{"id":12279,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12279"},"modified":"2024-04-08T01:26:00","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:00","slug":"d-i-r-b-h-e-a-t-h-a-i-s-n-e-i-s-e-i-l-e","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/d-i-r-b-h-e-a-t-h-a-i-s-n-e-i-s-e-i-l-e\/","title":{"rendered":"D \u00ed r b h e a t h a i s n \u00e9 i s    e i l e"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\"><em>D \u00ed r b h e a t h a i s n \u00e9 i s    e i l e  .<\/em><\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><em>The  Autobiography&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;an ch\u00e9ad chl\u00f3&#8230;&#8230;&#8230;2002.<\/em><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><em>le<\/em><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>NIALL  QUINN&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.\u20ac28.99.<\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>*********************************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Roinnt m\u00edonna \u00f3 shoin, scr\u00edobh m\u00e9 alt faoi Bheathaisn\u00e9is eile, an bheathaisn\u00e9is ch\u00e1ili\u00fail \u00fad faoi Roy Keane, an bheathaisn\u00e9is sin, a scr\u00edobh Roy fh\u00e9in, i gcomhar le hEamon Dunphy.  Bhuel, nuair a bh\u00ed m\u00e9 ag cur cr\u00edche leis an bp\u00edosa sin, rinne m\u00e9 tagairt do dh\u00edrbheathaisn\u00e9is\u00ed le peileadoir\u00ed c\u00e1ili\u00fala eile, a bheadh ag teacht ar an margadh, s\u00e1r i bhfad, agus go raibh seans ann, go scr\u00edobhfainnse p\u00edosa faoi cheann n\u00f3 dh\u00f3 acu, d\u00e1 bhfaighinn an deis chuige, amach anseo.  Bhuel, fuair m\u00e9 an deis sin, nuair a bhronn duine \u00e1irithe c\u00f3ip den \u201cAutobiography\u201d seo le Niall Quinn, a th\u00e1inig ar an margadh, ag deireadh na bliana seo caite, orm.  Peilead\u00f3ir \u00c9ireannach eile is ea Niall, a bhfuil cl\u00fa agus c\u00e1il bainte amach aige, \u00f3 cheann ceann na cruinne, \u00e1it ar bith a imr\u00edtear Sacar inti.  N\u00edlim ag ma\u00edomh anois, go bhfuil s\u00e9 ar aon leibh\u00e9al le Roy, ach, ag an am gc\u00e9anna, n\u00edlim ag r\u00e1 nach bhfuil a chl\u00fa agus a ch\u00e1il tuillte, agus tuillte go maith, aige ar fhaich\u00ed imeartha ar fud an domhain mh\u00f3ir, n\u00f3 shaothraigh s\u00e9 go dian ar son a th\u00edre ar na faich\u00ed c\u00e9anna sin, am ar bith ar iarradh air an geansa\u00ed uaine a chaitheamh.  D\u2019imir s\u00e9 uair is n\u00f3cha ar son na h\u00c9ireann, \u00f3n mbliain 1986 i leith, nuair a ch\u00e9adimir s\u00e9 d\u00e1 th\u00edr, agus i nDeireadh F\u00f3mhair na bliana 2001, ar a thriocha c\u00faigi\u00fa breithl\u00e1, d\u2019\u00e9irigh leis craobh faoi leith a bhaint, nuair a d\u2019\u00e9irigh leis n\u00edos m\u00f3 c\u00fala a sc\u00f3r\u00e1il ar son a th\u00edre, n\u00e1 \u00c9ireannach ar bith eile, riamh, agus n\u00ed beag n\u00e1 suarach an focal \u00e9 sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I mBaile \u00c1tha Cliath a rugadh Niall Quinn, sa bhliain 1966 agus ba ann a t\u00f3gadh \u00e9 freisin, i gCrumlin, ar imeall na cathrach sin, agus \u00f3 tharla go mba as Tiobraid \u00c1rann d\u00e1 athair, chuir s\u00e9 sp\u00e9is san iom\u00e1na\u00edocht \u00f3 th\u00fas, agus bh\u00ed ag \u00e9ir\u00ed go gal\u00e1nta leis sa chluiche sin, ach d\u00e1r nd\u00f3igh, ba dhual athar d\u00f3 \u00e9, n\u00f3 bh\u00ed an t-athair c\u00e9anna sin ar cheann de na hiom\u00e1naithe ab fhearr sa Chontae c\u00e1ili\u00fail sin, ina l\u00e1, agus n\u00edl dabht ar domhan ann, ach go mbainfeadh s\u00e9 c\u00e1il agus cl\u00fa amach d\u00f3 fh\u00e9in, sa chluiche sin, murach go raibh air an b\u00e1d b\u00e1n a thabhairt air fh\u00e9in, sular shnasaigh s\u00e9 a scileanna go dt\u00ed an leibh\u00e9al ab airde.