{"id":12081,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12081"},"modified":"2024-04-08T01:16:33","modified_gmt":"2024-04-08T01:16:33","slug":"ar-ndaonlathas-i-mbaol","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/ar-ndaonlathas-i-mbaol\/","title":{"rendered":"\u00c1r ndaonlathas i mBaol"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">\u00c1r nDaonlathas i mBaol?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">N\u00ed raibh saol an mhada bh\u00e1in ag an bpobal s\u2019againne \u00f3 d\u2019fh\u00e1g s\u00e9athl\u00fa an T\u00edogair Cheiltigh san fhaopach sinn. Roimhe sin, \u00e1fach, bh\u00ed an l\u00e1 faoin dtor ag roinnt \u00e1irithe d\u00e1r ndaoine, n\u00f3 bh\u00ed spar\u00e1n an n\u00e1isi\u00fain, spar\u00e1n a bh\u00ed teann go leor le roinnt mhaith acu a ard\u00fa ar dhroim na muice. I rith na tr\u00e9imhse sin \u00e1fach, n\u00ed raibh m\u00f3r\u00e1n daoine anseo ag iarraidh f\u00eds fhadt\u00e9armach an n\u00e1isi\u00fain seo a scr\u00fad\u00fa, n\u00f3 an r\u00f3d seo romhainn a aimsi\u00fa, n\u00f3 a lorg, fi\u00fa. Tuige a\u2019 nd\u00e9anfadh, n\u00f3 nach raibh a nd\u00f3thain mh\u00f3r acu le saol sona s\u00e1sta a chur in \u00e1irithe d\u00f3ibh, fad a mhairfid\u00eds? T\u00e1 s\u00e9 f\u00edor n\u00e1r scr\u00fadaigh siad go r\u00f3-chruinn buaine a maoine, n\u00f3 seasmhacht a saibhris, n\u00f3 bealach a leasa, fi\u00fa. Leor don l\u00e1 a fhadhbeanna fh\u00e9in! Nach raibh \u00e1r bPoblacht neamhsple\u00e1ch fh\u00e9in againn, sea, \u00e1r bpoblacht daonlathach fh\u00e9in, a baineadh amach tr\u00ed chruatan, tr\u00ed anr\u00f3, tr\u00ed fhuil, agus tr\u00ed dh\u00fathracht d\u00edograiseach, diongmh\u00e1lta, \u00e1r ndaoine fh\u00e9in.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Democracy undermined<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">I rith an ama sin go l\u00e9ir \u00e1fach, bh\u00ed cruimheanna an leithleachais, agus na sainte, ag \u00eddi\u00fa shubstaint a bhf\u00edse, agus br\u00ed a ndaonlathais, i  ngan fhios d\u00f3ibh, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1. N\u00ed inn\u00e9 n\u00f3 inniu a thosaigh an claonadh in\u00e1r measc gan aon r\u00f3-aird a thabhairt ar ghlaine, n\u00f3 ar shainghn\u00e9ithe, an daonlathais fh\u00e9in. Bh\u00ed laig\u00ed in \u00e1r gc\u00f3ras toghch\u00e1na\u00edochta, n\u00f3 n\u00edorbh iad an chosmhuintir fh\u00e9in a roghnaigh a n-iarrth\u00f3ir\u00ed do na toghch\u00e1in sin, chuile bhabhta. N\u00edorbh iad, n\u00f3 n\u00e1rbh iad ceannair\u00ed na gcumann, agus na bp\u00e1irtithe polait\u00edochta, a rinne an gn\u00f3 t\u00e1bhachtach sin, thar a gceann? N\u00edor chuir sin isteach go r\u00f3-mh\u00f3r ar an gc\u00f3ras, chomh fada is a bh\u00ed Rialtais aon-ph\u00e1irt\u00ed againn, ach ansin, nuair a theip ar aon ph\u00e1irt\u00ed acu Rialtas a chumadh as a n-ionada\u00edocht fh\u00e9in, b\u2019\u00e9igean d\u00f3ibh smaoineamh ar Chomh-Rialtas a ghaibhni\u00fa as a bp\u00e1irt\u00ed fh\u00e9in, i gcomhar le p\u00e1irt\u00ed, n\u00f3 le p\u00e1irtithe eile, agus chuige sin, b\u2019\u00e9igean d\u00f3ibh dul i mbun na marg\u00e1nta\u00edochta le p\u00e1irt\u00ed, n\u00f3 le p\u00e1irtithe eile. Sin, n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir go mbeid\u00eds s\u00e1sta bheith ag braith ar roinnt \u00e1irithe Neamhsple\u00e1ch, le m\u00f3ramh a thabhairt d\u00f3ibh sa D\u00e1il. Go bun\u00fasach, n\u00ed bheadh locht ar bith ar shocr\u00fa d\u00e1 leith\u00e9id, ach nuair a bh\u00ed g\u00e1 le marg\u00e1nta\u00edoch, le sin a dh\u00e9anamh, bhuel, b\u2019in sc\u00e9al eile ar fad. Anois, n\u00ed inn\u00e9 n\u00e1 inniu a tosa\u00edodh ar an gc\u00e9apar c\u00e9anna sin, n\u00f3 nach bhfuil cuimhne againn uilig ar ainmneacha ar n\u00f3s Jim Kemmy, agus a leith\u00e9id, ach cuireadh crot nua ar fad ar ch\u00farsa\u00ed nuair a rinne Charles Haughey margadh le Tony Gregory, ar choinn\u00edoll go dtabharfadh seisean taca\u00edocht don Rialtas, i v\u00f3ta\u00ed sa D\u00e1il. Sa ch\u00e1s sin, b\u2019\u00e9igean do Chathal geall\u00faint a thabhairt do Tony go dtabharfa\u00ed bunt\u00e1ist\u00ed \u00e1irithe do mhuintir a dh\u00e1ilcheantair seisean, mar \u00edoca\u00edocht as an taca\u00edocht ch\u00e9anna sin.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Duties of a T.D.