{"id":12103,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12103"},"modified":"2024-04-08T01:26:35","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:35","slug":"b-h-u-r-g-c-e-a-d-f-a-i-l-t-e-i-s-t-e-a-c-h","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/b-h-u-r-g-c-e-a-d-f-a-i-l-t-e-i-s-t-e-a-c-h\/","title":{"rendered":"B h u r   g c e a d     F a i l t e     i s t e a c h"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">\u201c B h u r   g C \u00e9 a d     F \u00e1 i l t e     I s t e a c h \u201d  ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*****************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\"><em>(<\/em><\/span><em>Tharla gur scr\u00edobh m\u00e9 an l\u00e9irmheas seo, tamall \u00f3 shoin, agus bh\u00ed s\u00e9 coinnithe ar leataobh agam do l\u00e1 na coise tinne, mar ad\u00e9arf\u00e1, ach ansin, chualamar uilig an sc\u00e9al faoi na teifigh \u00f3n Aifric a b\u00e1dh, ar mbealach d\u00f3ibh \u00f3 ch\u00f3sta na hAifrice, go dt\u00ed an Iod\u00e1il, agus tuigeadh dom ansin, go raibh an t-am tagtha, leis an bp\u00edosa seo a chur i mB\u00e9al an Phobail, toisc gur bhain se go d\u00edreach leis an \u00e1bhar sin.  Mar sin, seo chugaibh \u00e9&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..)<\/em><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">******************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>W e l c o m e    t o    P a r a d i s e<\/strong> &#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;(Aistrithe go B\u00e9arla)&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;2003.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">le<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>M a h i    B i n e b i n e<\/strong> &#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.\u20ac12.99.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">******************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rugadh an t-\u00fadar, <strong>Mahi Binebine<\/strong>, i Marakesh sa bhliain 1959, agus tar \u00e9is d\u00f3 seal a chaitheamh ag staid\u00e9ar i bP\u00e1ras na Fraince, chuaigh s\u00e9 le m\u00fainteoireacht.  Bhain s\u00e9 c\u00e1il amach d\u00f3 fh\u00e9in, mar ph\u00e9int\u00e9ir, agus ansin mar \u00farsc\u00e9ala\u00ed, agus ba ansin a thr\u00e9ig s\u00e9 an mh\u00fainteoireacht, agus chuaigh go l\u00e1naimseartha leis an scr\u00edbhneoireacht.  Chaith seal i Nua Eabhrac, idir 1994 agus 1998.  Faoi l\u00e1thair, t\u00e1 c\u00f3na\u00ed air i Marakesh, mar ar rugadh \u00e9, ceithre bliana is dh\u00e1 sc\u00f3r \u00f3 shoin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00ed, <strong>Lulu Norman,<\/strong> a rinne an leabhar a aistri\u00fa go B\u00e9arla, bean a bhfuil c\u00e1il bainte amach aice mar aistritheoir \u00f3n Sp\u00e1innis agus \u00f3n bhFraincis freisin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Don t\u00e9 a chuireann sp\u00e9is i ndream at\u00e1 go m\u00f3r i mb\u00e9al an phobail, na laethe seo, idir dh\u00eddeanaithe agus inimircigh, a thagann thar teorainn isteach chugainn, ar ais, n\u00f3 ar eigean, ar th\u00f3ir Th\u00edr na n-\u00d3g, anseo in \u00e1r meascna, ba mhaith ab fhi\u00fa d\u00f3 an leabhar seo a l\u00e9amh, n\u00f3 sin \u00e9 d\u00edreach an t-\u00e1bhar ar a nd\u00edr\u00edonn an t-\u00fadar seo t\u00f3irse a scile mar \u00farsc\u00e9ala\u00ed, san \u00farsc\u00e9al corraitheach, cro\u00edbhristeach, seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is \u00e9 <strong>Aziz<\/strong>, Maracach, an sc\u00e9ala\u00ed, agus is tr\u00edna sh\u00faile-sean a fheiceann muid gn\u00edomha\u00edocht agus eachtra\u00ed an sc\u00e9il seo, sea, agus is tr\u00edna a sh\u00faile-sean freisin, a fheiceann muid na carachtair eile, a ghlacann p\u00e1irt sa sc\u00e9al.  In \u00e9ineacht leis an sc\u00e9ala\u00ed t\u00e1 a chol ceathrar<strong>, Reda<\/strong>, Maracach eile, agus n\u00edl \u00f3n mbeirt Mharacach sin ach f\u00e1il isteach i bparrthas na hEorpa, n\u00f3 c\u00e9 nach bhfuil s\u00e9 \u00e9asca, ar aon tsaghas cuma, f\u00e1il isteach sa limist\u00e9ar sin, tuigtear d\u00f3ibh, ag an am gc\u00e9anna, gurbh fhi\u00fa an tairbhe an triobl\u00f3id, d\u00e1 mbeadh s\u00e9 d\u2019\u00e1dh orthu f\u00e1il isteach inti.