ar an toirt, agus nuiar a chuireadar d\u00edon nua t\u00edleanna ar an Misean sin i SLO,  mar a thugtar go minic ar San Luis Obispo, n\u00edor bhaol d\u00f3ibh feasta saigheada las\u00e1nta na nIndiach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Nuair a th\u00e1ngthas, i nd\u00e1ir\u00edre, ar chuan Shan Francisco, socra\u00edoch ar dh\u00e1 Mhisean agus Presidi\u00f3, a bhun\u00fa sa d\u00faiche sin.  C\u00e9 gur ainmn\u00edodh an ch\u00e9ad Mhisean ansin in on\u00f3ir do Phroinsiais fh\u00e9in, ach toisc gur th\u00e1ngthas ar ionad an Mhisin sin, ar L\u00e1 Fh\u00e9ile Mhuire na nD\u00f3l\u00e1s, baisteadh, <strong>Dolores,<\/strong> de ghn\u00e1th, mar ainm ar an Misean sin.  Sa bhliain 1776, a t\u00f3gadh an Misean sin.  T\u00f3gadh Misean ollmh\u00f3r eile an bhliain ch\u00e9anna sin, agus b\u2019in \u00e9 Misean San Juan Capistrano.  Ach \u00f3 tharla gur scr\u00edobh m\u00e9 alt anseo, i mB\u00e9al an Phobail, faoin Misean sin, roinnt blianta \u00f3 shoin, n\u00ed bhacfaidh m\u00e9 le tuilleadh a r\u00e1 faoi anseo, ach amh\u00e1in a r\u00e1, gur gl\u00e9, glas, a fhanann cuimhne an lae \u00fad a chaith m\u00e9 sa Mhisean sin liom, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, agus faoin sp\u00e9is sna Misin a mh\u00fascail mo sheanchara \u00f3 <strong>Vista,<\/strong> Gear\u00f3id Mac Amhlaoibh, ionam, an l\u00e1 c\u00e9anna sin, n\u00f3 b\u2019eisean a bh\u00ed mar threora\u00ed againn an l\u00e1 \u00e1lainn \u00fad, i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana sin, 1988..  Ach, fillimis ar an sc\u00e9al&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Leanadh leis an obair t\u00f3g\u00e1la, agus teagaisc, agus traen\u00e1la, uaireannta, go mall r\u00e9idh, agus amannta eile, faoi mar a bheadh Dia \u00e1 r\u00e1 leo.  T\u00f3gadh Misin ar baisteadh na hainmneacha \u00e1ille Sp\u00e1inneacha sin uilig orthu, fan ch\u00f3sta thiar Chalaf\u00f3irnia, \u00f3 San Diego go San Francisco, fan an 650 m\u00edle sin, a sh\u00edneann idir an d\u00e1 chathair \u00e1ille sin, agus fan an Bhealaigh Mh\u00f3ir \u00fad, <strong>an Camino Real<\/strong>, n\u00f3 <strong>an Bealach R\u00edoga<\/strong>, a cheanglann an d\u00e1 chathair sin d\u00e1 ch\u00e9ile, \u00f3 aimsir na Sp\u00e1inneach fh\u00e9in.  Ach breathnaigh ar na hainmneacha \u00e1ille Sp\u00e1inneacha sin, ar dhein m\u00e9 tagairt d\u00f3ibh, anois beag&#8230;<strong>Santa Clara de Asis<\/strong>; <strong>San Jose;<\/strong> <strong>San Buenaventura; Santa Barbara; La Purissima Concepcion; Santa Cruz; Nuestra Senora de la Soledad; San Juan Bautista; San Miguel Arc\u00e1ngel; San Fernando Rey de Espana; San Luis Rey de Francia; Santa Inez;  San Rafael Arcangel; agus San Francisco de Solano.  <\/strong>Conas a tharla gurbh iad na hainmneacha \u00e1irithe sin a baistadh ar na Misin thuasluaite?  Bhuel, ba \u00e9 an n\u00f3s a bh\u00ed ag na Proinsiasc\u00e1naigh Sp\u00e1inneacha, an dream a th\u00f3g na Misin, ba \u00e9 a n\u00f3s si\u00fad n\u00f3 an Misean a ainmni\u00fa as an bhF\u00e9ile Eaglasta a thit ar l\u00e1 a bhunaithe.  B\u2019in an n\u00f3s a bh\u00ed acu, agus b\u2019in an n\u00f3s a leanadar.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ar deireadh thiar, sa bhliain 1823, tar \u00e9is d\u00f3ibh breis is leathch\u00e9ad bliain a chaitheamh i mbun an ghn\u00f3 sin, bh\u00ed Misean is fiche t\u00f3gtha acu, fan ch\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia, agus gach Misean acu i ngiorracht turas lae don Mhisean ba neasa d\u00f3, sea, agus <strong>an Camino Real<\/strong>, n\u00f3 an Bealach R\u00edoga, ag freastal orthu uilig, geall leis.