{"id":12343,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12343"},"modified":"2024-04-08T01:14:54","modified_gmt":"2024-04-08T01:14:54","slug":"doirse-de-caibidil-5","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/doirse-de-caibidil-5\/","title":{"rendered":"Doirse De  Caibidil  5"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Caibidil  5<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">An  Dream  ar  d\u00edobh  m\u00e9 <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Feirmeoir\u00ed ba ea mo mhuintirse leis na gl\u00fanta, ach tar \u00e9is roinnt na bhfeirmeacha agus chuile sh\u00f3rt eile, n\u00ed raibh ag m\u2019athairse ach feirm bheag, thart ar sc\u00f3r acra de thalamh cuir, maraon le p\u00edosa portaigh, agus ceaarta cladaigh. Nach beag duine a d\u2019fh\u00e9adfadh  clann a th\u00f3g\u00e1il ar fheirm d\u00e1 leith\u00e9id, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, ach saol eile ar fad a bh\u00ed ann, an tr\u00e1th \u00fad, agus d\u00e9anta na f\u00edrinne, is d\u00f3igh go raibh d\u00f3thain duine sa mh\u00e9id sin talaimh, nuair a chuireann t\u00fa san \u00e1ireamh, nach mb\u00edodh gl\u00e9asanna nua-aimseartha feirmeoireachta acu an t-am sin. Ach b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir dom tuairisc eic\u00ednt a thabhairt daoibh ar an gcine\u00e1l oibre a bh\u00edodh le d\u00e9anamh ar fheirm bheag, an tr\u00e1th \u00fad. N\u00ed bh\u00edodh m\u00f3r\u00e1n oibre le d\u00e9anamh ag mo Dhaid i rith an Gheimhridh, taobh amuigh d\u2019aire a thabhairt do na beithigh, d\u00edogacha a ghlanadh, agus a sci\u00faraadh, agus cla\u00edocha a dheisi\u00fa, \u00e1it ar bith a raibh siad bearnaithe ag na bradaigh, a bh\u00ed fl\u00fairseach go leor ar na feirmeacha beaga, an tr\u00e1th sin. Ach le teacht an Earraigh, chuirt\u00ed cr\u00edoch le s\u00e9as\u00far na gc\u00e1rta\u00ed, agus dheinid\u00eds na sp\u00e1da a ghlanadh, a sci\u00faradh, agus a ullmh\u00fa, don obair a bh\u00ed le d\u00e9anamh acu, n\u00f3 le f\u00edrinne, ba \u00ed an sp\u00e1id a dh\u00e9anadh an r\u00f3mhar uilig, an tr\u00e1th \u00fad, ar na feirmeacha beaga, ach go h\u00e1irithe. Ba chrua an obair \u00ed, l\u00e1 i ndiaidh lae a chaitheamh amuigh ansin sa ghort, ag cur fata\u00ed in iomair\u00ed, iad ag basl\u00fa leo \u00f3 mhaidin go ho\u00edche, chuile l\u00e1, \u00f3 Luan go Satharn. Thart ar thr\u00ed sheachtain a th\u00f3gadh s\u00e9 d\u00edol bliana d\u2019fhata\u00ed a chur, sa tsl\u00ed sin. Bh\u00edodh  ar Dhaid na hiomair\u00ed a shioscadh i dtosach, dh\u00e9anta\u00ed aoileach a scaipeadh orthu ansin, agus leagta\u00ed na scoilte\u00e1in ar an aoileach sin. Ina dhiaidh sin, dh\u00e9anadh s\u00e9 na hiomair\u00ed a bhasl\u00fa, le cr\u00e9 a chur mar chl\u00fadach ar na scoilete\u00e1in. Nuair a bh\u00edodh an obair sin cr\u00edochnaithe, geallaimse dhuit \u00e9, go mb\u00edodh br\u00f3d an domhain ar an seanlead, as a shaothar deas n\u00e9ata, agus bh\u00edodh chuile dhuine \u00e1 mholadh as an saothar a bh\u00ed d\u00e9anta chomh cr\u00edochn\u00fail, bl\u00e1far, pointe\u00e1ilte si,n aige. N\u00ed i ngan fhios d\u00f3 