{"id":11957,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11957"},"modified":"2024-04-08T00:42:22","modified_gmt":"2024-04-08T00:42:22","slug":"a-t-h-b-h-l-i-a-i-n-f-a-o-i-m-h-a-i-s-e-d-h-a-o-i-b-h","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/a-t-h-b-h-l-i-a-i-n-f-a-o-i-m-h-a-i-s-e-d-h-a-o-i-b-h\/","title":{"rendered":"A t h b h l i a i n     F a o i    M h a i s e     D h a o i b h"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">B\u00f3ithr\u00edn na smaointe<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, memory lane;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">so-mharfacht<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, mortality;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">talamh cuir<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, arable land;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">ar an gc\u00e9ad \u00e1sc<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, in the first place;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">gle\u00e1radh<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, racket;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">L\u00e1 Coille<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, New Year\u2019s Day;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">san athbhliain<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, in the new year;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">\u201cTatie Hokers\u201d<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, potatoe pickers. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">A t h b h l i a i n     F a o i    M h a i s e   D h a o i b h<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"text-decoration:underline\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"text-decoration:underline\">Peadar  Bair\u00e9ad<\/span><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An tr\u00e1th seo bliana, t\u00e9ann seandaoine siar b\u00f3ithr\u00edn na smaointe, mar tuigtear d\u00f3ibh go bhfuil na blianta ag sleamhn\u00fa uathu ar n\u00f3s na gaoithe, agus go bhfuil cloch eile ar a bpaidr\u00edn imithe tr\u00edna m\u00e9ireanna, cloch nach bhfillfidh, agus is d\u00f3cha go gcuireann sin a so-mharfacht fh\u00e9in i gcuimhne d\u00f3ibh, mura n-\u00e9ir\u00edonn le tada eile sin a dh\u00e9anamh.  Mo chuidse de, tuigtear dom nach nd\u00e9anann s\u00e9 maitheas ar bith do dhuine, bheith buartha, br\u00f3nach, faoi na c\u00farsa\u00ed sin, mar n\u00edl le d\u00e9anamh aige ach ceir\u00edn den d\u00edchuimne a chur leis, agus \u00e9 fh\u00e9in a ullmh\u00fa don bhliain \u00far at\u00e1 ag s\u00edneadh roimhe amach, faoi mar a bheadh turas d\u00fashl\u00e1nach ag s\u00edneadh roimh oilithreach, \u00e1 mhealladh, is \u00e1 spreagadh, chun tosaigh ar\u00eds.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a smaoin\u00edm fh\u00e9in ar an tr\u00e1th seo bliana, t\u00e9ann mo chuimhne siar l\u00e1ithreach chuig an \u00e1it in ar rugadh m\u00e9, in Iorras Domhnann i gContae Mhaigh Eo, sea, siar chuig an t\u00edr \u00fad a sh\u00edneann \u00f3 \u201cChnoc\u00e1n a\u2019 L\u00edne go dt\u00e9 t\u00fa go dt\u00ed an F\u00e1l M\u00f3r.\u201d  Smaoin\u00edm, i dtosach b\u00e1ire, ar an taobh \u00e1lainn sin t\u00edre, gona p\u00e1irceanna loma, sceirdi\u00fala; coinl\u00edn\u00ed anseo, agus iomair\u00ed bainte san \u00e1it eile; linnte uisce thall, agus sraitheanna f\u00e9armhara abhus; ach tr\u00edd is tr\u00edd, bh\u00ed a chuma ar chuile sh\u00f3rt n\u00e1r r\u00f3-mh\u00e9ith an talamh a bh\u00ed leata os do chomhair amach, b\u00edodh go raibh chuile chos\u00falacht ar ch\u00farsa\u00ed, go raibh dian-saothr\u00fa \u00e1 dh\u00e9anamh ar aon talamh cuir, a bh\u00ed le f\u00e1il sna b\u00f3la\u00ed thart timpeall. Amuigh ar imeall na sp\u00e9ire, bh\u00ed na hoile\u00e1in feistithe go daingean i bhfarraige t\u00f3igthe, garbh, guagach.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">New Year Memories<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, thar aon rud eile, smaoin\u00edm ar O\u00edche Chinn Bhliana, agus ar na n\u00f3sanna agus ar na cleachta\u00ed a bhain leis an bhf\u00e9ile suimi\u00fail sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard iad na n\u00f3sanna at\u00e1 i gceist agam, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed, ar an gc\u00e9ad \u00e1sc, na n\u00f3sanna d\u00fachasacha, n\u00f3sanna ar n\u00f3s na r\u00fain athbhliana a dh\u00e9anta\u00ed go forleathan, an tr\u00e1th sin. Ba ghn\u00e1th-\u00e1bhar cainte \u00e9 i measc na cosmhuintire, an tr\u00e1th sin \u00e9.