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">B\u2019iontach go deo mar a d\u2019\u00e9irigh leis na Misin ch\u00e9anna sin aidhmeanna an R\u00ed, Fernando a Tr\u00ed, a chur i gcr\u00edch, agus taobh istigh de leathch\u00e9ad bliain, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 go raibh Iarthar Chalaf\u00f3irnia uilig tagtha faoi an\u00e1il agus faoi chumhacht na Sp\u00e1inne.  N\u00ed hamh\u00e1in go raibh na Proinsiasc\u00e1naigh tar \u00e9is na Misin uilig sin a th\u00f3g\u00e1il, agus go raibh na m\u00edlte agus na m\u00edlte Indiach \u00e1 dteagasc, agus \u00e1 mbaisteadh acu, ach ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed na Misin ch\u00e9anna sin ag \u00e9ir\u00ed saibhir, \u00f3 bhliain go ch\u00e9ile, n\u00f3 bh\u00ed olltr\u00e9ada b\u00f3 agus caorach, maraon le hainmhithe agus le heallach eile feirme, \u00e1 dt\u00f3g\u00e1il as \u00e9adan acu, ar na rains\u00ed m\u00f3ra tal\u00fan a bronnadh orthu, agus chomh maith le sin ar\u00eds, bh\u00ed an talamh mh\u00e9ith \u00e1 saothr\u00fa go scili\u00fail eala\u00edonta, acu, sa tsl\u00ed go raibh barra\u00ed de chuile chine\u00e1l \u00e1 gcur, agus \u00e1 mbaint, acu, bliain i ndiaidh bliana.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur th\u00f3g na Sp\u00e1innigh scileanna nua-aoiseacha feirmeoireachta isteach sa limist\u00e9ar sin leo, agus gur m\u00faineadh na scileanna sin do na hIndiaigh, ach thar aon rud eile, th\u00f3gadar isteach leo na beala\u00ed ab \u00e9ifeachta\u00ed, le talamh a uisci\u00fa, agus b\u2019in an rud ba mh\u00f3 a bh\u00ed ag teast\u00e1il \u00f3 thailte Chalaf\u00f3irnia, le f\u00e1saigh na d\u00faiche sin a chur faoi bhl\u00e1th.  Agus sin, gan tagairt a dh\u00e9anamh, in aon chor, don m\u00e9id a bh\u00ed \u00e1 dh\u00e9anamh, agus \u00e1 th\u00e1irgeadh, ag na hoibrithe Indiacha sna saotharlanna, agus sna ceardlanna, a bh\u00ed ag obair faoi l\u00e1n tseol, i ngach Misean acu!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ach c\u00e9ard faoin saibhreas uilig sin?  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Anois, bh\u00ed m\u00f3id bochtaineachta ag na Proinsiasc\u00e1naigh, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, n\u00ed fh\u00e9adfaid\u00eds-sean aon \u00fas\u00e1id phearsanta a bhaint as an saibhreas uilig sin, a bh\u00ed a chnuasach ach sna Misin, ach, mar ab\u2019 eol do ch\u00e1ch, ba \u00e9 a gcusp\u00f3ir, n\u00f3 \u00fan\u00e9ireacht na Misean a bhronnadh ar na hIndiaigh, nuair a bheid\u00eds-sean oilte i gceart acu chuige sin.  Bhuel, bh\u00ed pobal Indiach lonnaithe thart ar chuile Mhisean, iad baiste agus ag cleachtadh na Cr\u00edosta\u00edochta, ar an modh Sp\u00e1inneach.  Bh\u00edodar bre\u00e1 s\u00edoch\u00e1nta, tr\u00edd is tr\u00edd, ach caitheadh leo, faoi mar ba ph\u00e1ist\u00ed, n\u00f3 n\u00f3ibh\u00edsigh! iad.  N\u00edor tugadh deis d\u00f3ibh bheith freagrach ina ngn\u00edomhartha fh\u00e9in, n\u00f3 tuigeadh do na Padres, nach raibh an       t-am chuige sin tagtha f\u00f3s.  B\u2019in an laige ba mh\u00f3 a bh\u00ed i gc\u00f3ras na Misean Sp\u00e1inneach \u00fad \u00e1fach, agus b\u2019in \u00e9 ba ch\u00fais lena dtreascairt, i ndeireadh na d\u00e1la.  Shroich na Misin buaic a r\u00e9ime, thart ar an mbliain 1810, agus faoin mbliain 1820, bh\u00ed siad tosaithe, cheana f\u00e9in, ar bheith ag dul i l\u00e9ig.  