{"id":12077,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12077"},"modified":"2024-04-08T01:16:33","modified_gmt":"2024-04-08T01:16:33","slug":"ar-na-misin-cuairt-ar-caislean-hearst","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/ar-na-misin-cuairt-ar-caislean-hearst\/","title":{"rendered":"Ar na Misin Cuairt ar Caislean Hearst."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">C u a i r t     a r    H e a r s t     C a s t l e  .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">**********************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">Ar an mb\u00f3thar go Pismo Beach.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is d\u00fainn \u00e1r gcuairt ar Mission La Purisima<strong>, <\/strong>gar do Lompoc,<strong> <\/strong>a chr\u00edochn\u00fa<strong>, <\/strong>thugamar an b\u00f3thar \u00f3 thuaidh orainn fh\u00e9in, n\u00f3 bh\u00ed socraithe againn Pismo Beach<strong>,<\/strong> agus \u00e1r l\u00f3ist\u00edn ag Coastal Vacation Rentals<strong>,<\/strong> a bhaint amach, an tr\u00e1thn\u00f3na sin, sa chaoi go mbeadh muid gar go maith do Hearst Castle, tharla go raibh an Caisle\u00e1n dra\u00edochta sin ar cheann de cinn scr\u00edbe, a raibh beartaithe againn cuairt a thabhairt orthu, sna laethe a bh\u00ed romhainn amach.  Ar \u00e1r mbealach \u00f3 thuaidh d\u00fainn chuamar tr\u00ed dh\u00faiche \u00e1lainn.  Talamh bre\u00e1 leibh\u00e9alta, den chuid ba mh\u00f3, a bh\u00ed ann, agus murab ionann is \u00e1iteacha eile sa St\u00e1t iontach seo Chalaf\u00f3irnia, bh\u00ed talmha\u00edocht de chuile chine\u00e1l \u00e1 cleachtadh san \u00e1it seo. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anseo, bh\u00ed f\u00edonghoirt \u00e1ille ag s\u00edneadh amach uainn go bun na sp\u00e9ire, geall leis, agus ansi\u00fad, bh\u00ed glasra\u00ed de chuile chine\u00e1l \u00e1 bhf\u00e1s, agus daoine, ina meithil ollmh\u00f3ra, ag saothr\u00fa leo ansin, amuigh faoin aer agus faoi theas creathnach na gr\u00e9ine gile.  Chomh fada agus a bh\u00ed le feice\u00e1il againn, ba bheag n\u00ed i bhfoirm cla\u00ed n\u00f3 f\u00e1l a bh\u00ed le feice\u00e1il sna d\u00faich\u00ed sin, ach an talamh bre\u00e1 leibh\u00e9alta sin leagtha amach ina <strong>s<\/strong>raitheanna ollmh\u00f3ra, fairsinge, leathana.  Ba \u00e9 an rud a rith chun mo chuimhnese n\u00f3 na feirmeoir\u00ed a chonaic m\u00e9 fh\u00e9in, blianta fada \u00f3 shoin, ag saothr\u00fa leo, i mbaile beag, a dtugtar F\u00e1lach air, thiar in Iorras na nIontas, mar ar chleacht siad f\u00f3s an seanch\u00f3ras talmha\u00edochta, a dtugaid\u00eds \u201cRundale\u201d air, \u00e1it nach raibh cla\u00ed n\u00f3 f\u00e1l idir na goirt, ach iad uilig amuigh ansin, ag saothr\u00fa leo faoi mar ba mheitheal ollmh\u00f3r iad, ach i nd\u00e1ir\u00edre, bh\u00ed chuile chlann i mbun a gn\u00f3 fh\u00e9in.  Ach i gCalaf\u00f3irnia, is d\u00f3cha n\u00e1r leis na hoibrithe sin an talamh in aon chor, ach le comhlacht m\u00f3r eic\u00ednt, agus na hoibrithe sin ag obair, ar a bp\u00e1 lae, don chomhlacht sin.  Chuir an m\u00e9id innealra a bh\u00ed acu ionadh orainn, agus na gluaiste\u00e1in agus na leoraithe istigh ansin, mar a raibh siad i mbun oibre, n\u00f3 bh\u00ed an talamh sin bre\u00e1, teann, tirim, sa chaoi nach raibh baol ar bith ann go raghadh feithicil ar bith go haiseal i scraith<strong> <\/strong>ghlugair, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id.  In \u00e1it eile f\u00f3s, d\u2019fheicfe\u00e1 toir agus crainn agus a gcraoabhacha ag cromadh go talamh, faoi mhe\u00e1chan a dtortha\u00ed.  N\u00edor bhr\u00e9ag a r\u00e1 go raibh cuma an airgid ar an taobh t\u00edre sin, \u00e9 cos\u00fail, ar bhealach, le T\u00edr na n\u00d3g fh\u00e9in, n\u00f3 ba th\u00edr \u00ed a raibh saibhreas an talaimh le l\u00e9amh ar chuile acra di.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed difir an-mh\u00f3r idir thalmha\u00edocht sa t\u00edr sin agus talmha\u00edocht mar a chleachta\u00edtear \u00ed sa t\u00edr s\u2019againne, agus s\u00ed an difir ollmh\u00f3r sin n\u00f3 an chaoi a nd\u00e9antar chuile acra ansin a uisci\u00fa.  Gan an t-uisci\u00fa sin, n\u00ed bheadh sa t\u00edr \u00e1lainn sin tr\u00ednar ghabhamar ach f\u00e1sach tirim, gainmheach, gan tada ag f\u00e1s air ach cactas agus scrobharnach.  B\u2019\u00e1lainn an radharc \u00e9 c\u00f3ras uiscuithe d\u00e1 leith\u00e9id a fheice\u00e1il i mbun oibre, agus an t-uisce a fheice\u00e1il \u00e1 chur san aer, agus ag titim anuas ar\u00eds, ina chioth torth\u00fail, ar ghais is ar thortha\u00ed, sa timpeall..  I bhfad ar shi\u00fal, bh\u00ed cnoic is sl\u00e9ibhte le feice\u00e1il mar a bheadh fr\u00e1ma ar phicti\u00far, ag timpeall\u00fa an talamh cura\u00edochta.  Ach ba \u00e9 an rud ba mh\u00f3 a chuaigh i gcionn orainne, n\u00f3 na sluaite daoine i mbun oibre amuigh ansin sna goirt, agus iad uilig chomh graitheach le beacha, l\u00e1 Samhraidh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar, shroicheamar Pismo Beach, agus tar \u00e9is d\u00fainn tamall a chaitheamh ag cuardach, th\u00e1ngamar ar \u00e1r dteach fh\u00e9in, agus \u00e9 suite ansin, in ionad ci\u00fain, comp\u00f3rdach, ach ag an am gc\u00e9anna, \u00e9 suite c\u00f3ngarach go maith do chuile sh\u00f3rt a bh\u00ed le f\u00e1il sa chathair \u00e1lainn sin Pismo Beach.  Chuamar amach an o\u00edche sin le dinn\u00e9ar a chaitheamh in \u00d3st\u00e1n de chuid Holiday Inn.  Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, gur deineadh freastal fial, flaithi\u00fail, orainn, san \u00d3st\u00e1n c\u00e9anna sin, agus nuair a bh\u00ed ite, \u00f3lta, againn, thugamar \u00e1r dteachna orainn fhein ar\u00eds, agus chaitheamar seal ag su\u00ed timpeall, ag breathn\u00fa ar an teilif\u00eds, agus ag l\u00e9amh, n\u00f3 ag scr\u00edobh, go dt\u00ed go raibh s\u00e9 in am soip, agus ansin, thugamar an leaba orainn fh\u00e9in, agus n\u00ed call a r\u00e1, gur chodail chuile dhuine againn go s\u00e1mh go maidin gona l\u00e1nsoilse arna mh\u00e1rach.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00edomar ar \u00e1r gcois ar\u00eds go bre\u00e1 luath, an mhaidin d\u00e1r gcionn, n\u00f3 bh\u00ed l\u00e1 m\u00f3r os \u00e1r gcomhair amach, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go raibh cine\u00e1l eagla orm fh\u00e9in, go mbeadh s\u00e9 beag\u00e1in\u00edn iomarcach dom, n\u00f3 n\u00edlim chomh hacla\u00ed, l\u00fafar, l\u00e1idir, is a bh\u00ed m\u00e9, leathch\u00e9ad bliain \u00f3 shoin!  Ach n\u00edor chuir sin stop liom sa bh<strong>fuadar<\/strong> buile sin a bh\u00ed f\u00fam, seal a chaitheamh ag breathn\u00fa ar Chaisle\u00e1n Hearst, n\u00f3 Hearst Castle, mar a thugtar air i mB\u00e9arla.