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cC\u00e9n r\u00fan athbhliana at\u00e1 d\u00e9anta agat fh\u00e9in don bhliain seo chugainn?\u201d  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, t\u00e1 socraithe agam \u00e9ir\u00ed as an diabhal p\u00edopa seo, sin m\u00e1 fh\u00e1gann Dia an tsl\u00e1inte agam.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00e9arfadh fear n\u00f3 bean eile go raibh siadsan me\u00e1ite ar dhul go hAlbain, le roinnt pingneacha a shaothr\u00fa san athbhliain, le seo n\u00f3 le si\u00fad a dh\u00e9anamh. Bh\u00ed n\u00f3s eile i measc daoine, an tr\u00e1th sin, f\u00e1il r\u00e9idh le salachar na bliana a bh\u00ed ar an d\u00e9 deiridh. Sea, ghlanaid\u00eds agus sci\u00fairid\u00eds iad fh\u00e9in, sa chaoi go mbeid\u00eds glan, n\u00e9ata, ag dul isteach thar thairseach na bliana nua d\u00f3ibh. N\u00ed bh\u00edodh daoine s\u00e1sta aon airgead a chaitheamh L\u00e1 Cinn Bhliana, n\u00f3 chreid siad d\u00e1 nd\u00e9anfaid\u00eds go leanfaid\u00eds an n\u00f3s c\u00e9anna sin ar feadh na bliana a bh\u00ed rompu amach.  \u00d3, mo dhearmad! bh\u00ed n\u00f3s aisteach eile acu thiar in\u00e1r measc an t-am sin freisin, agus b\u2019in an phar\u00e1id tr\u00edd an mbaile, ag tos\u00fa ar bhuile an mhe\u00e1no\u00edche. Bhail\u00edodh daoine \u00f3ga an bhaile le ch\u00e9ile, i dtosach, agus duine ar bith a raibh aon chumas ceoil ann, bh\u00edodh seisean ansin agus uirlis eic\u00ednt ceoil leis, agus ansin thosa\u00edodh an ceol agus th\u00e9adh an phar\u00e1id \u00f3 cheann ceann an bhaile, agus ceol agus glearadh ar si\u00fal acu agus iad ag f\u00e1ilti\u00fa roimh an bhliain \u00far.  Ar a mbealach ar ais, th\u00e9id\u00eds isteach i dteach anseo is ansi\u00fad agus chuirf\u00ed f\u00e1ilte rompu, agus mh\u00fachta\u00ed a dtart tar \u00e9is tuirse na m\u00e1irse\u00e1la!  <\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;text-decoration:underline;font-weight:bold;font-size:14pt\">Foreign  Customs<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chomh maith leis na n\u00f3sanna sin, bh\u00ed in \u00e1r measc freisin, roinnt n\u00f3sanna a t\u00f3gadh isteach \u00f3n iasacht.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Conas a tharla a leith\u00e9id?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel! an t-am sin, th\u00e9adh roinnt mhaith de mhuintir na h\u00e1ite go hAlbain le fata\u00ed a phiocadh d\u2019fheirmeoir\u00ed m\u00f3ra na t\u00edre sin.  Ba spailp\u00edn\u00ed iad, agus n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 nach \u00e9 saol an mhada bh\u00e1in a bh\u00edodh acu thall.  N\u00ed g\u00e1 ach Tubaiste \u201cKirkintulloch\u201d a lua, le sin a chur abhaile ar \u00e9inne a chaith seal ina \u201cTatie Hoker\u201d thall.  Ach n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9, ach chuige seo.  Minic a d\u2019fhanadh lucht pioctha na bpr\u00e1ta\u00ed thall ar feadh tr\u00e9imhe i ndiaidh d\u00f3ibh deireadh na bpr\u00e1ta\u00ed a bheith pioctha acu.  Ag n\u00e1ibh\u00edocht a th\u00e9id\u00eds, de ghn\u00e1th, agus bh\u00edd\u00eds in Albain mar sin don bhf\u00e9ile is m\u00f3 ag Albanaigh, s\u00e9 sin, \u201cHogmaney\u201d, n\u00f3 O\u00edche Chinn Bliana, agus sa tsl\u00ed sin, phiocadar suas n\u00f3sanna Chinn Bhliana na t\u00edre sin.  Chaith m\u2019athair roinnt mhaith blianta thall, le linn a \u00f3ige, agus mar sin, n\u00edorbh aon ionadh go leagta\u00ed b\u00e9im faoi leith ar an \u201cHogmanay\u201d, sa teach s\u2019againne. Ba \u00e9 n\u00f3s an \u201cFirst Footer\u201d an ch\u00e9ad cheann de na n\u00f3sanna sin, a chuaigh i gcionn orm fh\u00e9in, agus m\u00e9 ag f\u00e1s an\u00edos thiar.  B\u2019in an n\u00f3s a bh\u00ed acu f\u00e1ilte faoi leith  a chur roimh an ch\u00e9ad fhear a bhuaileadh isteach thar thairseach chucu L\u00e1 Coille. Anois, n\u00e1 ceap go bhfuilimse ag r\u00e1 go dtarraingeodh bean m\u00ed-\u00e1dh, n\u00f3 droch rath, ar theaghlach, d\u00e1 dtarl\u00f3dh go mba \u00ed an ch\u00e9ad chuairteoir, thar thairseach isteach chucu, L\u00e1 Coille, ach nach bhfuil a fhios ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, gur mar sin a bh\u00ed c\u00farsa\u00ed in Iarthar na h\u00c9ireann, an tr\u00e1th \u00fad.  