{"id":12315,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12315"},"modified":"2024-04-08T01:08:36","modified_gmt":"2024-04-08T01:08:36","slug":"david-golder","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/david-golder\/","title":{"rendered":"David Golder&#8230;."},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:18pt\"><strong><span style=\"font-size:24pt\">Leabhar   Neamhghn\u00e1ch<\/span><\/strong><\/h2><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:22pt\">***********************<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h2 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:18pt\"><strong><span style=\"font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/strong><\/h2><h2 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:18pt\">David  Golder\u2026\u2026\u2026\u2026.c\u00e9adchl\u00f3&#8230;.1929<\/h2><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">le<\/span><\/p><h3 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-weight:bold;font-size:18pt\">Irene  Nemirovsky.\u2026 \u2026\u2026\u2026\u2026..\u00a316.99.<\/h3><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Th\u00edos i Leabharlann an Locha Bhu\u00ed a bh\u00ed m\u00e9, ar na mallaibh, nuair a th\u00e1inig m\u00e9 ar an leabhar neamhghn\u00e1ch seo. Leabhar beag at\u00e1 ann, n\u00f3 n\u00edl ann, \u00f3 th\u00fas go deireadh, ach C\u00e9ad Caoga agus Naoi leathanach, ach m\u00e1 sea fh\u00e9in, n\u00edl dabht ar domhan, ach go bhfuil sc\u00e9al ar d\u00f3igh \u00e1 r\u00edomh ag an \u00fadar idir chl\u00fadaigh chorraitheacha an leabhair seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Mar a fheiceann t\u00fa \u00f3n bhf\u00f3gra thuas, cuireadh cl\u00f3, a ch\u00e9aduair, ar an sc\u00e9al seo, sa bhliain 1929, agus mar at\u00e1 fhios ag madra\u00ed an bhaile, b\u2019in an bhliain ar thit an t\u00f3in as c\u00f3ras caipitleach an Iarthair. Ba \u00ed Irene N\u00e9mirovsky a chuir an sc\u00e9al i dtoll a ch\u00e9ile d\u00fainn. Bean de bhunadh R\u00faiseach a bh\u00ed inti, bean a rugadh ansin sa bhliain 1903, agus a chaith a h\u00f3ige i gcathair Kiev na R\u00faise. D\u2019\u00e9irigh go seoigh lena hathair, Leon N\u00e9mirovsky. Gi\u00fadach ba ea \u00e9, agus d\u2019\u00e9irigh leis saibhreas agus c\u00e1il a bhaili\u00fa d\u00f3 fh\u00e9in i socha\u00ed a bh\u00ed naimhdeach go maith d\u00e1 chine, ag an am, ach n\u00ed chun feabhais a chuaigh c\u00farsa\u00ed, le himeacht aimsire, n\u00f3 nuair a th\u00e1inig an R\u00e9abhl\u00f3id Cumannach sa t\u00edr sin, sa bhliain 1917, cuireadh an bainc\u00e9ir Gi\u00fadach \u00f3 chumhdach an St\u00e1it. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">On the Run\u2026<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ba \u00e9 toradh a bh\u00ed ar na c\u00farsa\u00ed sin n\u00f3 go ndeachaigh s\u00e9 fh\u00e9in agus a ch\u00faram ar a dteicheadh, tr\u00edd an Fhionlainn i dtosach, agus ansin tr\u00edd an tSulainn, agus ar deireadh thiar, chuir siad f\u00fathu i dt\u00edr na Fraince. D\u2019oir sin go seoigh le hIrene, n\u00f3 bh\u00ed an Fhraincis ar a toil aice, agus chuir s\u00ed roimpi \u00f3 th\u00fas, c\u00e1il a bhaint amach di fh\u00e9in mar scr\u00edbhneoir, sa teanga sin, sa t\u00edr sin. Ph\u00f3s s\u00ed Michael Epstein sa bhliain 1926, Gi\u00fadach freisin a bh\u00ed ar a theicheadh \u00f3na th\u00edr dh\u00fachais, \u00e1it a raibh baint aige freisin le c\u00farsa\u00ed bainc\u00e9ireachta. Ach le filleadh ar Leon, an t-athair, d\u2019\u00e9irigh leis teacht i dt\u00edr sa bhFrainc, tr\u00ed phost a ghlacadh, mar oibr\u00ed, i mbanc ar leis fh\u00e9in \u00e9, tr\u00e1th d\u00e1 raibh. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Her  First  Novel<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">I gc\u00e1s Irene, bhain a c\u00e9ad \u00farscal, \u201cDavid Golder\u201d, cl\u00fa agus c\u00e1il amach di, i bP\u00e1ras na Fraince, \u00e1it ar foils\u00edodh \u00e9, sa bhliain 1929. Idir sin agus 1942, shil tr\u00ed h\u00farsc\u00e9al d\u00e9ag \u00f3 pheann l\u00edofa Irene, sular fh\u00f3gair na Naitsithe cosc ar scr\u00edbhneoir\u00ed Gi\u00fadacha. Go gairid ina dhiaidh sin, gabhadh \u00ed, n\u00f3 b\u00edodh gur chuir s\u00ed iarratas isteach, ag iarraidh ar na h\u00dadar\u00e1is, glacadh lei mar chathr\u00f3ir Francach, n\u00edor bronnadh sin uirthi, agus d\u00e1 bharr sin, b\u00edodh go raibh s\u00ed d\u00edlis don bhFrainc, n\u00ed raibh cosaint le f\u00e1il aici \u00f3 Rialtas na t\u00edre sin ab ansa lei, agus cuireadh go Campa G\u00e9ibhinn Auschwitz \u00ed, \u00e1it ar cuireadh chun bh\u00e1is \u00ed, sa bhliain 1942. Bh\u00ed leabhar eile, i ngeall le bheith cr\u00edochnaithe aice, an t-am sin, ach n\u00edor scalladh solas an lae ar an saothar sin go dt\u00ed an bhliain 2004, nuair a foils\u00edodh \u00e9 faoin teideal <strong>\u201cSuite Francaise\u201d<\/strong>, leabhar ina gcuireann an t-\u00fadar s\u00edos ar an bhFrainc faoi chumhacht na Gearm\u00e1ine. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong>B\u00edodh gur deineadh an leabhar c\u00e1iliuil sin, David Golder, a aistri\u00fa go B\u00e9arla i dt\u00fas na dtriochaid\u00ed, ligeadh i ndearmad ar\u00eds \u00e9, ina dhiaidh sin,<\/strong> <strong>go dt\u00ed gur dhein Sandra Smith \u00e9 a aistri\u00fa go B\u00e9arla ar\u00eds, sa bhliain 2007. <\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Quite an Introduction<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ag gabh\u00e1il leis an eagr\u00e1n seo den leabhar seo, David Golder, <strong>t\u00e1 R\u00e9amhr\u00e1 cumasach, eolgaiseach, l\u00e9annta, \u00f3 pheann an \u00fadair, Patrick Marnaham.<\/strong> Tr\u00edd is tr\u00edd, is leabhar den ch\u00e9adscoth \u00e9  David Golder, ina gcuireann an  t-\u00fadar s\u00edos ar shaint, ar mh\u00eddhaonnacht, agus ar leithleachas, an daonna\u00ed agus \u00e9 greamaithe i s\u00fail ribe an chaipitleachais Iartharaigh. N\u00ed h\u00e9 anois go raibh Irene ag scr\u00edobh faoi \u00e1bhar thar a cumas, n\u00f3 thar a heolas, n\u00f3 ba Ghi\u00fadach mn\u00e1 \u00ed, a t\u00f3gadh i measc bainc\u00e9ir\u00ed agus ceannaithe, agus thug s\u00ed faoi deara, conas a d\u2019oibrigh siad, agus i mbun a ngn\u00f3. M\u00e1s ag caint ar leithleachas agus ar shaint at\u00e1 muid, n\u00edl le d\u00e9anamh againn ach t\u00fas an sc\u00e9il seo a ini\u00fadhadh, le sin a thabhairt faoi deara. F\u00e9ach mar a oscla\u00edonn an t-\u00fadar an sc\u00e9al seo\u2026.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt;margin-left:36pt\">\u2018No,\u2019 said Golder, tilting his desklamp so that the light shone direactly into the face of Simon Marcus who was sitting opposite him on the other side of the table\u2026.. \u2018A hundred, Golder? Think about it. It\u2019s a good price,\u2019 said Marcus.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt;margin-left:36pt\">\u2018No,\u2019 Golder murmured again, then added, \u2018I don\u2019t want to sell.\u2019<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Just Business!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 go raibh a Ph\u00e1irt\u00ed, \u201cMarcus\u201d, i dtriobl\u00f3id, agus gur theastaigh c\u00fanamh airgid go g\u00e9ar uaidh, agus th\u00e1inig s\u00e9 chuig an duine a raibh s\u00e9 i bP\u00e1irt\u00edocht leis ar feadh s\u00e9 bliana is fiche, ag s\u00fail go bhfaigheadh s\u00e9 an c\u00fanamh sin uaidh, ach bh\u00ed breall air. Ba bhre\u00e1 le Golder cos i bpoll a chur leis, agus an Comhlacht a ghabh\u00e1il faoina \u00fain\u00e9ireacht fh\u00e9in, feasta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Chuir Golder cr\u00edoch leis an agallamh leis an aon fhocal amh\u00e1in\u2026\u2026\u2026..