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed an Caisle\u00e1n c\u00e9anna sin p\u00edosa maith uainn, agus mar sin, bh\u00ed orainn chuile ullmh\u00fach\u00e1n a dh\u00e9anamh i ndiaidh \u00e1r mbricfeasta, n\u00f3 bh\u00ed coinne d\u00e9anta againn, bheith ansin ag a fiche neomat chun a haondh\u00e9ag ar maidin, agus b\u00edodh go raibh an t\u00edr tr\u00ednar ghabhamar, an mhaidin sin, thar mholadh beirte, ar a h\u00e1illeacht, ar a fi\u00e1ntas, agus ar a h\u00e9ags\u00falacht, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur bheag \u00e9 m\u2019aird fh\u00e9in uirthi, an mhaidin \u00e1lainn F\u00f3mhair sin, n\u00f3 bh\u00ed m\u00e9 ag smaoineamh, feadh an ama, ar a raibh os \u00e1r gcomhair amach, n\u00f3 bh\u00ed sc\u00e9alta cloiste agamsa faoi na c\u00e9imeanna uilig a bh\u00ed le dreapadh ag an gcuairteoir, agus ar airde an Chaisle\u00e1in os cionn leibh\u00e9al na farraige, \u00e1it a thosn\u00f3dh \u00e1r dturas, an mhaidin \u00e1lainn sin.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar \u00e1r dturas \u00f3 thuaidh, chuamar tr\u00ed San Luis Obispo, agus tar \u00e9is d\u00fainn dul tr\u00edd an gcathair sin, chasamar ar chl\u00e9 \u00f3 Shaorbhealach 101, agus chuamar ag taisteal ar Mh\u00f3torbhealach a hAon. Thaisteal muid ar an M\u00f3torbhealach c\u00e9anna sin, sa bhliain 1988, agus i nd\u00e1ir\u00edre, ba bheag athr\u00fa a bh\u00ed tagtha ar an d\u00faiche sin, san idirlinn.  Chuamar thar Cambria, baile \u00e1lainn, ar chaitheamar o\u00edche ann, sa bhliain sin, 1988, agus \u00f3 thuaidh linn, agus fuadar f\u00fainn. Ba ghearr an mhoill orainn ansin  San Simeon a bhaint amach.  Turas r\u00e9as\u00fanta fada \u00e9, \u00f3 Pismo Beach go San Simeon, n\u00f3 sin an baile is gaire don Chaisle\u00e1n cl\u00faiteach sin, agus is minic a thugtar Caisle\u00e1n San Simeon air freisin.  B\u2019in an t\u2019ainm<strong>, <\/strong>Rainse San Simeon, a baisteadh ar an Rainse a bh\u00ed ag muintir Hearst sa d\u00faiche sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00e9 Willian Randolph Hearst a t\u00e9 a th\u00f3g an caisle\u00e1n. Ach ba \u00e9 George Hearst, a athair si\u00fad a cheannaigh na Ranchos a bh\u00ed sa timpeall ina l\u00e1 fh\u00e9in, agus n\u00edor stop s\u00e9 go dt\u00ed go raibh thart ar 250,000 acra, thart ar San Simeon, ina sheilbh aige.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur cheannaigh s\u00e9 roinnt de na Ranchos c\u00e9anna sin ar shladmhargadh, n\u00f3 n\u00edor chosain cuid d\u00edobh ach thart ar Dolar an acra!  ach sin sc\u00e9al eile ar fad, agus n\u00ed bhaineann s\u00e9 linn anseo. Ar deireadh thiar thall, shroicheamar bun an tsl\u00e9ibhe ar a bhfuil an Caisle\u00e1n drao\u00edchta seo t\u00f3gtha.  Bh\u00ed Ionad P\u00e1irce\u00e1la ansin do na c\u00e9adta, agus na c\u00e9adta, gluaiste\u00e1n, agus  do na c\u00e9adta bus freisin, a tharraing\u00edonn ar an Ionad c\u00e9anna sin, chuile l\u00e1 sa bhliain, n\u00f3 bh\u00ed caise bhuan tr\u00e1chta ag teacht isteach chun an Ionaid Ph\u00e1irce\u00e1la ch\u00e9anna sin, agus a chomh-mhaith de chaise ag sn\u00edomh a bealaigh amach as ar\u00eds, acu si\u00fad a raibh a dturas cr\u00edochnaithe acu.  Isteach linn.   Fuair muid \u00e1it oiri\u00fanach p\u00e1irce\u00e1la, agus thugamar \u00e1r n-aghaidh ar an Ionad F\u00e1iltithe, at\u00e1 suite acu ansin ag bun an tsl\u00e9ibhe. Shroicheamar Ionad P\u00e1irce\u00e1la Chaisle\u00e1in Hearst in am tr\u00e1tha, agus \u00f3 tharla go raibh \u00e1r dturas curtha in \u00e1irithe againne roimh r\u00e9, ar chostas ocht nDolar d\u00e9ag an duine, bh\u00ed deis againn seal gearr a chaitheamh ag guairdeall timpeall tr\u00edd an Ionad F\u00e1iltithe at\u00e1 suiter in aice leis an Ionad P\u00e1irce\u00e1la sin, fad is bh\u00ed muid ag fanacht ar \u00e1r mbus, n\u00f3 n\u00edl sl\u00ed ar bith eile leis an turas go dt\u00ed an Caisle\u00e1n a dh\u00e9anamh, ach ar bhus speisialta, ceann de bhusanna Chorpar\u00e1id Hearst Castle.  Nuair a bh\u00ed an t-am sprioc\u00e1ilte ag druidim linn, thugamar \u00e1r n-aghaidh ar stad na mbus, mar a raibh \u00e1r mbus ag fanacht orainn. Ba ghearr an mhoill a bh\u00ed orainn ansin.  Ligeadh ar bord an bhus faoi leith sinn, ar a raibh su\u00edoch\u00e1in in \u00e1irithe d\u00fainn, n\u00f3 bh\u00ed bus ag f\u00e1g\u00e1il an Ionaid sin chuile dheich neomat, le dreapadh inairde na c\u00faig mh\u00edle sl\u00ed, go dt\u00ed an Caisle\u00e1n dra\u00edochta sin a bh\u00ed suite go p\u00e9acach ar bharr na binne.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00edreach ag a fiche neomat chun a haondh\u00e9ag, d\u2019fh\u00e1g \u00e1r mbusna an stad, agus thosaigh ag dreapadh a bhealaigh leis, go r\u00e9idh, c\u00faramach, c\u00e1irse\u00e1nach, suas i gcoinne an aird.  Bheadh s\u00e9 deacair cur s\u00edos a dh\u00e9anamh ar an turas c\u00e9anna sin, n\u00f3 b\u00edodh nach raibh sa turas ar fad ach c\u00faig mh\u00edle sl\u00ed, bheadh s\u00e9 deacair turas n\u00ed b\u2019\u00e9ags\u00fala\u00ed a shamhl\u00fa, fi\u00fa.  Anois, bheadh an bus ag sn\u00edomh a bhealaigh leis ar imeall faille, agus ar\u00eds, ag dul thar chainneon diabhalta doimhin; ar ball, bheadh a theanga bheag amuigh aige ag iarraidh barr binne a bhaint amach, agus n\u00edos d\u00e9ana\u00ed  ar\u00eds, bheadh muid ag dul siar, faoi mar a bheadh a mhisneach caillte ag an diabhal bus, agus go raibh s\u00e9 ar a bhealach ar ais go dt\u00ed an tIonad F\u00e1iltithe ar\u00eds, ach ansin, de phlimp, chasfadh s\u00e9 timpeall, agus thabharfadh ruathar buile faoi aird eile, a d\u2019fh\u00e1gfadh muidinne ag gream\u00fa taobh \u00e1r su\u00edoch\u00e1n, ar eagla go gcaithf\u00ed tr\u00ed fhuinneoga an bhus amach muid.  Aerfort le feice\u00e1il p\u00edosa th\u00edos uainn, agus in \u00e1it eile, ainmhithe allta ag in\u00edor leo go s\u00e1sta i ngleann f\u00e9aruaithne, gleoite, doimhin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar \u00e1fach, shroicheamar \u201cHearst Castle\u201d caisle\u00e1n a tharraing\u00edonn thart ar mhilli\u00fan turas\u00f3ir chuige, in aghaidh na bliana.  Bh\u00ed beirt treora\u00ed linn ar an mbus, agus chuaigh siadsan i mbun oibre l\u00e1ithreach, b\u00edoidh go raibh a gcion fh\u00e9in \u00e1 dh\u00e9anamh acu feadh an turais in airde, n\u00f3 bh\u00ed tr\u00e1chtaireacht reatha ar si\u00fal acu, feadh an ama sin.  Threoraigh siad sinn uilig suas na gc\u00e9imeanna iomad\u00fala \u00fad, ar chuala mise a dt\u00e1sc, agus a dtuairisc, go minic, sular leag m\u00e9 sp\u00e1g ar bharr an tsl\u00e9ibhe seo Santa Lucia.  Ait go leor, ba \u00e9 an t-ainm a bhaist William Randolph Hearst fh\u00e9in ar ionad a \u00e1rais ar bharr an tsl\u00e9ibhe sin, n\u00f3 La Cuesta Encantada, s\u00e9 sin, An Cnoc Dra\u00edochta<strong>.  <\/strong>Cl\u00fadaionn an t-east\u00e1t sin 137 acra, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus ar an gcnoc dra\u00edochta sin, t\u00e1 ceithre \u00e1ras ollmh\u00f3ra, \u00e1rais a dhear an t-ailtire cl\u00faiteach mn\u00e1 sin, Julia Morgan, bean a fuair cuid d\u00e1 traen\u00e1il san<strong> <\/strong>Ecole des Beaux Art<strong>s<\/strong> i bP\u00e1ras na Fraince.  Chomhoibrigh s\u00ed fh\u00e9in agus Hearst i ndearadh, agus i dt\u00f3g\u00e1il, an Chaisle\u00e1in, agus tr\u00ed cinn de Thithe  Cuairteoiri, thar thr\u00e9imhse seacht mbliana is fiche!  