{"id":12277,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12277"},"modified":"2024-04-08T01:26:00","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:00","slug":"d-a-o-i-n-s-c-o-i-l-c-o-r-r-a-i-t-h-e-a-c-h","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/d-a-o-i-n-s-c-o-i-l-c-o-r-r-a-i-t-h-e-a-c-h\/","title":{"rendered":"D a o i n s c o i l   C o r r a i t h e a c h"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>D a o n s c o i l   C o r r a i t h e a c h .   2 0 0 1 .<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>**********************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Th\u00edos i dTeach na mBuitl\u00e9ireach a bh\u00ed an mart \u00e1 r\u00f3stadh, O\u00edche Aoine, 12 Deireadh F\u00f3mhair, 2001, n\u00f3 ba ansin a cuireadh t\u00fas le Daonscoil Osra\u00ed na bliana seo.  Th\u00e1inig an Scoil sin le ch\u00e9ile, thart ar a hocht a chlog, agus tugadh deis do dhalta\u00ed na bliana seo seal a chaitheamh i dtosach ag seanchas agus ag comhr\u00e1.  Thuig Coiste na Daonscoile gur t\u00faisce deoch n\u00e1 sc\u00e9al, agus bh\u00ed braoin\u00edn f\u00edona le n-\u00f3l, agus s\u00f3laist\u00ed beada\u00ed le n-ithe, leagtha amach ar chl\u00e1r acu d\u00fainn, le hatmosf\u00e9ar cairdi\u00fail a chruth\u00fa, agus le fonn cainte a a chur ar dhaoine, sular cuireadh t\u00fas, in aon chor, le himeachta\u00ed na bliana seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tarraingt ar a naoi a chlog, chuir Donncha \u00d3 Raghallaigh t\u00fas le hobair na bliana seo, agus mh\u00ednigh gurb \u00e9 a bh\u00ed idir cham\u00e1in againn i mbliana n\u00f3 ceili\u00faradh c\u00faig bliana is seacht\u00f3 de Raidi\u00f3 \u00c9ireann. Luaigh s\u00e9 na himeachta\u00ed a bheadh ar si\u00fal acu don deireadh seachtaine, agus ansin, d\u2019iarr s\u00e9 ar Ph\u00e1draig\u00edn N\u00ed Dhubhluachra, Eibhl\u00edn N\u00ed Mhaingn\u00e9ir, \u00f3 RT\u00c9, an t-\u00e9 a bh\u00ed le Daonscoil na bliana seo a oscailt go hoifigi\u00fail, a chur in aithne don lucht \u00e9isteachta. Rinneadh sin, c\u00e9 n\u00e1r gh\u00e1, i nd\u00e1ir\u00edre, a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, tharla gur de bhunadh na h\u00e1ite \u00ed, agus ansin labhair Eibhl\u00edn linn. Rinne s\u00ed a gn\u00f3, cuid mhaith, tr\u00ed mhe\u00e1n na Ghaeilge, agus l\u00e9irigh d\u00fainn, go mba chumhacht t\u00e1ite a bh\u00ed in RT\u00c9, \u00f3 th\u00fas.  Chabhra\u00edgh s\u00e9 le meon aontaithe a choth\u00fa sa phobal.  Chuir na St\u00e1isi\u00fain \u00c1iti\u00fala go m\u00f3r leis an obair ch\u00e9anna sin, nuair a thainig ann d\u00f3ibh si\u00fad.  Chabhraigh Raidi\u00f3 na Gaeltachta le pobail na Gaeltachta a th\u00e1th\u00fa le ch\u00e9ile freisin, ach ag an am gc\u00e9anna, rinne s\u00e9 an Ghaeilge a scoitheadh amach \u00f3 thionhar an St\u00e1isi\u00fain N\u00e1isi\u00fanta.  