Ach b\u2019in \u00e9 d\u00edreach an tr\u00e1th ar thosaigh na Meicsicigh ag troid i gcoinne na Sp\u00e1inne, iad ag iarraidh neamhsple\u00e1chas a bhaint amach d\u00f3ibh fh\u00e9in, agus an ruaig a chur ar na Sp\u00e1innigh.  Bhain na Meicsicigh a neamhsple\u00e1chas amach, sa bhliain 1821, agus \u00f3n bpointe sin amach, f\u00e1gadh Calaf\u00f3irnia Sp\u00e1inneach ar an mbl\u00e1r folamh, gan s\u00fail ar bith acu feasta leis na longa Sp\u00e1inneacha, a thagadh chucu go rialta, roimhe sin, \u00f3 San Blas, i R\u00edocht Mheicsiceo, agus nuair a chuireann t\u00fa le sin, nach raibh aon r\u00e9amhullmh\u00fach\u00e1n d\u00e9anta ag na Sp\u00e1innigh, le R\u00edocht, n\u00f3 Cumhacht, Indiach, a bhun\u00fa fan ch\u00f3sta Chalaf\u00f3irnia, n\u00ed th\u00f3gfadh s\u00e9 Aireasteatal fh\u00e9in, le tuairim a chaitheamh, nach fada go dtiocfadh na Meicsicigh isteach sa mhullach orthu.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">D\u00e1 dtabharfa\u00ed ceannas, de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, fi\u00fa, do na hIndiaigh, \u00f3 th\u00fas an nao\u00fa haois d\u00e9ag, chuile sheans, go n-\u00e9ireodh leo teacht saor, ach ba \u00e9 a tharla, n\u00f3 go ndearna Meicsiceo na Misin uilig a dh\u00edeaglaisi\u00fa, sa bhliain 1833.  Cuireadh an ruaig ar na Proinsiasc\u00e1naigh ina dhiaidh sin, agus cuireadh sagairt pobail isteach ina n-\u00e1it, agus f\u00e1gadh na hIndiaigh bhochta gan cheannair\u00ed, n\u00f3 n\u00ed raibh siad ullmhaithe chuige sin, ag na Padres, n\u00ed raibh scileanna an neamhsple\u00e1chais foghlamtha acu, agus cuireadh scaipeadh na mion\u00e9an orthu, sa chaoi gur bheag toradh a bh\u00ed ar shaothar ollmh\u00f3r na bProinsiasc\u00e1nach, i measc na nIndiach Calaf\u00f3irneach \u00fad, idir na blianta 1769 agus 1833.  Ach ag an am gc\u00e9anna, fanann a bhf\u00eds,  agus a bhfoirgnimh, linn, go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, agus t\u00e1 na Misin \u00e1ille sin, deisithe, athnuaite, agus athch\u00f3irithe, ag Caitlicigh, agus ag \u00fadar\u00e1is sibhialta, an fichi\u00fa haois, agus n\u00ed beag n\u00f3 suarach an toradh agus an oidhreacht iad sin, \u00f3 r\u00e9 \u00f3rga na Misean, i dt\u00edr \u00fad na gr\u00e9ine gile.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">B\u2019fh\u00e9idir gurb \u00e9 sin an ceacht a mh\u00faineann oidhe na Misean Calaf\u00f3irneach dEaglais an lae inniu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">C\u00e9n ceacht, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Go gcaithfear freagracht i bhf\u00e1s agus i bhforbairt na hEaglaise sin a thabhairt do na tuata\u00ed, chomh luath g\u00e9ar is a chuirtear faoi l\u00e1imh an Easpaig iad.  N\u00edor ch\u00f3ir fanacht riamh go mbeadh siad chomh hoilte le Diagair\u00ed.  M\u00e1 dh\u00e9anann, beidh an cluiche caillte, sul m\u00e1 thosa\u00edonn s\u00e9. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Is d\u00f3cha n\u00e1r ch\u00f3ir dom aon chos\u00falacht a fheice\u00e1il idir sc\u00e9al na Misean Calaf\u00f3irneach \u00fad, agus sc\u00e9al na hEaglaise Caitlic\u00ed, anseo i dt\u00edr seo na Naomh is na nOllamh, ach b\u2019fh\u00e9idir go bhf\u00e9adfadh duine a r\u00e1, gur coinn\u00edodh an liathr\u00f3id r\u00f3-fhada sa chlibirt, anseo san Eaglais s\u2019againne, agus n\u00e1r tosa\u00edodh ar roinnt na cumhachta s\u00e1ch luath, in\u00e1r measc, agus b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil muid ag \u00edoc go daor as an bhfaill\u00ed sin, i l\u00e1thair na huaire seo.  