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach is faoi Niall fh\u00e9in at\u00e1 muid ag caint, agus sula raibh deis ag an \u00f3g\u00e1nach c\u00e9anna sin a chumas mar iom\u00e1na\u00ed a chruth\u00fa i gceart, fuair s\u00e9 cuireadh \u00f3 Chlub Peile Arsenal, seal a chaitheamh leo thall, f\u00e9achaint an raibh cumas peile ann, agus d\u00e1 mbeadh, bhuel, bheadh siad s\u00e1sta conradh peilead\u00f3ra a shaighne\u00e1il leis, rud a chuirfeadh ar a chumas ansin bheith ina pheilead\u00f3ir gairmi\u00fail.  Ghlach s\u00e9 leis an gcuireadh, agus chuaigh anonn go Londain, agus de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, d\u2019\u00e9irigh leis cl\u00fa agus c\u00e1il a bhaint amach d\u00f3 fh\u00e9in mar pheilead\u00f3ir, thall, agus chomh maith le sin, bh\u00ed a ainm inairde mar Pheilead\u00f3ir idirn\u00e1isi\u00fanta, ar Fhoireann na h\u00c9ireann.   N\u00edor fhan s\u00e9 le Club Peile Arsenal an t-am uilig sin \u00e1fach, n\u00f3 chaith s\u00e9 sealanna ag imirt le clubanna eile, le Cathair Mhanch\u00fain, agus le Club Peile Sunderland, freisin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 s\u00e9 sp\u00e9isi\u00fail, gur chuir s\u00e9 suim ar leith i Jack Doyle, agus ba \u00e9 an ch\u00fais a bh\u00ed le sin n\u00f3, go ndeireadh a athair leis, le linn a \u00f3ige, gan Jack Doyle a dh\u00e9anamh de fh\u00e9in, is docha gurbh \u00e9 ciall a bh\u00ed aige le sin n\u00f3, gan amad\u00e1n a dh\u00e9anamh de fh\u00e9in, mar ba fhear \u00e9 Jack, a bhain cl\u00fa domhanda amach d\u00f3 fh\u00e9in mar dhorn\u00e1la\u00ed, agus a rinne carn m\u00f3r airgid d\u00e1 bharr, ach chaill s\u00e9 an t-airgead c\u00e9anna sin, go f\u00e1nach uaidh, ar ball, ach, ba chuma leis, n\u00f3 tuigeadh d\u00f3, go bhf\u00e9adfadh s\u00e9 a fhort\u00fan a dh\u00e9anamh ar\u00eds, d\u00e1 mba gh\u00e1.  F\u00e9ach mar a chuireann an t-\u00fadar fh\u00e9in \u00e9&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u2018Dont do a Jack Doyle on it now, will ya,\u2019  he\u2019d say.  \u2018Dont do a Jack Doyle.\u2019<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach ba bheag aird a thug Niall \u00f3g ar chomhairle \u00fad a athar, n\u00f3 f\u00e9ach mar a tharla&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cPerversely, of course, Jack Doyle became a hero for me.  Something about the way he strolled through life, always sticking to the sunny side of the street.  That appealed to me.  Jack won a fortune and threw it away again, he believed that a generous man never went to hell,  he married the most beautiful woman in the world, and he entered each act of his life with the same bubbling optimism he had when he started out.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuir m\u00e9 an t-athlua fada sin isteach ansin, n\u00f3 tar \u00e9is dom an leabhar a l\u00e9amh, tuigtear dom, go ndeachaigh dearcadh U\u00ed Dh\u00faill i gcionn go m\u00f3r ar an \u00fadar, le linn a shaoil fh\u00e9in.  Cuma c\u00e9ard a tharl\u00f3dh d\u00f3, bheadh s\u00e9 ar a chosa gan aon r\u00f3-mhoill ar\u00eds, sea agus chuimhnigh Niall freisin, ar na l\u00ednte \u00fad le Kipling, file a chuaigh i gcionn go m\u00f3r ar Jack fh\u00e9in&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">If you can make one heap of all your winnings<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">And risk it on one turn of pitch-and-toss<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">And lose, and start again at your beginnings<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">And never breathe a word about your loss&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus b\u00edodh gur f\u00e1gadh Jack bocht gan sci\u00fart\u00f3g i ndeireadh thiar, n\u00edor bhain sin d\u00e1 bhonna \u00e9, ach oiread.  