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Anois, t\u00e1\u2019s ag an saol, gurbh \u00e9 dualgas an Teachta D\u00e1la freastal ar mhuintir an cheantair sin a thoigh \u00e9, tr\u00edna gc\u00e1s a thabhairt, agus a chur, os comhair na D\u00e1la, agus ansin, d\u00e1 dtuigf\u00ed don D\u00e1il go raibh bunt\u00e1iste ar bith dlite d\u00f3ibh, thabharfadh siad sin d\u00f3ibh, ach n\u00e1r sc\u00e9al eile ar fad \u00e9, nuair a dh\u00e9anfadh an Teachta margadh leis an dTaoiseach an bunt\u00e1iste sin a thabhairt d\u00f3ibh, beag beann ar thuairim\u00ed na D\u00e1la, suite i bParlaimint, agus iad ag feidhmi\u00fa ar mhaithe leis an dt\u00edr uilig. Tugann socr\u00fa d\u00e1 leith\u00e9id an iomarca cumhachta ar fad do Theachta aonair amh\u00e1in, cumhacht nach bhfuil tuillte aige, n\u00f3 dlite d\u00f3, agus cumhacht a thagann salach ar phrionsabail an daonlathais, agus ar Chothrom na F\u00e9inne freisin. N\u00e1r ch\u00f3ir d\u00fainn glacadh leis mar phrionsabal, n\u00e1r cheart ligint do ph\u00e1irt\u00ed ar bith nach mbeadh, ar a laghad, seacht dTeachta acu, bheith p\u00e1irteach i marg\u00e1nta\u00edocht le Rialtas nua a bhun\u00fa, agus i gc\u00e1s na marg\u00e1nta\u00edochta c\u00e9anna sin, n\u00edor cheart go mbeadh acu sa Rialtas sin ach ionada\u00edocht, agus cumhacht, bunaithe ar a neart. Chomh maith le sin, n\u00edor ch\u00f3ir go mbeadh cead ag Teachta Neamhsple\u00e1ch ar bith bheith p\u00e1irteach i mbun\u00fa, n\u00f3 in eagr\u00fa Rialtais ar bith. Go bun\u00fasach, nach dt\u00e9ann siad os comhair an phobail mar Neamhsple\u00e1igh, agus n\u00e1r ch\u00f3ir go gcrosfadh sin orthu bheith p\u00e1irteach i Rialtas ar bith. Cead acu v\u00f3t\u00e1il ar son an Rialtais, n\u00f3 ina choinne, de r\u00e9ir mar a thogr\u00f3dh siad, ach n\u00edor ch\u00f3ir go dtoileodh Taoiseach ar bith margadh d\u00e9thaobhach a dh\u00e9anamh leo. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Independent !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Le ciall an leagan amach sin a fheice\u00e1il, n\u00edl le d\u00e9anamh againn ach breathn\u00fa ar ch\u00farsa\u00ed faoi mar a bh\u00ed i Rialtas an lae inniu, n\u00f3 t\u00e1 an Rialtas sin ag brath ar thaca\u00edocht roinnt bheag Neamhsple\u00e1ch, Neamhsple\u00e1igh a bhfuil margadh maith d\u00e9anta acu, ar mhaithe lena nD\u00e1ilcheantar fh\u00e9in, n\u00f3 t\u00e1 d\u00edlseacht v\u00f3t\u00e1la na dTeachta\u00ed sin ag brath ar choinn\u00edollacha \u00e1irithe, coinn\u00edollacha a gheallfhadh Ospid\u00e9al anseo, Cuarbh\u00f3thar ansi\u00fad, Sc\u00e9im d\u00edogaithe san \u00e1it \u00fad eile, agus mar sin de.                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                 N\u00edl dabht ar bith ann ach go gcreimeann, go loiteann, agus go milleann, socruithe d\u00e1 leith\u00e9id foins\u00ed bun\u00fasacha \u00e1r nDaonlathais. Anois an t-am le f\u00e9achaint chuige, go mbeadh chuile dheis ag \u00e1r muintir, s\u00fail ghrinn, bhreithi\u00fanach, a chaitheamh ar an gc\u00f3ras daonlathach, a mbaintear \u00fas\u00e1id as i dtoghadh, agus i roghn\u00fa, \u00e1r Rialtais\u00ed. An bhfuil ceart againn chuige sin? B\u00ed cinnte go bhfuil! n\u00f3 geallann an Bunreacht chuile cheart don phobal. Nach bhfuil s\u00e9 thar am againn f\u00e9achaint chuige, go nd\u00e9anann \u00e1r gc\u00f3ras freastal ar \u00e1r riachtanais, sa todhcha\u00ed.      <\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad \u00c1r nDaonlathas i mBaol? N\u00ed raibh saol an mhada bh\u00e1in ag an bpobal s\u2019againne \u00f3 d\u2019fh\u00e1g s\u00e9athl\u00fa an T\u00edogair Cheiltigh san fhaopach sinn. Roimhe sin, \u00e1fach, bh\u00ed an l\u00e1 faoin dtor ag roinnt \u00e1irithe d\u00e1r ndaoine, n\u00f3 bh\u00ed spar\u00e1n an n\u00e1isi\u00fain, spar\u00e1n a bh\u00ed teann go leor le roinnt [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12081","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12081","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12081"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12081\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12082,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12081\/revisions\/12082"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12081"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12081"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12081"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}