fh\u00e9in, n\u00f3 d\u00e1 chn\u00e1mha tinne a dh\u00e9anadh an fear bocht an saothar c\u00e9anna sin, n\u00f3 ba mhinic a chonaic m\u00e9 \u00e9 tugtha, s\u00e1raithe, strumptha, ag obair sp\u00e1ide an Earraigh. Ba ghearr ina dhiaidh sin, go mb\u00edodh air an talamh a r\u00f3mhar don arbhar. B\u2019\u00e9 a dh\u00e9anadh s\u00e9 n\u00f3 an \u00e1it a raibh fata\u00ed curtha aige, an bhliain roimhe sin, a r\u00f3mhar leis an sp\u00e1id, ansin dh\u00e9anadh s\u00e9 an coirce a chraitheadh, lena l\u00e1imh, sa ghort sin, agus ansin, thagadh comharsa chuige leis an ngort a fhuirseadh le cliath. C\u00e9 go mb\u00edodh capall againn nuair a bh\u00ed mise an-og, cailleadh an fear bocht agus b\u2019in deireadh leis an mustar, chomh fada is a bhain s\u00e9 linne, n\u00f3 feasta, n\u00ed raibh ag Bair\u00e9adhaigh na Druime ach bheith i muin\u00edn an asail!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chomh luat  is a bh\u00edodh sin d\u00e9anta, bheadh s\u00e9 in am aige an mh\u00f3in a bhaint le sle\u00e1n, agus geallaimse dhuidt \u00e9, n\u00e1rbh obair do ghiolla na leisce \u00e9 an sle\u00e1nad\u00f3ireacht ch\u00e9anna sin. Bheadh sin ceart go leor, mura mbeadh ann ach an m\u00e9id sin, ach n\u00ed bheadh sa mh\u00e9id sin ach an t\u00fas, n\u00f3 bh\u00edodh air ansin , le beag\u00e1in\u00edn cabhrach uainne, an mh\u00f3in a iomp\u00f3, a ghr\u00f3igeadh, agus a athghr\u00f3igeadh, s\u00e1ra mbeadh s\u00ed tirim. Nuair a bh\u00edodh an mh\u00f3in bre\u00e1 tirim, ansin bh\u00edodh air an mh\u00f3in sin a chur amach ar thaoh an bh\u00f3thair le hasail, obair chrua mhaslaitheach. N\u00ed bh\u00edodh le d\u00e9anamh ansin ach an mh\u00f3in a tharl\u00fa abhaile le capaill agus cairteacha, agus an chruach mh\u00f3na a th\u00f3g\u00e1il i ndeas don teach, le freastal ar thine an Gheimhridh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ansin, bh\u00ed an t-\u00e1dh linne, n\u00f3 bh\u00ed roinnt \u00e1irithe m\u00f3na le f\u00e1il ar an bhfeirm, i ndeas don bhaile, agus sa tsl\u00ed sin, bh\u00edodh ar chumas mo Dhaid d\u00f3thain m\u00f3na don bhliain  a bhaint sa bportach sin, go h\u00e1irithe nuair a bh\u00ed muidinne r\u00f3-\u00f3g le haon tsaghas cabhrach a thabhairt d\u00f3 i bhfad \u00f3 bhaile. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed gn\u00f3 eile a bh\u00ed crua go maith ar an ndroim freisin, agus b\u2019in an gortghlanadh a bh\u00edodh le d\u00e9anamh ar na fata\u00ed, ach go h\u00e1irithe. Chomh luath is a thosa\u00edodh na fata\u00ed c\u00e9anna sin ag f\u00e1s leo go r\u00e1bach, thosa\u00edodh na fiail\u00ed ag f\u00e1s leo n\u00edos r\u00e1ba\u00ed f\u00f3s, agus \u00f3 tharla go raibh leas\u00fa \u00e1 ngr\u00edosadh, ba ghearr go mb\u00edodh siad ag pl\u00fachadh na ngas, geall leis, agus bh\u00edodh g\u00e1 ansin le gortghlanadh, le deireadh a chur lena r\u00e1s. N\u00ed raibh aon ineall acu, an tr\u00e1th \u00fad, leis an ngn\u00f3 sin a dh\u00e9anamh, n\u00ed raibh mh\u2019anam! n\u00ed raibh ann ach na m\u00e9ireanna, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mbeadh droim tinn ort, ach l\u00e1 ioml\u00e1n a chaitheamh cromtha os