Shi\u00faladh s\u00e9 sr\u00e1ideanna \u00c1tha Cliath go spleodrach, agus r\u00f3s dearg \u00e1 chaitheamh, mar phabhsae brollaigh aige.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tabhair faoi deara, mar sin, agus an leabhar seo \u00e1 l\u00e9amh agat, go bhfuil cos\u00falachta\u00ed dosh\u00e9anta idir Jack agus Niall s\u2019againne.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Taitn\u00edonn cur chuige an \u00fadair, sa d\u00edrbheahaisn\u00e9is seo, go m\u00f3r liom, n\u00f3 t\u00e1 an d\u00e1 thr\u00e1 \u00e1 fhreastal aige, tr\u00edd an sc\u00e9al, \u00f3 th\u00fas deireadh, agus n\u00ed h\u00e9 d\u00e1la an ghobad\u00e1in \u00e9, &#8211; an t-\u00e9an \u00fad ar theip air an d\u00e1 thr\u00e1 a fhreastal, &#8211; n\u00f3 \u00e9ir\u00edonn go seoigh le Niall Quinn sa bhfiontar sin. Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, t\u00e1 a sc\u00e9al fh\u00e9in \u00e1 insint aige, agus anuas ar an sc\u00e9al sin, agus fite fuaite tr\u00edd, t\u00e1 sc\u00e9al eile  \u00e1 r\u00edomh aige, agus sin sc\u00e9al fhoireann na h\u00c9ireann i gCorn an Domhain, amuigh ansin sa tSeap\u00e1in agus sa Ch\u00f3ir\u00e9, sa bhliain \u00fad 2002.  I gc\u00e1s an dara cuid sin d\u00e1 sc\u00e9al sin, bhuel, n\u00e1rbh \u00e9 sin buaic agus barr a r\u00e9ime fh\u00e9in, mar pheilead\u00f3ir \u00e9.  Le sin a l\u00e9iri\u00fa d\u00fainn, tosa\u00edonn s\u00e9 ar a sc\u00e9al a r\u00edomh, le d\u00edri\u00fa isteach ar a chluiche deiridh i gCraobh \u00fad an Domhain sa Pheil, agus oscla\u00edonn s\u00e9 a chro\u00ed d\u00fainn uilig ansin.  \u00c9 i mbarr a r\u00e9ime, na sluaite \u00e1 mh\u00f3radh, meas ag a chomhimreoir\u00ed air, \u00e9 ina churadh ag lucht leanta na foirne \u00c9ireanna\u00ed.  Seo an bhuaic at\u00e1 bainte amach ag an ngas\u00far \u00f3g sin as Crumlin, \u00c1tha Cliath.  B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil ceata\u00ed sa sc\u00e9al \u00e1fach.  B\u2019fh\u00e9idir n\u00e1r \u00e9irigh leo an Chraobh a sciobadh leo ar Ph\u00e1irc Peile \u00fad Suwon na C\u00f3ir\u00e9 Theas, agus b\u2019fh\u00e9idir go raibh cuid \u00e1irithe d\u00e1 locht sin ar Niall fh\u00e9in,  ach, ligimis do Niall, an ghl\u00f3ir dochuimsithe sin a bhlaiseadh ina ioml\u00e1ine&#8230;Eistimis leis&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"> \u201cSummertime and I\u2019m lingering on a field in the town of Suwon, somewhere in South Korea, gazing up at a cliff of green and white and orange, speckled with faces.  Some people are crying, some are laughing; all the faces are red from excitement.  I\u2019m lingering because probably I\u2019ll never stand in a place like this again.  This is goodbye \u2013 a guilty farewell&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;I\u2019ve kept mine.  It\u2019s my last Irish jersey.  Years from now I\u2019ll take it our and these moments will come swimming back; the end of the good times\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sleamhna\u00edonn s\u00e9 siar go h\u00e9asca ansin go laethe a \u00f3ige i gCrumlin, agus a smaointe ar Jack Doyle, agus chomh h\u00e9asca c\u00e9anna ar\u00eds, sci\u00fardann s\u00e9 chun tosaigh, go laethe gl\u00f3rmhara Chorn an Domhain, agus sin a chur chuige tr\u00edd an leabhar uilig, \u00f3 th\u00fas deireadh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed call dom a r\u00e1, nach bhfuil f\u00fam anseo, cuntas ioml\u00e1n a thabhairt daoibh, ar imeachta\u00ed an \u00fadair, \u00f3 th\u00fas deireadh an sc\u00e9il.  