{"id":12373,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12373"},"modified":"2024-04-08T00:33:57","modified_gmt":"2024-04-08T00:33:57","slug":"eachtraigh-18","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-18\/","title":{"rendered":"Eachtraigh   18."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Caibidil   4<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019inis m\u00e9 dhaoibh cheana, faoin chaoi a ndeachaigh m\u00e9 go Col\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, c\u00f3ngarach do Chaisle\u00e1n an Bharraigh, i gContae Mhaigh Eo, Col\u00e1iste de chuid an SMA,  agus chuir m\u00e9 s\u00edos freisin, ar \u00e1r ngn\u00e1thl\u00e1 oibre sa Chol\u00e1iste ch\u00e9anna sin.  Bhuel, anois, b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh aon dochar \u00e9, cur s\u00edos a dh\u00e9anamh ar tharl\u00faint\u00ed, agus ar eachtra\u00ed, a bhain dom, fhad is a bh\u00ed m\u00e9 i mbun staid\u00e9ir ansin.   Caithfidh t\u00fa a chur san \u00e1ireamh anois, nach raibh ionnamsa ach gas\u00far \u00f3g tuaithe, nach raibh tada den domhan m\u00f3r feicthe aige roimhe sin, n\u00f3 n\u00edor thaistil m\u00e9 n\u00edos faide n\u00e1 c\u00faig mh\u00edle sl\u00ed \u00f3 mo bhaile dh\u00fachais, baile na Druime, riamh roimhe sin.  Bh\u00ed orm anois, aithne a chur ar thart ar leathch\u00e9ad st\u00f3cach, dem\u2019 chomhaois, \u00f3 \u00e1iteacha \u00e9ags\u00fala, \u00f3 cheann ceann na t\u00edre seo, agus go fi\u00fa, nach raibh Gearm\u00e1ineach amh\u00e1in in \u00e1r measc, freisin.  Bh\u00ed orm freisin, tos\u00fa ar pheil, iom\u00e1na\u00edocht, sacar, agus liathr\u00f3id l\u00e1imhe, a fhoghlaim agus a imirt.  Agus gan sa mh\u00e9id sin, ach a raibh le d\u00e9anamh agam mar chaitheamh aimsire!  Ba \u00e9 an pr\u00edomhghn\u00f3 a bh\u00ed idir cham\u00e1in againn i gCol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, n\u00f3 staidear a dh\u00e9anamh agus ceird na sagart\u00f3ireachta a fhoghlaim, le sinn a ullmh\u00fa mar mhisin\u00e9ir\u00ed chun na hAfraice.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ag breathn\u00fa siar ar na c\u00farsa\u00ed sin uilig anois, feictear dom go rabhthas ag s\u00fail leis an iomarca ar fad uainn.  N\u00ed raibh ionainn ach gas\u00fair neamhurch\u00f3ideacha, ach gas\u00fair a bh\u00ed tugtha don diabhla\u00edocht, agus don chleasa\u00edocht, go minic, agus bh\u00edothas ag s\u00fail gur ch\u00f3ir d\u00fainn a bheith chomh dea-iompair le manaigh oilte, dhiaganta, foirfe.  Sea, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anois, go rabhthas r\u00f3-dhian ar fad orainn.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard a tharl\u00f3dh d\u00e1 nd\u00e9anfadh duine rud ar bith as an mbealach, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, b\u00ed cinnte nach n-\u00e9al\u00f3dh s\u00e9 gan pion\u00f3s a ghearradh air. D\u00e1 nd\u00e9anfadh s\u00e9 rud as an mbealach ar fad, bhuel, chuirf\u00ed an ruaig abhaile air.  Mura mbeadh a choir chomh holc sin ar fad, ansin, b\u2019fh\u00e9idir go gcuirf\u00ed ag obair amuigh ar na b\u00f3ithre, os  comhair an Chol\u00e1iste \u00e9, le linn an bhricfeasta, chuile l\u00e1 ar feadh seachtaine, sin, n\u00f3 chuirf\u00ed iachall air, dul ar a gl\u00fana, le hais an dorais, le linn an dinn\u00e9ir, sa chaoi go nd\u00e9anfa\u00ed \u00e9 a n\u00e1iri\u00fa, agus ag an am gc\u00e9anna, go bhf\u00e1gfa\u00ed gan a bh\u00e9ile \u00e9! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> D\u00e1 dteipfeadh ar dhalta freagra a thabhairt ar cheist a chuirf\u00ed air, le linn ranga, gheobhadh s\u00e9 lead\u00f3g ag bun na cluaise, a bhainfeadh d\u00e1 chosa \u00e9 go minic, agus gan le d\u00e9anamh aige ansin, ach ceir\u00edn cen dearmad a chumimilt leis an gcruatan agus leis an n\u00e1ire sin, iarracht a dh\u00e9anamh ar sheasamh suas ar\u00eds, agus tabhairt faoin bhfreagra athuair.  Sea, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, n\u00e1r rud annamh n\u00f3 iontach \u00e9 lead\u00f3g d\u00e1 leith\u00e9id a fh\u00e1il, le linn ranga, an tr\u00e1th \u00fad.  Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il freisin, nach ndeachaigh \u00e9inne de na m\u00fainteoir\u00ed a bh\u00ed agam, an tr\u00e1th \u00fad, i bhfeidhm go r\u00f3-mh\u00f3r orm, ach n\u00ed hionann sin is a r\u00e1, nach raibh meas agam orthu, agus urraim agam d\u00f3ibh, n\u00f3 n\u00ed hionann sin is a r\u00e1, ach oireadh, n\u00e1r fhoghlaim m\u00e9 le fonn agus le fuadar uathu, n\u00f3 rinne.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed c\u00farsa\u00ed sean\u00e1rsa go maith sa Chol\u00e1iste c\u00e9anna, an t-am sin.  N\u00ed raibh c\u00farsa\u00ed s\u00e9arachais thar mholadh beirte, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, agus n\u00ed raibh leictreachas, n\u00e1 sol\u00e1thar uisce, ar f\u00e1il ann, ach oiread.  I gc\u00e1s an uisce, is amhlaidh a bh\u00ed tobar f\u00edoruisce, in aice an Chol\u00e1iste, agus bh\u00ed caid\u00e9al os a chionn sin, agus bh\u00edodh orainne, gas\u00fair, chuile dhuine againn, ar a sheal, tamall a chaitheamh i mbun an chaid\u00e9il l\u00e1imhe, a bh\u00ed socraithe acu os cionn an tobair sin, a chasadh.  Sa tsl\u00ed sin, l\u00edonta\u00ed an t-umar ollmh\u00f3r a bh\u00ed socraithe ar dh\u00edon an t\u00ed acu, agus chuirfeadh sin uisce ar f\u00e1il, ar feadh scathaimh eile, agus ansin, bheadh beirt eile ainmnithe d\u00e1 seal si\u00fad ar dhualgas pump\u00e1la.  Sa tsl\u00ed sin, n\u00ed fh\u00e1gta\u00ed sinn riamh gan d\u00f3thain uisce ar f\u00e1il do cib\u00e9 gn\u00f3 a bh\u00ed idir l\u00e1mha againn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I gc\u00e1s an leictreachais, bhuel, n\u00ed bh\u00edodh againn nuair a chuaigh mise ansin a ch\u00e9aduair, sa bhliain 1939, n\u00ed bh\u00edodh againn, mar fhoinse solais, ach na lampa\u00ed pairif\u00edn, agus ar\u00eds, ba air na gas\u00fair a thit an crann iad sin a lasadh, chuile thr\u00e1thn\u00f3na, agus iad a mh\u00fachadh, ar ball, nuair a bh\u00edodh a ngn\u00f3 d\u00e9anta acu.  An dara bliain a chaith m\u00e9 ansin, bh\u00edothas i mbun athruithe, n\u00f3 bh\u00ed \u00fadar\u00e1is an Chol\u00e1iste tar \u00e9is socruithe a dh\u00e9anamh, le muileann gaoithe a th\u00f3g\u00e1il ar dh\u00edon an Chol\u00e1iste, agus chuireadh an muileann sin sol\u00e1thar leictreachais ar f\u00e1il, don scoil ar fad.  Ach c\u00e9ard a tharla\u00edodh, nuair nach mb\u00edodh an ghaoth ag s\u00e9ideadh?  