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 carachtair eile sa sc\u00e9al freisin aige, carachtair ar n\u00f3s <strong>Kacem Judi<\/strong>, a th\u00e1inig tr\u00ed chogadh na hAilg\u00e9ire, <strong>Nuara,<\/strong> <strong>agus a na\u00edon\u00e1n nuabheirthe<\/strong>, at\u00e1 ag iarraidh teacht suas lena c\u00e9ile fir, ar \u00e9irigh leis f\u00e1il isteach sa bhFrainc, m\u00edonna roimhe sin, ach n\u00e1r scr\u00edobh chuici, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id.  T\u00e1 freisin, <strong>Paladnam agus Varc\u00e9<\/strong>, ar \u00e9irigh leo beirt, an turas cont\u00fairteach \u00f3 Mhali a dh\u00e9anamh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 na carachtair seo uilig, bailithe le ch\u00e9ile ar ch\u00f3sta Mharac\u00f3 agus iad ag feitheamh go foidhneach le deis a fh\u00e1il dul trasna na Me\u00e1nmhara, go c\u00f3sta na Sp\u00e1inne, ar a mbealach isteach i nd\u00fan\u00e1rus na hEorpa, \u00e1it a gcuirf\u00ed saol an mhada bh\u00e1in ar f\u00e1il d\u00f3ibh, d\u00e1r leo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Conas a tharla go bhfuilid uilig tagtha ar aon fh\u00f3d anseo, an ea?  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, \u00f3 tharla gur daoine iad, nach bhfuil in aon ghar do bheith s\u00e1sta leis an gcine\u00e1l saoil at\u00e1 acu, faoi l\u00e1thair, agus tar \u00e9is d\u00f3ibh sc\u00e9alta, agus r\u00e1fla\u00ed iomad\u00fala a chlos, faoi na beala\u00ed \u00e9ags\u00fala at\u00e1 ann, le f\u00e1il isteach san Eoraip, rinneadar a sl\u00ed, ina nduine is ina nduine, n\u00f3 ina mbeirteanna, fi\u00fa, go dt\u00ed sa deireadh thiar, shroich siad <strong>Caf\u00e9 France, <\/strong>i gcathair Tangier, \u00e1it ar bhuail siad le <strong>Morad<\/strong>, fear a rinne a bhealach isteach san Eoraip roinnt babhta\u00ed, ach ar cuireadh an ruaig as an Eoraip air, i ndeireadh na d\u00e1la, agus fear freisin, a thuig anois, nach raibh s\u00e9 s\u00e1bh\u00e1ilte d\u00f3 fh\u00e9in tabhairt faoi ar\u00eds, ach thuig s\u00e9, go bhf\u00e9adfadh s\u00e9 airgead a dh\u00e9anamh, as an m\u00e9id eolais a bh\u00ed bailithe aige, faoi na slite ab fhearr, le teacht aniar aduaidh ar gharda\u00ed c\u00f3sta, agus ar na hoifigigh eile, a raibh s\u00e9 de chusp\u00f3ir acu, stop a chur leis na teifigh seo uilig.  D\u00e1 thoradh sin, bh\u00ed ar a chumas, margadh a dh\u00e9anamh le b\u00e1d\u00f3ir\u00ed, agus le hiascair\u00ed, a bheadh s\u00e1sta dul sa tseans, sa tr\u00e1d\u00e1il mh\u00eddhleathach seo, agus ag an am gc\u00e9anna, ar phraghas \u00e1irithe, a chuirfeadh \u00e1it ar na b\u00e1id sin in \u00e1irithe, d\u00f3ibh si\u00fad, a bh\u00ed s\u00e1sta an t\u00e1ille chu\u00ed a \u00edoc leis-sean.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, bh\u00ed an margadh d\u00e9anta ag <strong>Morad<\/strong> le b\u00e1d \u00e1irithe, agus bh\u00ed an t\u00e1ille chu\u00ed ioctha ag an dream \u00e1irithe, a luaigh m\u00e9 thuas, agus n\u00ed raibh le d\u00e9anamah acu anois, ach fanacht ansin, ar imeall na farraige, ag fanacht ar a bhfaill.  Bh\u00ed ina measc, gn\u00edomhaire, n\u00f3 trafficker, <strong>fear ionaid Mhorad<\/strong>, agus b\u2019eisean a dh\u00e9anfadh treoir d\u00f3ibh, ar an mbealach trasna na Me\u00e1nmhara.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed an o\u00edche sin fuar. Bh\u00ed gaineamh biorach \u00e1 gcealgadh, agus c\u00e1thadh farraige \u00e1 bhfliuchadh, agus iad cuachta ansin ar imeall na tr\u00e1, ag fanacht go dtabharfadh an gn\u00edomhaire sin an leid d\u00f3ibh, go raibh s\u00e9 in am bogadh. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Reda\u2019s teeth set to chattering again.  His complexion turned green, making me dread another explosion from the gut area.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">The sea spray and the sand kept up their attack, whipping our faces at regular intervals.  The rock that sheltered us wasn\u2019t very high; I didn\u2019t see why we couldn\u2019t have picked another one.