F\u00e1gfaidh m\u00e9 f\u00faibh fh\u00e9in \u00e9 an t-eolas sin a bhaili\u00fa daoibh fh\u00e9in, ach ag an am gc\u00e9anna, n\u00ed fh\u00e9adfadh duine gan a thabhairt faoi deara, go dtugann Niall an taobh eile de sc\u00e9al Roy Keane d\u00fainn, \u00e9ir\u00edonn leis, a chur ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn \u00e9, nach raibh ioml\u00e1n an chirt ag Roy, agus \u00e9ir\u00edonn leis freisin, a chur ina lu\u00ed ar an l\u00e9itheoir, go ndeachaigh s\u00e9 fh\u00e9in, agus roinnt imreoir\u00ed eile, p\u00edosa fada, agus iad ag iarraidh r\u00e9iteach a dh\u00e9anamh idir an d\u00e1 reithe troda \u00fad, Roy Keane agus Mick McCarthy.  Tugtar faoi deara, nach bhfuil aon chloch sa mhainchille aige do Roy, n\u00f3 d\u00f3ibh si\u00fad a d\u2019aontaigh leis, san easaontas \u00fad a rinne an donas ar Fhoireann na h\u00c9ireann, ina n-iarrachta\u00ed le Craobh an Domhain a sciobadh \u00f3 n\u00e1isi\u00fain eile an domhain mh\u00f3ir.  Mar sin, t\u00e1 lucht leanta sacair faoi chomaoin ag Niall Quinn, as an taobh eile seo den sc\u00e9al a leagan os \u00e1r gcomhair amach, ionas go bhfuil anois ar \u00e1r gcumas, breith ch\u00f3ir a thabhairt, ar ar tharla amuigh ansin ar ph\u00e1irceanna peile na Seap\u00e1ine agus na C\u00f3ir\u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tugann an l\u00e9itheoir faoi deara freisin, nach ndeanann an t-\u00fadar seo iarracht ar bith ar mhadra\u00ed a chur i bhfuinneoga, n\u00f3 dallamull\u00f3g a chur ar a l\u00e9itheoir\u00ed.  Datha\u00edonn s\u00e9 an picti\u00far d\u00edreach mar a fheictear d\u00f3 fh\u00e9in \u00e9, sa chaoi, go dtuigtear don l\u00e9itheoir l\u00e1ithreach, go bhfuil lomchl\u00e1r na f\u00edrinne \u00e1 insint d\u00f3 ag an scr\u00edbhneoir seo.  N\u00edl cur i gc\u00e9ill ar bith ag baint leis an sc\u00e9al seo, datha\u00edonn an t-\u00fadar \u00e9 fh\u00e9in, d\u00edreaach mar a fheictear d\u00f3san \u00e9.  N\u00ed cheileann s\u00e9 tada orainn, faigheann muid picti\u00far an \u00fadair..\u2019warts and all\u2019, mar ad\u00fairt an t\u00e9 ad\u00fairt. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> N\u00e1r dhrabhl\u00e1sach an saol a chaith roinnt mhaith peilead\u00f3ir\u00ed gairmi\u00fala, an tr\u00e1th \u00fad?  F\u00e9ach ar an m\u00e9id cearrbhachais a bh\u00ed ar si\u00fal ina measc, agus an m\u00e9id airgid a chaitheadar uathu go f\u00e1nach, sa tsl\u00ed sin.  Nach bhfuil a chuma ar an sc\u00e9al, n\u00e1r aibigh siad, faoi mar a d\u2019aibigh a gcomhaoisigh, a raibh orthu a mbeatha a thuilleadh le hallas a mala\u00ed, amuigh sa tsaol m\u00f3r.  Nuair a chuireann t\u00fa le sin, an m\u00e9id ama a chaith roinnt acu ag \u00f3l, chuirfeadh s\u00e9 ionadh ar dhuine, conas a d\u2019\u00e9irigh leo peil a imirt go gairmi\u00fail, in aon chor.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ins\u00edonn Niall d\u00fainn freisin, faoin triobl\u00f3id uilig a fuair s\u00e9 \u00f3na ghl\u00fana.  Ba bheag n\u00e1r cailleadh d\u00e1 bharr \u00e9.  