Sa tr\u00e9imhse sin, d\u2019ordaigh Hearst, agus dhear Morgan, na h\u00e1rais thuasluaite, maraon le dh\u00e1 linn sn\u00e1mha, ceann faoi dh\u00edon agus an ceann eile amuigh faoin aer, chomh maith leo sin, bh\u00ed garrraithe, c\u00fairteanna lead\u00f3ige, agus fi\u00fa Garra\u00ed na nAinmhithe.  Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, n\u00e1r f\u00edoradh riamh, ina ioml\u00e1ine, f\u00eds shamhailteach Hearst, n\u00f3 i ndeireadh na d\u00e1la, ba \u00e9 an b\u00e1s a chuir l\u00e1n stad leis an dtionscadal dra\u00edochta, samhla\u00edoch, dochreidte sin, Hearst Castle.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is d\u00fainn sraith amh\u00e1in c\u00e9imeanna a dhreapadh, bail\u00edodh i bhf\u00e1inne muid, agus chuaigh na treoraithe i mbun oibre.  Mh\u00ednigh siad d\u00fainn chomh deacair is a bh\u00ed s\u00e9 f\u00eds \u00fad Hearst a fh\u00edoradh, ar bharr sl\u00e9ibhe, ansin i gCalaf\u00f3irnia.  Mh\u00ednigh siad freisin, an chaoi a raibh orthu chuile sh\u00f3rt a iompar \u00f3 Shan Simeon, th\u00edos ag leibh\u00e9al na farraige, suas taobh an tsl\u00e9ibhe, go hionad an Chaisle\u00e1in.  Ar leoraithe agus ar chairteacha a deineadh an t-\u00e9acht oibre sin, agus th\u00f3gadh s\u00e9 uair a\u2019 chloig ar chuile leorai acu an turas sin a dh\u00e9anamh, agus nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa ar an m\u00e9id ollmh\u00f3r earra\u00ed, agus \u00e1bhair, a bh\u00ed le hiompar acu go barr an tsl\u00e9ibhe sin, leis an bhf\u00eds neamha\u00ed seo a r\u00e9aladh ansin ar an mbinn, is beag nach gcuirfeadh s\u00e9 meadhr\u00e1n cinn ort.  D\u2019iompaigh s\u00ed ansin ar thaobh na ciot\u00f3ige, agus d\u2019iarr orainn l\u00e1n s\u00fal a bhaint as an linn sn\u00e1mha, a bh\u00ed leagtha amach ansin os \u00e1r gcomhair amach. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Baineadh an chaint d\u00ednn uilig, agus n\u00ed raibh le clos \u00f3 dhuine ar bith againn, ach \u201cWow!\u201d  iontais, agus a ch\u00fais sin againn, geallaimse dhuit \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00f3, ansin os \u00e1r gcomhair amach, chonaic muid an linn sn\u00e1mha ab \u00e9ags\u00fala\u00ed d\u00e1r leag duine ar bith againn s\u00fail riamh uirthi.  Ba \u00e9 a rith liom fh\u00e9in, l\u00e1ithreach bonn, n\u00f3 nach raibh a leith\u00e9id seo de Linn Sn\u00e1mha ag Impire R\u00f3mh\u00e1nach ar bith riamh, cuma c\u00e9 chomh saibhir is a bh\u00ed s\u00e9.  As t\u00edleanna marmair a t\u00f3gadh chuile sh\u00f3rt anseo, idir url\u00e1r, taobhanna, agus timpeallacht.  Bh\u00ed gr\u00e9as \u00e1lainn orn\u00e1ideach le feice\u00e1il ar url\u00e1r na linne, agus bh\u00ed an t-uisce sa linn sin chomh gl\u00e9, glan, gorm sin, gurbh ar \u00e9igean a chreidfe\u00e1 go raibh uisce ann in aon chor, ach an gr\u00e9as \u00e1lainn ar url\u00e1r na linne, le feice\u00e1il go glan, soil\u00e9ir, th\u00edos ansin.  T\u00edleanna de mharmar geal a bh\u00ed timpeall na linne, agus ansin, bh\u00ed dealbha \u00e1ille dea-dheartha, agus uaimheanna maisithe marmair, sa timpeall freisin, uaimheanna a chuirfeadh teampaill ph\u00e1g\u00e1nacha i gcuimhne dhuit. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> N\u00ed haon ionadh gur, Linn Neptune<strong>, <\/strong>a baisteadh ar an Linn iontach seo.  Thart anseo bh\u00ed col\u00fain \u00e1ille marmair, agus d\u00edon clasaiceach os a gcionn in airde, thall ansin, bh\u00ed l\u00edne eile col\u00fan agus balastr\u00e1id leagtha go heala\u00edonta, taitneamhach, os a gcionn.  Agus m\u00e9ada\u00edodh ar an ionadh, nuair a chuireamar san \u00e1ireamh, gur dealbha bunaidh iad na dealbha \u00e1ille sin uilig, at\u00e1 feistithe go p\u00e9acach timpeall na Linne.  Sea, mh\u2019anam, d\u00f3thain R\u00ed, n\u00f3 Impire, de Linn Snamha, a bh\u00ed le feice\u00e1il againn ansin, amuigh faoin aer, os comhair ceann de na Tithe Cuairteoir\u00ed amach, agus b\u2019\u00e9igean d\u00fainn seal a chaitheamh ansin, agus muid ag iarraidh roinnt \u00e9igin den \u00e1illeacht chlasaiceach, chorraitheach sin, a \u00f3l isteach, agus a st\u00f3r\u00e1il, \u00e1it eic\u00ednt i measc na gcuimhn\u00ed, a th\u00f3gfadh muid linn, i ndeireadh an lae seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed Caislean Hearst sroichte againn, i ndeireadh na d\u00e1la. Bh\u00ed na c\u00e9imeanna iomad\u00fala sin, a luaigh m\u00e9 cheana, curtha d\u00ednn againn, agus muid ansin i bpl\u00e1s deas leibh\u00e9alta, os comhair ceann de Thithe na gCuairteoir\u00ed amach, \u00e1it a raibh radharc f\u00edor-\u00e1lainn againn ar dh\u00faiche agus ar rainse Shan Simeon.  Tar \u00e9is d\u00fainn seal a chaitheamh ansin, ag breathn\u00fa ar an Neptune Pool, agus muid uilig faoi gheasa ag \u00e1illeacht chlasaiceach na timpeallachta agus na h\u00e1ite sin, t\u00f3gadh muid ansin, le spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar cheann de Thithe na gCuairteoir\u00ed.  Sna Tithe sin, a thug Hearst l\u00f3ist\u00edn, agus bheith istigh, d\u00e1 chuairteoir\u00ed agus da a\u00edonna iomad\u00fala, s\u00e9 sin le r\u00e1, d\u00f3ibh si\u00fad ar thug seisean cuireadh chun an Chaisle\u00e1in d\u00f3ibh, agus ag breathn\u00fa ar liosta na gcuairteoir\u00ed sin, b\u2019ionann is bheith ag breathn\u00fa ar liosta maithe agus m\u00f3ruaisle na linne sin \u00e9.  N\u00edl dabht ar domhan, ach go raibh cuma agus blas an airgid ar chuile sh\u00f3rt i dTithe \u00fad na gCuairteoir\u00ed.    \u201cEn Suite\u201d curtha ar f\u00e1il do chuile aoi acu, ach san \u201cEn Suite\u201d sin, n\u00ed raibh dabhach folctha curtha isteach aige i gceann ar bith acu, ina n-ionad, is amhlaidh a chuir s\u00e9 cithfholctha\u00ed isteach ina n-\u00e1it, rud a bheadh an-neamhchoitianta ar fad ag an am, agus d\u00e1 chruth\u00fa sin, b\u2019ioma\u00ed aoi a rinne a dh\u00edcheall, n\u00f3 a d\u00edcheall, folcadh a t\u00f3gail i gcupla orlach uisce!  Rud a thaitneodh go m\u00f3r le Hearst fh\u00e9in, n\u00f3 is cos\u00fail gur le bob a bhualadh ar a a\u00edoanna ardn\u00f3sacha a chuir s\u00e9 na cithfholctha\u00ed c\u00e9anna sin isteach, a ch\u00e9aduair.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chun tosaigh linn ar ball, chuig an \u201cCasa Grande\u201d fh\u00e9in, n\u00f3 an Teach M\u00f3r, s\u00e9 sin, an Caisle\u00e1n fh\u00e9in, b\u00edodh nach bhfuil cuma caisle\u00e1in air, in aon chor, n\u00f3 is cos\u00fala \u00e9, ar bhealach, le Misean Santa Barbara, n\u00e1 le caisle\u00e1n ar bith!  Is fi\u00fa tabhairt faoi deara anseo, go bhfuil 115 seomra sa Chaisle\u00e1n d\u00e9-th\u00farach \u00e1lainn sin.&nbsp;&nbsp;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is beag nach mbainfeadh an saibhreas \u00e1illeachta agus eala\u00edona at\u00e1 ar teaspaint don turas\u00f3ir os comhair an Chaisle\u00e1in Dra\u00edochta sin, an an\u00e1il d\u00edot.  T\u00e1 ansin, ceithre dhealbh de Sekbmet, bandia \u00c9igipteach an chogaidh, agus is fi\u00fa cupla n\u00f3imeat a chaithemh ag bbreathn\u00fa orthusan, n\u00f3 is iad na seoda is \u00e1rsa i gCaisle\u00e1n Hearst ar fad iad, n\u00f3 deirtear gur dealbha\u00edodh iad, idir na blianta 1350 agus 1220, Roimh Chr\u00edost!