{"id":12351,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12351"},"modified":"2024-04-08T01:12:35","modified_gmt":"2024-04-08T01:12:35","slug":"doirse-de-caibidil-6","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/doirse-de-caibidil-6\/","title":{"rendered":"Doirse De Caibidil 6"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Caibidil  6<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Saolta ag athr\u00fa<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu, agus nach m\u00f3r na hathruithe at\u00e1 tagtha ar an saol \u00f3 bh\u00ed mise ag f\u00e1s an\u00edos thiar in Iorras Domhnann, i dt\u00fas thriochaid\u00ed an ocrais.  T\u00e1 s\u00e9 deacair agam fh\u00e9in anois an saol c\u00e9anna sin a shamhl\u00fa fi\u00fa, gan tr\u00e1cht in aon chor ar \u00e9 a thabhairt chun chruinnis. Ba gheall le saol na me\u00e1naoiseanna \u00e9, agus ba bheag rud i bhfoirm innealra n\u00f3 \u00e1iseanna nua-aimseartha a bh\u00ed le f\u00e1il in \u00e1r measc, thiar , an t-am sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh fl\u00fairse ag \u00e9inne, ach muid uilig \u00f3n l\u00e1mh go dt\u00ed an b\u00e9al, agus Conch\u00far M\u00f3r sa ch\u00fainne ag daoine an chuid ba mh\u00f3 den am. N\u00ed bh\u00edodh aon teacht isteach rialta acu, n\u00f3 b\u2019fheirmeoir\u00ed beaga, n\u00f3 iascair\u00ed, chuile dhuine acu. Ach n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9, an babhta seo, ach chuige seo. Acra\u00ed, agus modhanna oibre, at\u00e1 ag d\u00f3 na geirbe agam, an turas seo, go h\u00e1irithe na hacra\u00ed, agus na modhanna sin, at\u00e1 dearmadta, n\u00f3 beagnach dearmadta, faoin am seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Leis an gceann a bhaint den sc\u00e9al, tos\u00f3idh m\u00e9 le sc\u00e9al na m\u00f3na. Ba mh\u00f3r agus b\u2019fhada an sc\u00e9al againne thiar \u00e9, an t-am sin, i dt\u00fas na dtriochaid\u00ed. N\u00ed raibh inneall bainte m\u00f3na ag duine ar bith acu, an tr\u00e1th sin, geallaimse dhuit \u00e9! N\u00ed raibh mh\u2019anam! N\u00ed raibh acu ach an sle\u00e1n, agus don t\u00e9 nach bhfaca ceann acu sin riamh, ba ghl\u00e9as \u00e9 cos\u00fail le sp\u00e1d, ach amh\u00e1in go raibh binn bheag, gh\u00e9ar, ag gobadh amach \u00f3 thaobh amh\u00e1in d\u2019\u00edochtar na sp\u00e1ide sin, leis an ngearadh a dh\u00e9anamh. Ba \u00e9 an ch\u00e9ad rud a dh\u00e9anaid\u00eds mar sin, agus iad ag ullmh\u00fa don mh\u00f3in a bhaint, n\u00f3 an portach a shioscadh, n\u00f3 an barrfh\u00f3d a bhaint de, agus \u00e9 a chaitheamh isteach sa lagphortach, le ruaig a chur ar an uisce a bh\u00edodh lonnaithe ansin. Ansin, th\u00e9adh fear an tsle\u00e1in i mbun oibre, agus ghearradh s\u00e9 na f\u00f3id leis an ngl\u00e9as dra\u00edochta sin, agus chaitheadh s\u00e9 ina chith uaidh iad, amach ar an mbruach, \u00e1it a mbeadh duine, n\u00f3 beirt, ag fanacht len iad a chaitheamh n\u00edos faide amach f\u00f3s, go dt\u00ed an port scartha, \u00e1it a nd\u00e9anta\u00ed iad a fh\u00e1g\u00e1il le triom\u00fa faoi sholas agus faoi theas na gr\u00e9ine. Ba dheacair radharc n\u00ed b\u2019fhearr a fheice\u00e1il n\u00e1 fear bre\u00e1, scaf\u00e1nta, ag scaoileadh na bhf\u00f3d uaidh \u00f3n sle\u00e1n, faoi mar ba phil\u00e9ir as b\u00e9al gunna iad, agus iad ag sleamhn\u00fa, agus ag sciorradh leo, fan na tal\u00fan, deich dtroigh \u00f3 bharr an tsle\u00e1in. Bh\u00ed dra\u00edocht ag baint leis na radharac sin, murab ionann is saothr\u00fa na m\u00f3na, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, nuair nach bhfuil le feice\u00e1il agat ach an mh\u00f3in ag \u00fascadh amach as inneall, faoi mar ba isp\u00edn m\u00f3r