Ach cos\u00fail le Jack Doyle ar\u00eds, bh\u00ed ar a chumas filleadh ar\u00eds ar a cheird, agus ba iad a bhlianta deireannacha mar pheilead\u00f3ir gairmi\u00fail na blianta ab fhearr ar fad, agus ba sa tr\u00e1th sin, a shroich s\u00e9 buaic a ch\u00e1ile, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00edl s\u00e9 cr\u00edochnaithe f\u00f3s leis an bpeil ch\u00e9anna sin, n\u00f3 faoi l\u00e1thair, t\u00e1 s\u00e9 bainteach f\u00f3s le Foireann Sunderland, agus chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al, go n-\u00e9ireoidh leis cur lena ch\u00e1il sa tionscadal nua sin freisin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rud amh\u00e1in eile a chuir ionadh mo dh\u00f3thain ormsa, ba ea an chaoi ar oibrigh Niall le teacht ar r\u00e9iteach eic\u00ednt le Roy Keane.  Bh\u00ed s\u00e9 i dteangmh\u00e1il leis an dl\u00edod\u00f3ir \u00fad, \u00f3 Cinneide, an fear sin a bh\u00ed mar chomhairleoir ag Roy, agus iad ar an m\u00edle dh\u00edcheall ag iarraidh fadhb Saipan a scaoileadh.  Tuigeadh d\u00f3ibh beirt, uair amh\u00e1in, go raibh an r\u00e9iteach d\u00e9anta acu, ach ansin, thit an t\u00f3in as chuile sh\u00f3rt, agus b\u2019\u00e9igean d\u00f3ibh aghaidh a thabhairt ar Chorn an Domhain, gan Roy.  N\u00edl dabht ar bith ann, ach go raibh fonn, agus dh\u00e1 fhonn, ar Niall, an ts\u00edoch\u00e1in a dh\u00e9anamh idir Roy agus Mick  McCarthy, ach theip glan air sin a dh\u00e9anamh, ach t\u00e1 d\u00f3chas aige f\u00f3s, go dtiocfaidh an l\u00e1, nuair a imreoidh Roy ar\u00eds sa gheansa\u00ed uaine.  F\u00e9ach mar a chuireann s\u00e9 i ndeireadh an leabhair \u00e9 &#8230;&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"> Roy is down but not out, facing suspensions from what I think is a vindictive FA.  He\u2019ll be back and he\u2019ll be stronger.  The terrible isolation of a great player is beginning to come to an end now.  I hope.  His genius deserves the dignity of respect.  I\u2019ll say it once more; I hope someday soon to pay money to see Roy Keane play in an Irish jersey again.  I don\u2019t know how that can happen, but it must.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus d\u00e9arfainn gurb \u00e9 sin mian chro\u00ed Roy Keane fh\u00e9in freisin, ach n\u00ed bheidh s\u00e9 chomh h\u00e9asca sin ar fad, sin a thabhairt i gcr\u00edch, ach t\u00e1 s\u00fail againn uilig, geall leis, go bhfeicfear an l\u00e1 sin, s\u00e1ra fada, agus \u00f3 tharla go bhfuil bainisteoir nua againn ar Fhoireann na h\u00c9ireann anois, b\u2019fh\u00e9idir gur fusaide r\u00e9iteach a dh\u00e9anamh, Mick a bheith imithe as an bpost sin.  B\u2019fh\u00e9idir gurbh olc an ghaoth nach s\u00e9ideann maith do dhuine eic\u00ednt!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>D \u00ed r b h e a t h a i s n \u00e9 i s e i l e . ************************ . The Autobiography&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;an ch\u00e9ad chl\u00f3&#8230;&#8230;&#8230;2002. le NIALL QUINN&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.\u20ac28.99. . ********************************* . Roinnt m\u00edonna \u00f3 shoin, scr\u00edobh m\u00e9 alt faoi Bheathaisn\u00e9is eile, an bheathaisn\u00e9is ch\u00e1ili\u00fail \u00fad faoi Roy Keane, an bheathaisn\u00e9is sin, a scr\u00edobh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12279","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12279","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12279"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12279\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12280,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12279\/revisions\/12280"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12279"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12279"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12279"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}