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> I do sheasamh ansin, sa Plaza os comhair an Chaisle\u00e1in, agus t\u00fa ag breathn\u00fa in airde ar ghr\u00e9as, agus ar dhearadh, an fhoirgnimh \u00e1lainn sin, thabharf\u00e1 faoi deara an c\u00faram cruinn ceart a deineadh den orn\u00e1id\u00edocht, agus den mhaisi\u00fa eala\u00edonta i leagan amach aghaidh an chaisle\u00e1in ch\u00e9anna sin.  Ar\u00eds, chuirfeadh \u00e1rsacht na ndealbha a bh\u00ed sa timpeall siar ar do chosa deiridh th\u00fa.  Ar ball, nuair a bh\u00ed muid s\u00e1sta go raibh cuid eic\u00ednt den \u00e1illeacht sin taiscithe againn i gc\u00f3fra\u00ed do-scriosta na cuimhne, threoraigh \u00e1r dtreoraithe isteach  sa \u201cCasa Grande\u201d fh\u00e9in sinn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00ed ag caint ar shaibhreas, ar \u00e1rsacht, ar \u00e1illeacht!  Bh\u00ed sin le tabhairt faoi deara i ngach coirn\u00e9al.  Bh\u00ed s\u00e9 os do chionn inairde, thart ar chuile thaobh d\u00edot, agus ar an url\u00e1r th\u00edos f\u00fat freisin.  I gc\u00e1s na n-url\u00e1r, bh\u00ed a mbun\u00fas cl\u00fadaithe le cairp\u00e9id, ruga\u00ed url\u00e1ir, agus mata\u00ed, a bail\u00edodh \u00f3 chuile choirn\u00e9al den domhan thiar agus den domhan thoir.  Ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9 i gc\u00e1s na s\u00edle\u00e1lacha os do chionn in airde, n\u00f3 bail\u00edodh cuid acu sin freisin \u00f3 Mhainisteacha agus \u00f3 Thithe M\u00f3ra, cuma c\u00e1 raibh siad suite, ach bheadh ort a admh\u00e1il go raibh \u00e1illeacht thar na bearta ag baint lena mbun\u00fas.  D\u00faradh linn, freisin, mura mbeadh ar chumas Hearst, s\u00edle\u00e1il \u00e1irithe a fh\u00e1il do sheomra d\u00e1 n-oiri\u00fanfeadh s\u00ed, ansin chuirfeadh s\u00e9 saineolaithe i mbun oibre, le c\u00f3ip cheart chruinn a dh\u00e9anamh de, n\u00f3 b\u2019in an cine\u00e1l duine \u00e9.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I gc\u00e1s na bhfalla\u00ed timpeall orainn, bhainfeadh a n-\u00e1illeacht an an\u00e1il d\u00edot, n\u00f3 ar fhalla anseo, bheadh t\u00edleanna \u00e1ille ildaite, a deineadh go speisialta don bhfalla \u00e1irithe sin, agus ansi\u00fad bheadh falla eile cl\u00fadaithe le t\u00edleanna a t\u00f3gadh isteach \u00f3n iasacht, toisc gur theasaigh a leith\u00e9id uathu, don ionad \u00e1irithe sin.  Ach ba \u00e9 an rud ba mh\u00f3 a chuaigh i gcionn orm fh\u00e9in, n\u00f3 m\u00e9id agus uimhir na dtaip\u00e9is\u00ed \u00e1ille, ildaite, eala\u00edonta, a bh\u00ed crochta ar fud an chaisle\u00e1in.  Cuma c\u00e1 raghf\u00e1, sa \u201cCasa Grande\u201d, bh\u00ed na falla\u00ed cl\u00fadaithe le taip\u00e9is\u00ed ollmh\u00f3ra de chuile chine\u00e1l, agus chuile cheann acu, geall leis, ina thaip\u00e9is bhunaidh,  Chuamar \u00f3 Halla go Halla sa Chaisle\u00e1n ollmh\u00f3r sin, agus de r\u00e9ir mar a chuamar \u00f3 cheann go ceann acu, b\u2019amhlaidh a mh\u00e9adaigh ar \u00e1r n-ionadh, n\u00f3 n\u00ed chreidfe\u00e1 go bhf\u00e9adfa\u00ed teacht ar an oiread sin de shaibhreas sa saol m\u00f3r ar fad, ach d\u2019\u00e9irigh le William Randolph Hearst teacht orthu!  N\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ra dhom a r\u00e1 gur \u00e9irigh leis iad a bhaili\u00fa, n\u00f3 a cheannacht, \u00f3 bhailitheoir\u00ed c\u00e1ili\u00fala i gcathracha m\u00f3ra Mheirice\u00e1, n\u00f3 i Londain Shasana freisin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tuigeadh do lucht d\u00edolta seandachta\u00ed, ar fud an domhain, go raibh an fear seo i Meirice\u00e1, ar bhailitheoir \u00e9igeantach \u00e9, agus n\u00ed h\u00e9 amh\u00e1in go gceanna\u00edodh s\u00e9 a dtaitn\u00edodh leis, ach cheanna\u00edodh s\u00e9 na seandachta\u00ed sin ar theist na mbailitheoir\u00ed c\u00e1ili\u00fala i Londain, i Nua Eabhrac, n\u00f3 i Los Angeles, n\u00f3 in aon ionad eile, a raibh ainm na scile sin amuigh orthu.  I nd\u00e1ir\u00edre, bh\u00ed na c\u00e9adta agus na c\u00e9adta earra\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id ceannaithe aige, sular t\u00f3gadh Caisle\u00e1n Hearst in aon chor, agus ba mhinic a Ailtire, Julia Morgan, ag cur ionaid faoi leith in \u00e1irithe do sheandachta\u00ed speisialta.  Nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa ar ch\u00farsa\u00ed ar an mbealach sin, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, gur t\u00f3gadh an Caisle\u00e1n uilig, sa chaoi go mbeadh d\u00e1nlann ag William Randolph Hearst, le bheith istigh oiri\u00fanach a chur ar f\u00e1il d\u00e1 sheandachta\u00ed \u00e1rsa, stairi\u00fala, \u00e1ille.   Nuair a chonaic m\u00e9 fh\u00e9in an m\u00e9id uaf\u00e1sach seoda, de chuile sh\u00f3rt, a bail\u00edodh \u00f3 shibhialtachta na cruinne, ba \u00e9 a rith liom i dtosach, n\u00f3 go mba rob\u00e1la\u00ed \u00e9 Hearst, a d\u2019\u00fas\u00e1id a chuid airgid, le saibhreas eala\u00edona d\u00e1 leith\u00e9id a bhaili\u00fa chuige, b\u00edodh gur fh\u00e1g s\u00e9 t\u00edortha eile i bhfad \u00c9ireann n\u00edos boichte, d\u00e1 bharr, agus go mba chos\u00fala le hionad folaigh fhoghlaithe mara \u00e9 an Caisle\u00e1n seo n\u00e1 le D\u00e1nlann d\u00e1ir\u00edreach<strong>.  <\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, nuair a bhreathna\u00edonn t\u00fa air \u00f3 thaobh eile, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, gur bhailigh s\u00e9 seandachta\u00ed agus earra\u00ed eala\u00edonta d\u00e1 leith\u00e9id chuige, le hIarsmalann daingean sabh\u00e1ilte a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh ansin ar Rainse Shan Simeon, sa chaoi go dtabharfa\u00ed c\u00faram ceart d\u00f3ibh, feasta, agus sa tsl\u00ed sin, go gcoinneofa\u00ed sl\u00e1n s\u00e1bh\u00e1ilte iad, do na gl\u00fanta a thiocfaidh in\u00e1r ndiaidh, n\u00f3 n\u00ed br\u00e9ag ar bith \u00e9 a r\u00e1, gur chuid d\u00edlis d\u2019oidhreacht an chine dhaonna iad.  Sa tsl\u00ed  sin, ghlac me leis, n\u00e1r r\u00e9abadh reilge, amach is amuigh, a bh\u00ed d\u00e9anta ag William Randolph Hearst, ach go mba chine\u00e1l caomhnn\u00f3ra \u00e9, a chuaigh amach ansin, agus a cheannaigh seoda dhaoine eile, lena chaisle\u00e1n fh\u00e9in a mhaisi\u00fa! Agus leis na seoda sin a chaomhn\u00fa, ag an am gc\u00e9anna.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach le filleadh ar sc\u00e9al Chaisle\u00e1n Hearst, agus ar na seoda iomad\u00fala a bail\u00edodh ansin as na ceithre hairde, agus mar a gcoinn\u00edtear iad anois, i nd\u00fan daingean na D\u00e1nlainne Idirnaisi\u00fanta sin, agus \u00e1it a dtagann thart ar mhilli\u00fan cuairteoir chuici, in aghaidh na bliana, le spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar an ollmhaitheas sin uilig. Rud a thugann an cuairteoir faoi deara, le linn a chuairte ar an gCaisle\u00e1n sin,  n\u00f3 an m\u00e9id ollmh\u00f3r d\u2019\u00e9id\u00ed eaglasta at\u00e1 crochta ar falla\u00ed, agus a \u00fas\u00e1idtear sa tsl\u00ed sin mar mhaisi\u00fach\u00e1in, ar fud an \u201cChasa Grande\u201d ar fad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed \u00e1iteacha, agus Hallai, sa Chaisle\u00e1n, a chuaigh i gcionn go m\u00f3r orainn uilig.  