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">San idirlinn, baineann an t-\u00fadar \u00fas\u00e1id as an am sin, le sc\u00e9al na dteifeach \u00e9ags\u00fala a r\u00edomh d\u00fainn, agus b\u00ed cinnte, go bhfuil sc\u00e9al, agus sc\u00e9al suimi\u00fail, achrannach, cr\u00e1ite, le r\u00edomh faoi chuile dhuine acu. N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh an fear inste sc\u00e9il, ag iarraidh aire a thabhairt d\u00e1 chol ceathrar, <strong>Reda,<\/strong> n\u00f3 n\u00ed raibh an Reda c\u00e9anna sin chomh miotalach le hAziz fh\u00e9in.  Ach bh\u00ed siad uilig sa mb\u00e1d c\u00e9anna, mar a\u00e9arf\u00e1, iad ag fanacht ansin, go dtabharfadh an gn\u00edomhaire gaoth an fhocail d\u00f3ibh, go raibh an t-am tagtha, lena seolta a ard\u00fa, agus an fharraige a thabhairt orthu fh\u00e9in.  B\u2019fhada an o\u00edche acu \u00e9, agus iad fuar, feannta ocrach..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">A salty gust of wind shook us.  Reda woke with a start.  I put my hand on his head and told him to go back to sleep.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">He looked up and said, \u2018I\u2019m hurgry.\u2019<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u2018Me too,\u2019 I replied.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u2018I\u2019m cold\u2019<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u2018Go back to sleep then!  It\u2019s the best way to escape.\u2019<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, b\u2019fhada leo uilig an o\u00edche chinni\u00fanach sin.  Thosaigh an leanbh ag caoineadh go g\u00e9ar, d\u00f3ite, rud a scanraigh agus a chiap chuile dhuine acu.  Ar deireadh, chuireadar an bhean, <strong>Nuara<\/strong> agus a leanbh, isteach faoi bh\u00e1d, a bh\u00ed in aice l\u00e1imhe, agus fuair siad beirt faoiseamh \u00f3n n\u00f3im\u00e9ad sin amach, agus n\u00ed call a r\u00e1, go bhfuair an uile dhuine, den chomhluadar ait sin, faoiseamh freisin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Le fad a bhfeithimh a cur ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn, caitheann an t-\u00fadar an t-am ag r\u00edom sc\u00e9il chuile dhuine den ghr\u00fapa ait daonna sin, iad cos\u00fail leis an mbruth-f\u00f3-th\u00edr fh\u00e9in, sa mh\u00e9id gur chaith a chinni\u00faint fh\u00e9in chuile dhuine acu, ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, gur chaith s\u00ed ansin iad, ar thr\u00e1 an anr\u00f3, ag feitheamh le faoiseamh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl f\u00fam anseo, dul siar ar na sc\u00e9alta cr\u00e1ite, a r\u00edomh an sc\u00e9ala\u00ed d\u00fainn, faoi na cr\u00e9at\u00fair c\u00e9asta sin, ach ar deireadh thiar, th\u00e1inig n\u00f3im\u00e9ad na f\u00edrinne.  Fuair an gn\u00edomhaire, n\u00f3 an trafficker, mar a thugtar ar a leith\u00e9id i mB\u00e9arla, fuair s\u00e9 an comhartha r\u00e9amhshocraithe, \u00e1 chuir in i\u00fal d\u00f3, go raibh an b\u00e1d ullamh, agus ag feitheamh orthu.  Bhail\u00edodar timpeall.  Lainse\u00e1il siad an b\u00e1d, a bh\u00ed ullamh, agus in aice l\u00e1imhe acu.  Ach ag an n\u00f3im\u00e9ad cinni\u00fanach sin, thr\u00e9ig a neart <strong>Reda<\/strong> bocht, agus n\u00ed raibh Aziz r\u00e9idh lena chol ceathrar a fh\u00e1g\u00e1il ansin ina dhiaidh ar an tr\u00e1, agus shocraigh s\u00e9 ar a ch\u00fanamh a thabhairt d\u00f3, in am an gh\u00e1tair, ach lainse\u00e1ladh an b\u00e1d chomh tapaidh sin, gur ghearr go raibh an bheirt Mharacach f\u00e1gtha leo fh\u00e9in, ar an tr\u00e1 fholaimh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">There was nothing I could do; leaving him there amounted to letting him die.  No, I just couldn\u2019t help myself.  I\u2019d hardly gone back three yards when the roller caught me, lifting me high in the sky, swept up my cousin and flung us both with unbelievable violence towards the shore \u2013 that cursed shore that had been ours from birth, to which we were forever condemned.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed siad r\u00f3-dh\u00e9anach anois, n\u00f3 bh\u00ed an b\u00e1d ar a sl\u00ed amach go dt\u00ed an b\u00e1d iascaigh, a thabharfad sl\u00e1n, s\u00e1bh\u00e1ilte, iad, go c\u00f3sta beannaithe na Sp\u00e1inne gile.  