Bhuel, bh\u00ed rang cadhnra\u00ed feistithe thuas in \u00e1il\u00e9ar, agus dh\u00e9anta\u00ed an leichtreachas a st\u00f3r\u00e1il iontu si\u00fad, le linn stoirme agus gaoithe m\u00f3ire, nuair a bh\u00edodh an iomaraca leictreachais a ghini\u00faint, le haghaidh l\u00e1 na coise tinne. Chuir na hathruithe sin go m\u00f3r le h\u00e1iseanna na scoile, agus rinne c\u00farsa\u00ed solais i bhfad \u00c9ireann n\u00edos simpl\u00ed, n\u00edos gile, agus n\u00edos fearr, d\u00fainne.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed feirm mh\u00f3r ag an gCol\u00e1iste, n\u00f3 fuair siad sin le huacht \u00f3n gCunta de Bl\u00e1ca, a bhronn an t-\u00e1rus agus an fheirm ar an SMA, i dtosach b\u00e1ire.  Bh\u00ed st\u00edobhard acu i gceannas ar an bhfeirm sin, agus tr\u00e1th ar bith a thiocfadh s\u00e9 crua ar mo dhuine, agus \u00e9 ag titim ar gc\u00fal leis an obair, nach raibh leathch\u00e9ad \u00f3g\u00e1nach scaf\u00e1nta ansin i mbun l\u00e9inn, agus nach raibh s\u00e9 \u00e9asca go maith iad a mhealladh \u00f3 na leabhair, le l\u00e1, n\u00f3 dh\u00f3, a chaitheamh amuigh faoin aer, ag cur na bhfata\u00ed san Earrach, n\u00f3 \u00e1 bpiocadh sa bhF\u00f3mhar, n\u00f3 fi\u00fa nuair a bh\u00edodh an t-arbhar \u00e1 bhualadh san iothlainn, ag deireadh an Fh\u00f3mhair, nach raibh s\u00e9 an-\u00e1isi\u00fail glaoch ar na spailp\u00edn\u00ed f\u00e1nacha, leis an scl\u00e1bha\u00edocht uilig sin a dh\u00e9anamh, agus n\u00e1rbh \u00e9 an bua ba mh\u00f3 a bhain leis an ngn\u00f3 sin uilig, n\u00f3 nach gcosn\u00f3dh s\u00e9 pingin rua, leis an obair sin uilig a dh\u00e9anamh!  Mo chuidse de, b\u2019fhuath liom an obair sin i gc\u00f3na\u00ed.  Ba rud amh\u00e1in \u00e9 an cine\u00e1l sin oibre a dh\u00e9anamh sa bhaile, n\u00f3 n\u00ed bh\u00edodh an oiread sin le d\u00e9anamh againn, tharla nach raibh againn ach feirm bheag, agus d\u2019fh\u00e9adfainn sos a th\u00f3g\u00e1il, am ar bith ba mhaith liom, ach sa Chol\u00e1iste, ba sc\u00e9al eile ar fad \u00e9, agus leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh n\u00edos measa f\u00f3s,  bh\u00edodh m\u00fachadh ag gabh\u00e1il dom go minic ag an am sin.  N\u00ed raibh cead ag gas\u00far ar bith seal a chaitheamh ag tomhas tairn\u00ed, geallaimse dhuit \u00e9.  D\u00e1 nd\u00e9anfadh s\u00e9 a leith\u00e9id, b\u00ed cinnte go mbeadh air cuntas a thabhairt do dhuine d\u00e1 shaoist\u00ed, ar ball, agus b\u00ed cinnte freisin, go ngearrfa\u00ed pion\u00f3s cu\u00ed air, in am tr\u00e1th.  C\u00e9ard faoi na gas\u00fair eile, an ea?  Ar thaitin an cine\u00e1l sin oibre leosan?  Bhuel, chomh fada agus is cuimhin liomsa \u00e9, n\u00ed raibh duine ar bith in \u00e1r measc a bhain taitneamh, n\u00f3 toit, as na laethe fada sin, a chaitheamar in\u00e1r spailp\u00edn\u00ed feirme, ach ag an am gc\u00e9anna, bheadh duine s\u00e1sta cur suas lena leith\u00e9id, toisc gur thug s\u00e9 sos \u00f3 na leabhair, agus \u00f3 na lead\u00f3ga diabhalta sin d\u00fainn, agus lena chois sin, thug s\u00e9 deis d\u00fainn aithne n\u00edos fearr a chur ar a ch\u00e9ile.   