{"id":12365,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12365"},"modified":"2024-04-08T01:26:00","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:00","slug":"e-a-c-h-t-r-a-i-g-h-d-u-i-n-n-3-5","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/e-a-c-h-t-r-a-i-g-h-d-u-i-n-n-3-5\/","title":{"rendered":"E a c h t r a i g h     D u i n n    3 5"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">d\u00fashaothr\u00fa<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, exploitation;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">rogha an d\u00e1 dh\u00edogha<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, Hobson\u2019s choice<\/span><span style=\"font-size:12pt\">;  an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, the appointed day;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">le flosc is le fuadar<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, with eager haste;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">gan m\u00f3r\u00e1n achair<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, quickly;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">gaisce<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a feat;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">ina m\u00fartha<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, in great amounts;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">palt\u00f3g<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a blow.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">I  m B \u00e9 a l    a n     P h o b a i l <\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:16pt\">A  Job  at  last<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"text-decoration:underline;font-size:16pt\">Peadar Bair\u00e9ad <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar thall, bh\u00ed post m\u00fainteoireachta faighte agam, agus sin chomh c\u00f3ngarach don bhaile is a d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 a bheith, n\u00f3 n\u00ed raibh B\u00e9al an \u00c1tha chomh fada sin ar fad \u00f3 Iorras na nIontas.  Bh\u00ed s\u00e9 sa chontae c\u00e9anna, agus bheinn ag freastal ar \u00f3ige mo mhuintire fh\u00e9in, sea, agus bheadh \u00a3160 punt in aghaidh na bliana mar thuarastal agam!!  Ag breathn\u00fa siar air anois, feictear dhom nach raibh ann ach d\u00fashaothr\u00fa lom \u00e1 imirt orainn ag an St\u00e1t, n\u00f3 fuair siad obair bliana, saor in aisce uainn, agus fi\u00fa an Eaglais fh\u00e9in, n\u00ed raibh aon ghaisce \u00e1 dh\u00e9anamh acusan d\u00fainn, ach oiread.  Ach b\u2019in mar a bh\u00ed ch\u00farsa\u00ed, an tr\u00e1th \u00fad, agus gan an dara rogha againne ach glacadh leis, n\u00f3 di\u00falt\u00fa d\u00f3, agus b\u2019ionann sin d\u00fainne agus rogha an d\u00e1 dh\u00edogha a thairscint d\u00fainn, ach amh\u00e1in gur mheasa rogha amh\u00e1in acu sin n\u00e1 an rogha eile, b\u00edodh nach raibh rogha ar bith acu thar mholadh beirte!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar aon chuma, rinne m\u00e9 m\u00e9 fh\u00e9in a ullmh\u00fa don phost sin, chomh maith is a d\u2019fh\u00e9adfainn, agus nuair a th\u00e1inig an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte, thaistil m\u00e9 ar an mbus, \u00f3 bhaile na Druime go B\u00e9al an \u00c1tha.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus nach raibh gluaiste\u00e1n ar bith agat an tr\u00e1th \u00fad?<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Car?  In your dreams!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00ed ag caint ar ghluaiste\u00e1n! n\u00ed raibh fi\u00fa rothar n\u00f3 asal fh\u00e9in agam le cur faoi mo th\u00f3in Gaelach ag an am, le m\u00e9 a iompar an d\u00e1 sc\u00f3r m\u00edle sin.  Ach, n\u00ed haon mhaith bheith ag caoineadh is an anachain d\u00e9anta.  Ghlac m\u00e9 le mo dh\u00e1n, agus luigh m\u00e9 isteach ar an obair a bh\u00ed le d\u00e9anamh agam, le flosc is le fuadar.  Ghlac m\u00e9 seilbh ar mo sheomra, thuas staighre, i gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh, istigh ansin i measc na sagart, agus shocraigh m\u00e9 mo chip is mo mheanaithe, istigh sa seomra sin.  N\u00edor sheomra r\u00f3-mh\u00f3r \u00e9, ach oiread, ach ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed s\u00e9 m\u00f3r a dh\u00f3thain domsa.  Bh\u00ed ann, leaba, leabhrag\u00e1n, c\u00f3fra \u00e9adaigh, tinte\u00e1n, agus b\u00e1is\u00edn n\u00edoch\u00e1in.  