Bh\u00ed Halla ollmh\u00f3r ansin, an Leabharlann, ina dtagadh na ha\u00edonna le ch\u00e9ile, ar ch\u00faiseanna \u00e1irithe, agus \u00e9 lom l\u00e1n le seoda de chuile chine\u00e1l, \u00f3 sh\u00edle\u00e1il go cairp\u00e9id, \u00f3 throsc\u00e1n go taip\u00e9is\u00ed, agus \u00f3 dhealbha go picti\u00fair, ach thar aon rud eile, thabharf\u00e1 suntas do na Cuacha Gr\u00e9agacha, at\u00e1 socraithe go heala\u00edonta os cionn na leabhrag\u00e1n, agus iad teanntaithe leis an bhfalla ansin, ar chaoi nach nd\u00e9anfai dochar d\u00f3ibh, d\u00e1 dtarl\u00f3dh crith tal\u00fan, fi\u00fa.  I l\u00e1r an tseomra istigh, t\u00e1 bord ollmh\u00f3r, agus thart air, t\u00e1 cathaoireacha \u00e1ille, dea-dheartha, dea-dh\u00e9anta, ar a su\u00edodh maithe m\u00f3ra agus m\u00f3ruaisle an domhain mh\u00f3ir, mar a\u00edoanna Hearst, ag an am sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba mhinic a chaitheadh an t-\u00fain\u00e9ir an deireadh seachtaine th\u00edos ansin ar a Rainse, agus in \u00e9ineacht leis, bhail\u00edodh s\u00e9 slua daoine a bh\u00ed i mb\u00e9al an phobail, ag an am, agus \u00f3 tharla go mba iriseoir \u00e9 Hearst, thugadh sin deis faoi leith d\u00f3san, na daoine sin a chur faoi agallamh, i dtimpeallacht speisialta, agus in \u00e9ineacht leo sin, thugadh s\u00e9 cuireadh freisin, do dhaoine m\u00f3r le r\u00e1, a bhi ar chuairt sna St\u00e1it Aontaithe, ag an am, daoine cos\u00fail le Pr\u00edomh-Air\u00ed, R\u00edthe, Prionsa\u00ed, R\u00e9alta Scann\u00e1in, agus a leitheid\u00ed. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, bh\u00edodh a seomra\u00ed fh\u00e9in ag na ha\u00edonna sin i dTithe na gCuairteoir\u00ed, ach nuair a thagadh an tam le tr\u00e1th bia a chaitheamh, ghlaofa\u00ed ar na ha\u00edonna teacht go Seomra Bia an \u201cCasa Grande\u201d, d\u00edreach mar a ghlaofa\u00ed ar bhuachaill\u00ed b\u00f3 chuig an Chuck House, fad\u00f3, n\u00f3 b\u2019fhacthas do William Randolph i gc\u00f3na\u00ed go mba Rainse a bh\u00ed acu ag San Simeon.  \u00d3, sea, agus a leith\u00e9id de Bhialann!  Halla ollmh\u00f3r fairsing.  Bord caol fada s\u00edos l\u00e1r an tseomra ch\u00e9anna sin, agus crochta go hard ar na taobhfhalla\u00ed t\u00e1 sraith de bhratacha ildaite s\u00edoda.  Bratacha r\u00e1sa\u00edochta de chuid an ocht\u00fa haois d\u00e9ag at\u00e1 i gceist anseo, ach, \u00f3 tharla go bhfuil na bratacha c\u00e9anna sin caite go maith faoi seo, n\u00ed hiad na bratacha bunaidh at\u00e1 crochta ansin a thuilleadh, ach c\u00f3ipeanna dea-dh\u00e9anta at\u00e1 crochta ansin anois ina n-\u00e1it.  T\u00e1 sa Bhialann sin freisin, baili\u00fach\u00e1n de shoithigh airgid, leagtha amach anois, mar mhaisi\u00fach\u00e1in, fan taobh an Halla.  T\u00e1 ann freisin, coinleoir\u00ed airgid, maraon le taip\u00e9is\u00ed ildaite, eala\u00edonta, crochta ar na taobhfhalla\u00ed.  I gc\u00e1s an bhoird fhada fh\u00e9in, thabharf\u00e1 faoi deara, n\u00e1r bhord r\u00f3-leathan \u00e9, agus nach ndeachthas thar f\u00f3ir le cathaoireacha, n\u00f3 le feisteas boird ach oiread, mar rinne Hearst fh\u00e9in chuile dh\u00edcheall ar cheangal eic\u00ednt a choinne\u00e1il le saol an Rainse, sa Halla seo, ach go h\u00e1irithe.  Mar sin, bh\u00ed simpl\u00edocht n\u00e1d\u00fartha ag baint le leagan amach an bhoird agus na gcathaoireacha. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed rud eile ag baint leis an mBialann sin, i Raisne San Simeon, agus s\u00e9 sin, n\u00e1r tugadh aird ar bith ar st\u00e1das aon aoi, ag an mbord sin.  Cuma c\u00e9 acu R\u00ed n\u00f3 Pr\u00edomh-Aire; Aisteoir, n\u00f3 Iriseoir; a bh\u00ed i gceist, n\u00ed raibh aon \u00e1it faoi leith curtha in \u00e1irithe d\u00f3, n\u00f3 bh\u00ed chuile aoi ar aon leibh\u00e9al s\u00f3isialta ag bord William Randolph Hearst, ansin, i mBialann an \u201cCasa Grande\u201d.  Sea, agus le blas an Rainse a choinne\u00e1il glas, minic a sheasadh Hearst fh\u00e9in ag doras an \u201cCasa Grande\u201d, lena chlog, agus \u00e9 \u00e1 bhuaileadh aige, lena a\u00edonna a ghlaoch chun bia.  Bh\u00ed an Bialann sin ar cheann de na Halla\u00ed ba mh\u00f3 a chuaigh i gcionn orm fh\u00e9in, caithfidh m\u00e9 a r\u00e1.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thugamar cuairt freisin ar an bPicti\u00farlann \u00e1lainn, a bh\u00ed ag Hearst ina Chaisle\u00e1n, mar a l\u00e9ir\u00edt\u00ed scann\u00e1n, chuile thr\u00e1thn\u00f3na, geall leis, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh fonn i gc\u00f3na\u00ed ar Hearst, scann\u00e1in faoi Bhuachaill\u00ed B\u00f3 a chur ar teasp\u00e1int ansin.  Ar\u00eds bh\u00ed blas den chlasaiceacht ag baint le chuile sh\u00f3rt sa bPicti\u00farlann c\u00e9anna sin, agus f\u00e9ach mar a theasp\u00e1in Hearst a mheas ar a lucht oibre.  Bh\u00ed s\u00e9 mar riail acu, gan an scann\u00e1n a chur ar teasp\u00e1int, go dt\u00ed go mbeadh a gcuid oibre  cr\u00edochnaithe ag foireann na cistine, le deis a thabhairt d\u00f3ibhsean freastal ar an scann\u00e1n, ansin amh\u00e1in a chuirt\u00ed t\u00fas leis an scann\u00e1n.  Agus os ag tochrais ar an gceirtl\u00edn sin m\u00e9, n\u00ed raibh cead ag aoi ar bith a bheith drochbh\u00e9asach le cail\u00edn\u00ed, n\u00f3 le buachaill\u00ed, aimsire, ach d\u00e1 dtarl\u00f3dh a leith\u00e9id, ba don aoi a thugta\u00ed bata agus b\u00f3thar, ar an d\u00e1 luas!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Le cr\u00edoch a chur len\u00e1r gcuairt ar an \u201cCasa Grande\u201d fh\u00e9in, tugadh isteach sinn le spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar an Linn Sn\u00e1mha faoi dh\u00edon.  Ar\u00eds, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il gur bheag n\u00e1r thiteamar as \u00e1r seasamh, nuair a leagamar s\u00fail ar an Linn ch\u00e9anna sin.  N\u00ed raibh le feice\u00e1il timpeall ort ach chuile rud n\u00edos \u00e1ille n\u00e1 a ch\u00e9ile.  M\u00f3s\u00e1ic de ghloine leochaileach Ven\u00e9iseach, agus \u00f3r leathnaithe, a chl\u00fadaigh, idir sh\u00edle\u00e1il agus taobh-bhalla\u00ed, agus ar an url\u00e1r th\u00edos f\u00fat fi\u00fa, ba chine\u00e1l m\u00f3s\u00e1ice a bh\u00ed ansin freisin, ach go raibh t\u00edleanna beaga \u00f3ir measctha go fairsing tr\u00edd an m\u00f3s\u00e1ic ch\u00e9anna sin, agus \u00f3r dh\u00e1 charat agus fiche, a bh\u00ed ann, ad\u00faradh linn.  Sin gal\u00e1nta agat, a mhac! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar \u00e1r mbealach amach as an \u201cCasa Grande\u201d, chonaic muid an c\u00fairteanna lead\u00f3ige, mar a mb\u00edodh deis ag na ha\u00edonna, seal a chaitheamh ag imirt dreas lead\u00f3ige lena ch\u00e9ile.