Agus, fi\u00fa amh\u00e1in, mura  dtaitneodh an cine\u00e1l sin oibre linn, n\u00ed raibh leigheas againn ar an sc\u00e9al, n\u00f3 bh\u00edomar scoite amach \u00f3n\u00e1r muintir, agus tuigeadh d\u00fainn go mba chuid de thraen\u00e1il an tsagairt \u00e9, obair d\u00e1 leith\u00e9id a chleachtadh, agus cur suas le beag\u00e1in\u00edn den chruatan, agus den anr\u00f3, le sinn a thuaradh le hobair chrua na misin\u00e9ireachta, agus caithfear a admh\u00e1il go raibh a gciall fh\u00e9in ag \u00fadar\u00e1is an Chol\u00e1iste, ag an am, n\u00f3 ba shaol eile ar fad a bh\u00ed ann na laethe \u00fad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Adhmad a d\u2019\u00fas\u00e1idt\u00ed mar chonnadh i gCol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, an tr\u00e1th \u00fad, agus tuigfidh t\u00fa fh\u00e9in, go dt\u00f3gfadh s\u00e9 roinnt mhaith adhmaid le tinte na hinstiti\u00faide sin a choinne\u00e1il ar si\u00fail, \u00f3 cheann ceann an lae, agus \u00f3 sheachtain go seachtain, fhad is a bh\u00edodh na h\u00e1bhair sagairt sin uilig ag cur f\u00fathu ann.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e1 bhfaigheadh siad an t-adhmad sin uilig, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9 chuirfeadh an oiread sin adhmaid ar f\u00e1il d\u00f3ibh?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An ceart ar fad agat!  Na spailp\u00edn\u00ed f\u00e1nacha c\u00e9anna sin, ar baineadh \u00fas\u00e1id astu leis na scoilte\u00e1in a chur,  leis na fata\u00ed a phiocadh, agus leis an arbhar a bhualadh d\u00f3ibh freisin, sea, agus leis an obair ghlantach\u00e1in uilig go l\u00e9ir a dh\u00e9anamh, istigh agus amuigh, saor in aisce, gan chlamhs\u00e1n, gan sciolladh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach conas a d\u2019fh\u00e9adfaid\u00eds an t-adhmad sin a chur ar f\u00e1il don scoil ar fad?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Le str\u00f3, agus le hanr\u00f3, geallaimse dhuit \u00e9.  Bh\u00edodh seal oibre againne san iarn\u00f3in, tr\u00ed n\u00f3 ceithre l\u00e1 sa tseachtain, agus in \u00e1it bheith ag deisi\u00fa b\u00f3ithre, agus b\u00f3ithr\u00edn\u00ed, agus ag tabhairt aire do na bl\u00e1thanna, agus do na tortha\u00ed, th\u00f3gta\u00ed sinn amach chun na coille, agus bh\u00ed coillte fairsing go maith ar thailte an Chol\u00e1iste.  Th\u00f3gta\u00ed amach freisin, chuile ghl\u00e9as a bheadh riachtanach le crainn a leagan, agus a ghearradh suas, agus a scoilteadh, ansin.  Bh\u00edodh oird, tuanna, toirisc beirte, agus dingeanna, againn.  Bh\u00edodh sagart in\u00e1r mbun, agus bh\u00edodh fios a cheirde ag an bhfear sin, gan aon ag\u00f3, n\u00f3 b\u2019fhear \u00e9, a raibh na blianta fada caite aige ar na misin san Aifric, \u00e1it ar foils\u00edodh d\u00f3, go mb\u2019fhearr l\u00e1n doirn de cheird, n\u00e1 l\u00e1n m\u00e1la d\u2019\u00f3r, agus d\u00e1 thairbhe sin, b\u2019fhear \u00e9, a raibh chuile cheird ar a dheis aige, n\u00f3 b\u2019in mar a b\u2019fhacthas d\u00fainne \u00e9, ar aon n\u00f3s.  Th\u00f3gadh s\u00e9 dream againn leis chun na coille, \u00e1it a raibh cupla crann pioctha amach aige, roimh r\u00e9.  Bh\u00edodh chuile ghl\u00e9as a bh\u00ed riaachtanach, \u00e1 iompar ag na spailp\u00edn\u00ed.  Dheineadh an \u201ctaoiseach\u201d an crann a scr\u00fad\u00fa, i dtosach b\u00e1ire, f\u00e9achaint c\u00e9n \u00e1it a thitfeadh s\u00e9.  