{"id":12357,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12357"},"modified":"2024-04-08T01:24:52","modified_gmt":"2024-04-08T01:24:52","slug":"e-a-c-h-t-r-a-i-g-h-d-u-i-n-n-3-0-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/e-a-c-h-t-r-a-i-g-h-d-u-i-n-n-3-0-a\/","title":{"rendered":"E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n        3 0 A"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n      <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Caibidil   19<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019inis m\u00e9 dhaoibh gur chuir m\u00fainteoir\u00ed i Scoil N\u00e1isi\u00fanta na Cille M\u00f3ire, Iorrais, obair shealadach ar f\u00e1il dom, agus n\u00ed call a r\u00e1, gur ghlac m\u00e9 leis an bpost sin, le fonn is le flosc, agus ba thr\u00edd an bpost c\u00e9anna sin, a fr\u00e9amha\u00edodh gr\u00e1 don mh\u00fainteoreacht sa chro\u00ed istigh ionnam, ach le filleadh ar an sc\u00e9al a bh\u00ed idir cham\u00e1in agam&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00edodh nach raibh an mh\u00fainteoireacht chomh h\u00e9asca is a cheap m\u00e9, ag an am gc\u00e9anna, thaitin s\u00e9 go m\u00f3r liom, ar  bhealach eic\u00ednt.  Bheadh s\u00e9 deacair na gas\u00fair sa scoil sin a sh\u00e1r\u00fa. N\u00e1r chuid dem phobal fh\u00e9in iad, agus tar \u00e9is dom scathamh a chaitheamh im mh\u00fainteoir sealadach, th\u00e1inig me ar an tuairim, go n-oirfeadh ceird na m\u00fainteoireachta go seoigh liom.  Chuaigh m\u00e9 i gcomhairle le mo sheanmh\u00fainteoir, an M\u00e1istir \u00d3 Cr\u00f3in\u00edn, agus ba \u00e9 a mhol seisean dom, n\u00f3 cur isteach ar ch\u00farsa don \u201cH Dip in Ed\u201d i gCol\u00e1iste na hOllscoile, Gaillimh, don bhliain scoile d\u00e1r gcionn.  Rinne m\u00e9 rud air, agus glacadh liom, agus socra\u00edodh go raghainn isteach ansin, faoi Dheireadh F\u00f3mhair na bliana sin, 1950.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, bh\u00ed an fhadhb scaoilte agam, b\u00edodh gur de thimpiste fh\u00e9in \u00e9. Raghainn le Me\u00e1n- m\u00fainteoireacht.  Mhol mo sheanmh\u00e1istir dom freisin, cuairt a thabhairt ar roinnt Me\u00e1nscoileanna, f\u00e9achaint an mbeadh aon fhol\u00fantas acu, sa chaoi go bhf\u00e9adfainn dul ag m\u00faineadh chucu, an Me\u00e1n F\u00f3mhair sin, agus go raibh seans ann, go ligf\u00ed dom freastal ar ch\u00farsa an \u201cH Dip.\u201d i rith na bliana sin.  Rinne m\u00e9 amhlaidh, ach, i nd\u00e1ir\u00edre, ba shaothar in aisce dom \u00e9, n\u00f3 c\u00e9 gur gealladh dom, i gcupla scoil, go gcuirf\u00ed fios orm, gan aon r\u00f3-mhoill, le dul i mbun oibre d\u00f3ibh, t\u00e1 m\u00e9 ag fanacht f\u00f3s ar litir uathusan, ag moladh dom teacht chucu.  \u00d3 Bhuel!  nach \u2018in an saol agat!  An t\u00e9 t\u00e1 thuas \u00f3ltar deoch air, ach an t\u00e9 t\u00e1 th\u00edos, buailtear cos air.  B\u2019in mar a mhothaigh mise, ar aon n\u00f3s, an tr\u00e1th \u00fad.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, n\u00edorbh fh\u00e1l go haer \u00e9, n\u00f3 teacht an Mhe\u00e1n Fh\u00f3mhair, bhailigh m\u00e9 mo chip is mo mheanaithe ar\u00eds, agus thug m\u2019aghaidh ar Ghaillimh na gCuan.  Fuair m\u00e9 l\u00f3ist\u00edn dom fh\u00e9in i dteach a\u00edochta, amuigh ar imeall na cathrach, i nGarraithe an L\u00e9ana Bhu\u00ed, le muintir Mhic Aonghusa, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, nach bhf\u00e9adfainn \u00e1it n\u00edos fearr, n\u00edos oiri\u00fana\u00ed, n\u00f3 n\u00edos cairdi\u00fala a fh\u00e1il, \u00e1it ar bith, i gcathair mh\u00f3r na Gaillimhe, an tr\u00e1th \u00fad, n\u00e1 an teach c\u00e9anna sin, agus n\u00edor d\u00faradh cat dubh, n\u00f3 cat b\u00e1n liom, i rith na bliana ar fad a chaith m\u00e9 ina gcosamar, sea, agus roinneadar go fial, flaithi\u00fail, fairsing, agus go cairdi\u00fail, liom, fad a bh\u00ed m\u00e9 ina measc.  