Ach n\u00ed mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear, go minic.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar aon chuma, d\u2019\u00e9irigh le hAziz agus a chol ceathrar, teacht chucu fh\u00e9in, ar ball, agus th\u00f3gadar a seolta leo ar ais chun na hAfraice.  B\u2019fh\u00e9idir go mbeadh l\u00e1 eile ag an bPaorach, n\u00f3 ag an Maracach fi\u00fa!  Ach ag an bpointe \u00e1irithe sin, ba bheag a bh\u00ed idir iad agus an b\u00e1s.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar ball, d\u2019\u00e9irigh leo b\u00e9ile a fh\u00e1il istigh sa mbaile m\u00f3r, d\u2019\u00f3ladar tae, agus chaitheadar toit\u00edn\u00ed.  Ba bheag a bh\u00ed fanta acu anois, taobh amuigh de na balcais\u00ed a bh\u00ed a gcaitheamh acu.  Shi\u00faladar s\u00edos an tsr\u00e1id.  Stop Reda taobh amuigh de shiopa aibhl\u00e9ise, agus ansin, sa bhfuinneog ollmh\u00f3r, gheal, bh\u00ed uimhir \u00e1irithe teilif\u00edse\u00e1in, agus picti\u00fair \u00e9ags\u00fala \u00e1 dteasp\u00e1int ar chuile cheann acu.  Bh\u00ed slua bailithe ansin.  Cheap Aziz, i dtosach, gur chluiche peile a bh\u00ed \u00e1 l\u00e9iri\u00fa ar sc\u00e1ile\u00e1n amh\u00e1in acu, ach n\u00edorbh ea.  Ansin, rug Reda ar l\u00e1mh leis, agus thosaigh \u00e1 br\u00fa.  B\u2019ansin a chonaic Aziz fh\u00e9in f\u00e1th a bhuartha&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">My eyes stopped on the TV showing a Spanish programme.  Policemen were fishing out bloated bodies.  There was a man and child, weirdly tied together with a piece of fabric, two black men, one white man and a wonam with her plaits loose.  Thier faces were hard to make out, but the trafficker\u2019s green oilskin floating in the distance, as well as Pafadnam\u2019s size, left no doubt about the victims\u2019 identity.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u2018Perhaps it\u2019s not them!\u2019 I said.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Reda didn\u2019t answer.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, n\u00ed raibh dabht ar domhan, ach gurbh iad a gcairde \u00f3n o\u00edche ar\u00e9ir a bh\u00ed iontu, agus is d\u00f3cha freisin, gur thug siad a mbu\u00edochas dAllah, n\u00f3 do cib\u00e9 dia, a dtugadar a nd\u00edlseacht d\u00f3.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is do dhuine an leabhar seo a l\u00e9amh, bheadh s\u00e9 deacair d\u00f3 feasta, teifigh a fheice\u00e1il ar shr\u00e1ideanna a bhaile, gan smaoineamh ar ualach na sc\u00e9alta at\u00e1 \u00e1 iompar ag chuile dhuine de na teifigh ch\u00e9anna sin, sc\u00e9alta uaf\u00e1is, sc\u00e9alta scanraitheacha, sc\u00e9alta corraitheacha, ach go hiond\u00fail, sc\u00e9alta a chuirfeadh ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn, gur ch\u00f3ir f\u00e1ilte agus fiche a chur rompu, isteach i gcr\u00edoch seo Naomh is na nOllamh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An-leabhar, arbh fhi\u00fa do chuile dhuine againn \u00e9 a l\u00e9amh, n\u00f3 b\u2019fhearrde sinn uilig, sc\u00e9al seo na n-imirceach is na dteifeach a thuiscint.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>\u201c B h u r g C \u00e9 a d F \u00e1 i l t e I s t e a c h \u201d ? . ***************************** . (Tharla gur scr\u00edobh m\u00e9 an l\u00e9irmheas seo, tamall \u00f3 shoin, agus bh\u00ed s\u00e9 coinnithe ar leataobh agam do l\u00e1 na coise tinne, mar ad\u00e9arf\u00e1, ach ansin, chualamar [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12103","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12103","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12103"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12103\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12104,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12103\/revisions\/12104"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12103"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12103"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12103"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}