Chuireadh s\u00e9 fear in airde ansin le r\u00f3pa\u00ed a cheangal le craobhacha \u00e1irithe, agus sh\u00edneadh s\u00e9 na r\u00f3pa\u00ed, p\u00edosa fada amach \u00f3 bhun an chrainn, sa tsl\u00ed n\u00e1r bhaol do na gas\u00fair a bheadh ag tarraingt ar na r\u00f3pa\u00ed sin, nuair a bheadh an crann ar t\u00ed titime.  Agus an m\u00e9id sin d\u00e9anta, thosa\u00edodh s\u00e9 ag oibri\u00fa na tua, go mbeadh eang dhoimhin gearrtha aige ar bhun an chrainn, thart ar throigh os cionn na tal\u00fan.  Thugadh s\u00e9 seal d\u00fainne, corruair, ag foghlaim ceird sin na tua, b\u00edodh is nach raibh cuid againn \u00e1balta f\u00f3s ceol a bhaint as an ngl\u00e9as c\u00e9anna sin.  Nuair a bh\u00edodh an eang sin doimhin go leor, chuireadh se beirt againn ag obair le toireasc beirte, agus muid ag gearradh linn, san \u00e1it a raibh an eang gearrtha ag mo dhuine.  N\u00ed fh\u00e1gta\u00ed aon bheirt r\u00f3-fhada ar an dtoireasc beirte sin, n\u00f3 ba dhiabhalta crua an obair \u00ed, bheith i mbun an ghn\u00f3 sin.  Tar \u00e9is cupla n\u00f3imead, chuirt\u00ed beirt eile isteach ina n-\u00e1it si\u00fad, agus mar sin d\u00f3ibh.  Ar ball, nuair a bheadh an gearradh s\u00e1ch doimhin, dhingt\u00ed na gingeanna isteach sa ghearradh, agus dh\u00e9anta\u00ed iad a bhr\u00fa isteach sa ghearradh leis an ord, agus sa tsl\u00ed sin, choinn\u00edt\u00ed an gearradh s\u00e1ch leathan leis an dtoireasc a oibri\u00fa ann.  Ar ball, nuair nach mb\u00edodh f\u00e1gtha le gearradh ach p\u00edosa beag eile, ansin bhaint\u00ed \u00fas\u00e1id ar\u00eds as an dtua, le heang eile a ghearradh sa ph\u00edosa a bh\u00ed f\u00f3s gan gearradh, n\u00f3 sa tsl\u00ed sin, dh\u00e9anta\u00ed deimhin de, go dtitfeadh an crann sa tsl\u00ed a bh\u00ed ceaptha d\u00f3, \u00f3 th\u00fas.  Ansin, an toireasc ar\u00eds, ach ag an bpointe seo, th\u00f3gadh fir na r\u00f3pa\u00ed p\u00e1irt sa ghn\u00f3, n\u00f3 dh\u00e9anad\u00eds si\u00fad na r\u00f3pa\u00ed a theannadh, agus a tharraingt.  Ba ghearr ansin go gcloist\u00ed gi\u00fana\u00edl agus scr\u00e9acha\u00edl \u00f3n gcrann, agus b\u2019in an t-am leis an dtoireasc a sciobadh as an ngearradh, agus imeacht as an mbearna baoil chomh tapaidh is a bh\u00ed in\u00e1r gcosa.  Bhaineadh an crann m\u00f3r searradh agus craitheadh as fh\u00e9in, agus ansin, go mall r\u00e9idh, i dtosach, agus ansin, n\u00edos tap\u00fala, agus n\u00edos tap\u00fala f\u00f3s, thiteadh s\u00e9 anuas, agus le torann pl\u00e9ascach thuairte\u00e1lfadh s\u00e9 anuas ar an talamh.  Bhrist\u00ed agus r\u00e9abta\u00ed na g\u00e9aga a bh\u00ed in \u00edochtar, agus thion\u00e1int\u00ed roinnt mhaith acu s\u00edos tr\u00edd an talamh, rud a l\u00e9ir\u00edodh d\u00fainne chomh cont\u00fairteach is a bheadh s\u00e9, bheith san \u00e1it mh\u00edcheart ag n\u00f3im\u00e9ad \u00fad na titime.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba ansin a thosa\u00edodh an obair i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00f3 bh\u00ed na miongh\u00e9aga le baint den chrann, agus na g\u00e9aga troma le glanadh, agus ansin le gearradh.  