Bh\u00ed bunt\u00e1iste eile ag baint leis an dteach l\u00f3ist\u00edn c\u00e9anna sin, s\u00e9 sin, go raibh s\u00e9 an-ghar don Ollscoil, agus tharla go raibh rothar agam, n\u00ed th\u00f3gadh s\u00e9 aon achar orm dul isteach chun na hOllscoile, n\u00f3 teacht abhaile as ar\u00eds, ach chomh beag.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019airigh m\u00e9, go raibh m\u00e9 i measc cairde, san Ollscoil ch\u00e9anna sin, n\u00f3 nach raibh seal de bhlianta caite agam ag freastal uirthi, tr\u00e1th raibh m\u00e9 im N\u00f3ibh\u00edseach, i gCloughballymore House, tamall roimhe sin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh Garraithe an L\u00e9ana Bhu\u00ed c\u00f3ngaraach go maith do Bh\u00f3thar na Tr\u00e1, agus chomh maith le sin, n\u00ed raibh Halla m\u00f3r Rince, \u201cSeapoint\u201d, thar fad urchar m\u00e9ar\u00f3ige uainn, agus geallaimse dhuit \u00e9, gur mhinic \u00e1r dtriall ar an ionad aerach, \u00e1lainn, c\u00e9anna sin.  Anois, bh\u00ed fear \u00f3g eile ar l\u00f3ist\u00edn le muintir Mhic Aonghusa, in \u00e9ineacht liomsa, Albanach fir ba ea \u00e9, agus Jimmy ab ainm d\u00f3.  D\u2019\u00e9ir\u00edomar cairdi\u00fail le ch\u00e9ile, agus th\u00e9adh an bheirt againn chuig na damhsa\u00ed sin, a luaigh m\u00e9 thuas, agus ba bhre\u00e1 an comhluadar ar \u00f3c\u00e1id\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id \u00e9.  Bh\u00ed Halla Rince eile sa d\u00faiche sin freisin, ach n\u00ed bh\u00edodh s\u00e9 oscailte leath na gcuarta, an tr\u00e1th \u00fad, \u201cThe Hangar\u201d, a thugta\u00ed ar an Halla m\u00f3r sin, agus bh\u00edodh a ainm i mb\u00e9al an phobail, i nGaillimh, l\u00e1 d\u00e1 raibh, ach is d\u00f3cha go raibh a sheal tugtha, faoin am ar th\u00e1inig mise ar an bhf\u00f3d.  N\u00ed call dom a r\u00e1, ach oiread, go raibh chuile dheis ar f\u00e1il, fan Bh\u00f3thar na Tr\u00e1, don t\u00e9 a mbeadh fonn sn\u00e1mha air, n\u00f3 bh\u00ed ansin, tr\u00e1nna fairsinge, b\u00e1na, agus chomh maith le sin, bh\u00ed c\u00e9ibh, agus cl\u00e1r tumtha, ansin, don t\u00e9 a chuirfeadh sp\u00e9is ina leith\u00e9id.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a th\u00e1inig an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte, bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in th\u00edos sa Chol\u00e1iste, agus m\u00e9 r\u00e9idh lem\u2019 thraen\u00e1il mar mh\u00fainteoir a thos\u00fa.  Chuireamar aithne ar \u00e1r nOllamh, an tOllamh P\u00e1draig \u00d3 Lorc\u00e1in.  N\u00ed fh\u00e9adfainn dul thar f\u00f3ir i moladh an fhir sin, n\u00f3 b\u2019fh\u00edor dhuine uasal \u00e9, a thiomhnaigh a laethe agus a shaol don l\u00e9ann, agus don taighde, agus fear n\u00e1r dhein aon d\u00e1 leith d\u00e1 dh\u00edcheall, sa chabhair, n\u00f3 sa ch\u00fanamh, a dh\u00e1il se orainne, go fial, flaithi\u00fail, fairsing.  Ba dhuine c\u00fathaileach \u00e9 freisin, agus fear n\u00e1r chuala m\u00e9 riamh ag baint sclaimhe as mac l\u00e9inn ar bith, b\u00edodh gur mhinic a tugadh chuile ch\u00fais d\u00f3 a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh!  