Agus b\u00edodh go raibh m\u00e9 cuachta istigh ansin imeasc na sagart im sheoimr\u00edn beag, n\u00edor chuir sin isteach puinn ormsa, n\u00f3 chomh fada is a bhain s\u00e9 liomsa, ba ph\u00e1l\u00e1s r\u00edoga \u00e9, a thug neamhsple\u00e1chas agus scoiteacht \u00f3n saol m\u00f3r amuigh dom, agus cuimhnigh freisin, go raibh bun\u00fas mo shaoil, mar dhuine f\u00e1sta, caite agamsa i measc sagart, agus ar an \u00e1bhar sin, ba n\u00e1d\u00fartha an leagan amach \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">In  St.  Muredach\u2019s  College <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I dt\u00fas Mhe\u00e1n F\u00f3mhair na bliana sin, 1951, mar sin, chuaigh m\u00e9 fh\u00e9in i mbun mo cheirde mar mhe\u00e1nmh\u00fainteoir.  An tr\u00e1th \u00fad, n\u00ed raibh an oiread sin scol\u00e1ir\u00ed ar fad i gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh.  D\u00e9arfainn nach raibh sa scoil ar fad, an tr\u00e1th \u00fad, ach thart ar ch\u00e9ad dalta is caoga, sa chaoi go raibh chuile dhuine acusan agamsa mar scol\u00e1ire im ranganna.  Nach m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu, n\u00f3 d\u00e9arfainn go bhfuil breis is a cheithre oiread sin de dhalta\u00ed acu sa scoil ch\u00e9anna, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  N\u00ed raibh ach beirt tuatach ar fhoireann na scoile an tr\u00e1th \u00fad, n\u00f3 ba shagairt ar fad an chuid eile d\u00edobh.  Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anseo, go raibh m\u00e9 thar a bheith s\u00e1sta lem\u2019 chuidse dem\u2019 mhargadh, sa phost c\u00e9anna sin, agus bheadh s\u00e9 deacair Ardmh\u00e1istir n\u00edos carthanna\u00ed, n\u00edos Cr\u00edosta\u00ed, n\u00f3 n\u00edos tuisceana\u00ed, a fh\u00e1il, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre, n\u00e1 an Doc Loftus.  Ba dhuine uasal den scoth \u00e9, agus fear ar cuireadh l\u00e9ann an tsagairt air sa R\u00f3imh fh\u00e9in, agus n\u00e1 t\u00f3gtar orm \u00e9, m\u00e1 deirim go raibh a chuma sin air!  Chuir m\u00e9 aithne ar mo chomh\u00fainteoir\u00ed gan m\u00f3r\u00e1n achair, n\u00f3 n\u00ed raibh an oiread sin d\u00edobh sin ann, ag an am sin.  D\u00e9arfainn nach raibh thar dheichni\u00far d\u00ednn ar fad, i mbun oibre sa Chol\u00e1iste sin, ag an am.  Is glas a fhanann a gcuimhne si\u00fad i gcistin m\u2019aigne, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.  Ba bhre\u00e1 ar fad na comhleacaithe iad, agus gan ina measc ach daoine a raghadh p\u00edosa maith den bh\u00f3thar leat, le cabhair agus c\u00fanamh a chur ar f\u00e1il dhuit.  B\u2019in iad na daoine a mh\u00fanlaigh m\u00e9 mar mh\u00fainteoir, agus m\u00e1 d\u2019\u00e9irigh liom aon ghaisce a dh\u00e9anamh le linn mo thr\u00e9imhse i mbun na ceirde sin, bheadh a bhu\u00edochas sin ag dul d\u00f3ibhsean, cuid mhaith.  Ba ghearr freisin, gur chuir m\u00e9 aithne ar na dalta\u00ed a bh\u00ed ag freastal ar an gCol\u00e1iste, an tr\u00e1th \u00fad, agus ar\u00eds, ba dhuine faoi leith \u00e9 chuile dhuine acu sin, agus cos\u00fail leis na m\u00fainteoir\u00ed a mh\u00fain an oiread sin domsa, caithfear a r\u00e1 freisin, gur \u00e9irigh leis na dalta\u00ed sin a rian fh\u00e9in a fh\u00e1g\u00e1il orm. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Corporal  Punishment <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Is cuimhin liom go maith, go mb\u00edodh an tslat a h\u00fas\u00e1id coitianta ag an am, agus i dtosach b\u00e1ire, tuigeadh dom fh\u00e9in gur cheart dom a bheith i l\u00e1r an aonaigh, leis an gcine\u00e1l sin smachta, chomh maith le duine.  Tharla l\u00e1 amh\u00e1in, \u00e1fach, gur thug m\u00e9 lead\u00f3g do ghas\u00far acu, agus tharraing s\u00ed fuil, n\u00f3 b\u2019in mar a tuigeadh domsa, ar aon n\u00f3s.  Ba leor sin dom.  Bh\u00ed mo cheacht foghlamta agam, agus uaidh sin amach, b\u2019\u00e9igean dom modhanna eile m\u00fainte a tharraingt orm fh\u00e9in, le dul i gcionn ar mo chuid scol\u00e1ir\u00ed.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is maith \u00ed an \u00f3ige, mar ad\u00fairt an bhean fad\u00f3, agus \u00ed tar \u00e9is l\u00e9im thar sruth\u00e1n a ghearradh!  Ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna agamsa \u00e9, n\u00f3 n\u00edl dabht ar domhan ann, ach go raibh ormsa bheith ag scl\u00e1bha\u00edocht liom, ar mo mh\u00edle dh\u00edcheall, le mo chuid oibre i gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh a dh\u00e9anamh.  