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">\u2018Business\u2019 agus b\u2019in sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Chuir Marcus l\u00e1mh ina bh\u00e1s fh\u00e9in, an o\u00edche ch\u00e9anna sin, tar \u00e9is d\u00f3 cuairt a thabhairt ar dhr\u00fathlann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Faoi\u2019n am sin, bh\u00ed Golder at teacht chun deireadh a laethe, agus \u00e9 gan m\u00f3r\u00e1n f\u00e1ltais f\u00e1gtha aige. Bh\u00ed a bhean, Gloria, agus a in\u00edon, Joyce, ag cur f\u00fathu i mBiarritz, agus iad ag baint toite agus taitnimh as airgead an sprionl\u00f3ra, David Golder. N\u00ed thagaid\u00eds  in aon ghaor d\u00f3, ach amh\u00e1in nuair a bh\u00edodh airgead uathu. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">That Human Touch?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ar deireadh thiar, theastaigh uaidh f\u00e1il r\u00e9idh leo, ach fi\u00fa amh\u00e1in, ar deireadh thiar, nuair a th\u00e1inig Joyce chuige ar th\u00f3ir thuilleadh airgid, agus b\u00edodh nach raibh s\u00e9 cinnte fi\u00fa, gurbh \u00ed a in\u00edon d\u00edlis fh\u00e9in \u00ed, shocraigh s\u00e9 ar iarracht amh\u00e1in eile a dh\u00e9anamh ar mhargadh, faoi ch\u00farsa\u00ed ola, a dh\u00e9anamh leis na R\u00faisigh, le hairgead a chur ar f\u00e1il don Joyce ch\u00e9anna sin, agus ba \u00e9 an cruatan a chuaigh leis an marg\u00e1nta\u00edocht sin a chriog \u00e9, tar \u00e9is d\u00f3 an marghadh a bheith d\u00e9anta aige. B\u2019fh\u00e9idir go l\u00e9irionn an gn\u00edomh deiridh sin ina shaol, go raibh boige daonna folaithe, \u00e1it eic\u00ednt, sa chro\u00ed istigh ann, le me\u00e1 an leithlitheachais a chothrom\u00fa.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ach, m\u00e1s uait uir\u00edsle an daonna\u00ed, teanntaithe i ngaiste an chaipitleachais, a thabhairt faoi deara, faigh an leabhar seo agus d\u00e9an \u00e9 a l\u00e9amh, n\u00f3 t\u00e1 an sc\u00e9al uilig sin le f\u00e1il taobh istigh de chl\u00fadaigh an leabhair\u00edn bhig seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">An-sc\u00e9al, an-l\u00e9amh, an-l\u00fairi\u00fa ar ghrineall an leithlithchais, ach, ag an am gc\u00e9anna, b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil l\u00e9as beag den d\u00f3chas, folaithe i ndeireadh an sc\u00e9il, ag an \u00fadar tuisceanach, l\u00e9annta, ild\u00e1nach, daonna, seo. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Leabhar Neamhghn\u00e1ch *********************** . Peadar Bair\u00e9ad David Golder\u2026\u2026\u2026\u2026.c\u00e9adchl\u00f3&#8230;.1929 le Irene Nemirovsky.\u2026 \u2026\u2026\u2026\u2026..\u00a316.99. . Th\u00edos i Leabharlann an Locha Bhu\u00ed a bh\u00ed m\u00e9, ar na mallaibh, nuair a th\u00e1inig m\u00e9 ar an leabhar neamhghn\u00e1ch seo. Leabhar beag at\u00e1 ann, n\u00f3 n\u00edl ann, \u00f3 th\u00fas go deireadh, ach C\u00e9ad Caoga agus Naoi leathanach, ach m\u00e1 sea fh\u00e9in, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12315","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12315","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12315"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12315\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12316,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12315\/revisions\/12316"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12315"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12315"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12315"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}