N\u00edl dabht, ar sise, ach gur thuig daoine, c\u00faig bliana is seacht\u00f3 \u00f3 shoin, go nd\u00e9anfadh an Raidi\u00f3 \u00e9acht, amach is amuigh, don Ghaeilge, ach n\u00ed mar sin a bh\u00ed, b\u00edodh gur dhein an St\u00e1isi\u00fan an-obair leis an teanga a choth\u00fa agus a fhorbairt, ach n\u00ed raibh riamh, n\u00f3 n\u00edl anois, \u00e1r nd\u00f3thain Gaeilge ar RT\u00c9, agus anois, is d\u00f3cha go bhfuil s\u00e9 r\u00f3-dh\u00e9anach tada a dh\u00e9anamh faoi, go h\u00e1irithe, nuair a chuireann t\u00fa san \u00e1ireamh na fadhbanna \u00e9ags\u00fala at\u00e1 ag cur as don St\u00e1isi\u00fan, i l\u00e1thair na huaire seo, agus i measc na bhfadhbanna sin uilig, t\u00e1 fadhb an airgeadais. Mar bhuille scoir, d\u2019fh\u00f3gair Eibhl\u00edn Daonscoil na bliana 2001, oscailte go hoifigi\u00fail.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Roibe\u00e1rd \u00d3 Ceallaigh a bh\u00ed mar chathaoirleach don chuid eile den chl\u00e1r, agus b\u2019eisean a chuir L\u00e9achta\u00ed na ho\u00edche, Ian \u00d3 Laoi, Cartlanna\u00ed le RT\u00c9, in aithne don lucht \u00e9isteachta.  D\u00fairt Roibe\u00e1rd linn, go mba mh\u00fainteoir \u00e9 Ian, ar feadh scathaimh, go raibh s\u00e9 p\u00f3sta, agus go raibh s\u00e9 bliana d\u00e9ag caite aige mar chartlanna\u00ed leis an St\u00e1isi\u00fan Naisi\u00fanta, agus chomh maith le sin, go raibh s\u00e9 ina l\u00e9iritheoir cl\u00e1racha freisin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Th\u00e1inig Ian \u00d3 Laoi fh\u00e9in ar an bhf\u00f3d ansin, agus labhair faoi bhun\u00fa Raidi\u00f3 \u00c9ireann, a ch\u00e9aduair, ar L\u00e1 Coille, sa bhliain 1926.  Dubhglas de h\u00cdde a rinne an oscailt. D\u00fairt Dubhglas go mba n\u00e1isi\u00fan ar leith i \u00c9ire, agus go gcloisfeadh an domhan m\u00f3r faoi sin, feasta, tr\u00edd an st\u00e1isi\u00fan nua raidi\u00f3 a bh\u00ed \u00e1 oscailte aige, d\u00e1r nd\u00f3igh.  Tuigeadh d\u00f3, go mbeadh an-chuid Gaeilge le clos feasta ar an Raidi\u00f3 c\u00e9anna sin, toisc gurbh \u00ed an Ghaeilge leathchois an n\u00e1isi\u00fain, agus gurbh iad na cluich\u00ed, an ceol, agus na n\u00f3sanna, an chos eile. Tuigeadh d\u00f3 go dtiocfadh an l\u00e1, nuair a bheadh an t\u00edr agus an Raidi\u00f3, Gaelaithe agus Gaelach, n\u00f3 chonacthas d\u00f3, go mba spota m\u00ed-shl\u00e1inti\u00fail \u00e9 an Galldachas, agus go gcaithf\u00ed \u00ed a ghearradh amach, faoi mar a dh\u00e9anfa\u00ed le galar cont\u00fairteach ar bith.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh an dearcadh sin r\u00e9ad\u00fail, agus b\u00edodh go raibh a l\u00e1n a d\u2019aont\u00f3dh leis, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed roinnt mhaith eile a bh\u00ed frithghaelach go maith, agus bh\u00edodh sruth litreaha uathu-san le l\u00e9amh go rialta ar na nuacht\u00e1in.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Labhair Ian freisin, faoi na cainteanna bre\u00e1tha a craoladh i nGaeilge, ag daoine cos\u00fail le Leon \u00d3 Broin, An Seabhac, M\u00e1ire, agus tuilleadh, ar liosta le h\u00e1ireamh iad anois, ach taobh le sin, bh\u00ed daoine a thuig go mba ghl\u00e9as Galldaithe, agus Seoin\u00ednteachta, \u00e9 an st\u00e1isi\u00fan, 2RN, mar a thugta\u00ed ar \u00e1r st\u00e1isi\u00fan n\u00e1isi\u00fanta, an t-am sin.   Rinne Andrias \u00d3 Muimhneach\u00e1in a chion fh\u00e9in, tr\u00ed chl\u00e1racha agus dr\u00e1ma\u00ed i nGaeilge a chur ar f\u00e1il don st\u00e1isi\u00fan.  