{"id":12319,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12319"},"modified":"2024-04-08T01:08:36","modified_gmt":"2024-04-08T01:08:36","slug":"deanfaidh-an-culu-eacnamaiochta-reatha-seo-maitheas-don-tir","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/deanfaidh-an-culu-eacnamaiochta-reatha-seo-maitheas-don-tir\/","title":{"rendered":"D\u00e9anfaidh an C\u00falu Eacnama\u00edochta reatha seo maitheas don T\u00edr"},"content":{"rendered":"<p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">D\u00e9anfaidh an C\u00falu Eacnama\u00edochta reatha seo maitheas don T\u00edr.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Tugann muid faoi deara freisin, agus an C\u00fal\u00fa Eacnama\u00edochta seo ag r\u00e9abadh tr\u00edd an t\u00edr ina loscadh sl\u00e9ibhe, go bhfuil praghas an Pheitril imithe tr\u00edd an d\u00edon, cheana f\u00e9in. Anois, mar adeir an seanfhocal\u2026 an rud is measa le duine n\u00e1 a bh\u00e1s, n\u00ed fheadar s\u00e9 nach \u00e9 l\u00e1r a leasa \u00e9\u2026Mar an gceanna le ard\u00fa praghas seo an Pheitril, mar cuirfidh an ganntanas seo srian leis an bhf\u00e1s ollmh\u00f3r at\u00e1 tagtha ar uimhir na ngluaiste\u00e1n ar \u00e1r mb\u00f3ithre, agus d\u00e1 bharr sin, n\u00ed bheidh an t\u00edr seo ag caitheamh an oiread c\u00e9anna airgid ag ceannacht gluaiste\u00e1n, agus tharl\u00f3idh s\u00e9 freisin, nach mbeidh an oiread c\u00e9anna \u00e1 chaitheamh againn ag ceannacht peitril, agus d\u00e1 bharr sin, in ionad na milli\u00fain, agus na milli\u00fain, a chaitheamh ag \u00edoc as na hearra\u00ed sin, fanfaidh an t-airgead sin anseo in \u00c9irinn agus spreagfar \u00e1r muintir fh\u00e9in le tionscail nua a bhun\u00fa anseo sa t\u00edr s\u2019againne, sea, agus cuirfidh s\u00e9 iachall orainn freisin, teacht i dt\u00edr ar uimhir n\u00edos l\u00fa gluaiste\u00e1n, rud a thabharfaidh deis d\u00fainn \u00e1r gc\u00f3ras iompair a fheabhs\u00fa, agus \u00e1r mb\u00f3ithre a chur in oiri\u00faint do thr\u00e1cht na haoise nua seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Fadhb ollmh\u00f3r i sl\u00e1inte an n\u00e1isi\u00fain seo isea an raimhre, n\u00f3 an bheatha\u00edocht, agus sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, caitear na milli\u00fain Euro in aghaidh na bliana, ag iarraidh leigheas a fh\u00e1il ar an ngalar cont\u00fairteach seo. Ach c\u00e9ard is c\u00fais leis an ngalar seo? Is \u00e9 a thuigann gach \u00e9inne, n\u00f3 gurb \u00e9 an fhl\u00fairse bia, at\u00e1 le f\u00e1il gan str\u00f3, ag daoine, is c\u00fais leis. Bhuel! cuirfidh an C\u00fal\u00fa Eacnama\u00edochta reatha seo srian ar an m\u00e9id beatha a bheidh le f\u00e1il ag daoine, agus cuirfidh sin smacht ar an mbeatha\u00edocht seo, at\u00e1 ag \u00e9ir\u00ed chomh coitianta sin i measc daoine, na laethe seo. Sea, agus n\u00ed br\u00e9ag ar bith a r\u00e1, go mbeidh \u00e1r muintir i bhfad n\u00edos sl\u00e1inti\u00fala d\u00e1 bharr.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Toradh eile a bheidh ar an gC\u00fal\u00fa seo n\u00f3, n\u00ed bheidh an oiread c\u00e9anna airgid ag daoine, le caitheamh ar bhr\u00e9ag\u00e1in do ph\u00e1ist\u00ed, agus b\u00edodh gur maith linn uilig na daoine beaga sin a mhilleadh le br\u00e9ag\u00e1in, ag an am gc\u00e9anna, n\u00ed dh\u00e9anfaidh ganntanas br\u00e9ag\u00e1n dochar ar bith d\u00f3ibh, n\u00f3 in \u00e1it na mbr\u00e9agan, beidh ar \u00e1r bp\u00e1ist\u00ed ansin dul i muin\u00edn a samhla\u00edochta fh\u00e9in, agus ruda\u00ed a chumadh, is a cheapadh, a chuirfidh caitheamh aimsire saor, cliste, ar f\u00e1il d\u00f3ibh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Feictear, mar sin, nach \u00e9 deireadh an tsaoil \u00e9 an C\u00fal\u00fa Eacnama\u00edochta reatha seo, at\u00e1 le tabhairt faoi deara sa t\u00edr seo, i l\u00e1thair na huaire seo, agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach cuirfidh s\u00e9 iachall orainn, beala\u00ed \u00fara a cheapadh lena mh\u00edbhunt\u00e1ist\u00ed a chur ar gc\u00fal, agus beala\u00ed eile a cheapadh, le sinn a thabhairt sl\u00e1n, amach as an ng\u00e9irch\u00e9im seo ina bhfuilimid s\u00e1innithe i l\u00e1thair na huaire seo. Sea, mair a chapaill is gheobhair f\u00e9ar, agus nach f\u00edor an r\u00e1iteas sin, m\u00e1 mhaireann an capall s\u00e1ch fada! Ach i gc\u00e1s an duine, nach cuma n\u00f3 asal duine gan seift, agus b\u00edonn na seifteanna ann ach smaoineamh orthu. Bhuel, sin an cleas! M\u00e1 \u00e9ir\u00edonn linn a bheith seifteach, tiocfaidh muid sl\u00e1n as an gC\u00fal\u00fa Eacnama\u00edochta reatha seo. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">\u2026\u2026\u2026\u2026\u2026\u2026\u2026\u2026\u2026Cr\u00edoch\u2026\u2026\u2026\u2026\u2026\u2026\u2026\u2026\u2026\u2026<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>D\u00e9anfaidh an C\u00falu Eacnama\u00edochta reatha seo maitheas don T\u00edr. . Tugann muid faoi deara freisin, agus an C\u00fal\u00fa Eacnama\u00edochta seo ag r\u00e9abadh tr\u00edd an t\u00edr ina loscadh sl\u00e9ibhe, go bhfuil praghas an Pheitril imithe tr\u00edd an d\u00edon, cheana f\u00e9in. Anois, mar adeir an seanfhocal\u2026 an rud is measa le duine n\u00e1 a bh\u00e1s, n\u00ed fheadar [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12319","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12319","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12319"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12319\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12320,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12319\/revisions\/12320"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12319"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12319"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12319"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}