{"id":11997,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=11997"},"modified":"2024-04-08T01:24:18","modified_gmt":"2024-04-08T01:24:18","slug":"an-daonlathas-faoi-leigear","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/an-daonlathas-faoi-leigear\/","title":{"rendered":"An daonlathas faoi leigear"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><em>(This week, I mB\u00e9al an Phobail checks out some of the challenges facing Democracy.)<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">An Daonlathas faoi L\u00e9igear<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, go bhfuil a thuiscint fh\u00e9in ag gach \u00e9inne ar an nDaonlathas, ach, tr\u00edd is tr\u00edd, is \u00ed ciall a bhaintear as, n\u00f3 pobal \u00e1 rial\u00fa fh\u00e9in, le leas an phobail sin a dh\u00e9anamh. T\u00e1 go bre\u00e1, ach conas a dh\u00e9anann an pobal iad fh\u00e9in a rial\u00fa? Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh d\u00e1 mbeadh an pobal sin s\u00e1ch beag, agus go bhf\u00e9adfa\u00ed iad uilig a shl\u00f3gadh in aon \u00e1it amh\u00e1in, le dl\u00ed a acht\u00fa, n\u00f3 a cheal\u00fa, ach fi\u00fa amh\u00e1in sa ch\u00e1s sin, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 an cheist a chur, c\u00e9 dh\u00e9anfadh an dl\u00ed \u00fad a dhr\u00e9acht\u00fa agus a chur os comhair an phobail, agus c\u00e9 dh\u00e9anfadh an pobal a shl\u00f3gadh? Agus n\u00ed pobail bheaga d\u00e1 leith\u00e9id at\u00e1 idir cham\u00e1in againn anseo. N\u00ed hea in aon chor, ach pobail ollmh\u00f3ra nach bhf\u00e9adfa\u00ed a shl\u00f3gadh in ionad faoi leith, ar mhaithe le dlithe n\u00f3 rialacha a acht\u00fa. Ach, n\u00ed f\u00e1l go haer \u00e9, n\u00f3 n\u00ed bh\u00edonn fadhb ar bith do-scaoilte don t\u00e9 a bh\u00edonn s\u00e1sta tabhairt faoi r\u00e9iteach na faidhbe sin a lorg. Is \u00ed an fhuascailt is fearr a dt\u00e1ngthas air, go nuige seo, n\u00f3 ionada\u00edocht chionmhar, is \u00e9 sin, go nd\u00e9antar an t\u00edr a roinnt ina dhoghlaigh bheaga, agus go dtoghann pobail na dtoghlach sin ionada\u00ed, n\u00f3 ionadaithe, lena dtuairim\u00ed-sean a chur i l\u00e1thair D\u00e1la, n\u00f3 P\u00e1rlaiminte N\u00e1isi\u00fanta. Sin an c\u00f3ras at\u00e1 againne sa t\u00edr s\u2019againne, agus is \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna \u00e9 i gc\u00e1s bhun\u00fas th\u00edortha na hEorpa. Go teoirici\u00fail, ba dheacair an c\u00f3ras sin a sh\u00e1r\u00fa, ach, sa saol lochtach, neamhfhoirfe seo, b\u00ed cinnte go mbeidh daoine ann a dh\u00e9anfaidh chuile dh\u00edcheall le leas a bhaint as, ar mhaithe leo fh\u00e9in, d\u00e1la an chait is a chr\u00f3nan! Feiceann muid uilig conas is c\u00f3ir c\u00f3ras d\u00e1 leith\u00e9id a oibri\u00fa, agus feiceann muid freisin, na bunt\u00e1ist\u00ed a bhaineann leis, ach, nach bhfuil s\u00e9 de dhualgas orainn freisin, s\u00fail a chaitheamh ar na lochta at\u00e1 ar ch\u00f3ras d\u00e1 leith\u00e9id.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">M\u00e1thair an Ghoir<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, feictear d\u00fainn uilig, nach n-oibreodh c\u00f3ras d\u00e1 leith\u00e9id, mura mbeadh na hionadaithe tofa uilig s\u00e1sta, agus r\u00e9idh, le feidhmi\u00fa ar mhaithe lena bpobail fh\u00e9in agus ar mhaithe leis an bpobal n\u00e1isi\u00fanta, fr\u00ed ch\u00e9ile, freisin. Sin an \u00e1it a bhfuil m\u00e1thair an ghoir le f\u00e1il, n\u00f3 n\u00ed chuile ionada\u00ed a bh\u00edonn s\u00e1sta, r\u00e9idh, i gc\u00f3na\u00ed, leis an d\u00e1 dhualgas sin a choimhl\u00edonadh faoi mar ba ch\u00f3ir. Cuir leis an leagan amach sin, an n\u00f3s at\u00e1 ag Daonlathais, Freas\u00fara ionsaitheach, naimhdeach, a bheith acu, le s\u00fail seabhaic a choinne\u00e1il ar an Rialtas, agus feicfidh t\u00fa ansin, gurb ionann sin agus madra a fh\u00e1il leis an t\u00edr a chosaint, agus ansin chuile iarracht a dh\u00e9anamh gob\u00e1n a chur ann. Agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, n\u00f3 sa tsl\u00ed sin, scaoiltear r\u00fain an St\u00e1it, agus nach bhfuil a fhios againn uilig, nach maith an rud \u00e9 poll a bheith ar theach ar bith, b\u00edodh an teach sin pr\u00edobh\u00e1ideach, n\u00f3 n\u00e1isi\u00fanta. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Nach \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9 i gc\u00e1s l\u00e9irsithe?