Craoladh freisin, sna triochaid\u00ed, cl\u00e1racha, tr\u00ed Ghaeilge, do ph\u00e1ist\u00ed, agus bh\u00edodh an nuacht i nGaeilge ceithre huaire sa tseachtain. Ach faraoir g\u00e9ar! n\u00ed raibh aon taifead de na cl\u00e1racha sin ag an l\u00e9achta\u00ed le casadh d\u00fainn, toisc nach raibh aon ghl\u00e9as taifeadtha ag an Staisi\u00fan go deireadh na dtriochaid\u00ed.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Dh\u00e9anaid\u00eds Dr\u00e1ma\u00ed freisin, agus chraolaid\u00eds beo iad, agus sheinn s\u00e9 sampla as \u201cBrian agus an Cla\u00edomh Solais\u201d, Geamaiareacht \u00f3n Abbey, a craoladh sa bhliain 1949, agus tuigeadh d\u00fainn uilig go raibh s\u00e9 thar cinn, agus an l\u00e1ithri\u00fa an-ghairmi\u00fail.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thart faoi aimsir an chogaidh, d\u2019\u00e9irigh an St\u00e1isi\u00fan tinn tuirseach den ts\u00edorchlamhs\u00e1n \u00f3n gConnradh, agus \u00f3 Ghl\u00fan na Bua.  Thart faoin am sin, mhol Proinsias Mac an Bheatha, go nd\u00e9anfa\u00ed ceachtanna Gaeilge a chur i l\u00e1thair an phobail, tr\u00ed \u00fas\u00e1id a bhaint as na nuacht\u00e1in, agus as an raidi\u00f3, ag obair i gcomhar le ch\u00e9ile. Is d\u00f3cha gurbh iad cl\u00e1racha Aindriais U\u00ed Muimhneach\u00e1in \u201cListen and Learn\u201d an toradh a bh\u00ed ar an gcine\u00e1l sin arg\u00f3na, ar ball.  Moladh, thart ar an am sin, go mbun\u00f3fa\u00ed st\u00e1isi\u00fan Gaeilge, ach n\u00edor th\u00e1inig aon toradh ar an moladh c\u00e9anna sin, ag an am.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sna dachaid\u00ed, thosaigh an st\u00e1isi\u00fan ag cur craolt\u00f3ir\u00ed amach ar fud na t\u00edre, ag baili\u00fa oidhreacht Gael, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre.  Rinneadar idir amhr\u00e1in, cheol agus sc\u00e9alta, a thaifeadadh, agus sa tsl\u00ed sin, rinneadar an-chuid d\u00e1r n-oidhreacht, agus d\u00e1r nd\u00fachas a sh\u00e1bh\u00e1il, agus a chur in \u00e1irithe do na gl\u00fanta a bh\u00ed le teacht.  B\u2019in mar a tharla go ndeachaigh na hAonaid Taistil s\u00edos faoin t\u00edr, ach go h\u00e1irithe ar fud na nGaeltachta\u00ed uilig, ag baili\u00fa agus ag baili\u00fa leo, \u00f3 cheann ceann na bliana.  Is cinnte gur tuigeadh d\u00f3ibh, go raibh t\u00e1bhacht ag baint leis an obair a bh\u00ed ar si\u00fal ag na hAonaid ch\u00e9anna sin.  Cuireadh craolt\u00f3lir\u00ed d\u00edograiseacha i mbun na hoibre c\u00e9anna sin, daoine ar n\u00f3s, S\u00e9amas Ennis, Se\u00e1n Mac R\u00e9amainn, P. \u00d3 Conluain, agus a leith\u00e9id\u00ed.  N\u00ed haon ionadh, mar sin, gur \u00e9irigh go seoigh leis an ngn\u00f3 a bh\u00ed idir l\u00e1mha ag na daoine c\u00e9anna sin, n\u00f3 bheadh s\u00e9 deacair a gcomh-mhaith de chraolt\u00f3ir\u00ed a fh\u00e1il, \u00e1it ar bith i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Le t\u00e1bhacht na hoibre sin uilig a rinne an st\u00e1isi\u00fan s\u2019againne a l\u00e9iri\u00fa, chas an l\u00e9achta\u00ed sleachta as seacht dtaifeadadh, a rinneadh ag deireadh na gcaogaid\u00ed d\u00fainn.  