{"id":12031,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12031"},"modified":"2024-04-08T01:06:28","modified_gmt":"2024-04-08T01:06:28","slug":"an-rod-seo-romhainn-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/an-rod-seo-romhainn-2\/","title":{"rendered":"An Rod seo romhainn"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\"><span style=\"font-size:14pt\"><em>(This week I mB\u00e9al an Phobail tries to look into the future)<\/em><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">An R\u00f3d seo romhainn!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Is d\u00f3cha gurb \u00e9<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> bua diamhair an daonna\u00ed n\u00f3 gur f\u00e9idir leis aghaidh a thabhairt ar a dh\u00e1n, n\u00f3, ar an r\u00f3d at\u00e1 roimhe amach, ar choinn\u00edoll go leanfadh c\u00farsa\u00ed sa todhcha\u00ed, faoi mar at\u00e1 i l\u00e1thair na huaire seo, agus n\u00ed taise d\u00fainne \u00e9. Mar sin, n\u00ed haon ionadh go nd\u00e9anaimse fh\u00e9in iarracht, corruair, ar dhul ar mo chliatha f\u00eds, le scil a bhaint as tarl\u00faint\u00ed an lae inniu, le tuairim eic\u00ednt a chaitheamh faoi threo bh\u00e1d an St\u00e1it s\u2019againne ar mhuir mh\u00f3r leathan na todhcha\u00ed. N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go bhfuil \u00e1r nd\u00f3thain mh\u00f3r de chomhartha\u00ed c<\/span><span style=\"font-size:14pt\">omhaimseartha le l\u00e9amh againn, i saol agus i stair \u00e1r bpobail, le buille faoi thuairim a thabhairt ar a bhfuil romhainn amach, sna laethe at\u00e1 le teacht. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Breathnaigh, i dtosach b\u00e1ire, ar an iar\u00f3g a t\u00f3gadh, ar na mallaibh, faoi Thuarasc\u00e1il Chluana. T\u00e1id ann ad\u00e9arfadh, go mbeadh s\u00e9 i bhfad n\u00edos fearr, agus n\u00edos ciallmhaire, b\u2019fh\u00e9idir, d\u00fainn, doras na hiar\u00f3ige sin a fh\u00e1g\u00e1il d\u00fanta, n\u00f3 d\u00e9arfaid\u00eds sin, go bhfuil an Rialtas s\u2019againne agus an Vatac\u00e1in, ar chomhtharraingt sna c\u00farsa\u00ed seo, n\u00f3 d\u00e1r leosan beirt, is \u00ed co<\/span><span style=\"font-size:14pt\">saint na h\u00f3ige an chloch is m\u00f3 ar a bpaidr\u00edn acu. Agus nach bhfuil a fhios ag an saol, gurbh \u00e9 cogadh na mb\u00f3 maol at\u00e1 a fhearadh acu sa ch\u00e1s seo, n\u00f3 n\u00edor \u00e9irigh go seoigh le <\/span><span style=\"font-size:14pt\">ceachtar acu a ndualgais\u00ed sa reimse sin, i leith na h-\u00f3ige, a choimhl\u00edonadh go h\u00e9ifeachtach, n\u00f3 go suntasach. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Buailim Sciath!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, t\u00e1 daoine ann freisin, a d\u00e9arfadh, nach bhfuil sa chogadh c\u00e9anna sin ach buailim sciath, le bunt\u00e1iste a thabhairt don Rialtas agus iad ar th\u00f3ir an ceann is fearr a fh\u00e1il ar chumhacht na hEaglaise i gc\u00farsa\u00ed oideachais, agus a leith\u00e9id. Ach, b\u00edodh sin f\u00edor, n\u00f3 n\u00e1 b\u00edodh, seans go ndeachaigh an Taoiseach s\u2019againne beag\u00e1in\u00edn thar f\u00f3ir ina \u00f3r\u00e1id ionsa\u00edoch os comhair na D\u00e1la, n\u00f3 ba chos\u00fala le hionsa\u00ed chonsp\u00f3ideach polait\u00edochta \u00ed n\u00e1 le casaoid d\u00e1ir\u00edreach dioplom\u00e1ideach chuig cumhacht a<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> raibh caidreamh dioplom\u00e1ideach againn lei. Ach, n\u00ed haon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain d\u00e9anta, is \u00e9 an c\u00farsa is ciallmhaire againn anois n\u00f3 dul i gcomhar leis an Vatac\u00e1in, le rialacha dochta a dhr\u00e9achtadh, ar mhaithe le haos \u00f3g na t\u00edre seo a chosaint ar ionsaithe, agus ar mh\u00ed-\u00fas\u00e1id ghn\u00e9asach, feasta. Sa tsl\u00ed sin, beifear in ann an tua a fh\u00e1g\u00e1il ar leataobh, agus cead f\u00e1is a thabhairt do ghas na s\u00edoch\u00e1na eatarthu, as seo amach. N\u00ed haon mhaith bheith ag arg\u00f3int gurbh ionann is trasna\u00edocht gan \u00fad<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ar\u00e1s, rud ar bith n\u00edos l\u00fa n\u00e1 comhoibri\u00fa ioml\u00e1n, n\u00f3 nach ionann a leith\u00e9id is a bheith  ag iarraidh damhsa ar bharr sn\u00e1thaide. Comhoibri\u00fa is fearr a fh\u00f3ireas orainn uilig sa ch\u00e1s seo, mar t\u00e1 \u00e1r nd\u00f3thain le d\u00e9anamh againn faoi l\u00e1thair agus gan bheith ag fearadh chogadh na mb\u00f3 maol, sa ch\u00e1s seo. Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al seo ar fad, ba mhaith liom aird a dh\u00edri\u00fa ar an gclaonadh <\/span><span style=\"font-size:14pt\">chun oilc at\u00e1 ag f\u00e1s is ag forbairt go buacach, in\u00e1r measc, le scathamh anuas. Anois, n\u00ed haon rud nua \u00e9 lucht an aindl\u00ed a bheith ag o<\/span><span style=\"font-size:14pt\">bair is ag saothr\u00fa d\u00f3ibh fh\u00e9in in \u00e1r measc, agus n\u00ed hiad na heaglaisigh at\u00e1 idir cham\u00e1in agam sa ch\u00e1s seo. N\u00ed hiad in aon chor, ach na coirpigh \u201cghairmi\u00fala\u201d, agus na dronganna \u00fad, a thagann i dt\u00edr ar allas dhaoine eile. N\u00edl le d\u00e9anamh againn ach s\u00fail a chaitheamh ar \u00e1r nuacht\u00e1in, le fios f\u00e1tha an sc\u00e9al seo a thuiscint agus a bhlaiseadh. T\u00e1 dronganna coirpeach ag cur f\u00fathu in \u00e1r measc anseo, dronganna a cheapann go bhfuil chuile cheart acu poblacht d\u00e1 gcuid fh\u00e9in a bhun\u00fa, ar mhaithe leo fh\u00e9in. Tuigtear d\u00f3ibh<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> go bhfuil siad beag beann ar dhl\u00edthe is ar rialtas na t\u00edre seo. T\u00f3gann siad a bhfuil uathu, agus go bhf\u00f3ire Dia ar an t\u00e9 a thagann sa mbealach orthu. Is d\u00f3igh gur l\u00e9igh t\u00fa fh\u00e9in cuntais sna nuacht\u00e1in, le d\u00e9ana\u00ed, faoi choirpigh a th\u00e9ann i mbun a ngn\u00f3 le sceana agus cas\u00fair, n\u00f3 le ceapoird agus gunna\u00ed gr\u00e1in, agus n\u00ed haon mhaith bheith ag arg\u00f3int le duine armtha sa d\u00f3igh sin, n\u00f3 lu\u00edonn s\u00e9 le r\u00e9as\u00fan, gur ciallmhaire i bhfad \u00e9 g\u00e9illeadh i gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id. Sin cogadh a d\u2019fh\u00e9adfadh an St\u00e1t a fhearadh ar mhaithe l<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ena shaor\u00e1naigh. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Poblacht \u00e1r Leasa<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Anois an t-am len\u00e1r bPoblacht fh\u00e9in a bhun\u00fa abhus, Poblacht ina mbeidh saoirse, agus chuile cheart dleathach ag an saor\u00e1nach, a chuirfeadh ar a chumas, a shaol is a laethe a chaitheamh go s\u00edoch\u00e1nta, s\u00e1sta. Poblacht ina mbeidh pobal comharsan\u00fail ag maireacht\u00e1il go s\u00edoch\u00e1nta, mac\u00e1nta, i bhfochair a ch\u00e9ile. Poblacht ina mbeidh d\u00fail ag chuile dhuine i leas an phobail, agus  i leas chuile <\/span><span style=\"font-size:14pt\">shaor\u00e1naigh, a bhfuil saor\u00e1ntacht bainte amach aige sa Phoblacht Nua s\u2019againne. Anois an t-am le Poblacht d\u00e1 leith\u00e9id a bhun\u00fa, ach ag breathn\u00fa ar ch\u00farsa\u00ed thart orainn faoi l\u00e1thair, n\u00ed d\u00f3igh liom go bhf\u00e9adfadh \u00e9inne bheith r\u00f3-dhochasach go bhfuil muid ar bhruach r\u00e9 \u00f3rga d\u00e1 leith\u00e9id, sa ghearrth\u00e9arma. Ach, n\u00e1r inmholta an cusp\u00f3ir d\u00fainn \u00e9 mar phobal, \u00e1r n-aire a dh\u00edri\u00fa ar Phoblacht d\u00e1 leith\u00e9id a bhun\u00fa in\u00e1r measc? C\u00e9ard a cheapann t\u00fa fh\u00e9in at\u00e1 i nd\u00e1n d\u00fainn,  mar chine, sa todhcha\u00ed?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail (This week I mB\u00e9al an Phobail tries to look into the future) Peadar Bair\u00e9ad An R\u00f3d seo romhainn! Is d\u00f3cha gurb \u00e9 bua diamhair an daonna\u00ed n\u00f3 gur f\u00e9idir leis aghaidh a thabhairt ar a dh\u00e1n, n\u00f3, ar an r\u00f3d at\u00e1 roimhe amach, ar choinn\u00edoll go leanfadh c\u00farsa\u00ed sa todhcha\u00ed, faoi [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12031","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12031","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12031"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12031\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12032,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12031\/revisions\/12032"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12031"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12031"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12031"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}