cionn na n-iomair\u00ed, ag baint na bhfiail\u00ed diabhalta c\u00e9anna sin. Droch rath orthu! Ar ball, bh\u00edodh g\u00e1 leis na gais ch\u00e9anna a chosaint \u00f3n ndubh, tr\u00ed sprae\u00e1il a dh\u00e9anamh orthu. Leis an obair sin a dh\u00e9anamh, n\u00ed bh\u00edodh aon rogha acu, i dtosach b\u00e1ire, ach \u00e9 a dh\u00e9anamh le scuab fraoigh, n\u00f3 ar ball, dh\u00e9anta\u00ed an gn\u00f3 le spr\u00e9ire droma, gn\u00f3 a bh\u00ed maslaitheach go maith freisin. Bh\u00ed meais\u00edn sprae\u00e1la, i gcomhar, ag m\u2019athair agus ag uncail liom, agus dh\u00e9anaid\u00eds an sprae\u00e1il, ar a seal, leis an meais\u00edn sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chomh luath is a bh\u00edodh an gn\u00f3 sin cr\u00edochnaithe, bheadh se in am aige smaoineamh ar an bhf\u00e9ar a bhaint. N\u00ed bh\u00edodh  aon ineall bainte aige, geeallaimse dhuit \u00e9! n\u00ed bh\u00edodh aige ach an speal, c\u00e9 gur cheap m\u2019athair go mba iontach an gl\u00e9as bainte \u00e9 an speal, \u00f3 ba chuimhin lies-sean bheith ag baint le corr\u00e1n, sna seanlaethe. \u2018Faobhar a bhaineann\u2019, adeireadh s\u00e9 linne, n\u00f3 ba dhiabhalta go deo an faobhar a chuireadh s\u00e9 fh\u00e9in ar lann na speile. Agus ar\u00eds, n\u00ed raibh sa mh\u00e9id sin uilig ach an t\u00fas, n\u00f3 bh\u00edodh orainn uilig ansin dul amach ag s\u00e1bh\u00e1ilt an fh\u00e9ir, agus ba chrua an obair \u00ed sin, go h\u00e1irithe, nuair nach mb\u00edodh an aimsir go maith, n\u00f3 mar is eol do ch\u00e1ch, soineann a sh\u00e1bh\u00e1ileann an f\u00e9ar!  Nuair a bh\u00edodh an f\u00e9ar uilig s\u00e1bh\u00e1ilte agus coc\u00e1ilte amuigh sna m\u00f3in\u00e9ir, ansin bh\u00edodh s\u00fail in airde ag Daid  le l\u00e1 bre\u00e1, leis an bhf\u00e9ar a tharl\u00fa abhaile, le cruach a dh\u00e9anamh de san iothlainn. Bh\u00edodh muid ag brath ar\u00eds ar dhuine de na comharsanna leis an ngn\u00f3 sin a dh\u00e9anamh d\u00fainn, ach n\u00ed raibh sa mh\u00e9id sin ach cuid de shean-n\u00f3s na meithle, a bh\u00edodh \u00e1 chleachtadh i measc na gcomharsan, an tr\u00e1th \u00fad. Seachtain, n\u00f3 mar sin, i ndiaidh l\u00e1 na cruaiche, bh\u00edodh gn\u00f3 tuirsi\u00fail eile le d\u00e9anamh, n\u00f3 bh\u00ed orhtu d\u00edon tu\u00ed a chur ar an gcruach, len \u00ed a choinne\u00e1il tirim le linn doineann an Gheimhridh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus \u00f3 tharla ag caint ar spealad\u00f3ireacht m\u00e9, t\u00e1 s\u00e9 chomh maith dom tagaiart a dh\u00e9anamh anseo do bhaint an arbhair. Ar\u00eds, ba \u00e9 Daid s\u2019againne a dh\u00e9anadh an spealad\u00f3ireacht \u00e9 fh\u00e9in, agus ar\u00eds, ba throm tuirsi\u00fail an obair \u00ed, an spealad\u00f3ireacht ch\u00e9anna sin. Bh\u00edodh muidinne ag teacht taobh thiar de, agus muid ag d\u00e9anamh na bpunann agus \u00e1 gceangal. Thagadh Daid sa tr\u00e1thn\u00f3na agus dh\u00e9anadh s\u00e9 st\u00faca\u00ed as na punanna sin. Ar ball, th\u00f3gta\u00ed an t-arbhar sin isteach san iothlainn, \u00e1it a nd\u00e9anta\u00ed \u00e9 a th\u00f3g\u00e1il ina st\u00e1ca\u00ed. An t-asal a dh\u00e9anadh obair