Agus m\u00e1s uainn ceacht ar bith a fhoghlaim as sc\u00e9al na Misean \u00fad, b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir d\u00fainn d\u00edri\u00fa anois fh\u00e9in, ag an n\u00f3imead deiridh seo, ar thuilleadh, agus tuilleadh f\u00f3s, freagrachta, a thabhairt d\u00e1r dtuata\u00ed. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Le cr\u00edoch a chur le sc\u00e9al na Misean, is d\u00f3cha gur ch\u00f3ir a lua, gur ghabh na St\u00e1it Aontaithe Calaf\u00f3irnia, sa bhliain 1848, agus le himeacht na mblianta, thoiligh na St\u00e1it sin, na Misin a thabhairt ar ais d\u00e1 bpobail, agus diaidh ar ndiaidh, deineadh iad a at\u00f3g\u00e1il, agus a athch\u00f3iri\u00fa, sa chaoi go bhfuil siad inniu, chomh h\u00e1lainn is a bh\u00ed siad \u00f3 th\u00fas, geall leis, agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach \u00fas\u00e1ideann na pobail ch\u00e9anna sin iad, mar thithe pobail, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.  Gura fada a leanfaidh c\u00farsa\u00ed amhlaidh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Bhuel, is d\u00f3cha gur leor sin mar R\u00e9amhr\u00e1 don tsraith aist\u00ed seo, faoin tr\u00e9imhse sin a chaith m\u00e9, ar na mallaibh, ar f\u00e1n i measc Mhisean Chalaf\u00f3irnia, agus m\u00e9 ag iarraidh scil eic\u00ednt a bhaint as a stair, agus as a sc\u00e9al, i bhf\u00e1s agus i bhforbairt na t\u00edre saibhre sin.  Ach n\u00edor ch\u00f3ir an mille\u00e1n uilig a leagan ar na Sp\u00e1innigh, n\u00f3 is d\u00f3cha go rabhthas ag s\u00fail leis an iomarca \u00f3 Indiaigh Ch\u00f3sta Thiar Mheirice\u00e1, ag an am sin.  Bh\u00edothas ag s\u00fail go bhf\u00e9adfadh siad a gcult\u00far, a n-oidhreacht, a gcreideamh, agus a st\u00edl bheatha, a athr\u00fa, \u00f3 bhonn, taobh istigh d\u2019achar gearr, agus go bhf\u00e9adfaid\u00eds iomp\u00fa ina Sp\u00e1innigh oilte, scili\u00fala, san achar gearr, inar th\u00e1inig siad faoi an\u00e1il na Sp\u00e1inneach c\u00e9anna sin, agus b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1r deineadh aon r\u00f3-iarracht, ar an gcreideamh nua Cr\u00edosta\u00ed a n\u00f3d\u00fa ar spiorad\u00e1ltacht d\u00fachasach a muintire.  An ch\u00e9ad bhabhta eile, t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, go mbeadh s\u00e9 sp\u00e9isi\u00fail, a fh\u00e1il amach, c\u00e9 mh\u00e9ad den tionchar Sp\u00e1inneach, agus de thionchar na Cr\u00edosta\u00edochta, a fuair siad mar oidhreacht \u00f3 na gl\u00fanta a d\u2019imigh rompu, a mhaireann f\u00f3s i measc na gcin\u00edocha Indiacha c\u00e9anna sin?  San idirlinn, caithfidh muid bheith s\u00e1sta leis an m\u00e9id sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>A r n a M i s i n R \u00e9 a m h r \u00e1 &#8230;&#8230; 3 Ach, le filleadh ar sc\u00e9al na Misean Calaf\u00f3irneach, nuair a chr\u00edochnaigh m\u00e9 g\u00e1la na seachtaine seo caite, bh\u00ed dh\u00e1 Mhisean bunaithe ag an Athair Junipero Serra agus ag a chomhleacaithe, an ch\u00e9ad cheann i San Diego, agus [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11953","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11953","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11953"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11953\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11954,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11953\/revisions\/11954"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11953"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11953"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11953"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}