Chonaic m\u00e9 fh\u00e9in, le mo sh\u00faile cinn, beirt iascaire ag iomp\u00fa ar a s\u00e1la abhaile, toisc gur bhean an ch\u00e9ad duine a bhuail leo, ar a mbealach chun na farraige. B\u2019in mar a bh\u00ed an saol an t-am sin. Bhaineadh fir \u00f3ga leas as an n\u00f3s sin, agus th\u00e9id\u00eds timpeall an bhaile, sa chaoi go mb\u00edd\u00eds maith go leor, nuair bh\u00edodh c\u00farsa an bhaile tugtha acu.  Bh\u00ed col c\u00faigir agam fh\u00e9in, agus bh\u00ed a n\u00f3s fh\u00e9in aigeasean le f\u00e1ilte a chur roimh an bhliain \u00far.  Bh\u00ed seanbhuid\u00e9al gan t\u00f3in aige, agus thart ar mhe\u00e1no\u00edche, thagadh s\u00e9 amach ag binn a th\u00ed agus sh\u00e9ideadh tr\u00ed rois chluaisphl\u00e9ascacha as, &#8211; roiseanna a chuirfeadh an Barr Bua a sh\u00e9ideadh an Fhiann fad\u00f3, i gcuimhne do dhuine, &#8211; ag f\u00e1g\u00e1il sl\u00e1n ag an tseanbhliain, agus ag f\u00e1ilti\u00fa roimh an bhlain \u00far, n\u00f3s adeireadh s\u00e9, a d\u2019fhoghlaim s\u00e9 le linn a \u00f3ige, agus nach raibh s\u00e9 de chro\u00ed aige an n\u00f3s c\u00e9anna sin a bhriseadh, ar feadh a shaoil uilig.  Tuigeadh d\u00fainne go mba n\u00f3s Albanach \u00e9 an n\u00f3s c\u00e9anna sin freisin.<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;text-decoration:underline;font-weight:bold;font-size:14pt\">New  Customs<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhain na n\u00f3sanna sin uilig le saol at\u00e1 caite, caointe, adhlactha, anois, ach n\u00ed hionann sin is a r\u00e1 nach bhfuil a n\u00f3sanna fh\u00e9in ag daoine, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, n\u00f3 t\u00e1, b\u00edodh go bhfuil siad difri\u00fail ar fad leis na n\u00f3sanna a bh\u00ed acu fad\u00f3, ach ag an am gc\u00e9anna, feicfidh t\u00fa go bhfuil cos\u00falachta\u00ed eatarthu freisin. T\u00f3g mar shampla daoine ag s\u00e9ideadh adharca a ngluaiste\u00e1n um mhe\u00e1no\u00edche Chinn Bhliana, nach cos\u00fail \u00e9 le n\u00f3s mo chol c\u00faigir? agus c\u00e9ard faoi n\u00f3s na dtinte eala\u00edne a scaoiltear inairde sa sp\u00e9ir, agus na cloig a bhuailtear, le torann agus gle\u00e1radh a dh\u00e9anamh, le f\u00e1ilte a chur roimh an bhliain \u00far? nach bhfuil cos\u00falachta\u00ed idir sin agus an ceol agus an gle\u00e1radh a bh\u00edodh ag \u00f3ige an bhaile s\u2019againne, fad\u00f3, agus iadsan ag f\u00e1ilti\u00fa roimh an bhliain \u00far, ina l\u00e1 fh\u00e9in.  N\u2019fheadar an nd\u00e9anann \u00e9inne r\u00fan athbhliana sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, ach d\u00e9arfainn go bhfuil daoine ann a leanann an n\u00f3s c\u00e9anna sin freisin.  Ach, nach cuma faoi sin, n\u00f3 b\u00edonn cine\u00e1l eagla ar chuile dhuine againn agus muid ag buaileadh b\u00f3thair isteach tr\u00ed chr\u00edocha \u00fara na bliana nua.  Mar sin, an tr\u00e1th seo bliana, gu\u00edmse rath agus s\u00e9an ar chuile dhuine dem\u2019 l\u00e9itheoir\u00ed.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Athbhliain faoi mhaise dhaoibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas muid uilig bliain \u00f3 anocht.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>B\u00f3ithr\u00edn na smaointe, memory lane; so-mharfacht, mortality; talamh cuir, arable land; ar an gc\u00e9ad \u00e1sc, in the first place; gle\u00e1radh, racket; L\u00e1 Coille, New Year\u2019s Day; san athbhliain, in the new year; \u201cTatie Hokers\u201d, potatoe pickers. A t h b h l i a i n F a o i M h a i s [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11957","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11957","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11957"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11957\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11958,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11957\/revisions\/11958"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11957"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11957"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11957"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}