dubh, ramhar, gr\u00e1nna \u00ed! B\u2019fh\u00e9idir go raibh dra\u00edocht ag baint leis an obair, ach geallaimse dhuit \u00e9, go raibh anr\u00f3 agus cruatan ag baint leis freisin, n\u00f3 bheadh do dhroim scoilte agat, tar \u00e9is l\u00e1 ioml\u00e1n a chaitheamh ag saothr\u00fa m\u00f3na ar an bportach. D\u2019fh\u00e1gta\u00ed an mh\u00f3in scartha ar an talamh mar sin ar feadh roinnt laethe, n\u00f3 go mb\u00edodh craiceann tagtha ar na f\u00f3id, agus ansin, dh\u00e9anta\u00ed \u00ed a iomp\u00fa, le deis a thabhairt don taobh eile bolg le gr\u00e9in a dh\u00e9anamh freisin! Nuair a bh\u00edodh an mh\u00f3in l\u00e1idir go leor le cur ina seasamh, dh\u00e9anta\u00ed roinnt f\u00f3d a chur ina seasamh i gcoinne a ch\u00e9ile ina ngr\u00f3ig\u00edn, le deis a thabhairt d\u00f3ibh triom\u00fa tuilleadh, agus uaidh sin, go gr\u00f3ig\u00edn\u00ed n\u00edos m\u00f3 f\u00f3s, go dt\u00ed go mbeadh an mh\u00f3in s\u00e1ch tirim le cur amach ar thaobh an bh\u00f3thair, \u00e1it a nd\u00e9anaid\u00eds cruach di. B\u2019in an l\u00e1 nuair a thagadh meitheal gas\u00far le ch\u00e9ile agus asal gona ph\u00e1rd\u00f3ga m\u00f3ra ag chuile dhuine acu, agus chaitheadh siad an l\u00e1 uilig ag tarl\u00fa na m\u00f3na \u00f3n bportach amach go dt\u00ed taobh an bh\u00f3thair.  Ba bheag am saor a bh\u00edodh ag na gas\u00fair ch\u00e9anna sin \u00f3 \u00e9ir\u00ed go lu\u00ed na gr\u00e9ine, an l\u00e1 cru\u00f3gach c\u00e9anna sin, ach mar sin fh\u00e9in, ba n\u00e1s \u00e9, agus n\u00edor mhaith le h\u00e9inne n\u00f3s a dh\u00e9anamh, n\u00f3 n\u00f3s a bhriseadh, an tr\u00e1th \u00e1irithe \u00fad. Bh\u00edodh bbunt\u00e1ist\u00ed \u00e1irithe ag baint leis an l\u00e1, d\u00e1r leis na gas\u00fair fh\u00e9in. Bh\u00edodh toit\u00edn\u00ed le f\u00e1il go fl\u00fairseach acu, agus anois is ar\u00eds, bh\u00edodh s\u00fa liom\u00f3ide, n\u00f3 buid\u00e9al beorach fi\u00fa! le f\u00e1il ag an t\u00e9 a dh\u00e9aanfadh gaisce i mbun na m\u00f3na!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed call dom a r\u00e1, go mb\u00edodh daoine f\u00e1sta ansin freisin, leis na gas\u00fair a bhrost\u00fa, aguss le gn\u00edomh a choinne\u00e1il leis an gcruach mh\u00f3na ar thaobh an bh\u00f3thair. D\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed ghlacfa\u00ed le n\u00f3s \u00fad na dtoit\u00edn\u00ed sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, ach an tr\u00e1th \u00fad, d\u2019\u00fas\u00e1idt\u00ed iad mar dhuais, le tuilleadh oibre a bhaint as na gas\u00fair bhochta!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00edodh l\u00e1 m\u00f3r eile acu ansin ag tarl\u00fa na m\u00f3na sin abhaile. Capaill agus cairteacha a bh\u00edodh acu, nuair a bh\u00edos fh\u00e9in im\u2019ghas\u00far. Ach bhainid\u00eds \u00fas\u00e1id as taarrac\u00f3ir, n\u00f3 as leora\u00ed, fi\u00fa, leis an mbeart sin a dh\u00e9anamh, \u00f3 aimsir an chogaidh i leith, ach bh\u00edodh meitheal mhaith fear ag teast\u00e1il leis an ngn\u00f3 sin a dh\u00e9anamh san aon l\u00e1 amh\u00e1in.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Gl\u00e9as eile a bh\u00edodh coitianta an tr\u00e1th \u00fad ba ea an cast\u00f3ir, sin an gl\u00e9as a bh\u00edodh acu le s\u00fag\u00e1in a dh\u00e9aanamh. Minic a chaith m\u00e9 l\u00e1 ioml\u00e1n ag casadh na s\u00fag\u00e1n diabhalta c\u00e9anna sin, n\u00f3 bh\u00edodh an t-uafas den earra c\u00e9anna sin ag teast\u00e1il don tu\u00edod\u00f3ireacht. Cailleach, a thugadh siad ar an gceirtl\u00edn ollmh\u00f3r s\u00e1g\u00e1in a dh\u00e9anaid\u00eds don ghn\u00f3 sin. Bh\u00edodh g\u00e1 leis na s\u00fag\u00e1in le d\u00edon tu\u00ed a chur ar