an asail, sa ch\u00e1s sin! Dh\u00e9anta\u00ed na punanna a cheangal i mbrom\u00f3ga, agus chrochta\u00ed na brom\u00f3ga sin ar dh\u00e1 scor\u00f3g na srathrach, agus ansin, dh\u00e9anta\u00ed carn punann a l\u00edonadh idir an d\u00e1 bhrom\u00f3g sin. Nuair a bh\u00edodh a dh\u00f3thain d\u2019ualach ar an asal, cheangla\u00edt\u00ed r\u00f3pa trasna \u00f3 bhrom\u00f3g go brom\u00f3g, leis an ualach a choinne\u00e1il socair, agus ansin, ar aghaidh leis isteach chun na hiothlainne leis an ualach sin, agus mar sin d\u00f3, go dt\u00ed go mb\u00edodh an gn\u00f3 cr\u00edochnaithe. D\u2019fh\u00e1gta\u00ed ansin ina st\u00e1ca\u00ed san iothlainn \u00e9, go dt\u00ed go mb\u00edodh s\u00e9 bre\u00e1 tirim, agus ansin, dh\u00e9anadh Daid \u00e9 a bhualadh ar chloch mh\u00f3r, ar l\u00e1thair ghlan, leis an ngr\u00e1n a bhaint as. Sa tr\u00e1thn\u00f3na, dh\u00e9anta\u00ed an gr\u00e1n sin a ch\u00e1itheadh, leis an gc\u00e1ith a bhaint as, agus ansin, chuirt\u00ed an gr\u00e1n i m\u00e1la\u00ed, lena dh\u00edol, n\u00f3 lena choimead mar bhia do chearca, n\u00f3 lena mheilt ina mhin-choirce, n\u00f3 fi\u00fa,  lena choinne\u00e1il mar sh\u00edol don ch\u00e9ad bhliain eile.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faoin am sin, bh\u00edodh na fata\u00ed aib\u00ed agus r\u00e9idh chun a mbainte, gn\u00f3 a th\u00f3gadh thart ar thr\u00ed sheachtain ar\u00eds. Nuair a bh\u00edodh na fata\u00ed bainte, agus curtha i bpoill, amuigh sa ghort, ansin bh\u00edodh an Geimhreadh buailte leo, agus \u00e9 in am acu s\u00e9as\u00far na gc\u00e1rta\u00ed a oscailt ar\u00eds. N\u00edl sa mheid sin ach blas beag den obair mhaslaitheach a bh\u00edodh le d\u00e9anamh ag an bhfeirmeoir beag, an tr\u00e1th \u00fad. N\u00edorbh \u00e9 sin c\u00e1s an fheirmeora mh\u00f3ir, n\u00f3 bh\u00edodh inneallra aigesean, leis an anr\u00f3 a bhaint as an obair. Amach anseo, beidh tuilleadh le r\u00e1 agam faoin saol a bh\u00ed suas agus mise ag f\u00e1s an\u00edos in Iorras na nIontas, breis mhaith is tr\u00ed sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin anois.   <\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Caibidil 5 An Dream ar d\u00edobh m\u00e9 . Feirmeoir\u00ed ba ea mo mhuintirse leis na gl\u00fanta, ach tar \u00e9is roinnt na bhfeirmeacha agus chuile sh\u00f3rt eile, n\u00ed raibh ag m\u2019athairse ach feirm bheag, thart ar sc\u00f3r acra de thalamh cuir, maraon le p\u00edosa portaigh, agus ceaarta cladaigh. Nach beag duine a d\u2019fh\u00e9adfadh clann a th\u00f3g\u00e1il [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12343","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12343","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12343"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12343\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12344,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12343\/revisions\/12344"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12343"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12343"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12343"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}