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar, bh\u00edomar tagtha go deireadh na cuairte ionta\u00ed sin ar Chaisle\u00e1n Hearst, agus tugadh amach sinn, go dt\u00ed an \u00e1it a raibh \u00e1r mbus ag fanacht, le sinn a iompar ar ais go dt\u00ed an tIonad F\u00e1iltithe ar\u00eds.  Ar \u00e1r sl\u00ed ar ais, m\u00edn\u00edodh d\u00fainn freisin, go mb\u00edodh S\u00fa speisialta, c\u00f3ngarach don Chaisle\u00e1n freisin, tr\u00e1th, agus sa tsl\u00ed sin, go mb\u00edodh deis ag na ha\u00edonna breathn\u00fa ar bheithigh allta, i su\u00edomh speisialta, a cuireadh ar f\u00e1il d\u00f3ibh ansin, ar shl\u00e9ibhte Santa Lucia.  Ach, ar ch\u00fais amh\u00e1in, n\u00f3 ar ch\u00fais eile, cuireadh deireadh leis an dtionscadal sin, luath go leor, i stair an Chaisle\u00e1in.  Nior th\u00f3g s\u00e9 an oiread sin ar fad ama \u00e1r mbealach ar ais go dt\u00ed an tIonad F\u00e1iltithe a dh\u00e9anamh ar bhus \u00fad an Chomhlachta, agus ba ghearr go raibh muid ag tuirlingt den bhus c\u00e9anna sin, agus muid ar \u00e1r mbealach isteach san Ionad F\u00e1iltithe sin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar thall, bh\u00edomar ar ais san Ionad F\u00e1iltithe th\u00edos ag bun an tsl\u00e9ibhe, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit, go raibh an-\u00e1thas orm fh\u00e9in, gur \u00e9irigh liom an turas sin a dh\u00e9anamh gan aon r\u00f3-str\u00f3.  Is d\u00f3cha gur ch\u00f3ir a lua anseo freisin, nach raibh d\u00e9anta againne ach an ch\u00e9ad thuras, de cheithre thuras ar fad, a th\u00f3gann s\u00e9, le radharc r\u00e9as\u00fanta ioml\u00e1n a fh\u00e1il ar an gCaisle\u00e1n ar fad, ach bh\u00edomarna l\u00e1n ts\u00e1sta leis an turas a rinneamar, agus lena raibh feicthe againn, n\u00f3 n\u00edor bheag n\u00f3 suarach an m\u00e9id \u00e9.  Ach anois, \u00f3 tharla go raibh muid ar ais san Ionad F\u00e1iltithe, bh\u00ed dh\u00e1 rud eile a d\u2019fh\u00e9adfadh muid a dh\u00e9anamh, s\u00e1ra nglanfadh muid, scun scan, as an \u00e1it.  Bh\u00ed socraithe againne, seal a chaitheamh ag breathn\u00fa ar scann\u00e1n, a bh\u00ed \u00e1 l\u00e9iri\u00fa acu san Ionad sin, scann\u00e1n a l\u00e9irigh stair an tionscadail dra\u00edochta, iontaigh, sin, Hearst Castle, \u00f3 th\u00fas deireadh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> N\u00ed raibh deacracht ar bith f\u00e1il isteach sa Phicti\u00farlann bhre\u00e1 a bh\u00ed acu ansin san Ionad.  Isteach linn.  Fuaireamar su\u00edoch\u00e1in in ionad s\u00e1s\u00fail, agus shu\u00edomar f\u00fainn, le taitneamh a bhaint as an se\u00f3.  Th\u00f3g s\u00e9 tamall orainn \u00e9ir\u00ed cleachtach ar an bpicti\u00far ollmh\u00f3r a bh\u00ed \u00e1 theilgeadh ar an sc\u00e1ile\u00e1n fairsing os \u00e1r gcomhair amach, ach diaidh ar ndiaidh, th\u00e1inig muid isteach air, agus n\u00ed raibh tada le d\u00e9anamh againn ansin ach lu\u00ed siar, agus sc\u00e9al an chaisle\u00e1in a lean\u00faint, ar an sc\u00e1ile\u00e1n dra\u00edochta sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thosaigh sc\u00e9al an Chaisle\u00e1in thiar ag an t\u00fas.  L\u00e9ir\u00edodh d\u00fainn faoi mar a d\u2019\u00e9irigh le George Hearst, athair William Randolph, a chuid airgid a dh\u00e9anamh as mianad\u00f3ireacht, agus ansin as ceannacht talaimh agus tithe, anseo agus ansi\u00fad, ar f\u00fad na St\u00e1t Aontaithe.  N\u00ed raibh ach an t-aon ph\u00e1iste amh\u00e1in aige fh\u00e9in agus ag a bhean, Phoebe Apperson Hearst.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba ph\u00e1iste seanchr\u00edonna \u00e9 Willie, d\u00e1r le Phoebe, ach go h\u00e1irithe, agus thug s\u00ed chuile dheis d\u00f3 suim sna heal\u00edona a mh\u00fascailt agus a choth\u00fa, nuair a thug s\u00ed ar \u201c<strong>Thuras M\u00f3r na hEorpa\u201d<\/strong> \u00e9, ar feadh bliain go leith.  I rith an ama sin, chonaic Willie Caisle\u00e1in dra\u00edochta, agus ArdEaglais\u00ed ollmh\u00f3ra, Ollscoileanna agus Foirgint\u00ed Poibl\u00ed, \u00f3 cheann ceann na hEorpa, agus chomh maith le sin, chonaic s\u00e9 na picti\u00fair, agus na dealbha, a bh\u00ed ar teasp\u00e1int, i nD\u00e1nlanna agus in Iarsmalanna, \u00f3 cheann ceann na M\u00f3r-roinne sin.  N\u00edl dabht ar domhan, ach gur mh\u00fascail an turas sin an d\u00fail do-mh\u00fachta a bh\u00ed aige i mbaili\u00fa seandachta\u00ed, agus i dt\u00f3g\u00e1il a Chaisle\u00e1in dra\u00edochta fh\u00e9in ar bharr binne, baili\u00fachan agus Caisle\u00e1n a tharraingeodh aird an domhain mh\u00f3ir air, mar shaineola\u00ed sna c\u00farsa\u00ed c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuaigh s\u00e9 go Col\u00e1iste Harvard, sa bhliain 1882.  D\u2019fheidhmigh s\u00e9 mar eaagarth\u00f3ir ar Iris ghreannmhar an Chol\u00e1iste, agus in \u00e9ineacht le sin, chuir s\u00e9 suim i ndr\u00e1ma\u00edocht agus i siamsa.  Faraoir! ni raibh an iomarca sp\u00e9ise aige i gc\u00farsa\u00ed l\u00e9inn, agus ar ball, iarradh air baili\u00fa leis as Harvard.  Ba ghearr gur thosaigh s\u00e9 ar shl\u00ed bheatha eile, a ghaibhni\u00fa d\u00f3 fh\u00e1in, san Iriseoireacht.  Agus \u00f3 tharla go raibh spar\u00e1n teann ag a athair, George, tar \u00e9is roinnt teipeanna, d\u2019\u00e9irigh leis dul i gcionn go m\u00f3r ar lucht nuacht\u00e1n a fhoilsi\u00fa sna St\u00e1it.  Nuair a bh\u00ed r\u00fan na gairme beatha sin tuigthe aige, leathnaigh s\u00e9 a impireacht \u00f3 cheann ceann Mheirice\u00e1, agus lean air ag ceannacht nuacht\u00e1in i ndiaidh nuacht\u00e1in, go dt\u00ed go raibh a ainm in airde ar fud an domhain ar fad.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is do George Hearst b\u00e1s d\u2019fh\u00e1il, lean a bhean, Phoebe, ag obair ar a d\u00edcheall, ag t\u00f3g\u00e1il foirgint\u00ed \u00e1ille, anseo is ansi\u00fad, agus duine de na hAiltir\u00ed ba ch\u00e1ili\u00fala, a bh\u00ed ag obair i gomhar lei, ab ea Julia Morgan.  Anois, i rith an ama seo go l\u00e9ir, b\u00edodh go raibh fort\u00fan d\u00e9anta ag William Randolph as a stuaim fh\u00e9in, n\u00edor bhuail spadhar na t\u00f3g\u00e1la \u00e9 go dt\u00ed go bhfuair a mh\u00e1thair, Phoebe, b\u00e1s, den bhfli\u00fa a lean an ch\u00e9ad chogadh domhanda, sa bhliain 1919, agus gur fh\u00e1g s\u00ed saibhreas ollmh\u00f3r ag a mac, Willie.  D\u2019fh\u00e1g s\u00ed Rainse San Simeon, maraon le baili\u00fach\u00e1n leabhar agus picti\u00far freisin, agus m\u00e1 chuireann t\u00fa le sin, gur fh\u00e1g s\u00ed thart ar aon mhilli\u00fan d\u00e9ag Dollar, in airgead tirim, le huacht aige, tuigfidh t\u00fa ansin m\u00e9id a shaibhris, an t-am sin, n\u00f3 bh\u00ed spar\u00e1n teann aige fh\u00e9in freisin, sular f\u00e1gadh pingin le huacht aige.  Anois, agus an t-airgead sin uilig faoina l\u00e1imh aige, d\u2019fhostaigh s\u00e9 Julia Morgan, ailtire a bh\u00edodh fostaithe go minic ag a mh\u00e1thair, le pleananna a chaisle\u00e1in, agus na dtithe cuairteoir\u00ed, a dhr\u00e9achtadh, agus ba sa tsl\u00ed sin, a thosaigh an comhoibri\u00fa idir an bheirt fhathach sin, Julia Morgan agus William Randolph Hearst, a d\u2019fh\u00e1gfadh an oidhreacht ollmh\u00f3r eala\u00edne, seandachta\u00ed s\u00e1r-luachmhara, agus Caisle\u00e1n dra\u00edochta as T\u00edr na n\u00d3g fh\u00e9in, mar uacht ag an gcine daonna ar fad.  