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">D\u00e9anann an pobal n\u00e1isi\u00fanta Rialtas a thoghadh leis an dt\u00edr a rial\u00fa ar feadh tr\u00e9imhse \u00e1irithe, agus chomh luath is at\u00e1 sin d\u00e9anta acu, tosa\u00edonn an Freas\u00fara ag cur ina gcoinne, chomh tr\u00e9an is at\u00e1 ar a gcumas a dh\u00e9anamh. Nach mbeife\u00e1 ag s\u00fail, go nglacfadh an D\u00e1il ar fad le breith an Phobail, agus nach n-ions\u00f3fai an Rialtas tofa, chomh g\u00e9ar, binibeach, eascairdi\u00fail, sin, go h\u00e1irithe nuair a bheadh an St\u00e1t fh\u00e9in i gcruach\u00e1s? Sea, agus tosa\u00edtear l\u00e1ithreach freisin, ar l\u00e9irsithe a eagr\u00fa, le hiachall a chur ar an Rialtas toil na l\u00e9irseoir\u00ed a dh\u00e9anamh, cuma faoi leas an phobail. N\u00ed beart r\u00f3-chiallmhar n\u00f3 r\u00f3-dhaonlathach \u00e9 madra a cheannacht le bheith mar chosaint agat in aghaidh na rob\u00e1laithe, agus ansin t\u00fa fh\u00e9in an tafaint a dh\u00e9anamh, in ionad bheith ag s\u00fail go nd\u00e9anfadh an madra \u00e9 sin duit. Leis an sc\u00e9al sin a dh\u00e9anamh n\u00edos measa f\u00f3s, minic go leor is f\u00e9idir le lucht l\u00e9irsithe slua \u00f3n dtaobh amuigh a earc\u00fa, le t\u00e9agar a chur sa l\u00e9irsi\u00fa sin. Baineann a leith\u00e9id de dh\u00e1ir\u00edreacht an l\u00e9irsithe sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Lucht na Me\u00e1n<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Sea, agus c\u00e9ard faoi lucht na me\u00e1n? Caitheann siadsan freisin a nd\u00fathracht ag iarraidh gn\u00edomhartha an Rialtais a dh\u00edspeagadh. Anois, d\u2019fh\u00e9adfadh duine a mha\u00edomh gur maith an rud \u00e9 sin, n\u00f3 coinn\u00edonn s\u00e9 t\u00f3irse an phobail d\u00edrithe ar an Rialtas, le d\u00e9anamh cinnte dhe, nach mbeadh aon uisce faoi thalamh ar si\u00fal acu i gcoinne leas an phobail, ach t\u00e1 fait\u00edos orm, go bhfuil an baol ann, go ndh\u00e9anfadh siad a leith\u00e9id, ar mhaithe le p\u00e1ip\u00e9ir a dh\u00edol, n\u00f3 st\u00e1isi\u00fain teilif\u00edse, n\u00f3 raidi\u00f3, a chur i mb\u00e9al an phobail, n\u00f3 fi\u00fa, le cos i bpoll a chur le polaiteoir \u00e1irithe. N\u00edl dabht ar domhan, ach go bhfuil deis ag lucht na me\u00e1n tionchar m\u00edchu\u00edosach a bheith acu ar iompar Rialtais, b\u00edodh sin le leas an phobail, n\u00f3 a mhalairt. Nach minic a fheictear polaiteoir \u00e1 chur faoi agallamh ag l\u00e1ithreoir agus \u00e9 \u00e1 chroscheisti\u00fa faoi mar ba choirpeach d\u00e9anta \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Deacrachta\u00ed<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Is soil\u00e9ir, mar sin, go bhfuil deacrachta\u00ed iomad\u00fala le s\u00e1r\u00fa ag Rialtas a thoghtar go daonlathach, m\u00e1s uathu a ndualgais\u00ed a choimhl\u00edonadh, agus leas an phobail fr\u00ed ch\u00e9ile, a dh\u00e9anamh, ar bhealach daonlathach, agus cuir le sin, an claonadh chun oilc agus breabaireachta at\u00e1 neadaithe, go h\u00e1irithe iontu si\u00fad a dtugtar cumhacht de chineal ar bith d\u00f3ibh, ach go h\u00e1irithe, d\u00f3ibh si\u00fad a dtugtar cumhacht rialaithe d\u00f3ibh. Nach cuimhin libh uilig an nath adeir go dtruaill\u00edonn cumhacht, ach go nd\u00e9anann l\u00e1nchumhacht ollthruailli\u00fa. Anois an t-am le prionsabail agus cleachtais \u00e1r ndaonlathais a scr\u00fad\u00fa, a scagadh, agus a chur sa mhe\u00e1, f\u00e9achaint an f\u00e9idir linn, mar phobal, \u00e9 a chur in oiri\u00faint, agus faoi \u00faim, d\u00e1r riachtanais ioma\u00ed, ag uair seo na cinni\u00fana d\u00e1r n\u00e1isi\u00fan?  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad (This week, I mB\u00e9al an Phobail checks out some of the challenges facing Democracy.) An Daonlathas faoi L\u00e9igear Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, go bhfuil a thuiscint fh\u00e9in ag gach \u00e9inne ar an nDaonlathas, ach, tr\u00edd is tr\u00edd, is \u00ed ciall a bhaintear as, n\u00f3 pobal \u00e1 rial\u00fa [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-11997","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11997","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=11997"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11997\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":11998,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/11997\/revisions\/11998"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=11997"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=11997"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=11997"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}