Ag an bpointe sin thosa\u00edt\u00ed ar stoc an chrainn a ghearradh leis an dtoireasc beirte, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mba chrua, maslaitheach an obair \u00ed sin, do ghas\u00fair nach raibh cleachtadh acu riamh ar a leith\u00e9id d\u2019obair.  Ach, nuair is crua don chailleach caithfidh s\u00ed rith, agus ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna againne \u00e9, n\u00f3 n\u00ed raibh an dara rogha againn, ach d\u00e9anamh mar ad\u00faradh linn.  N\u00ed chait\u00ed tada ar leataobh. Choinn\u00edt\u00ed na cip\u00edn\u00ed le h\u00fas\u00e1id mar bhrosna, agus bhaint\u00ed \u00fas\u00e1id as chuile ph\u00edosa eile den chrann, mar chonnadh don Chol\u00e1iste, le tinte agus soirn a choinne\u00e1il sa tsi\u00fal, \u00f3 cheann ceann na bliana.  Nuair a bh\u00edodh an ch\u00e9ad fh\u00e1inne de stoc an chrainn gearrtha, chuirt\u00ed ar leataobh \u00e9, agus dh\u00e9anta\u00ed \u00e9 a scoilteadh ina ph\u00edosa\u00ed, s\u00e1ch beag, le cur isteach i sorn, n\u00f3 le h\u00fas\u00e1id ar thine.  Leis an tua a dh\u00e9anta\u00ed an gn\u00f3 sin, agus chomh luath is a bh\u00edodh na smut\u00e1in sin r\u00e9idh, bh\u00ed gn\u00f3 eile le d\u00e9anamh againne spailp\u00edn\u00ed, go h\u00e1irithe acu si\u00fad, nach raibh r\u00f3-oilte i mbun an toirisc, agus b\u2019in na smut\u00e1in sin a iompar, ina ngabh\u00e1lacha, isteach chun na cistineach, \u00e1it a nd\u00e9anta\u00ed iad a chruachadh, sa tsl\u00ed go mb\u00edodh carn m\u00f3r den adhmad scoilte sin i dtaisce acu i gc\u00f3na\u00ed, le connadh a choinne\u00e1il leis na soirn ollmh\u00f3ra a bh\u00ed \u00e1 n-\u00fas\u00e1id acu ansin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh, sh\u00e9idt\u00ed fead\u00f3g, agus b\u2019in comhartha do na spailp\u00edn\u00ed go raibh s\u00e9 in am d\u00f3ibh filleadh ar an gCol\u00e1iste ar\u00eds, le dul ag d\u00e9anamh l\u00e9inn.  Ach geallaimse dhuit \u00e9, go mb\u00edodh muid tinn tuirseach, go minic, tar \u00e9is \u00e1r saothair amuigh i l\u00e1r na coille craobha\u00ed.  Ach nuair a bhreathna\u00edm siar ar an ngn\u00f3 anois, feictear dom go mba chont\u00fairteach, amach is amuigh, an gn\u00f3 a bh\u00edodh idir l\u00e1mha againn, na laethe \u00fad fad\u00f3, agus n\u00ed d\u00f3igh liom, go mbeadh ar \u00e1bhair shagairt an lae inniu d\u00e9anamh mar a rinneamarna, agus b\u2019fh\u00e9idir gurbh fhearrde iad \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 4 . D\u2019inis m\u00e9 dhaoibh cheana, faoin chaoi a ndeachaigh m\u00e9 go Col\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, c\u00f3ngarach do Chaisle\u00e1n an Bharraigh, i gContae Mhaigh Eo, Col\u00e1iste de chuid an SMA, agus chuir m\u00e9 s\u00edos [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12373","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12373","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12373"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12373\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12374,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12373\/revisions\/12374"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12373"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12373"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12373"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}