Cainteoir\u00ed \u00f3 dh\u00fachas, den chuid ba mh\u00f3, a bh\u00ed i gceist sna taifeadta\u00ed c\u00e9anna sin, ach sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, t\u00e1 na Gaeltachta\u00ed beaga sin uilig caillte, agus murach na dtaifeadta\u00ed sin, bheadh muid dall ar fad ar fhuaimeanna, ar leagnacha, agus ar bhlas, na nGaeltachta\u00ed sin.  <\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a tuigeadh go raibh cos amh\u00e1in le Peig Sayers san uaigh, tuigeadh sa st\u00e1isi\u00fan, go raibh s\u00e9 in am acu dul s\u00edos chuici, agus roinnt \u00e1irithe d\u00e1 seanchas, agus d\u00e1 sc\u00e9alta, a thaifeadadh.  Chuaigh Se\u00e1n Mac R\u00e9amainn s\u00edos ansin, sa bhliain 1947, agus rinne an beart, ach ar \u00e1mhara\u00ed an tsaoil, mhair Peig bhocht dh\u00e1 bhliain d\u00e9ag eile ina dhiaidh sin!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Fear eile ar dhein an l\u00e9achta\u00ed tagairt d\u00f3 ba ea Ciar\u00e1n Mac Math\u00fana.  Ba sa teanga a ch\u00e9adchuir Ciar\u00e1n suim, agus bh\u00ed an-lu\u00ed aige leis an seanchas.  D\u2019\u00e9irigh leis caint agus seanchas Mhich\u00edl U\u00ed Chorrdhuibh a thaifeadadh, agus bh\u00ed ar \u00e1r gcumas, cuid bheag d\u00e1 chuid cainte si\u00fad a chlos.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Fear eile a chaith a dh\u00fathracht, le Gaeilge a chur in oiri\u00faint don raidi\u00f3, ba ea Peadar \u00d3 Dubhda as Dun Dealgan.  Rinne seisean roinnt mhaith cl\u00e1racha Gaeilge, agus chraol s\u00e9 iad freisin, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, gur bhain m\u00e9 fh\u00e9in an-taineamh as na cl\u00e1racha c\u00e9anna sin, ina l\u00e1.  Thart ar an am sin freisin, craoladh cl\u00e1racha nuachta, ar n\u00f3s, \u201cNuacht anall, Nuacht abhus\u201d, agus bh\u00ed foireann taistil ag gabh\u00e1il don chl\u00e1r sin, agus iad ag dul \u00f3 cheann ceann na t\u00edre, ag iarraidh nuacht an lae a bhaili\u00fa agus a chur ar f\u00e1il tr\u00ed mhe\u00e1n na Gaeilge.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rinne an st\u00e1isi\u00fan a chion fh\u00e9in freisin, le canadh ar an sean-n\u00f3s a chur i mb\u00e9al an phobail,  tr\u00ed chuireadh a thabhairt do chantair\u00ed sean-n\u00f3is teacht, agus a scileanna a thabhairt leo, go l\u00e1r an aonaigh, le go gcloisfeadh an pobal uilig iad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anuas go dt\u00ed bun\u00fa Raidi\u00f3 na Gaeltachta sna seacht\u00f3id\u00ed, bh\u00ed an-obair d\u00e9anta ag Raidi\u00f3 \u00c9ireann i ngort na Gaeilge, b\u00edodh go nglactar leis anois, n\u00e1r leor \u00e9, ach, nuair a buna\u00edodh an St\u00e1isi\u00fan Gaeltachta, th\u00e1inig c\u00fal\u00fa ar shaothr\u00fa na Gaeilge ar Raidi\u00f3 \u00c9ireann, uaidh sin amach.  Is d\u00f3cha gur tuigeadh don lucht bainist\u00edochta, go nglacfadh Raidi\u00f3 na Gaeltachta an gn\u00f3 sin idir l\u00e1mha feasta, agus caithfear a admh\u00e1il, go bhfuil an-obair d\u00e9anta ag Raidi\u00f3 na Gaeltachta, i measc phobail na Gaeilge, in \u00c9irinn, agus thar lear, san idirlinn.  