Sea, mh\u2019anam, n\u00ed fh\u00e9adfainn locht a fh\u00e1il ar Pheat Larkin, agus tuigeadh dom i gc\u00f3na\u00ed, gur dhein s\u00e9 a dh\u00edcheall, chuile l\u00e1 riamh, b\u00f3thar an l\u00e9inn a r\u00e9iteach d\u00fainn uilig.  Bh\u00ed Peat suas-chun-d\u00e1ta ina thaighde, agus ina chur chuige, agus d\u00e9arfainn gur m\u00f3r at\u00e1 an t\u00edr s\u2019againne faoina chomaoin aige, as ar dhein s\u00e9 le caighde\u00e1n na m\u00fainteoireachta a choth\u00fa agus a fheabhs\u00fa, tr\u00e1th raibh seisean ina Ollamh le hOideachas, i gCol\u00e1iste na hOllscoile, Gaillimh. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed gn\u00e9 eile den saol m\u00f3r, a bh\u00ed thart orm feasta, n\u00e1r dhein m\u00e9 tagairt ar bith d\u00f3, go nuige seo, sa chaibidil seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9ard \u00e9 fh\u00e9in? Ad\u00e9arf\u00e1sa, b\u2019fh\u00e9idir.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Buel, bh\u00ed m\u00e9 thart ar ch\u00faig bliana is fiche, faoin am sin, agus m\u2019fhocal is mo l\u00e1mh dhuit, n\u00e1r thaobhaigh m\u00e9 le cail\u00edn, n\u00f3 le bean ar bith, anuas go dt\u00ed an pointe sin den shaol.  Bhuel, an mbeife\u00e1 ag s\u00fail lena athrach uaim?  Bh\u00ed baol ann anois, go bhfanfainn glan amach uathu, an chuid eile dem shaol, agus mar sin, bh\u00ed orm su\u00ed s\u00edos agus mo mharanna a dh\u00e9anamh, faoi na c\u00farsa\u00ed sin, f\u00e9achaint c\u00e9ard ba cheart, agus c\u00e9ard ba ch\u00f3ir dom a dh\u00e9anamh, feasta.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019fh\u00e9idir, gur ch\u00f3ir dom an chuid sin dem sc\u00e9al a fh\u00e1g\u00e1il go dt\u00ed an ch\u00e9ad gh\u00e1la eile, nuair a bheidh m\u00e9 ag cur s\u00edos ar an chaoi ar thosaigh m\u00e9 orm fh\u00e9in a chur in oiri\u00faint do shaol an tuata, in \u00c9irinn na gcaogaid\u00ed.  B\u00ed liom, mar sin, don chaibidil sin, go bhfeicfidh t\u00fa c\u00e9 mar a chuaigh m\u00e9 i dtaith\u00ed an tsaoil chasta, ch\u00e9asta, ch\u00e9anna, sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Iarscr\u00edbhinn&#8230;&#8230;&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, a l\u00e9itheoir, t\u00e1 roinnt m\u00edonna imithe tr\u00ed mhuileann an ama, \u00f3 chr\u00edochnaigh m\u00e9 an chaibidil thuas. Ach c\u00e9 mh\u00e9ad at\u00e1 scr\u00edofa agamsa faoi na c\u00farsa\u00ed sin, san idirlinn, faoi mar a gheall m\u00e9 dhaoibh?  Faic!  Diabhal focal amh\u00e1in fh\u00e9in!  Ach, n\u00e1 b\u00edodh aon bhuairt oraibh faoi sin, n\u00f3 t\u00e1 m\u00e9 me\u00e1ite ar lean\u00faint leis an sc\u00e9al sin, amach anseo, agus b\u00ed cinnte, go gcuirfidh m\u00e9 le m\u2019fhocal, s\u00e1r i bhfad.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 19 . D\u2019inis m\u00e9 dhaoibh gur chuir m\u00fainteoir\u00ed i Scoil N\u00e1isi\u00fanta na Cille M\u00f3ire, Iorrais, obair shealadach ar f\u00e1il dom, agus n\u00ed call a r\u00e1, gur ghlac m\u00e9 leis an bpost sin, le fonn is le flosc, agus [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12357","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12357","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12357"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12357\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12358,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12357\/revisions\/12358"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12357"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12357"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12357"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}