Bh\u00ed ullmh\u00fach\u00e1in le d\u00e9anamh chuile thr\u00e1thn\u00f3na, agus bh\u00ed cleachta\u00ed ina m\u00fartha le ceart\u00fa, agus chomh maith le sin uilig, bh\u00ed an mh\u00fainteoireacht fh\u00e9in le d\u00e9anamh.  N\u00edor bheag sin mar ualach ar dhroim ar bith, agus c\u00e1 bhfaighfe\u00e1 dream chomh d\u00edograiseach le mic l\u00e9inn le cruacheisteanna a chur ar mh\u00fainteoir, go h\u00e1irithe m\u00e1 cheapann siad, go bhfuil seans ar domhan ann, go bhf\u00e9adfa\u00ed an m\u00fainteoir c\u00e9anna sin a chur i s\u00e1inn le palt\u00f3g de cheist a bhualadh air, d\u00edreach idir an d\u00e1 sh\u00fail?  Cuir le sin uilig, nach raibh ionamsa ach print\u00edseach, agus n\u00e1r mhaith liom ceist a chur ar mo chomhleacaithe, ar eagla go l\u00e9ireoinn d\u00f3ibhsean nach raibh m\u00e9 in ann don ghn\u00f3 a bh\u00ed idir l\u00e1mha agam!  Thuig cuid \u00e1irithe de na comhleacaithe c\u00e9anna an ts\u00e1inn ina raibh m\u00e9, agus th\u00e1inig siadsan chugamsa lena gc\u00fanamh a chur ar f\u00e1il dom.  Ar aon n\u00f3s, taobh istigh de th\u00e9arma amh\u00e1in, bh\u00ed an chuid ba mh\u00f3 dhe chleasa mo cheirde foglamhtha agam, agus m\u00e9 ag treabhadh liom i dtreo na foirfeachta.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">No great age difference <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed rud eile i gceist sa sc\u00e9al seo freisin, agus b\u2019in nach raibh an oireadh sin difr\u00edochta idir aois na ndalta\u00ed ba shine a bh\u00ed faoi mo ch\u00faram, agus m\u2019aois fh\u00e9in, agus d\u00e1 bharr sin, bh\u00ed ar mo chumas, s\u00edlim, dul i gcionn orthu, i bhfad n\u00edos \u00e9asca, n\u00f3 fuineadh agus f\u00e1isceadh sinn araon, as an saol agus as an bpobal c\u00e9anna, b\u00edodh gur chaith m\u00e9 fh\u00e9in roinnt mhaith blianta scoite amach \u00f3 shaol na cosmhuintire, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed m\u00e9 i dteangmh\u00e1il leis an saol sin, tr\u00ed litreacha, tr\u00ed chomhr\u00e1, agus tr\u00ed laethe saoire.  Bh\u00ed meas agam ar na dalta\u00ed sin, agus go bhfios domsa, bh\u00ed meas acusan ormsa freisin, sea, agus maireann an meas sin anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.   Agus nach mb\u00ednn amuigh ar Ph\u00e1irc an Bh\u00e1ire ag imirt peile leo, go mion minic, agus sa tsl\u00ed sin, chuireamar aithne ar a ch\u00e9ile, ar go leor beala\u00ed!  Fonn d\u00edoltais ar an gcorrdhuine acusan, agus fonn cosanta corruair ormsa, n\u00f3 bh\u00edodh s\u00fail in airde agam i gc\u00f3na\u00ed le hionsa\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id a chosaint.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 go mb\u00ednn corrtha, tn\u00e1ite, suncaithe, s\u00e1raithe, ag deireadh gach seachtaine, agus b\u00edodh a fhios agat, go mb\u00edodh s\u00e9 l\u00e1 oibre againn, an tr\u00e1th \u00fad, i ngach uile sheachtain sa bhliain scoile!  Ach b\u2019fh\u00e9idir gur leor sin don bhabhta seo.  B\u00ed liom an ch\u00e9ad bhabhta eile, agus beidh tuilleadh le r\u00e1 agam faoi na blianta a chaith m\u00e9 i gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh, ar bhruacha m\u00e9ithe, f\u00e9armhara, na Muaidhe, i gcaogaid\u00ed na haoise seo caite.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>d\u00fashaothr\u00fa, exploitation; rogha an d\u00e1 dh\u00edogha, Hobson\u2019s choice; an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte, the appointed day; le flosc is le fuadar, with eager haste; gan m\u00f3r\u00e1n achair, quickly; gaisce, a feat; ina m\u00fartha, in great amounts; palt\u00f3g, a blow. . I m B \u00e9 a l a n P h o b a i l . A [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12365","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12365","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12365"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12365\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12366,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12365\/revisions\/12366"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12365"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12365"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12365"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}