D\u2019\u00e9irigh leo na pobail le Gaeilge a th\u00e1th\u00fa ina bpobal aontaithe amh\u00e1in, agus d\u2019\u00e9irigh leo freisin, dul amach chuig na d\u00faich\u00ed iarg\u00falta, scoite, agus iad a cheangal agus a shnaidhmeadh le ch\u00e9ile, tr\u00ed mhe\u00e1n na teanga.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00edodh go raibh s\u00e9 roinnt d\u00e9anach nuair a bh\u00ed an focal deiridh r\u00e1ite ag an l\u00e9achta\u00ed, ag an am gc\u00e9anna, cheadaigh an cathaoirleach roinnt \u00e1irithe ceisteanna \u00f3n url\u00e1r, agus nuair a bh\u00ed sin cr\u00edochnaithe, chas an cathaoirleach fh\u00e9in t\u00e9ip d\u00fainn de chl\u00e1r a chuir Raidi\u00f3 Chill Chainnigh amach, roinnt blianta \u00f3 shoin, cl\u00e1r ina raibh Miche\u00e1l \u00d3 Bolguidhir \u00e1 chur faoi agallamh, agus \u00e9 ag cur s\u00edos ar bhun\u00fa an Chonartha anseo sa Chathair \u00c1lainn, agus chuir s\u00e9 s\u00edos freisin, ar obair na Craoibhe \u00e1iti\u00fala anseo, \u00f3 buna\u00edodh \u00ed, anuas go dt\u00ed a l\u00e1 fh\u00e9in.  Cuireadh an-suim sa taifeadadh sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">F\u00f3graiodh deireadh an chl\u00e1ir don o\u00edche sin, ach moladh do na scol\u00e1ir\u00ed a bheith r\u00e9idh agus ullamh don Turas Bus, an l\u00e1 d\u00e1r gcionn, nuair a thabharfa\u00ed ar thuras, faoi sti\u00fair an treora\u00ed ch\u00e1ili\u00fail, Pat Nolan, S.E.R.T.O., iad, agus cuireadh fainic orthu bheith th\u00edos ag Teach an R\u00fataigh ag a d\u00f3 a chlog, n\u00f3 n\u00ed fhanfadh an bus r\u00f3-fhada ag an ionad sin d\u00f3ibh. Cuireadh fainic na bhfainic orthu freisin, bheith i l\u00e1thair in \u00d3st\u00e1n Chill Chainnigh, O\u00edche Shathairn, nuair a bheadh ceol agus amhr\u00e1na\u00edocht acu, agus nuair a sheolfa\u00ed leabhar nua fil\u00edochta an Bhair\u00e9adaigh, \u201cFata\u00ed R\u00f3mhair\u201d, i l\u00e1thair a phobail anseo in Osra\u00ed, agus gan dabht, dh\u00e9anfadh s\u00e9 roinnt d\u00e1 dh\u00e1nta a aithris don slua a bheadh i l\u00e1thair an o\u00edche sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chaitheamar seal ag caint agus ag seanchas ansin sular thugamar an b\u00f3thar abhaile orainn fh\u00e9in.  Togha o\u00edche, togha l\u00e9achta, agus togha chomhluadair. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. D a o n s c o i l C o r r a i t h e a c h . 2 0 0 1 . . ********************** . Th\u00edos i dTeach na mBuitl\u00e9ireach a bh\u00ed an mart \u00e1 r\u00f3stadh, O\u00edche Aoine, 12 Deireadh F\u00f3mhair, 2001, n\u00f3 ba ansin a cuireadh t\u00fas le [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12277","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12277","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12277"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12277\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12278,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12277\/revisions\/12278"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12277"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12277"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12277"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}