theach, n\u00f3 ar chruach fh\u00e9ir fh\u00e9in, an tr\u00e1th \u00fad. Agus f\u00e9ach! is beag n\u00e1r dhein m\u00e9 dearmad ar an speal agus ar an gcorr\u00e1n, na hacra\u00ed a bh\u00edodh acu le harbhar, n\u00f3 le f\u00e9ar,  a bhaint, an tr\u00e1th \u00fad. Ba \u00ed an speal an pr\u00edomhghl\u00e9as bainte a bh\u00ed acu agus mise ag f\u00e1s an\u00edos. Nuair a bh\u00ed m\u00e9 i mo ghas\u00far, n\u00ed bh\u00edodh inneall bainte ag duine ar bith sa chomharsanacht, agus nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa air, n\u00e1r leor \u00ed an speal ch\u00e9anna? n\u00f3 bh\u00edodh na feirmeacha beag, agus n\u00ed bh\u00edodh acu leis an bhf\u00e9ar c\u00e9anna sin a sh\u00e1bh\u00e1il ach an p\u00edce agus an r\u00e1ca! Ar\u00eds bh\u00ed dra\u00edocht \u00e9igin ag baint le spealad\u00f3ir a fheice\u00e1il i mbun oibre, agus an siosarnach a dh\u00e9anadh an speal gh\u00e9ar agus \u00ed ag r\u00e9abadh a sl\u00ed tr\u00edd an bhf\u00e9ar bog glas mar a ghearrfadh scian te a sl\u00ed tr\u00ed cnap ime, sea, agus an tsraith n\u00e9ata f\u00e9ir a d\u2019fh\u00e1gadh an buana\u00ed ina dhiaidh, agus \u00e9 ar a bhealach \u00f3 cheann ceann an mh\u00f3in\u00e9ir. Bh\u00ed bua eile ag baint le hobair an spealad\u00f3ra freisin, nuair a thagadh s\u00e9 ar chuasn\u00f3g. N\u00ed h\u00e9 anois go dtaitn\u00edodh a leith\u00e9id leis an spealad\u00f3ir, n\u00f3 n\u00ed thaitn\u00edodh, ach thaitn\u00edodh  s\u00e9 linne, n\u00f3 bh\u00edodh mil le f\u00e1il, nuair a dh\u00e9anadh Daid an chuasn\u00f3g a chreachadh d\u00fainn. Bh\u00ed baol ann \u00e1fach, go gcuirfeadh beach ga ionat, ach n\u00e1r chuma, b\u2019fhi\u00fa an tairbhe an triobl\u00f3id. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh an corr\u00e1n m\u00f3r\u00e1n in \u00fas\u00e1id le mo linnse, ach ba bheag teach nach raibh ceann acu ann, mar bhaineadh siad \u00fas\u00e1id as an acra c\u00e9anna sin, nuair a bh\u00edodh siad ag baint feamainne, n\u00f3 nuair a bh\u00edodh f\u00e9ar cla\u00ed \u00e1 bhaint acu, n\u00f3 nuair a theast\u00f3dh uathu f\u00e9ar a bhaint, \u00e1it ar bith nach bhf\u00e9adfadh siad an speal a oibri\u00fa inti.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, b\u2019fh\u00e9idir gur leor sin don bhabhta seo, ach t\u00e1 brosna eile sc\u00e9alta s\u00e1innithe istigh i gcistin na cuimhne agam, agus t\u00e1 s\u00e9 deacair go maith smacht a choinne\u00e1il orthu, n\u00f3 teasta\u00edonn \u00f3 chuile fhear acu \u00e9al\u00f3 leis, amach ar fud na bhfud, ach b\u00ed cinnte go gcoinneoidh m\u00e9 na cinn is fearr daoibhse, a l\u00e9itheoir\u00ed.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Caibidil 6 Saolta ag athr\u00fa Nach m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu, agus nach m\u00f3r na hathruithe at\u00e1 tagtha ar an saol \u00f3 bh\u00ed mise ag f\u00e1s an\u00edos thiar in Iorras Domhnann, i dt\u00fas thriochaid\u00ed an ocrais. T\u00e1 s\u00e9 deacair agam fh\u00e9in anois an saol c\u00e9anna sin a shamhl\u00fa fi\u00fa, gan tr\u00e1cht in aon chor ar [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12351","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12351","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12351"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12351\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12352,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12351\/revisions\/12352"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12351"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12351"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12351"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}