N\u00ed call a r\u00e1, go raibh an bheirt acu tiomnaithe ar fad d\u00e1 ngn\u00f3 agus d\u00e1 ndualgas, fad is a bh\u00ed siad ag obair i gcomhar le ch\u00e9ile, ar an gCuesta Encantada sin, ar shl\u00e9ibhte Santa Lucia, ar Rainse San Simeon, i St\u00e1t Chalaf\u00f3irnia.  Bh\u00ed na f\u00edseanna uilig sin ag William, agus bh\u00ed na scileanna riachtanacha uilig ag Julia, leis na f\u00edseanna  sin a r\u00e9aladh, i ndomhan seo na fola is na feola.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00f3gadh an Caisle\u00e1n, gona 115 sheomra, ar cheithre hurl\u00e1r, agus tr\u00ed cinn de thithe do chuairteoir\u00ed, a t\u00f3gadh thart ar an gCasa Grande fh\u00e9in. D\u2019\u00e9irigh lei, dh\u00e1 Linn Sn\u00e1mha a th\u00f3g\u00e1il, ceann faoi dh\u00edon, agus ceann amuigh faoin aer, maraon le c\u00fairteanna lead\u00f3ige, teach gloine, sc\u00e1thl\u00e1in do na hainmhithe fi\u00e1ine, taiscumar, beairic\u00ed do na hoibrithe t\u00f3g\u00e1la, agus chomh maith leo sin ar fad, th\u00f3g s\u00ed c\u00faig st\u00f3ras, agus baile beag don slua daoine a bh\u00ed ar fhoireann San Simeon, ar bhonn seasta. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh s\u00e9 \u00e9asca, in aon chor, an t-\u00e1bhar riachtanach t\u00f3g\u00e1la, agus na seandachta\u00ed, maraon leis na hoibreacha eala\u00edne, a iompar \u00f3 San Simeon suas, i gcoinne an aird, go barr an Chnoic Dhra\u00edochta<strong>,<\/strong> agus gan aice, ag an am sin, ach  trucail\u00ed slabhracha, agus seisreacha capall, maroan le leoraithe troma, guagacha, agus nuair a chuirann t\u00fa le sin guagacht na haimsire, agus cuairteanna iomad\u00fala William Randolph fh\u00e9in, tuigfidh t\u00fa c\u00e9 chomh deacair is a bh\u00ed an gn\u00f3, a bh\u00ed t\u00f3gtha idir l\u00e1mha ag Julia s\u2019againne, mar de r\u00e9ir deallraimh, n\u00edorbh aon rib\u00edn r\u00e9idh \u00e9 an tUasal William Randolph fh\u00e9in, n\u00f3 babhta amh\u00e1in, n\u00ed bheadh s\u00e9 s\u00e1sta le seo, agus an ch\u00e9ad bhabhta eile, n\u00ed bheadh s\u00e9 s\u00e1sta le si\u00fad, agus n\u00ed chuirfeadh s\u00e9 aon str\u00f3 in aon chor air, a iarraidh ar Julia bhocht p\u00edosa \u00e1irithe den hfoirgneamh a leagan, agus \u00e9 a at\u00f3g\u00e1il ar\u00eds,<strong> <\/strong>ar bealach eile ar fad.  B\u2019in an cine\u00e1l duine a bh\u00ed ann, \u00e9 ag iarraidh a fh\u00eds a fh\u00edoradh an t-am ar fad, agus \u00e9 go minic m\u00edsh\u00e1sta lena n-iarrachta\u00ed \u00e9 sin a dh\u00e9anamh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00edomar ag caint, anois beag, ar an gcaoi a dtugadh William Randolph fh\u00e9in cuairt ar San Simeon, uaireannta nuair ba l\u00fa s\u00fail ag \u00e9inne leis, agus sa chaoi sin, tharla ar chuairt amh\u00e1in d\u00edobh sin, go ndeachaigh an aimsir chun donais ar fad, ar fad, agus ba bheag n\u00e1r pr\u00e9achadh \u00e9 fh\u00e9in agus p\u00e9 cuairteoir\u00ed a bh\u00ed in \u00e9indigh leis, ar aon chuma, l\u00e9ir\u00edonn a mh\u00edsh\u00e1stacht le c\u00farsa\u00ed, an tr\u00e1th sin, an chaoi ar theastaigh uaidh go mbeadh a chaisle\u00e1n, n\u00ed hamh\u00e1in \u00e1lainn, ach comp\u00f3rdach, sl\u00e1inti\u00fail, ag an am gc\u00e9anna.  F\u00e9ach mar a chuir s\u00e9 a mh\u00edsh\u00e1stacht in i\u00fal d\u00e1 ailtire&#8230;&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;margin-left:36pt\"><strong>We are leaving the hill.  We are drowned, blown and frozen out.  Before we build anything more let\u2019s make what we have built practical, comfortable and beautiful.  If we can\u2019t do that we might just as well change the names of the houses to Pneumonia House, Diphtheria House and Influenza Bungalow.  The main house we can call the Clinic<\/strong>.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic\">Sea, mh\u2019anam! N\u00edorbh aon rib\u00edn r\u00e9idh \u00e9 an tUasal William, n\u00f3 d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 go raibh faobhar ar a theanga a bhearrfadh duine!  Ach m\u00e1 sea fh\u00e9in, bh\u00ed bua na foighde ag a ailtire, n\u00f3 is cos\u00fail go raibh an scil ch\u00e9anna sin foghlamtha, agus foghlamtha go maith ag Miss Julia.  Breathnaigh freisin ar \u201cLinn Neptune\u201d, Th\u00f3g s\u00e9 dh\u00e1 bhliain d\u00e9ag  orthu an tionscnamh sin a chr\u00edochn\u00fa.  Thosaigh siad air sa bhliain 1924, n\u00ed raibh \u00f3n M\u00e1istir ach Linn bheag, agus gaird\u00edn deas picti\u00fartha timpeall uirthi, ach dh\u00e1 bhliain ina dhiaidh sin, nuair a bh\u00ed an gn\u00f3 sin curtha i gcr\u00edch, geall leis, d\u00fairt William Randolph gur theastaigh Linn i bhfad n\u00edos m\u00f3 uaidh, Linn a bhf\u00e9adfadh daoine sn\u00e1mh inti.  Chuaigh Miss Morgan chun oibre ar\u00eds, agus bh\u00ed an gn\u00f3 sin curtha i gcr\u00edch aice, sa mbliain 1927.  Bh\u00ed go maith, ach sa mbliain 1934, th\u00e1inig Hearst chuice ar\u00eds, agus an babhta seo, theastaigh uaidh go nd\u00e9anfa\u00ed an Linn a leathn\u00fa tuilleadh, le sl\u00ed a dh\u00e9anamh do Theampall Gr\u00e9agach, agus ionas go bhf\u00e9adfa\u00ed tuilleadh dealbha a shu\u00edomh timpeall na Linne.  Caithfidh gur chuir na hathruithe c\u00e9anna sin as go m\u00f3r don ailtire, ag an am, ach, nuair a bhreathna\u00edonn muidinne inniu ar an earra cr\u00edochnaithe, feictear d\u00fainn, gurbh fhi\u00fa an tairbhe an triobl\u00f3id uilig sin, n\u00f3 bheadh s\u00e9 deacair an \u201cNepture Pool\u201d a shamhl\u00fa ar bhealach ar bith eile, ach sa chaoi ina bhfuil s\u00ed anois.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic\">Sampla eile den chaoi a nd\u00e9anadh Hearst a intinn a athr\u00fa faoi phleananna an Chaisle\u00e1in, isea an chaoi ar chuir s\u00e9 iachall ar Julia, na T\u00fair a athr\u00fa, agus a mh\u00e9ad\u00fa, nuair n\u00e1r thaitin a gcuma leis, agus sin tar \u00e9is d\u00f3ibh a bheith t\u00f3gtha de r\u00e9ir an ch\u00e9ad phlean.  D\u00e1 mba ailtire eile a bheadh i mbun oibre ag Hearst, d\u00e9arfadh s\u00e9 leis dul ag feada\u00edl, agus an caisle\u00e1n a th\u00f3g\u00e1il \u00e9 fh\u00e9in, ach, de r\u00e9ir dealraimh, bh\u00ed Julia Morgan l\u00e1n ts\u00e1sta glacadh le treoracha a fost\u00f3ra, agus pleananna nua a dhr\u00e9achtadh d\u00f3, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, chuir s\u00ed sin uilig ar an mbille!  Bean ghn\u00f3 den scoth ab\u2019 ea Julia s\u2019againne!  Agus nuair a chuireann t\u00fa san \u00e1ireamh gur chuir Julia suas leis na c\u00e9apair sin, ar feadh seacht mbliana is fiche, tuigtear d\u00fainn, go mba charraig ar fhoighid \u00ed freisin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic\">Labhair m\u00e9 cheana faoi Hearst an bailitheoir.  Bh\u00ed s\u00e9 tugtha don bhaili\u00fa, faoi mar a bheadh meisceoir tugtha don \u00f3l.  N\u00ed raibh leigheas aige air, agus tr\u00e1th amh\u00e1in, bh\u00ed na c\u00faig st\u00f3rais, a bh\u00ed aige i San Simeon, ag cur thar maoil le seandachta\u00ed, agus le hoibreacha eala\u00edne, de chuile chine\u00e1l.  N\u00ed call a r\u00e1, gur bhain s\u00e9 \u00fas\u00e1id astu sin, lena Chaisle\u00e1n a mhaisi\u00fa, n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir go mbeadh s\u00e9 n\u00edos giorra don bhf\u00edrinne, d\u00e1 nd\u00e9arfainn gur bhain s\u00e9 \u00fas\u00e1id as an gCaisle\u00e1n, leis na seandachta\u00ed, agus leis na hoibreacha eala\u00edne, a chur ar teasp\u00e1int ann.  Agus nuair a bh\u00ed an Caisle\u00e1n lom l\u00e1n leo, bhain s\u00e9 \u00fas\u00e1id as na caisle\u00e1in eile, agus as na h\u00e1rais eile, a bh\u00ed aige, \u00f3 cheann ceann na cruinne, leis an bhfarrasbarr a chur ar teasp\u00e1int iontu si\u00fad, agus chomh maith le sin, thug s\u00e9 roinnt \u00e1irithe d\u00edobh do Hollywood, le h\u00fas\u00e1id a bhaint astu, mar \u00e1iseanna sna scann\u00e1in, agus tugadh tuilleadh f\u00f3s ar iasacht chuig d\u00e1nlanna \u00e1irithe.  Bh\u00ed a dh\u00fail sa mbaili\u00fa chomh m\u00f3r sin, nach bhf\u00e9adfadh s\u00e9 stopadh, agus sa tsl\u00ed sin, n\u00ed raibh \u00e1it aige don m\u00e9id a bhailigh s\u00e9 a chrochadh n\u00f3 a \u00fas\u00e1id.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic\">Labhair m\u00e9 cheana, faoin m\u00e9id cuairteiori a bh\u00edodh ag triall ar Hearst Castle, seachtain i ndiaidh seachtaine, n\u00f3 dhealr\u00f3dh s\u00e9, go mba dhuine an-chuideacht\u00fail \u00e9 Hearst, amach is amuigh, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, go mb\u00edodh \u201ccreme de la creme\u201d d\u2019uaisle na r\u00e9 sin, ar chuairt aige, b\u00edodh n\u00e1r aithn\u00edodh uaisleacht, n\u00f3 gradam, d\u00e1 laghad, n\u00f3 d\u00e1 mh\u00e9ad, i measc na gcuairteoir\u00ed c\u00e9anna sin.  B\u2019ionann \u00edseal agus uasal ag bord Hearst, ina Chaisle\u00e1n.  Ach breathnaigh ar chuid de na hainmneacha at\u00e1 le f\u00e1il f\u00f3s ar liosta\u00ed na gccuairteoir\u00ed sin, agus tuigfidh t\u00fa cad chuige a bhfuilim.  Ar na liosta\u00ed sin l\u00e9itear ainmneacha ar n\u00f3s&#8230;&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;margin-left:36pt\"><strong>Charles Lindberg, the Duke and Duchess of Windsor, Calvin and Grace Coolidge, Winston Churchill, Charles Chaplin, James Stewart, <\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic\">agus tuilleadh d\u00e1 leith\u00e9id.  Mura raibh cuireadh \u00f3 Hearst agat, an tr\u00e1th \u00fad, n\u00ed raibh seans d\u00e1 laghad agat spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar Chaisle\u00e1n Hearst, n\u00f3 ar a thimpeallacht, n\u00f3 bh\u00edodar i bhfad \u00f3n mBealach M\u00f3r, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, ba le Hearst an ceathr\u00fa milli\u00fan acra sin, a bh\u00ed thart ar an gCaisle\u00e1n c\u00e9anna sin, agus choinn\u00edodh s\u00e9 sin p\u00edosa maith amach \u00f3 San Simeon, agus \u00f3n gCnoc Dra\u00edochta, th\u00fa. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic\">Sa bhliain 1937, agus an domhan m\u00f3r fr\u00ed ch\u00e9ile, agus ag sleamhn\u00fa leis i dtreo a bhasctha, tharla go raibh Hearst fh\u00e9in i dtriobl\u00f3id, n\u00f3 d\u00e1 shaibhre \u00e9, tamall roimhe sin, bh\u00ed a chorpor\u00e1id $126 mhilli\u00fan i bhfiacha.  B\u2019\u00e9igean don bhfear m\u00f3r gearradh siar go m\u00f3r, ar a chuid tionscadal, ar an gCnoc Dra\u00edochta,  ach faoim mbliain 1945, nuair a bh\u00ed an Dara Cogadh Domhanda thart, thosaigh s\u00e9 ar\u00eds, ar roinnt \u00e1irithe a dh\u00e9anamh ag San Simeon.  Sa bhliain 1947, d\u2019fh\u00e1g William Randolph Hearst a Chaisle\u00e1n don uair dheiridh, n\u00f3 bh\u00ed ag teip ar a shl\u00e1inte. Bh\u00e1saigh s\u00e9, sa bhliain 1951, agus ansin, tar \u00e9is a bh\u00e1is, cuireadh l\u00e1n stad leis an dt\u00f3g\u00e1il ar an gCuesta Encantada, agus b\u00edodh go raibh an oiread sin curtha i gcr\u00edch ag Hearst agus ag Morgan, faoin am sin, bh\u00ed tuilleadh maith f\u00f3s, a f\u00e1gadh gan chr\u00edochn\u00fa, ag an bpointe sin.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic\">Faoin mbliain 1957, bhronn Corpor\u00e1id Hearst an Caisle\u00e1n, agus tailte iomad\u00fala timpeall an Chaisle\u00e1in, ar St\u00e1t Chalaf\u00f3irnia, ionas go nd\u00e9anfadh siadsan c\u00faram d\u00edobh feasta.  N\u00edor f\u00e1gadh clann Hearst ar an mbl\u00e1r folaimh \u00e1fach, n\u00f3 f\u00e1gadh cuid den East\u00e1t, arbh fhi\u00fa thart ar $220 milli\u00fan, acusan, i bhfoirm iontaobhais. F\u00e1gadh an rainse ollmh\u00f3r sin acusan, agus oibr\u00edtear na tailte sin, mar rainse, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  D\u2019oscail an St\u00e1t Caisle\u00e1n San Simeon don phobal, sa bhlain 1958, agus ar ball, t\u00f3gadh Ionad F\u00e1iltithe, agus Iarsmalann, ar an talamh r\u00e9idh ag bun na gcnoc, c\u00faig mh\u00edle \u00f3n gCaisle\u00e1n, le freastal ar na m\u00edlte, agus na m\u00edlte, ar theastaigbh uathu cuairt a thabhairt ar an gCaisle\u00e1n is c\u00e1ili\u00fala ar domhan, agus sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, d\u00e9anann siad freastal ar thart ar mhilli\u00fan cuairteoir in aghaidh na bliana, a thagann ar oilithreacht chun an Chaisle\u00e1in.  N\u00ed call a r\u00e1, gur fhostaigh siad na c\u00e9adta saineolaithe le c\u00faram a dh\u00e9anamh don bhfoirgneamh agus d\u00e1 bhfuil de sheoda luachmhara carnaithe istigh ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic\">N\u00ed dh\u00e9anfaidh muidinne dearmad go luath, ar an l\u00e1 iontach sin, a chaith muid ar chuairt i gCaisle\u00e1n San Simeon, ar shl\u00e9ibhte Santa Lucia.  Ba l\u00e1 d\u00e1r saol \u00e9.  T\u00e1 s\u00fail agam, gur bhain t\u00fa taitneamh as bheith in \u00e9indigh liom, fan an bhealaigh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-style:italic\">*************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-style:italic\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><em>*************<\/em>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;margin-left:36pt\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>C u a i r t a r H e a r s t C a s t l e . ********************** Ar an mb\u00f3thar go Pismo Beach. Tar \u00e9is d\u00fainn \u00e1r gcuairt ar Mission La Purisima, gar do Lompoc, a chr\u00edochn\u00fa, thugamar an b\u00f3thar \u00f3 thuaidh orainn fh\u00e9in, n\u00f3 bh\u00ed socraithe againn Pismo Beach, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12077","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12077","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12077"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12077\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12078,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12077\/revisions\/12078"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12077"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12077"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12077"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}